TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAELTACHT BHEO
Fánaid
Máirtín Mac Donncha Máirtín Mac Donncha

Sa tsraith seo, tugann Beo! cuairt ar Ghaeltachtaí na hÉireann. In alt na míosa seo, tá cur síos ag Máirtín Mac Donncha ar Fhánaid, Contae Dhún na nGall.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá

Má amharcann tú ar léarscáil na hÉireann, téigh chuig an iarthuaisceart - is ansin atá leithinis Fhánaide suite. Ar thaobh amháin tá Loch Súilí agus Inis Eoghain. Ar an taobh eile tá an Mhaoil Rua agus Ros Guill. Chun cuairt a thabhairt ar Fhánaid téigh go Leitir Ceanainn, lean an bóthar go Ráth Mealtain agus go Baile na nGallóglach, ansin beidh tú ar do bhealach go Fánaid.

Níl mórán ceantar eile in Éirinn chomh hálainn leis an gceantar seo. An chéad radharc a fheicfeas tú ná an Mhaoil Rua. Cheapfá gur loch atá ann ach ní hea - tá sruth na mara ag teacht isteach ón Aigéan Atlantach. Leanann an Mhaoil Rua ar aghaidh tuairim is deich gciliméadar. Mhol John Kerr an áit seo ina amhrán cáiliúil, “On the Banks of Mulroy Bay”.

Má leanann tú ar aghaidh go barr na leithinise, feicfidh tú Teach Solais Fhánaide. Lasadh an solas air seo den chéad uair Lá Fhéile Pádraig, 1817. Ba de bharr gur bádh bád, an “Saldana”, gur socraíodh teach solais a thógáil ar an gcósta garbh seo. Tá an teach solais in úsáid fós sa lá atá inniu ann. Rud eile atá spéisiúil faoi ná go bhfuil cónaí ar theaghlach áitiúil ann, sin iad Muintir Mhic Giolla Choille. Nach breá dóibh é.

Má leanann tú ar aghaidh cois Loch Súilí, tiocfaidh tú ar thrá Phort an tSalainn. De réir comórtais dhomhanda, is í seo an tríú trá is áille ar domhan. Le linn samhraidh bhreá, bíonn na mílte duine ag sú na gréine anseo.

Agus más maith leat galf, tá Galfchúrsa Phort an tSalainn ar cheann de na cinn is fearr in Éirinn.

Is Gaeltacht bheag í Gaeltacht Fhánaide atá scoite amach ó na Gaeltachtaí eile i nDún na nGall. Tá conspóid ag baint léi faoi láthair mar, de bharr na bhfigiúirí a d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta, tá an chuma air go gcuirfear amach as an nGaeltacht muid.

Ní aontaím lena bhfigiúirí ná lena gcinneadh. Tá scoil anseo, ina bhfuil 91 páiste, a fhreastalaíonn ar Ghaeltacht agus ar Ghalltacht. Tá naíonra sa cheantar, club na n-óg, Cumann Lúthchleas Gael agus, ar ndóigh, ranganna Gaeilge. Ní thugann figiúirí riamh an pictiúr ceart agus táim lánchinnte go n-aontódh an réim mhór Gaeilgeoirí atá i bhFánaid liom.

Fostaíocht

Is iad Marine Harvest na fostóirí is mó sa cheantar seo. Feirmeoireacht bradán an obair is mó a dhéanann siad. Faoi láthair tá 117 duine fostaithe acu go lánaimseartha, 72 go páirtaimseartha agus triúr go séasúrach. Is mór an tionchar atá ag an gcomhlacht seo ar an gceantar agus, freisin, úsáideann siad na hacmhainní nádúrtha mar Chuan na Maoile Ruaidhe agus Loch Súilí.

táirgeadh mór diúilicíní sa Mhaoil Rua freisin mar go bhfuil an sáile glan agus go bhfuil foscadh breá ann. Tá daoine ann nach n-aontaíonn leis na mílte bairille a bheith sa chuan ach, ag deireadh an lae, is fostaíocht é ó na hacmhainní nádúrtha atá againn.

Tá forbairt de dhíth ar an turasóireacht sa cheantar álainn seo. Ní dhearna Bord Fáilte iarracht cheart riamh margaíocht a dhéanamh ar an leithinis seo. Tuigeann na tuaisceartaigh, áfach, cé chomh deas is atá an áit. Tá na céadta teach samhraidh ar fud na leithinise. Tá sin go breá, a cheapfá, ach ní chuireann na daoine sin go mór le saol sóisialta an cheantair. Nuair a bhíonn an samhradh thart, bíonn na tithe sin faoi dhorchadas.

Seo an ceantar a raibh clann Mhic Shuibhne i gceannas air ar feadh tuairim is trí chéad bliain, ón 13ú haois go dtí an 16ú haois. Tá fothracha chaisleán chlann Mhic Shuibhne le feiceáil fós in áit ar a dtugtar Magh Ros i bhFánaid. Uair dá raibh Aodh Rua Ó Domhnaill ag tabhairt cuairte ar chlann Mhic Shuibhne, ghabh na Sasanaigh é agus chuir siad i bpríosún i mBaile Átha Cliath é. Ón mbliain 1600, bhí na Sasanaigh i gceannas sa cheantar seo.

Is as Ráth Maolain, ar bhruach Loch Súilí, a theith na hIarlaí Éireannacha ar an 14 Meán Fómhair 1607. Bhí 99 duine ar fad ar an mbád sin. Sa lá atá inniu ann, tá ionad oidhreachta i Ráth Maolain chun an eachtra sin a chomóradh.

Bhí Fánaid anois faoi cheannas na Sasanach agus tugadh an talamh don Tiarna Liatroma. Ba thiarna brúidiúil é a chaith go dona lena thionóntaí. Sa bhliain 1878 chuir triúr laochra as Fánaid deireadh lena chuid tíoránachta nuair a dhúnmharaigh siad é. Tá crois chuimhneacháin dóibh siúd i gCeann Droma.

Daoine cáiliúla

Sa lá atá inniu ann is dócha gan dabht gurb é John Kerr an duine is cáiliúla sa cheantar. Amhránaí bailéad den scoth é John a chan amhráin mar “Three-leafed shamrock” agus “Mulroy Bay”. D’fhan seisean dílis do na hamhráin áitiúla a chuala sé ina óige. Tá réimse mór físeán leis ar fáil a bhfuil amhráin agus radharcanna áille Fhánaide á gceiliúradh iontu.

Fear eile a bhí cáiliúil ag deireadh an 19ú haois agus ag tús an 20ú haois ná John Clinton O’Boyce. Scríobh seisean an-chuid filíochta agus amhrán. Tá cnuasach leis le fáil dar teideal Rustic Rhymes.

Fiú amháin agus na Péindlíthe i bhfeidhm ó 1690 ar aghaidh, d’fhan muintir Fhánaide dílís don chreideamh. Timpeall na leithinise tá scáthláin, carraigeacha Aifrinn agus go leor toibreacha beannaithe, mar thobar Cholm Cille agus tobar Phádraig.

Is ceantar beo bríomhar é Fánaid agus a bhuíochas sin dóibh siúd a thugann a gcuid ama is a gcuid fuinnimh. Tá Cumann Lúthchleas Gael go fuinniúil sa cheantar ag freastal ar an aos óg. Molaim iad. Tá Cúram na nAosach freagrach as ionad lae do na seanóirí agus is mór an chreidiúint dóibh an t-áras atá acu.

Cuireann muintir na háite fáilte roimh an strainséir nó an turasóir. Is féidir liom féin é seo a dheimhniú mar seacht mbliana ó shin ba dhuine acu mise. Tháinig mé agus d’fhan mé.

Is as Conamara ó dhúchas é Máirtín Mac Donncha. Tá sé ag obair mar Phríomhoide ar Scoil Mhuire i bhFánaid anois.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.