AR NA SAOLTA SEO
Trácht go fóill ar Noonan i Learpholl
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá sé beagnach céad bliain ó cailleadh an scríbhneoir Éireannach Robert Noonan i Learpholl ach tá trácht go fóill air sa chathair sin, mar a mhíníonn Tony Birtill.

Íomhá
An leacht cuimhneacháin do Noonan
Grianghraf: Tony Birtill
Íomhá
Comhartha ag tosach an eastáit nua tithíochta atá ainmnithe in ómós do Robert Noonan. Tá ballaí Phríosún Walton le feiceáil sa chúlra
Grianghraf: Tony Birtill

Tá eastát nua tithíochta i Walton, Learpholl ainmnithe in ómós don scríbhneoir Éireannach Robert Noonan.

Ar an taobh eile de Phríosún Walton ó mo theach féin atá Noonan Close, in aice leis an reilig ina bhfuil údar *The Ragged Trousered Philanthropists *curtha in uaigh na mbochtán.

B’as Baile Átha Cliath dó Noonan ach fuair sé bas i Learpholl i 1911. Fuair a iníon Kathleen foilsitheoir don leabhar i 1914 agus mar a deir an scríbhneoir Alan Sillitoe i réamhrá eagrán na bliana 1963: “Among other things it is the book that won the 1945 election for Labour”.

Bhí Sillitoe ina bhall den RAF agus chuaigh The Ragged Trousered Philanthropists ó lámh go lámh i measc na bhfear seirbhíse. Molann an t-úrscéal an sóisialachas agus deirtear gur chruthaigh sé níos mó sóisialaithe sa Bhreatain agus in Éirinn ná saothair uilig Marx agus Engels. Ar scor ar bith, bhí an-tionchar ag an leabhar ar chúrsaí sa “khaki election” ag deireadh an dara Cogadh Domhanda.

Rugadh Robert Philip Noonan ar an 18 Aibreán 1870 ag 37 Bóthar Loch Garman, Baile Átha Cliath. Ba é an Giúistís Sir Samuel Croker, iarchigire san RIC, a athair agus bhí a mháthair, Mary Ann Noonan, ina giolla i dteach Croker.

Chuaigh Robert Noonan go Learpholl nuair a bhí sé sé bliana déag d’aois, áit a bhfuair sé bád go dtí An Afraic Theas. Phós sé Elizabeth Hartel ansin in 1891 agus rugadh a n-iníon Kathleen an bhliain ina dhiaidh sin. Fuair Elizabeth bás le fiabhras breac in 1895. D’oibrigh Noonan mar mhaisitheoir agus mar scríbhneoir fógraí agus bhí sé ina bhall den Transvaal ‘98 Centenary Committee - poblachtánaigh a bhí in aghaidh riail na Breataine San Afraic Theas. Ina measc bhí Major John McBride, ceannaire de chuid Éirí Amach na Cásca 1916.

Phill Noonan agus Kathleen go Sasana i 1901 agus chuaigh sé go Hastings i Sussex, áit a raibh a dheirfiúr ina cónaí. Chláraigh sé le ceardchumann ansin, The Painters Society, agus d’fhreastail sé ar chruinnithe de chuid na heagraíochta Marxaí, an SDF. Scríobh sé a leabhar idir 1905 agus 1908 agus thug sé “Mugsborough” ar Hastings agus “The Ragged Trousered Philanthropists” ar na hoibrithe Tóraíocha de bharr iad a bheith sásta obair chrua a dhéanamh ar phá íseal.

Bhí rún aige dul go Ceanada le Kathleen agus phill sé go Learpholl chun an táille a shaothrú. D’fhan Kathleen lena dheirfiúr. Theip ar shláinte Noonan le linn dhrochgheimhreadh na bliana 1910 agus fuair sé bás sa Liverpool Royal Infirmary. De bharr gur othar bocht a bhí ann, cuireadh é i reilig na mbochtán le dhá bhochtán déag eile agus gan leacht ar bith air. Agus sin mar a bhí sé go dtí 1968, nuair d’aimsigh an t-údar Fred Ball ó Hastings, a scríobh beathaisnéis Noonan, an uaigh arís.

Bhí suim mhór ag muintir na háite sa scéal, go mór mór na hÉireannaigh agus na sóisialaithe, agus bhí mé féin ar an pharáid a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun leacht cuimhneacháin a nochtadh. Thug ceannaire an Transport and General Workers Union, Jack Jones, an óráid agus bhain sé úsáid as cuid focal Wolfe Tone: “If the men of property will not, then we must depend upon that numerous and respectable class, the men of no property.” Agus ón lá sin bíonn cuairteoirí ó gach cearn den domhan ag tarraingt ar an reilig chun bláthanna a fhágail ar an leacht, rud a léiríonn tionchar an Éireannaigh seo. Ár ndóigh, nuair a chuala muintir na háite faoin eastát nua tithíochta, d’iarr an cumann áitiúil staire ar an tógálaí Noonan Close a thabhairt ar an áit.

Comhtharlúint

Thug mé faoi deara comhtharlúint nuair a bhí mé ag léamh Borstal Boy le Brendan Behan 30 bliain ó shin. Óglach sé bliana déag d’aois ab ea Behan nuair a gabhadh é i Learpholl i 1939 agus buama ina sheilbh aige. Sa chéad leath den *Borstal Boy *cuireann sé síos ar an am a chaith sé i bPríosún Walton, áit nár thaitin leis ar chor ar bith. Deir sé faoina chillín, mar shampla: “I could walk five paces from the door to under the window, which was too high in the wall, even if there was anything better than Liverpool to be seen or heard over the wall.”

Ach ar leathanach eile molann sé The Ragged Trousered Philanthropists; “the painters’ bible” a thugann sé air, mar go raibh sé féin ina mhaisitheoir agus a athair fosta. Ní raibh a fhios aige go raibh údar an leabhair curtha cúpla slat ó bhalla an phríosúin ina raibh sé.

Chaith sé dhá mhí i Walton ar an YP (young prisoner) Wing mar Brendan Behan, 3501, HM Prison, Liverpool, rud a bhí deacair do stócach Éireannach. Go minic cuireann sé síos ar a smaointe féin agus é ina aonar sa chillín, mar shampla: “Lying in bed, I could hear the trams far away in the distance.”

Bhí iarnród idir mo theach féin agus ballaí Phríosún Walton agus ba ghnách liom éisteacht leis na traenacha earraí ar a mbealach go dtí na dugaí agus mé féin i mo luí ansin mar stócach. Blianta ina dhiaidh sin, ní raibh iontas ar bith orm dán de chuid Behan a léamh dar teideal “Uaigneas":

Blas sméara dubha Tar éis báistí Ar bharr an tsléibhe.

I dtost an phríosúin Feadaíl fhuar na traenach. Cogar gháire beirt leannán Don aonarán.

Gearradh trí bliana “borstal” ar Behan sa chúirt i Learpholl agus bhí sé breá sásta Príosún Walton a fhágáil: “Being in the train was smashing, but the best was the last look at the gates of Walton opening, and a last look at its huge, dirty red walls in the morning fog when we sped down the road towards Lime Street”.

File Éireannach eile nach raibh sásta leis na “huge, dirty red walls” ná Cathal Ó Searcaigh. D’fhan sé liom nuair a bhí sé ag léamh a chuid filíochta ag féile i Learpholl i 1994. D’inis mé an scéal faoi Brendan Behan dó agus muid ag amharc amach fuinneog mo thí. “Gránna,” a dúirt sé faoin radharc - Príosún Walton, an seaniarnród, na dugaí sa cúlra.

Shínigh sé cóip dá leabhar filíochta *An Bealach ‘na Bhaile *dom agus scríobh sé ar an chlúdach: “I ndiaidh a bheith ag amharc amach ó bharr an tí sílim go mbeidh mé níos sona i mo ‘chró beag féin’ ag bun na hEaragaile.”

Is léir nach mbíonn na filí Éireannacha ar a sástacht i Walton!

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.