AR NA SAOLTA SEO/SEAL LE LIZ
Talamh maith déanta ag Ionad Orgánach Ros Inbhir
Liz Curtis Liz Curtis Liz Curtis

Bhuail Liz Curtis le roinnt de na feirmeoirí atá bainteach leis an fheirmeoireacht orgánach i gContae Liatroma le déanaí.

Íomhá
Mic léinn ag sá síolphlandaí san Ionad Orgánach
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Hans Wieland agus Rebecca Hussey, baill d'fhoireann an Ionaid Orgánaigh
Grianghraf: Liz Curtis
Íomhá
Páistí i nGairdín na gCailleach
Grianghraf: Liz Curtis

Chuaigh mé go háit an-deas dhearfach le gairid, is é sin an tIonad Orgánach i Ros Inbhir, Contae Liatroma. Tá sé suite i gceantar measartha fiáin iargúlta ar an taobh dheas de Loch Meilbhe, in aice leis an teorainn le Contae Fhear Manach. Is é Cluainín, atá ocht míle ó dheas, an baile is mó sa cheantar.

Tá an talamh garbh bocht, mar atá sé sa chuid is mó de Chontae Liatroma. Níl costas ard ar thalamh sa chontae dá bharr seo, mar sin chuaigh roinnt mhaith daoine ansin ar mhian leo “dul ar ais go dtí an talamh”, mar a déarfá.

Thosaigh cuid acu ar fheirmeoireacht nó garraíodóireacht orgánach, ansin bunaíodh Comharchumann Fheirmeoirí Orgánacha Liatroma . Tá 80 feirmeoir ina mbaill den chomharchumann, agus méideanna éagsúla talún acu, ó 20 acra go 40 acra.

Ní raibh tacaíocht ar bith acu, mar sin bhunaigh siad an tIonad Orgánach i 1995. An cuspóir atá aige ná oiliúint agus eolas a chur ar fáil, chomh maith le taispeántais gharraíodóireachta orgánacha, fáis agus feirmeoireachta.

Tá an t-ionad suite ar thalamh cothrom faoi chnoc agus imlíne corraiceach aige. Agus tú ag tarraingt ar an ionad, bíonn ceol na n-éan le cluinstin agus fuaim inneall ag baint an fhéir. Bíonn daoine le feiceáil ag obair go gnóthach sna gairdíní - caitheann cúig mhac léinn déag ocht mí anseo gach bliain ag foghlaim agus ag obair.

foirgneamh breá nua ann, déanta as adhmad a bhfuil dath éadrom air. Tá roinnt mhaith bileog agus leabhar ar fáil ansin, chomh maith le boscaí éin agus málaí prátaí síl. I rith an tsamhraidh, bíonn glasraí ar díol a fásadh san áit féin.

Is féidir le duine ar bith bualadh isteach ó mhí na Bealtaine go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair. Má tá grúpa ag dul ann, thig cuairt threoraitheceardlann a shocrú roimh ré. Is féidir cuairt a thabhairt ar an ionad sa gheimhreadh fosta, ach caithfidh tú coinne a dhéanamh.

Bíonn réimse leathan laethanta speisialta oscailte ar siúl san ionad, agus cúrsaí deireadh seachtaine fosta. Dírítear ar réimse iontach ábhar. Chomh maith le hachan sórt garraíodóireachta, tá cúrsaí ar fáil ar shníomh, potaireacht, caoladóireacht, cumhacht ghréine agus ghaoithe, ag coinneáil gabhar, agus neart rudaí eile.

Cithfholcadán múirín

Chuaigh mé thart ar an ionad le Hans Wieland, atá ag obair ansin mar chomhordaitheoir for-rochtana. Is as Stuttgart na Gearmáine é Hans agus tháinig sé go Contae Liatroma ocht mbliana déag ó shin.

An chéad rud a thaispeáin sé dom ná an cithfholcadán múirín. Tá múirín iontach te, mar sin má chuirtear píoba uisce tríd, téitear an t-uisce. I rith an tsamhraidh, cuireann carn mór múirín soláthar iomlán uisce te ar fáil don ionad.

Chuaigh muid isteach sna polaitholláin, a raibh neart gníomhaíochta ar siúl iontu. Bhí mic léinn ag sá síolphlandaí agus bhí grúpa ó chumann garraíodóireachta i Mainistir na Búille, Contae Ros Comáin, ag dul thart ar cuairt.

Tá réimse polaithollán ann, ina measc ceann beag darb ainm “an tollán caithimh aimsire” agus ceann níos mó, “tollán an teaghlaigh”, inar féidir glasraí a fhás don teaghlach.

Chonaic muid taispeántas luibheanna agus bláthanna inite. “Is féidir bláthanna mar ghoirmíní agus piotail róis a ithe,” a deir Hans, “ach tá sé an-tábhachtach gur fásadh go horgánach iad, gan lotnaidicídí a bheith spréite orthu.”

Is é saincheird an ionaid ná foirgnimh déanta as saileach atá go fóill ag fás. “Is féidir sconsaí agus áiseanna súgartha a dhéanamh lena leithéid,” arsa Hans. “Tá an tsaileach díreach ceart anseo mar go bhfásann sí i dtalamh tais ar bith.”

Tá gairdín deas ann atá dírithe ar dhaoine míchumasaithe. Tá plandaí ann a mhothaíonn mar a bheadh cleití ann, nó a bhfuil boladh nó fuaim speisialta acu, ar féidir le daoine dalla a bheith ag obair leo. Tá ceapach ardaithe ann a rothlaíonn, do dhaoine i gcathaoireacha rothaí.

Tá gairdín ann do pháistí, a bhfuil torthaí ag fás ann is féidir leo a ithe, mar shúnna talún agus súnna craobh. Tá teach beag adhmaid ann fosta darb ainm Teach na gCailleach, agus bréagáin taobh istigh de.

Tá neart rudaí suimiúla eile san Ionad. Tá taispeántas ann, cuir i gcás, faoi na dóigheanna le múirín a dhéanamh. Tá áiteacha ann a bhfuil glasraí goirt ag fás, agus torthaí boga faoi líontán.

Chuir mé ceist ar Hans cad é a dhéanann siad faoi na seilidí.

Dhírigh sé m’aird ar phíosaí adhmaid ar cheapach. “Cuireann muid iad sin síos. Snámhann na seilidí fúthu, ansin bailítear ar maidin iad. Is féidir na sicíní a chothú leo, nó iad a chaitheamh thar an sconsa - ach seans go dtiocfaidh siad ar ais.”

Úllord

Cuireadh úllord thart fá thrí bliana ó shin. Tá úlla, piorraí, plumaí agus siliní le fáil ann. Seansóirt nó sóirt speisialta atá i gceist.

In áit eile, tá crainn na foraoise ag fás. “Tá muid ag déanamh aithrise ar imeall na foraoise,” a deir Hans. “Ní hionann na crainn ó thaobh airde de, agus fásann súnna fiáine talún fúthu..”

Ag 3.30 tá am tae na foirne agus na mac léinn ann. Téann muid isteach sa chaife agus suíonn muid síos. Bíonn an caife oscailte don phobal ar laethanta oscailte agus nuair a bhíonn cúrsaí ar siúl.

Buailim le Klaus Laitenberger, an t-ardgharraíodóir. Is as an Ghearmáin é Klaus fosta, agus tháinig sé anseo ceithre bliana ó shin. Insíonn sé dom faoin Ghairdín Oidhreachta.

“Tá seanchabáiste Éireannach ann a mhaireann go deo,” a deir Klaus. “Níl síolta aige - baintear beangáin as. Baineann muid triail as sóirt éagsúla prátaí, le fáil amach cad iad na cinn is fearr in éadan na dúchana.”

Míníonn sé dom na fadhbanna a bhaineann leis an talmhaíocht tráchtála. “Fástar níos lú sórt glasraí achan bhliain. An sprioc a bhíonn ann ná go n-abódh an barr iomlán ag an am céanna. Ach is fearr le garraíodóir má aibíonn siad thar tréimhse ama. Agus tá sé contúirteach nuair nach bhfuil ach sórt amháin á fhás, mar bíonn tubaiste ann má theipeann air.”

Is cinnte gur áit an-suimiúil é an tIonad Orgánach, a bhfuil atmaisféar breá cairdiúil le fáil ann. Caithfidh mé a admháil nach bhfuil ach cúpla pota plandaí agam féin, ach bhain mé an-taitneamh agus inspioráid as mo chuairt.

Is féidir clár imeachtaí an ionaid agus a gcatalóg síolta a fháil ó:

The Organic Centre, Ros Inbhir, Contae Liatroma. Guthán: (071) 98 54338; organiccentre@eircom.net; www.theorganiccentre.ie.

Is scríbhneoir agus grianghrafadóir í Liz Curtis, a bhfuil cónaí uirthi i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.