AR NA SAOLTA SEO
An pobal i mbaol de bharr aighnis
Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill Uinsionn Mac Dubhghaill

Tá ceisteanna tromchúiseacha i bhfolach san aighneas tionsclaíoch sa Roinn Talmhaíochta, a deir Uinsionn Mac Dubhghaill.

Íomhá
An tAire Talmhaíochta agus Bia Joe Walsh
Íomhá
Ag glanadh na mbróg i gCaisleán an Bharraigh le linn ghéarchéim an ghalair crúibe is béil, Márta 2001

Nuair a chuir oifigigh chléireachais sa Roinn Talmhaíochta tús le haighneas tionsclaíoch ar an 18 Márta ba bheag aird a tugadh orthu ar dtús. Oibrithe ar phá íseal in oifigí áitiúla na Roinne a bhí i gceist, i nGaillimh, Maigh Eo, Luimneach agus Ciarraí. Ligeadh don aighneas dul ar aghaidh gan aon iarracht fhónta a dhéanamh é a réiteach, agus súil ag feidhmeannaigh shinsearacha na Roinne ar na himpleachtaí don chomhaontú náisiúnta pá dá ngéillfí dóibh.

Ní leor an cur chuige seo a thuilleadh. Ar an gcéad dul síos tá feirmeoirí thíos leis go mór - tá deacrachtaí acu beostoc a bhogadh agus a dhíol toisc an gnáthpháipéarachas a bhaineann lena mbeithígh a bheith gafa sa Roinn, gan trácht ar na deontais atá reoite istigh ann - ach tá cúis imní ann don phobal i gcoitinne. Na laethanta seo, agus sceon ar an bpobal faoi ghalair den uile chineál, cheapfá go mbeadh an ghné sin den cheist ar bharr an chláir oibre ag an Roinn. Ní léir go bhfuil. Ag breathnú air ón taobh amuigh cheapfá gurb é an sean-nós Gaelach i gcónaí acu é: ná habair tada, agus nuair a chuirtear ceist “leochailleach” - faoi BSE, abair - tarraing anuas na seanráitis chéanna a mbaintí úsáid astu nuair a bhí an galar sin i mbéal an phobail. “Níl aon fhadhb ann, níl baol ar bith ann do shábháilteacht bia ná do shláinte an phobail.”

Deir ceardchumann na n-oifigeach cléireachais, an Cumann Stáit, Poiblí agus Seirbhísí (CPSU), go bhfuil ceisteanna le cur faoi shábháilteacht na mairteola. Le gairid sheol rúnaí ginearálta an cheardchumainn, Blair Horan, litir chuig príomhfheidhmeannach an Údaráis um Shábháilteacht Bia, an Dr Patrick Wall. Deir sé sa litir sin go mbaineann impleachtaí tromchúiseacha le cinneadh an Aire Talmhaíochta Joe Walsh na rialacha a bhaineann le beithígh a thabhairt chuig an seamlas a athrú sna contaetha a bhfuil an t-aighneas ar siúl iontu. (Leathnaigh sé go Corcaigh ar na mallaibh, agus tá baol ann go leathnóidh sé tuilleadh.)

Go bunúsach, deir an CPSU nach bhfuil an chigireacht chuí ar siúl ar bheithígh sna contaetha sin faoi láthair, mar gheall nach bhfuil na tréidlianna in ann teacht ar an eolas faoi chártaí agus uimhreacha aitheantais na mbeithíoch atá coinnithe ar chóras ríomhaireachta na Roinne. Ní féidir a bheith iomlán cinnte nach bhfuil tag nó lipéad bréagach curtha ar bheithíoch, cuir i gcás, agus ainmhí a bhfuil galar air á thabhairt chuig an seamlas i ngan fhios don saol mór.

Cosaint ar ghalair

Deir an Roinn go bhfuil taifead cinnte coinnithe ar páipéar faoi na beithígh atá ag dul chuig an seamlas, agus go gcuirfear an t-eolas cuí isteach sa gcóras ríomhaireachta nuair a bheas an t-aighneas thart. Deir an ceardchumann, áfach, gur tugadh isteach an córas cigireachta ar ríomhaire chun an pobal a chosaint ar ghalair ar nós BSE, agus chun “traceability"- an focal draíochta úd a bhíonn ar bharr a ghoib ag chuile cheannaitheoir ollmhargaidh - a chinntiú. Ní haon mhaith é an t-eolas a chur isteach sa gcóras ríomhaireachta roinnt míonna i ndiaidh don bheithíoch a bheith gearrtha suas agus díolta leis an bpobal, dar leis an CPSU. Cuireann siad ceist atá simplí go leor: Céard a tharlóidh má thagann sé chun solais an t-am sin gur cuireadh tag bréagach ar bheithíoch chun é a dhíol? Nach bhfuil sé beagáinín rómhall le bheith buartha faoi?

Go híorónta, tá préamhacha an aighnis sa ngalar crúibe is béil a bhí ina bhagairt ollmhór ar gheilleagar na tíre tá dhá bhliain ó shin. An t-am sin glacadh go fonnmhar leis an dúshlán. D’oibrigh oifigigh na Roinne de ló is d’oíche chun an galar a chloí, agus luigh an pobal i gcoitinne isteach leis an iarracht. Ní fhacthas comhoibriú den chineál céanna idir tuath agus cathair ó bhí an fómhar i mbaol bliain nó dhó tar éis an dara Cogadh Domhanda, nuair a tháinig na sluaite amach as na bailte móra chun cabhrú leis na feirmeoirí.

Tugadh gealltanas do na hoifigigh chléireachais sa Roinn nach ndéanfaí dearmad ar na híobairtí a rinne siad an t-am sin. Níor comhlíonadh an gealltanas sin go fóill. Go bunúsach, séard atá uathu ná struchtúr éigin a thabharfas deis níos fearr dóibh ardú céime a bhaint amach. Níl an oiread sin airgid i gceist. Deir an CPSU nach mbíonn na deiseanna céanna ag na daoine a bhíonn ag obair sna hoifigí áitiúla is a bhíonn acu siúd atá ag obair i mBaile Átha Cliath.

ceist níos leithne ann, áfach. Agus an Rialtas ag caint ar dhílárnú an státchórais, cén seans atá ann go nglacfaidh na státseirbhísigh i mBaile Átha Cliath le haistriú go Béal Átha na Slua nó go Liatroim má fheiceann siad go mbíonn na státseirbhísigh atá ann cheana féin ag obair faoi mhíbhuntáiste? Ní den chéad uair, tá rannóga éagsúla den státchóras ag feidhmiú ar bhealaí atá contrártha lena chéile.

Idir an dá linn, is é an rud is lú a theastaíonn ó thionscal na mairteolascanradh mór eile faoi chaighdeán an bhia. An fhad is a leanann an t-aighneas ar aghaidh is mó seans atá ann go gcuirfear síol an amhrais in aigne an phobail. Sin galar nach gcloífear go héasca.

Is as Baile Átha Cliath é Uinsionn Mac Dubhghaill ach tá sé ina chónaí i gConamara anois, áit a bhfuil sé ag obair mar iriseoir físe le Nuacht TG4. Chaith sé seal freisin ag obair mar eagarthóir Gaeilge an Irish Times.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.