Seo gearrscéal as an gcnuasasch An Fear nach nDéanann Gáire le Micheál Ó Conghaile, a fhoilseofar an mhí seo chugainn.
Ní fhéadfaí an chos a shábháil . . . nó sin a ceapadh. B’fhéidir go mbeadh seans éicint aige féin cé go raibh fuil smeadráilte chuile áit air a d’fhág ag breathnú níos measa é, b’fhéidir, ná mar a bhí sé. Ach ní fhéadfaí an chos a shábháil, measadh. Í ag gobadh amach, amhail is dá mbeadh á méadú féin os comhair an tslua. An chos chlé. Má bhí pian air ní raibh sé ag screadach. Mar a bheadh an seac nó an scanradh théis a chorp a chiúnú go nádúrtha. É le feiceáil ina thranglam, casta siar, dingthe ag miotal an chairr, cos bhríste tarraingthe suas go dtí an ghlúin, sruthanna silte fola le feiceáil ag an té a bhí in ann breathnú.
“An bhfuil aon duine marbh?” a d’fhiafraigh duine éicint a tháinig ar an láthair ar an nóiméad sin ach níor fhreagair éinne é le focail.
D’fhéach aghaidheanna as an slua ar a chéile, ar an gcos, agus ansin ar aghaidheanna eile den daoscarshlua a bhí ag tuilleadh is ag cruinniú de réir a chéile. Bhí fir ann. Bhí mná ann. Bhí déagóirí ann. Bhí páistí is tuismitheoirí ann, tuismitheoirí a shíl amharc maith a fháil dóibh féin ar an bhfear gonta sul má cheilfeadh an radharc céanna ar a gcuid páistí. Thosaigh corrghnúsacht ag teacht ón bhfear is chiúnaigh aríst. Bhí fear agus bean lena thaobh amhail is dá mbeidís ag coinneáil a chloiginn díreach nó ag cuachadh pilliúr faoi uachtar a dhroma nó faoina mhuineál.
I measc an tslua bhí Simpleoir agus idir iontas is mífhoighid air faoina laghad a bhí ag tarlú, faoi chomh ciúin socair agus a bhí chuile dhuine. Ansin thosaigh páiste ag screadach in áit éicint, ag béiceach “fuil fuil"! Ansin, bhí ciúnas beag aríst ann.
“Is cosúil nach dtabharfaidh an diabhal bocht na cosa leis - ceann acu ar aon nós, arsa Simpleoir gan é ag iarraidh a bheith ar bhealach ar bith greannmhar ach é ag tagairt dá bhfaca sé lena dhá shúil féin. Ach féachadh go mioscaiseach air le súile crosta. Cuid acu craosach ach tostach. Agus mór. Cé gur mar a chéile a chonaic siadsan é ní mar sin a chuirfidís é, cé gur móide nach bhféadfaidís é a chur leathorlach níos fírinní.
“Cén fáth nach dtógtar amach as an gcarr an créatúr bocht ar aon nós go bhfeicfidh muid cé hé féin,” a d’fhiafraigh sé ansin agus díomá air faoina laghad rírá agus rúille búille a bhí timpeall láthair na timpiste. Tar éis an tsaoil ba é féin an chéad duine a bhí ar an láthair ceathrú uaire roimhe sin, a chonaic é gan aithne gan urlabhra agus a scaip an scéinscéal, a ghair daoine, daoine a bhí anois ag tabhairt cluas bhodhar dó. Murach mé, a smaoinigh sé, ní bheadh duine ar bith anseo fós, b’fhéidir, ach é fágtha go silfeadh an deoir dheireanach fola agus a anam as i ngan fhios dó féin is don saol agus bheadh imithe cheana féin agus ar thóir lóistín i saol éicint eile.
Bhí sé ar tí gearán os ard nuair a tháinig foireann dochtúirí faoi luas lasrach agus otharcharr á leanacht, an slua ag cúlú siar agus ag oscailt cosán caol isteach dóibh. Ó d’aithin sé duine acu shíl sé go moilleodh ar feadh meandair agus go gcuirfeadh sé ceist air faoin gcos bhocht a bhí ar sliobarna. Rinne na dochtúirí leathfháinne timpeall ar an gcarr ionas gur cheil siad a radharc air. D’fhigh sé a bhealach anonn ar an taobh eile den charr, chuile dhuine ag súil nach mbearnódh sé a radharc mantach féin agus iad réidh le taobhchéim chiúin a thógáil dá seasfadh sé rompu.
“An gcaithfidh sibh an chos amuigh a bhaint de?” a d’fhiafraigh sé, agus b’ansin a smaoinigh sé go raibh cos eile freisin air nó go gcaithfidh sé go raibh in áit éicint mura raibh sé ar leathchos sul má shuigh isteach sa gcarr beag ná mór. Ach ní raibh an chos dheas le feiceáil in aon áit agus ba dheacair dó tada a rá ná a cheapadh fúithi. Ach ba dhóigh gurb ann di, í cruptha siar faoi, b’fhéidir isteach faoi íochtar shuíochán an chairr. Ar a taobh a bhí an carr féin caite agus bearna chám curtha ar a smut ag an bpól.
B’ansin a chuimhnigh sé nár fhreagair na dochtúirí an cheist ar chor ar bith agus bhí ar tí a bhéal a oscailt nuair a chuala duine acu ag rá go gcaithfí an chos a ghearradh láithreach. Ach smaoinigh sé ar cheist eile go tobann mar ionadaí.
“Is cén áit a gcaithfear í a ghearradh, mar sin?” a d’fhiafraigh sé os ard, é ag cur múisce ar sheanbhean a dhruid de leataobh san am céanna.
“Ag an nglúin,” a dúirt an dochtúir beag a raibh aithne aige air.
“Suas ón nglúin nó anuas ón nglúin,” a d’fhiafraigh Simpleoir agus é ag súil le gáire a bhaint as cuid den slua an babhta seo.
“Ón taobh thuas den ghlúin anuas, a leidhb,” a d’fhógair duine éicint nach bhfaca greann ar bith sa scéal is a bhí ag iarraidh béal Shimpleoir a dhúnadh agus a choinneáil dúnta.
Ach níorbh í an chos amháin a chaithfí a ghearradh, measadh. Chaithfí fanacht go dtiocfadh an t-inneall dóiteáin lena chorp a ghearradh amach as tranglam an chairr a chualathas na dochtúirí a rá eatarthu féin.
Ach ní raibh aon am le spáráil. Cor ní raibh as an bhfear gonta. Bhí sé beo fós, ceart go leor, ba chosúil, ach ní aithneofá sin le breathnú uait air. Bhí sé tomhaiste ag na dochtúirí faoi seo. Forradh orthu timpeall air is fios maith acu go raibh an t-am ag gearradh rompu. Chruinnigh triúr acu timpeall ar an gcos leonta.
“Nuair a bheas an chos bainte de agaibh céard a dhéanfar léi?” arsa Simpleoir, é ag teilgeadh a chuid cainte mar ráiteas níos mó ná mar cheist. Ach is mar cheist a chuala formhór na ndaoine í. Ceist amaideach, a mheas beagnach chuile dhuine ina n-intinn féin. Cé a chuirfeadh ceist dá leithéid. Ach dá mhéad a smaoinigh siad ar an gceist is ea ba mhó a thuigeadar gur cheist dhlisteanach a bhí inti. Tar éis an tsaoil, bhí a fhios ag chuile dhuine céard a dhéanfaidís lena gcuid cos, fiú nuair ba mhístuama leo iad, an fhad is gur chuid díobh iad . . . ach nuair a bhí cos bainte de dhuine b’in scéal eile. Ní raibh éinne acu sa staid sin ariamh, fiú cléireach an Bhainc mar gur rugadh ar leathchois eisean agus nár ghá fáil réidh lena leathchos nach raibh ariamh air.
Ach anois ó bhí an smaoineamh is an cheist curtha is ar foluain san aer, d’fhan os a gcionn ionas gur mhaith leo dá mbeadh fuascailt na ceiste acu ina n-intinn féin, go ciúin fiú.
“Ar chuala tú an cheist a chuir Simpleoir an eastáit úd thiar?” arsa duine amháin acu leis an duine eile, é ag athrá an ráitis os ard ag súil, b’fhéidir, go gcloisfeadh máinlia na scine í. Ach bhí máinliath na scine róghnóthach ag gearradh is fágadh an slua i dtuilleamaí a gcuid smaointe is a gcuid freagraí fánacha féin.
I dtigh diabhail é, ní fhéadfaí an chos a fhágáil caite ar leataobh an bhóthair ansin. Ar mhaithe le cúrsaí sláinte mura mbeadh tada eile, a smaoinigh Simpleoir. Ba ghearr go mbeadh sé ina sciob sceab idir madraí an bhaile agus iad á tabhairt ar shiúl soir siar. Ach smaoinigh sé ansin go mb’fhéidir nach dteagmhódh madraí le feoil dhaonna. Ní raibh sé cinnte. Cén gnó a bheadh ag an ospidéal di, a smaoinigh sé. Cinnte, bhí sé de cháil ar dhochtúirí go bhféadfaidís géaga a shnaidhmeadh ar ais ar choirp bheo ach bhí an chos seo róbhrúite briste casta. Céasta. Agus ba lú an chiall a bheadh ann do dhochtúir an chos a bhaint de dhuine d’aon ghnó nóiméad amháin agus dochtúir bocht éicint eile a bheith ag iarraidh í a nascadh ar ais air uair an chloig nó dhó níos deireanaí mura mbeadh ag iarraidh rud éicint a chruthú . . . Tástálacha, b’fhéidir . . . ach bhí an fear gan chás gan ghalar, seans, agus a chos róshláintiúil dá réir. Cosa tinne fabhtacha ab fheiliúnaí do thástálacha is do thaighde, ba dhóigh, ní píosa as seo agus píosa as siúd. Coirp iomlána a bhí ó thaighdeoirí na hollscoile is bhí neart acu siúd le fáil acu agus an oiread daoine ag fáil bháis is á marú féin go rialta. Ar éigean go dtabharfadh na gardaí leo í i mála plaisteach le fágáil sa mbeairic. Obair smeartha a bheadh ansin . . . Ná ní thógfadh an sagart paróiste leis í le cur sa reilig
nuair nach bhféadfadh sochraid iomlán agus searmanas a bhaint aisti. Níor cuireadh cosa marbha sa reilig ach amháin nuair a bhíodh i bhfostú i gcorp éicint. Agus spás sách gann ann do choirp mar a bhí, ní áirím cosa aonair seachránacha.
“An mbeidh an chos sna flaithis roimhe féin ós rud é go bhfuil sí marbh roimh an gcuid eile de?” a d’fhiafraigh Simpleoir, a cheist dírithe ar an sagart an babhta seo. Tháinig smut ar an sagart sul má d’fhórsáil sé meangadh air féin do Shimpleoir. Ach níor dhúirt focal. Níor chuir Simpleoir an cheist an dara babhta amhail is dá mbeadh meangadh an tsagairt tar éis a cheist a neodrú nó a goin a mhaolú.
Ach níor stop sé sin é ó iarrachtaí a dhéanamh solas a chaitheamh ar an gceist ina intinn. Tar éis an tsaoil, a dúirt sé leis féin, ba cheist thábhachtach dhlisteanach a bhí inti a chaithfeadh Dia a réiteach sa saol eile mura mbeadh réitithe dó ag daoine ag fágáil an tsaoil seo. Fadhb amháin a bhí ann do mhuintir an tsaoil seo áit a fháil don chos ach chaithfeadh sé go mbeadh an fhadhb chéanna ann sa saol eile a chaithfí a réiteach freisin, rud a bheadh deacair agus fear na coise fós beo. Ní fhéadfaí í a chur go hifreann, siúráilte, fiú dá mba scabhaitéara a bheadh ann mar thiocfadh dó aithrí agus gníomh croíbhrú a dhéanamh, go háirithe anois ó bheadh neart ama aige le smaoineamh air féin ar an saol seo agus ar an saol eile sul má léimfeadh isteach ann ar a leathchois. Maidir leis na flaithis, a smaoinigh sé, nár dheas an feic í, cos a fheiceáil léi féin ag léimneach timpeall i measc na naomh uasal is na n-aingeal, is b’fhéidir á mbascadh. Spreagfaí amhras agus ní fios cén mhioscais a shílfeadh cos strae a chiceáil suas. Agus ní bheadh éinne cinnte go barainneach cé leis í, ara ba dheacair duine a aithint as a leathchois dá sainiúla í, mura mbeadh marc nó *tatoo *faoi leith uirthi.
Bheadh fulaingt i bpurgadóir agus b’fhéidir fanacht rófhada a bhronnfadh a éagóir féin. Ba ansin, agus é ar tí tabhairt faoin sagart leis an gceist aríst a smaoinigh Simpleoir ar liombó . . . D’fheilfeadh liombó go seoigh; áit nach raibh pian ná fulaingt mura raibh áthas ná glóire ach oiread. Gan ann ach fanacht agus fanacht go ciúin sa dorchadas ansin i bpluais neodrach, ina raibh an t-am reoite nó curtha ar ceal. Ach nuair a bhí sé díreach ar tí comhghairdeachas a dhéanamh leis féin as fuascailt na ceiste a aimsiú, nár smaoinigh sé nach raibh liombó ar bith ann níos mó, gur chuir comhdháil easpag nó cruinniú cairdinéal éicint ar ceal go deo é in aon deireadh seachtaine fada oibre amháin, nach raibh slí ann do leanbh ná do dhuine, ní áirim leathchos strae a bheadh gan foscadh ná dídean sa dá shaol an dá lá is a mhairfeadh fear na leathchoise. D’iompaigh Simpleoir ar an sagart agus cineál oilc air.
“Cén fáth,” a d’fhiafraigh sé, “ar chuir sibh deireadh le liombó agus chomh géar agus a theastódh sé mar áit lóistín ó anam na coise tinne seo atá beagnach ar an saol eile cheana féin.”
Ach níor tugadh aon aird ar a cheist mar gur thosaigh na daoine ag shuffláil timpeall agus ag cúlú siar. Bhí corp an fhir fuascailte ó chreatlach an chairr faoi seo agus a chos fuascailte óna chorp. Á ardú ar shínteán a bhí siad nuair a d’fhill a mheabhair, cuid dá chiall is a spiorad chuige. Lig sé scread sceonmhar péine as a tholl poill bhreise i ngach cluas dá raibh i láthair.
“Céard a rinne sibh liom?” a bhéic sé ansin.
Aithníodh as a ghuth láithreach é, rud nach bhféadfaí a dhéanamh as a aghaidh smeartha. Réamonn Rua Ribeach a bhí ann, caimiléara, crochadóir, scéiméara, druincéara agus gadaí carrannaí. Lig sé scread eile péine as agus shíl cic a tharraingt ar an dochtúir ba ghaire dó agus an lann obráide a bhaint as a lámh nó go bhfuair amach nach raibh aon chos chlé aige lena chiceáil.
“Mo chois, mo chois,"a d’uaill sé, “tugaigí ar ais dom í, a ghadaithe géara. Is le gach fear a dhá chois féin má bhronn Dia na Glóire air iad, ní libhse le stróiceadh libh.” Ach ní trua a léirigh an slua callánach dó ach a mhalairt. Dá mhéad a scread sé ba ea ba lú a laghdaigh a dtrua, gach scread acu ag spochadh is ag spadhradh cuimhní ina n-intinn. Labhair siad leis duine ar dhuine ina liodán.
“Tá tú curtha faoi chois anois, agus é thar am agat. Ná bí ag súil le bheith ar do chosa choíche aríst.”
“I dtigh diabhail anois leat féin is le do chos ar bolg. Cuir do chosa beaga uait más maith leat.”
“Ná bí ag súil le tada bog uainne feasta nuair nár iompaigh tú féin ar do chois d’éinne ariamh ach tú go síoraí seasta ag tarraingt na gcos.”
“Tú féin atá faoi chois agat féin anois agus ní hiad na créatúir bhochta a scanraigh tú as a gcraiceann.”
“Cén gearán atá agat, nach bhfuil cead do choise agat. Rith leat in do rogha áit más maith leat. Ní muide atá do do stopadh, an muid?”
“Dá bhfanfá sa mbaile i do shuí cois tine in áit a bheith ag goid charrannaí na gcomharsan, ní bheifeá ar leathchois anois.”
“Tuilleadh diabhail ag boiscín. Is cheap tú nach bhfeicfeá féin lá na coise tine choíche. Tuilleadh diabhail aríst, is tuilleadh glugair agat.”
“Dá mbeadh cos le cois ag éinne againne thabharfadh muid duit í agus fáilte mar ghrá Dia. Thabharfadh ar m’anam.”
“Arbh fhearr leat cos deiridh nó cos tosaigh nó an nglacfá le cos deas eile, cos muice nó cos asail, a chrochadóir, sa gcás go gcasfaí cos bhreise inár mbealach as seo go ceann cúpla lá.”
Tharraing Réamonn Rua Ribeach anáil fhada dhomhain agus é ina shuí aniar ar an sínteán . . . Smaoinigh sé ar gheábhanna eile nuair nach raibh cos aige le cur faoi de bharr craiceáil óil, ach an t-am úd bhídís aige i gcónaí an lá dár gcionn nuair a dhúisíodh sé réidh le rith te reatha agus fogha a thabhairt faoi éinne a bhreathnaíodh cam air. Ach de réir a chéile thuig sé nach i gceann eile dá thromluithe óil nó drugaí a bhí sé, nach móide go mbeadh cos eile faoi ar maidin amárach ná arú amárach ná bliain ó arú amárach mura mbeadh cos mharbh mhístuama adhmaid nó phlaistigh ann. Ach ní ghéillfeadh sé don slua a bhí ag éirí gealgháireach anois, b’fhacthas dó. Iad bioránach. Smaoinigh sé ar an méid daoine a chiceáil sé léi tráth, is nach raibh in ann an t-aer féin a bhí ina háit a chiceáil léi anois.
“A chois, a chois, ná clis anois orm,” a bhéic sé ag fuarchaoineachán. “Tá siad ag iarraidh muid a scaradh óna chéile, mar go raibh muid in ann acu.” É ag féachaint síos ar an mbóthar uirthi idir chosa na ndochtúirí. Bhí sí caite ar an bhféar léi féin ansin, is í nach mór imithe ó aithne air. Ní móide go n-aithneodh í dá mbeadh tuilleadh cos scoite caite thart ann ach nuair nach raibh ann ach í agus gan éinne eile den chomhluadar callánach ar leathchois bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé gurb í a bhí ann. Is beag nár sheas ceann de na dochtúirí mallaithe ar rúitín uirthi le linn dó casadh timpeall agus é ag fáisceadh bindealáin air. Chaoch sé an tsúil síos ar an gcos, amhail is dá mbeadh sé ag tabhairt suaimhnis dó í a fheiceáil in aice láimhe agus lig sé uaill as féin.
“Más le chuile bhó a lao is le chuile fhear a dhá chois féin.”
D’ardaigh an chos scoite a hordóg san aer go buacach ag aontú leis. Chúlaigh an slua cúpla coiscéim siar uaidh go scanrúil amhail is dá mbeadh stangadh bainte astu, nó dá mbraithfidís gur chóir dóibh leithscéal a ghabháil faoina bheith ar an láthair. Thug sé faoi deara a gcuid cos le linn dóibh a bheith ag cúlú, go háirithe na mná nach raibh ag caitheamh treabhsúir. Is luí a shúile go stadach ar chosa den uile chineál - cosa ramhra, cosa tanaí, cosa crupacha féitheacha, cosa cama, cosa ataithe, cosa stálaithe maide, cosa míne agus gruagacha, cosa cosúil le cosa boird, cosa le coilm is lorg greamannaí, spotaí dubha is marcanna.
“Níl cuma ná caoi oraibh féin ná ar bhur gcuid cosa lofa,” a gháir sé ansin. “B’fhearr liom mo shaol a chaitheamh ar leathchois agus i gcomhluadar mo chos scoite anseo ná babhtáil cos a dhéanamh le héinne beo agaibhse, a rudaí gránna. Is túisce go mór fada a ghlacfainn le cos fir bréige as garraí fataí nó glasraí a mbeadh cacannaí carógaí air.”
Chuaigh an chaint thar chluasa Shimpleoir ionas nár ghlac leis mar mhasla. Tharraing sé suas cosa a bhríste agus shiúil anonn is anall dá pharáideáil féin is dá spáint do chách is do Réamonn Rua Ribeach. “B’fhéidir nach mbeidh fút feasta ach aon chois amháin,” a dúirt sé, “ach ná bíodh imní ar bith ort. Tá luach i bhfad níos mó ar do chois scoite ná mar atá ar do chois bheo. Nach dtuigeann tú sin? Is fiú saibhreas mór í, a mhac. Tosaigh le leathmhilliún punt, is ná géill pingin as aon phunt acu. Dá bhfágfaí ort do sheanchois spreangach spágach níorbh fhiú bonn bán í.”
Tháinig díomá ar bhaicle gasúr a bhí sa gcomhluadar nuair a chuala siad an chaint seo. Níor thuig siad. Iad ag ceapadh anois go gcuirfí sórt ceant ar an gcois agus go ndíolfaí í mar a dhéantar le himreoirí sacair ar fiú na milliúin punt a gcuid cos. Bhí siad cinnte ar dtús nach dteastódh cos dá leithéid ó éinne seachas b’fhéidir ó ghadhair ocracha, francaigh, luchain nó cait fhiáine. Bhí siad dearfa nuair a bheadh an rírá seo thart go mbuailfeadh chuile dhuine bóthar abhaile agus go ndéanfadh dearmad ar an gcos, á fágáil ansin. Shamhail siad cluichí beaga a d’fhéadfaidís a imirt léi . . . folach bíog, cos istigh, caitheamh le marc . . . nó d’fhéadfaidís í a chur ina seasamh bunoscionn agus dul ag caitheamh fáinní lena cuid méarachaí. D’fhéadfaidís í a choinneáil i dtaisce i reoiteoir mór i ngan fhios dá dtuismitheoirí a choinneodh friseáilte í agus fuar crua sa gcaoi nach santódh gadhair, cait ná luchain í. Í a thógáil amach as tráth gach tráthnóna agus a chur i bhfolach ansin aríst. Í a aistriú ó reoiteoir go reoiteoir ar fud an eastáit dá mbraithfidís in aon chontúirt í . . . Ach anois bhí daoine ag caint ar airgead, airgead ollmhór, agus bhí a gcuid brionglóidí briste. Theastódh an chos mar fhianaise lá na cúirte lena chruthú nach raibh an fear gonta ar leathchois roimh an timpiste.
“Cé mhéad atá tú ag dul a chlaimeáil,” a d’fhiafraigh Simpleoir amach díreach agus é ag breathnú isteach idir an dá shúil ar Réamonn Rua Ribeach.
“Claimeáil, an ea?” a scread beainín bheag gheancach, “agus an carr goidte aige, é ag tiomáint go contúirteach ar luas lasrach óltach ar an taobh contráilte den bhóthar. Cé air a mbeadh an buachaill báire ag claimeáil. As a chiontaíl féin?”
“Ar a chois scoite, ar ndóigh,” a dúirt Simpleoir. “An chos a bhí air is a deir sé a baineadh de go héagórach.”
“Agus nach í an chos mhallaithe úd a chiceáil m’fhear céile sna magairlí is a chuir ó rath é, a chiceáil isteach doirse siopaí, a bhasc is a chuir cor coise i ndaoine macánta, a bhí ar lata luais an chairr seo inniu is a tharraing an trioblóid go léir uirthi féin is a chuir pobal neamhurchóideach an eastáit seo i mbaol agus trína chéile. Cos mhioscaiseach thrioblóideach a bhí inti chuile lá ariamh ó cuireadh an chéad bhróg uirthi nár cheart a ligean i ngar ná i ngaobhar aon duine macánta.”
“Frigeáil leat, a sheanbhitse tirim,” arsa Réamonn Rua Ribeach. “Murar cheart dul gar di cén fáth slua agaibh a bheith cruinnithe timpeall anois uirthi agus ag gliúcaíocht uirthi amhail is da mba libh féin í? Ba cheart dom táille a ghearradh oraibh. Glanaigí libh abhaile nó cuirfidh mé an ruaig ar an lot agaibh.”
“Cuir, mar sin, a Réamoinn Rua Ribeach Rábach,” a dúirt sí, í ag tarraingt a scátha báistí aníos as a mála mar ghléas airm ag an am céanna agus ag cúlú dhá choisméig shábháilte siar uaidh ar fhaitíos go mbainfeadh sé plaic aisti.
“Níl misneach bréige féin agat, a chodaí chaoch na bréige, ná ag duine ar bith agaibh, a chladhairí.”
“Nach bhfuil anois?” a d’fhiafraigh Simpleoir. “Nach bhfuil anois?” a dúirt siad go léir. “Má tá do chois chomh cóir cneasta sin, b’fhéidir gur chóir dúinn múnla a thógáil di agus deilbh naofa a dhéanamh di le fágáil ag an ngrotó atá le taobh theach an phobail.”
“Mo chosasa ná a múnla ní ligfear i ngar ná i ngaobhar lucht na bpaidríní fada. Má bhain aon rógaireacht léi b’fhíor-rógaireacht í is ní mba rógaireacht naofa bhréige í mar a chleachtann sibhse.” Agus chan sé amach líne as amhrán in ard a chinn is a ghutha . . .
Is gheobhainn dhá bhás le grá don dá chois atá fúm . . . is labhair sé síos leis an gcos scoite ag rá, “A chois, nach mbeidh tú dílis choíche dom agus nach seasfaidh tú suas dom anois agus choíche le saol na saol, áiméan?”
Agus leis sin, nár léim an chos scoite casta suas ina seasamh láithreach ag baint preab as na dochtúirí a d’fhéach ar a gcuid lámh is chúlaigh siar ar chúl an chairr le teannadh. Baineadh preab as gach neach beo ach amháin Réamonn Rua Ribeach ar tháinig meangadh ollmhór sástachta ar a bhéal. Shiúil an chos timpeall go mórálach ar bharr a méaracha agus í ag cur guaillí uirthi féin amhail is dá mba léi féin an áit is dá mbeadh ag féachaint ó dhuine go duine nó ar thóir duine faoi leith ón slua le milleánú. Facthas Simpleoir ag clúdach a shúl amhail is dá mbeadh ag breathnú ar mhíorúilt ag tarlú os a chomhair amach. Rith Bid Liam siar an bóthar, i dtreo an tséipéil agus sodar fúithi, í á coisreacan féin is a paidrín ag cur allais ina glaic. Chúlaigh na daoine eile siar go faiteach agus stán síos ar an gcos a mheas siad a bhí ar tí dul ag rince . . . nó b’fhéidir ag ciceáil . . .
*Is iad Cló Iar-Chonnachta a fhoilseoidh *An Fear nach nDéanann Gáire agus cosnóidh sé €12. Is féidir an leabhar a réamhordú ach cuairt a thabhairt ar shuíomh an chomhlachta ag www.cic.ie
*Is as Gaillimh Micheál Ó Conghaile agus is scríbhneoir agus foilsitheoir é. Is é bunaitheoir agus stiúrthóir an chomhlachta Cló Iar-Chonnachta atá lonnaithe in Indreabhán, Conamara. Bhuaigh sé Duais Stewart Parker le déanaí as a chuid scríbhneoireachta. *
Gluais Glossary
smeadráiltesmeared
ag gobadh amachsticking out
ag screadachscreaming
ina thranglamtangled up
dingthewedged