THALL IS ABHUS/LAETHANTA SAOIRE
Lá Fhéile Pádraig i measc na Meicsiceach
Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann Úna Nic Gabhann

Chaith Úna Nic Gabhann Lá Fhéile Pádraig i mbliana i mbaile i Meicsiceo ina ndéantar an fhéile sin a cheiliúradh agus bhí an ócáid ní ba bhríomhaire ná ceann ar bith a bheadh ar siúl in Éirinn, dar léi.

Íomhá
Mangaire i mbun oibre ar an trá, Barra de Navidad
Íomhá
Naomh Pádraig i measc na gcraobhacha pailme, Melaque/San Patricio
Íomhá
Tine ealaíne á lasadh le linn fhéasta Lá Fhéile Pádraig
Íomhá
Páistí ag glacadh páirte in imeachtaí na féile, Melaque/San Patricio

Is iad na fuaimeanna sa bhaile beag seo is mó a chuireann i gcuimhne duit gur i dtír choimhthíoch atá tú, gur i mór-roinn choimhthíoch atá tú. Ní hiad na gnáthfhuaimeanna a chloisfeá i mbaile cois farraige áit ar bith ar an domhan atá i gceist agam, macasamhail na mbád iascaireachta agus na bhfaoileán ag faoileáil thart ar na hiascairí, nó na peileacáin ag tumadh sna tonnta ar thóir bidh. Anuas ar an ghleo agus ar an ghlór seo tá gliogarnach mhangairí an bhaile le cluinstin de shíor.

Bíonn fear an uachtair reoite ag scairteadh in ard a chinn, nieves, nieves, agus fiú nuair a cheannaíonn tú uachtar reoite uaidh leanann sé ar aghaidh ag béicíl leis. Agus fear an gháis a thiomnann thart i gcónaí agus fonn ar nós fhonn na Simpsons, a chríochnaíonn leis na focail el gas, á sheinm go hard aige ó challaire. Bomaite eile, tá trup cósúil le hainmhithe fiáine ag dul ar mire thart fá dtaobh díot agus nuair a amharcann tú thart tugann tú faoi deara gur fear ag díol uisce atá ann. I ndiaidh cúpla lá san áit, áfach, tá na fuaimeanna áirithe seo mar chuid den fho-chomhfhios agus ní bhacann tú leo a thuilleadh. Tá callán na mangairí chomh nádúrtha céanna le torann na farraige.

Is é an baile ar a bhfuil mé ag trácht ná Barra de Navidad atá sa chontae Jalisco, agus atá ar chósta thiar Mheicsiceo, ar an Aigeán Chiúin. Ciallaíonn an t-ainm “oitir ghainimh na Nollag” mar gur ar Lá Nollag na bliana 1540 a tháinig na Spáinnigh i dtír ar dtús.

tionchar na hEaglaise Caitlicí le mothú agus le feiceáil go mór sa bhaile. I dteach an phobail tá dealbh d’Íosa Críost, a chuid lámh lena thaobh. Le linn Spéirling Lilly i 1971 thit a chuid lámh anuas ón chrois agus tá siad mar sin go fóill. Creidtear sa bhaile gur idirghabháil dhiaga a shábháil Barra de Navidad sa deireadh.

Naomh Pádraig

Tá baile beag (dhá bhaile le chéile atá iontu i ndáiríre) díreach in aice le Barra de Navidad darb ainm Melaque/San Patricio. Baineadh siar asam nuair a shiúil mé isteach i dteach an phobail ansin mar cé a bhí os mo chomhair amach ach Naomh Pádraig féin, é cósúil go maith leis an Naomh Pádraig a chífeá in Éirinn, ach a chraiceann daite ag an ghrian agus cúpla crann pailme sa chúlra.

Chuaigh mé chun cainte le seanchaí na háite agus d’inis sé an seanchas dom a bhaineann leis an naomh sa cheantar. Is é an scéal atá ann ná gur caitheadh Naomh Pádraig isteach san fharraige amach ó chósta na hÉireann i ndiaidh dó bás a fháil agus gur tháinig an corp ar snámh go dtí an taobh sin tíre. Cibé an seanchas a bhaineann leis an duine uasal bíonn féasta, a mhaireann seachtain iomlán, sa cheantar thart ar an 17 Márta. Bhí an t-ádh ormsa a bheith ann i mbliana agus craic na cóisire a bhlaiseadh.

Caithfidh sé nach mbíonn mórán féastaí sa domhan ar an 17 Márta nach mbíonn baint acu le hÉirinn. Ach, i Melaque/San Patricio, nuair a bhí an féasta faoi lán seoil ní fhaca mé bratach amháin Éireannach ná ní fhaca mé mórán den dath glas ach oiread. Ní raibh agamsa ach mo shreamróg bheag shuarach agus caithfidh mé a rá gur mhór an faoiseamh domh é. Ní hionann sin ar fad, áfach, is a rá nach raibh féile ar dóigh sa cheantar.

Bhí locadh bó ar siúl achan tráthnóna ar feadh seachtaine agus bhí ceol beo sa chearnóg achan oíche den tseachtain fosta. Ní raibh mise ach ag an oíche mhór, áfach, oíche Lá Fhéile Pádraig féin, agus ní dhéanfaidh mé dearmad den oíche go deo. Bhí an baile plódaithe le muintir na háite agus cúpla turasóir ag féachaint ar a raibh ag tarlú go himeallach agus go heaglach, mise san áireamh!

B’iontach an t-atmaisféar a bhí ann, áfach. Bhí achan chineál bidh agus dí Meicsiceach ar díol thart ar chearnóg an bhaile, agus bhí ceoltóirí traidisiúnta an chontae, na Mariachis, ag siúl thart ar an chearnóg, ag seinm dóibh siúd a bhí ag damhsa ina lár. Dála achan fhéile Mheicsiceach bíonn deis ag stócaigh agus girseachaí na háite a bheith ar seó. Agus, “ar seó” atá i gceist agam. Siúlann na mná ar deiseal agus na fir ar tuathal, timpeall na cearnóige, agus iad ag déanamh géarstaidéir ar a chéile go dtí go n-aimsíonn siad an duine a bhfuil dúil acu ann. Cuireann an boladh cumhra agus Eau de Cologne leis an teannas suirí, ar ndóigh.

Leanann sé seo ar aghaidh ar feadh cúpla uair an chloig go dtí go dtagann buaic na hoíche, el torito *agus *el castillo, an tarbh beag agus an daingean, go liteartha. Is éard atá iontu ná tinte ealaíne, ach ní bhíonn siad seo dírithe ar an spéir mar a bheadh siad againne ach dírithe ar an slua! Ritheann fear i measc an tslua agus tarbh déanta as páipéar agus adhmad ar a cheann atá lán de fire crackers, el torito, agus pléascann bladhmanna tine thart ar an lucht féachana. Is mór an méid scairtí agus béicíola a bhíonn le cluinstin mar go mbíonn achan duine ag iarraidh na *fire crackers *a sheachaint.

Ina dhiaidh sin ar fad, tagann el castillo, atá ar nós crainn a bhfuil tine ealaíne ar achan chraobh de agus atá ar tí pléascadh. Agus pléascann achan *fire cracker *arís i measc na ndaoine. Má bhíonn turasóirí ar bith fágtha faoin am seo, bíonn siad ar crith le sceon.

Bíonn na hÉireannaigh de shíor ag maíomh gurb iad an dream is fearr óil agus ceoil ach deárfainn féin go mbeadh na Meicsicigh in ann muidinne a shárú lá ar bith. Bhí na *Mariachis *ag seinm leo agus scaifte ag damhsa sa chearnóg go fóill an mhaidin dár gcionn, an 18 Márta!

Is as Leitir Ceanainn i nDún na nGall í Úna Nic Gabhann. Tar éis di céim MA sa Nua-Ghaeilge a chríochnú anuraidh, chaith sí tréimhse ina cónaí i Meicsiceo. Tá sí ag múineadh Gaeilge sa University of Wisconsin, Milwaukee faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.