Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: garraíodóireacht.
Ní raibh deoir fearthainne ann le coicís anois agus dúirt Eibhlín léi féin go raibh an t-am dearg aici dul i gceann an gharraí. D’amharc sí amach ar an fhuinneog agus dar léi go raibh an garraí ina lustan uilig.
“Sin é,” ar sise. “Níl a dhath fána choinne ach seanchifleog agus péire bróg trom.”
Chaith sí uirthi agus amach léi. Bheir sí ar ghrafóg agus thug sí iarraidh ar an chuid den gharraí ba dheise don fhuinneog. Chonaic Eibhlín ar ruball a súile go raibh a hathair ina sheasamh ag fuinneog na cisteanadh. Thiocfadh léi a chluinstin anois. “Tá sí amuigh ansin anois agus dheamhan mórán a bheas ar a shon aici mura gcuireann sí a gualainn leis.”
Chaith sí uaithi an ghrafóg agus bheir ar sheanscian a bhí aici leis an lustan a ghlanadh. D’aithin sí ar an chéad iarraidh go raibh an gob cineál maol aici agus bhí uirthi a dhul ar thóir cloiche faobhair. Chuimil sí aníos agus síos dhá thaobh na lainne cúpla uair agus chuir sí a méar léi go bhfeicfeadh sí an raibh sí géar go leor, agus bhí. Bhí dúil aici sa tseanscian nó is cuma cén ghiuirléid úr a tharraing sí uirthi, phill sí i gcónaí uirthi. Ní raibh a bua le fáil nuair a bhí tú ag iomarscáil le gas searbháin nó cuilceach ar bith eile a raibh a shíol curtha aige san áit nach raibh iarraidh air.
Chuaigh sí síos ar a dhá ghlúin agus thug sí fúthu. Ní raibh sé chomh holc nuair amháin a bhí tú ina bhun agus bhí lá deas ann. Bhí snag beag sa ghaoth anois agus nuair a thabharfadh an ghrian coirnéal an tí bheadh teas ann fosta. Choinnigh sí uirthi ag baint lustain agus ag gearradh siar fás ar bith ar bheir an siocán air. Bhí an siocán mall trom ar fhás bog úr ar bith. Chaith sí deireadh dá raibh bainte agus gearrtha isteach sa bhuicéad a bhí lena taobh.
Nuair a bhí sí ag gabháil de sin ar feadh ceathrú uaire nó mar sin, shín sí a droim agus shuigh siar ar a gogaidí. Sin nuair a chonaic sí an spideog ina suí ar chois na grafóige a bhí sáite sa talamh. Bhí an spideog i gcónaí cineál dána agus ní raibh cuma uirthi gur bhain comhluadar an duine biongadh ar bith aisti. Ní raibh a fhios aici riamh an seo t-éan céanna a leanfadh thart ar an gharraí í bliain i ndiaidh bliana nó nach b’í. Cibé, bheadh sí ina comhluadar aici i rith an lae, í ag dúil le lón cuiteog nó péist cháil a fháil.
Ach bhí comórtas aici inniu sa lon dubh. Ba deas an ceann fireann a fheiceáil ar cuairt nó bhí bua amháin aigesean ar an cheann baineann agus ba sin a ghob. Nuair a sheas sé ar bhalla agus a dhroim leis an ghrian, las a ghob mar a bheadh bladhaire tine ann. Bhí sé ag tiontú a chinn soir agus siar mar a bheadh sé ag meas cén aird a raibh an ghaoth ann.
“Ó, nach gcuirfeadh an garraí ola ar do chroí,” ar sí agus í ag éisteacht leis na héanacha i mbun ceoil mar a bheadh siad ag dul ar rann ar rann dá chéile. Leis sin, chuala sí sceamhlach cait agus chonaic sí cat rua na gcomharsan agus é ar tí a ghnaithe a dhéanamh faoi scáth na gcrann.
“Teith! Teith!” arsa Eibhlín nó ní raibh a dhath a dhéanfadh brachán den lá ach boladh mún cait. Agus rúid curtha ar an chat, chrom Eibhlín chun oibre arís. Fá cheann leathuaire, chuaigh a hathair suas an garraí go raibh sé fá fhad scairte di agus dúirt, “Gabh anuas anois, má tá greim bí de dhíth ort. Tá toirtín déanta ag do mháthair atá sí i ndiaidh a bhaint as an oigheann.”
Ní raibh an dara focal le rá ag athair Eibhlíne nó ní raibh a dhath ab fhearr léi ná arán te agus im fuar ag leá air. Chaith sí uaithi an scian agus d’éirigh sí ina seasamh agus aníos an garraí léi.
“A Dhaidí,” a scairt sí agus í ag déanamh ar an teach, “ná hith uilig é sula bhfaighidh mé a fhad leis.”
Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.
Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)