CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
An bhfuil aon todhchaí ann d’Fhéile Bhealtaine?
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Cúpla bliain ó shin rinneadh athstruchtúrú ar fhéile an Oireachtais. Socraíodh go leanfaí ar aghaidh leis an bhféile a bhíonn ar siúl i mí na Samhna agus go mbunófaí féile nua darb ainm Féile Bhealtaine ina teannta. Ach ar éirigh leis an bplean seo? Chuaigh Antaine Ó Faracháin chun cainte le Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir na féile, ina oifig ar Shráid Fhearchair le fáil amach.

Íomhá
Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: Cathain a tháinig an smaoineamh chun cinn an chéad uair an tOireachtas a roinnt ina dhá leath agus féile a chur ar siúl i mí na Bealtaine?

Liam Ó Maolaodha: Ag cruinniú lae ar an 29 Márta 1998. Tá sí ar siúl ó shin i leith. Tarlaíonn sí i mí na Bealtaine, cé go bhfuil muid tar éis na dátaí a athrú beagán ó bhliain go bliain, ag iarraidh ócáidí eile a sheachaint. Bhí sí againn bliain amháin ar an deireadh seachtaine fada. Ansin chuaigh muid go dtí an deireadh seachtaine ina dhiaidh sin agus bhí muid fós ag teacht salach ar Fhleadh Bhaile Átha Cliath Chomhaltas Ceoltóirí Éireann. Tá muid gaibhte siar i mbliana go dtí lár na míosa (15 - 16 Bealtaine). Ach mar chuid den phlean, agus déarfaidh mé seo go neamhbhalbh agus go macánta, bhí i gceist agus thuig mé agus chreid mé go mbeadh, faoin am seo, breis airgid agus dá bhrí sin breis foirne leis an struchtúr nua seo a riaradh. Ní féidir leis an struchtúr atá ann faoi láthair, agus an leibhéal airgeadais agus foirne, é seo a riaradh.

AÓF: Cé mhéad duine atá ag obair in oifig an Oireachtais?

LÓM: Beirt! Beirt go lánaimseartha!

AÓF: Cén chaoi a bhfuil ag éirí libh mar sin?

LÓM: Níl éirithe linn, ar aon scála mór, na hiomaitheoirí a mhealladh chuig Féile Bhealtaine. I mbliana chreid mé i mo chroí istigh go n-éireodh níos fearr linn mar gur imíomar ón deireadh seachtaine céanna le Fleadh Bhaile Átha Cliath. Ach níl sé sin le feiceáil sna hiarratais. Cibé cén fáth atá leis - an tráth den bhliain, róghar anois go Fleadh Bhaile Átha Cliath, róghar do scrúduithe scoile, róghar do laethanta saoire an tsamhraidh, níl a fhios agam. Ach cibé cén fáth nó údar atá leis, níl na figiúirí againn.

AÓF: Tá tú ag caint an chuid is mó ansin ar dhaoine óga ag cur isteach ar na comórtaisí ceoil, an bhfuil?

LÓM: Tá mé ag caint ar dhaoine óga ceart go leor, ach maidir leis na comórtaisí do dhaoine fásta, chuir muid airgead leo sin le cúpla bliain anuas. Tá duais €600 ag gabháil le chuile cheann acu! I gcás na píbe uilleann tá turas freisin chuig Féile Lorient! Ach i gcás chomórtas an veidhlín i mbliana níl ach trí iarratas ann! Níl ach trí iarratas ann do chomórtas na cláirsí! Tá an phíob uilleann agus ceol beirte thar barr agus beidh an-tráthnóna ceoil ann!

Tá an caighdeán ann ceart go leor, ach níl an líon. Ceann de na deacrachtaí ná nach bhfuil an t-am agamsa ná ag an riarthóir a bheith amuigh ag déanamh earcaíochta! Agus níl na heagrais atá rannpháirteach i gcoiste an Oireachtais ag déanamh na hearcaíochta sin ar ár son. Má luaim, mar shampla, Comhaltas Ceoltóirí Éireann atá mar chuid lárnach de choiste seo againne, ní léir dhom ó na hiarratais go bhfuil ionchur ag an gComhaltas i gcomórtaisí an Oireachtais.

AÓF: Má chuireann muid an comórtas don veidhlín ag an Fhleadh i gcomparáid leis an gcomórtas seo …

LÓM: D’fhéadfá dul chuig aon fhleadh réigiúnach agus b’fhéidir go mbeadh 50 nó 60 duine ann!

AÓF: Mar sin, an cheist atá agatsa ná cá bhfuil an 50 duine sin, mar shampla, a bheadh ag cur isteach ar chomortáisí i mBaile Átha Cliath?

LÓM: Go díreach! Cén fáth nach bhfuil siad sin páirteach i gcomórtaisí an Oireachtais?

AÓF: An gceapann tú go bhfuil a fhios acu faoi?

LÓM: Bhuel, sheol muid amach os cionn 2,000 cóip de chlár na gcomórtas i mbliana. Dhírigh muid ar na scoileanna lán-Ghaeilge.. Leagamar isteach i lámha múinteoirí iad agus bhí roinnt torthaí le feiceáil ar an obair sin. Ach sin obair choise, agus am, agus eile. Chuaigh muid chuig Comhaltas ag súil go meallfadh siad siúd a gcuid scoláirí le cur isteach ar na comórtaisí ach tá sé soiléir nár chuir siad isteach orthu. An rud céanna leis na córacha. Tá muid i lár shéasúr na gcóracha ach is cosúil nach bhfuil aon spéis ann nó nach bhfuil go leor córacha ag canadh i nGaeilge.

Caitear an-chuid ama agus airgid ag eagrú agus ag réiteach dó seo agus an cheist a bheas le cur ag Coiste an Oireachtais air féin ag an gcruinniú tábhachtach seo i mí an Mheithimh ná: “An fiú é?” Tá cruinniú mór den Choiste Náisiúnta le bheith ann ar an 21 Meitheamh le hathbhreithniú a dhéanamh ar conas ar éirigh nó nár éirigh le Féile Bhealtaine sa leagan amach seo le ceithre nó cúig de bhlianta anuas. Agus caithfear na ceisteanna crua a chur. An cóir d’Oireachtas na Gaeilge a bheith ag eagrú comórtaisí do chóracha? Ceist lom, mhacánta. Anois, níl mise ag gabháil a thabhairt aon fhreagra duit air sin. Sin rud a bheidh le plé. An cóir dúinn a bheith ag plé le comórtaisí ceol uirlise nó an bhfuil an Comhaltas ag déileáil leis sin ar leibhéal i bhfad níos fearr agus foirfe ar aon chaoi? Agus an bhfuil muid ag caitheamh ama agus dua agus eile leis nuair nach bhfuil aon ghá?

AÓF: Céard faoi chraobhacha Chonradh na Gaeilge?

LÓM: Bhuel fógraítear go bhfuil breis agus 200 craobh ag Conradh na Gaeilge ar fud na tíre. Dá bhfaigheadh muid iarratas amháin ó chuile chraobh bheadh an-chomórtas againn! Dá mbeinnse i mbun Chonradh na Gaeilge i Loch Garman, mar shampla, nó in aon chontae eile sa tír, bheinnse ag iarraidh go mbeadh seaimpín áitiúil ag seasamh an fhóid ar son Loch Garman ag an Oireachtas. Ceapaim go bhfuil nádúr iontach ag baint leis sin. Ach ní shin mar atá. Ceapaimse gur easpa foirne cuid mhaith den fhadhb, áfach, mar dá mbeadh an timire agam le dul amach ansin le labhairt leis na daoine seo, ceapaim go ndíolfadh muid ár gcás. An plean a leag mise amach ag an tús ná go mbeadh ceathrar ag obair go lánaimseartha in oifig an Oireachtais faoin am seo.

AÓF: Cad iad na ciorruithe a cuireadh i bhfeidhm ar an mbuiséad atá agat?

LÓM: Bhí gearradh siar de 10% ann, ó €252,000 go €227,000, scun scan. Ba mhaith liom tabhairt faoi fheachtas urraíochta, mar shampla, ag lorg urraíocht cheart ach má théimse amach as an oifig seo titfidh mo chuid oibre-se ar an riarthóir, an t-aon duine eile atá san oifig. An urraíocht atá againn d’Fhéile Bhealtaine tá sí suarach, rud a fhágann gur orainn féin a thiteann na costaisí le haghaidh cuid mhaith de na comórtaisí. Mar sin, is fáinne fí é.

AÓF: Faoin am seo bhí tú ag súil go mbeadh ceathrar fostaithe …

LÓM: Bhí, ach ina ionad sin níl ach beirt ag obair go lánaimseartha, tá dhá oiread oibre ann mar go bhfuil dhá fhéile anois le n-eagrú agus tá gearradh siar de 10% sa bhuiséad! Tá muid i bhfad níos measa as.

Tá tuilleadh eolais le fáil faoi Fhéile Bhealtaine ó:

Oifig an Oireachtais, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2

Guthán: (01) 475-3857; eolas@antoireachtas.ie; www.antoireachtas.ie

Tá clár imeachtaí le fáil i nDialann Imeachtaí Beo! chomh maith.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.