155
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Má athraigh chuile shórt le teacht i réim Obama, ní raibh ann ach gal soip mar tá gluaiseacht nua an treo eile ar fud na tíre dar le Brian Ó Broin.
»»»Léirigh taighde a rinne Emer Ní Bhrádaigh le déanaí go bhfuil go leor de na fadhbanna céanna luaite sa tuarascáil a d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta i mbliana is a bhí sa cheann a d’fhoilsigh an chéad choimisiún go luath tar éis bhunú an tSaorstáit.
»»»Amhrán náisiúnta aon teangach Béarla atá ag an Astráil, ní hionann is ceann na Nua-Shéalainne a bhfuil leagan Maoraise de ar fáil chomh maith. Tá Bearnaí Ó Doiblin ar son athraithe.
»»»Casadh curadh domhanda luas-scátála, Éireannach, ar Tony Birtill anuraidh, ach is ar fhoireann na hÍsiltíre atá sí.
»»»Thug Seán Greif aghaidh ar Oileán an Diabhail agus ar na cillíní a bhfaca Henri Charrière Ifreann an tsaoil seo sular éalaigh sé faoi dheireadh le Papillion a scríobh agus an saol a chaitheamh mar ba rogha leis.
»»»Ar an 8 Meán Fómhair anuraidh, seoladh an comhlacht Stillwater Productions le linn comhdhála a bhí ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. B’ainm nua é ach bhí aithne fhorleathan cheana féin ar dhuine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Natasha Fennell, ó na blianta a bhí caite aici le Carr Communications, RTÉ agus Fianna Fáil. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol ag éirí aníos i gConamara, agus faoin obair atá ar siúl aici anois mar chomhairleoir saoil.
»»»Cé gur cuireadh tús leis an bpeil Astrálach i Melbourne, níl ag éirí go maith le foireann na cathrach sin le roinnt blianta anuas. Táthar ag súil, áfach, go dtiocfaidh feabhas ar an scéal sin, a deir Bearnaí Ó Doibhlin.
»»»Seo gearrscéal as an gcnuasasch An Fear nach nDéanann Gáire le Micheál Ó Conghaile, a fhoilseofar an mhí seo chugainn.
»»»Ós rud é gur i mí Lúnasa a fhaigheann na mílte scoláire a gcuid torthaí Ardteiste, thapaigh Breandán Delap an deis le marcanna a thabhairt do bhaill an Rialtais agus iad ag déanamh réidh dá mbliain dheireanach in oifig.
»»»Nuair a dúnmharaíodh buachaill óg, Rhys Jones, i Learpholl le gairid, cuireadh an locht láithreach ar thuismitheoirí agus ar dhronga. Ach tá an scéal níos casta ná sin, dar le Tony Birtill.
»»»Tá idir cháineadh agus mholadh déanta ar Éirinn san eagrán is deireanaí den treoirleabhar Lonely Planet. Tugann Breandán Delap scuaird timpeall ar na ceantair Ghaeltachta le blaiseadh a fháil dá bhfuil scríofa fúthu.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: an caidreamh idir mic agus máithreacha/timpistí bóthair.
»»»D’fhoghlaim Liz Curtis go leor faoin cheangal idir an Bhriotáin agus Éirinn le linn di cuairt a thabhairt ar an réigiún Francach.
»»»Bhí Catherine Foley i láthair sa Project Arts i mBÁC (ionas go mbeadh an BEO in ann trácht ar an mBás) nuair a léiríodh an dráma ‘Bás Tongue’ le Manchán Magan.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.