RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach . An mhí seo: an caidreamh idir mic agus máithreacha/timpistí bóthair.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Chuir Méabh a ceann thart ar dhoras na cisteanadh agus scairt síos an halla: “Éirigh amach as sin leat. do chuid amuigh ar an tábla le deich mbomaite anois.”

Rinne Ivan gnúsachtach agus thiontaigh sa leaba. raibh fonn éirí air. Chuaigh deich mbomaite eile isteach agus siúd arís í.

Ivan, gabh amach as an leaba sin leat! Go bhfóire Dia ort chaithim a dhul síos chugat,” arsa a mháthair agus bhuail an doras ar an ursain.

Féadaim éirí anois,” arsa Ivan leis féin, “ beidh an madadh marbh.”

Shín a dhá chois amach ar an urlár, tharraing air péire brístí agus amach leis go dtí an seomra folctha. Thiocfadh le hIvan monabhar comhrá a chluinstean ón chisteanach.

Grace,” ar seisean leis féin. “Cad é faoi Dhia an siúl atá uirthi fán am seo de mhaidin.”

Thiocfadh leis í a fheiceáil. Bheadh thuas ar thaobh na gréine den chisteanach agus a tóin leis an teasaire. thiocfaí a téamh, samhradh geimhreadh. raibh focal maith le ag Grace ariamh Ivan ach bheifeá dubh-thinn ag éisteacht léi ag maíomh as a peata féin, “Dónall s’againne.” Bhí chomh cúramach sin aici is gurbh iontas go bhfuair a chos a chur amach ar an doras.

Bhí Grace thuas sa chisteanach le ceathrú uaire anois. “Nach doiligh iad a bhogadh,” ar sise le Méabh. “Caithfidh a nach bhfuil Dónall s’againne go holc anois. Éisteann lena mháthair bhocht.”

Bhí ar bharr theanga Mhéabha a nach ligfeadh an eagla a dhath eile a dhéanamh. Leis sin tháinig Ivan isteach, tharraing chuige cathaoir agus shuigh isteach chuig an tábla. Bhí an ceart ag a mháthair - bhí a bhricfeasta millte. Bhí an t-arán rósta chomh crua le cloch agus bhí an tae ag déanamh coirt dhonnliath ar an chupa.

Níl faill agam seo a ithe anois,” ar seisean lena mháthair. “Beidh mall.”

D’éirigh agus rinne ar an doras. Lig Grace osna ard. Bhí Méabh le ceangal. Dheamhan ar mhiste le hIvan - bhí a thearmann féin aige anois agus ba sin an carr. Shuigh isteach ar chúl an rotha, cheartaigh scáthán an tiománaí agus chuir air a chrios. Nuair a bhí ag tabhairt thart ceann chabhsa an d’amharc sa scáthán agus chonaic a mháthair ina seasamh ag tóin an agus a bhocsa lóin ina lámh aici.

Órú, scrios fia, níl ag dul a thiontú anois ar mhaithe leis sin. Beidh le ceangal,” ar seisean os ard, “ach ina dhiaidh sin is eile gheobhaidh thairis.”

Bhí an trácht trom go leor ar maidin agus ba chinnte go mbeadh deich mbomaite ceathrú uaire mall. Ar an drochuair, chaithfeadh an t-am a dhéanamh suas tráthnóna agus ba mhór an trua sin agus an aimsir chomh maith agus a bhí.

Thiomáin leis mar ba ghnách ach go raibh carr gorm ina shuí ar a ruball agus cuma air go raibh choinne a dhul roimhe seans ar bith a gheobhadh . Bhí an chuid seo den bhealach iontach cúng agus bheadh obair aige sin a dhéanamh am ar bith gan mhoill. Ach sin ráite thug an carr gorm rúid chun tosaigh agus ann ach gurbh éigean d’Ivan an bealach a fhágáil lena ligean thart. Bhí Ivan tógtha glan agus bhuail a dhorn ar an adharc agus choinnigh ansin é. dhearn tiománaí an chairr ghoirm ach a lámh a sháitheadh amach ar an fhuinneog agus an mhéar a thabhairt d’Ivan. Bhí Ivan ar steallaí ar mire anois agus a ábhar sin aige.

Thiomáin leis cúpla míle eile agus raibh an fhearg ach ag síothlú aige nuair a chonaic solas an otharchairr. Bhí an carr gorm a chuaigh thart leis cúpla míle siar i ndiaidh stócach ar ghluaisrothar a leagan. Bhí seisean ina luí ar an bhealach agus bhí freastalaithe an otharchairr ag agairt air gan bogadh ar bith a dhéanamh. Chuir siad coiléar fán mhuinéal air agus gléas eile a choinnigh an droim díreach aige. Ar chuntas a trí thóg siad isteach san otharcharr é.

Thosaigh garda amháin ag tomhas an fad idir an carr agus an gluaisrothar agus scríobh an fear eile síos a raibh le aige. A fhaid agus a bhí seo uilig ag dul ar aghaidh bhí fear an ghluaisteáin ghoirm ina sheasamh ar bhruach an bhealaigh mhóir agus a cheann crom aige. Is beag aird a bhí aige ar an luas anois. Chuaigh garda anonn chuige agus tharraing amach leabhar nótaí.

Anois a mhic,” ar seisean, “tchíonn toradh do chuid rásaíochta. Inis domh go díreach cad é a tharla anseo.”

D’inis an fear eile an scéal mar a chonacthas dósan é agus raibh cuma ar an gharda go raibh ag teacht lena chuntas ar dhóigh amháin an dóigh eile.

Tchím,” arsa an garda agus threoraigh an fear anonn chuig carr na ngardaí, áit ar tugadh air suí isteach sa chúl. Chuaigh na gardaí thart ar na tiománaithe eile a chonaic an eachtra agus ghlac siad cúpla nóta. Ghearr an garda stríoc faoin chuntas deireanach agus dhruid an leabhar nótaí.

Sin anois agat é,” ar seisean agus chroch a cheann. “Is é an luas beagnach bun gach tubaiste ar na bóithre.”

Róise Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.