THALL IS ABHUS
Féileacán na Fraince
Seán Greif Seán Greif Seán Greif

Thug Seán Greif aghaidh ar Oileán an Diabhail agus ar na cillíní a bhfaca Henri Charrière Ifreann an tsaoil seo sular éalaigh sé faoi dheireadh le Papillion a scríobh agus an saol a chaitheamh mar ba rogha leis.

Íomhá
Neamh in ifreann
Íomhá
Papillon, a ainm greanta
Íomhá
Saol na glaise ag glacadh seilbhe
Íomhá
Cillín, gona dhíon barraí
Íomhá
La Réclusion inniu
Íomhá
Doras gruama

An chinniúnt, is dócha: féach an féileacán úd thall atá ar foluain os cionn mo choinnle. Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?” — Pádraic Ó Conaire

Tá cáil bainte amach ag Henri Charrière ar fud an domhain de bharr an leabhair, Papillion, a scríobh sé faoi gach rud a tharla dó agus é i ngéibheann i gcarcair i nGuáin na Fraince. Thug mé aghaidh ar an áit agus an leabhar i mo ghleic agam, chun an tír a fheiceáil trína shúile.

Chaith Henri ceithre bliana déag ag déanamh iarracht éalú as an áit, ach fiú taobh amuigh den charcair bhí an áit garbh, fiáin agus, ar ndóigh, contúirteach. Dúradh leis na cimí ar a gcéad imeacht den bhád gurbh iad an fharraige agus an dufair na ballaí is airde faoin gcarcair. Agus ba iad na siorcanna, cadhmain agus beithí nimhiúla allta de gach saghas a bhí mar lucht coimeádta ar an duine. Ghlaoigh na cimí “an Guillotine tirim” ar an nGuáin, toisc gur gheall le breith an bháis a bheith daortha do théarma ann. Agus bhí an ceart acu, le 60,000 díobh seolta chun na háite, níor tháinig ach 2,000 ar ais go talamh na Fraince. Maraíodh an chuid eile le galar maláire, easpa bia nó as bheith ag troid lena chéile, de ghnáth taobh istigh den chéad bhliain.

Faoi Ghlas ag Jean

Cosúil le Henri, an chéad chéim a thóg mé ar thalamh na tíre, i Saint Laurent du Maroni a bhí sé. Baile beag ar bhruach abhainn na Maroni, a dhéanann teorainn le Surinam. Tá an abhainn leathan agus donn dorcha, agus líonann an dufair na bruacha. Thug mé aghaidh ar an gcarcair i St Laurent, áit ar chaith Henri oícheanta ag codladh ar leic stroighne a roinn sé le 50 fear eile. Chaith siad na laethanta amuigh sa dufair, ag gearradh crann nó ag obair ar na bóithre. Bhí an áit faoi ghlas romham ach as a bheith ag ceistiú mhuintir na háite, tháinig mé ar uimhir Jean, treoraí a mbíonn eochair na háite aige. Fear criól, lán de chaint gan focal béarla aige ach bhí a fhuinneamh agus a thuiscint ar an áit le brath láithreach.

Cuireadh i gcillín beag gaibhnithe aonair mé. Luigh mé síos ar an leic fhuar, le triantán adhmaid mar cheannadhairt agam. D’fháisc Jean mo leathchos i slabhra, agus cé go raibh fhios agam gur cur i gcéill a bhí i gceist, mhothaigh mé faitíos agus éadochas ag éirí ionam. Cheanglaíodh na gardaí an athchos leis an slabhra ó thráth go chéile, mar nuaíocht, ionas nach mbeadh an cime, d’easpa an chleachtaidh, in ann codladh go sócúlach. Thaispeáin sé an chúirt dom ina dhiaidh sin agus an áit a raibh an guillotine. Maraíodh cimí go mion is go minic san áit, agus bhíodh iachall ar na cimí eile breathnú air. D’ardaítí an cloigeann i ndiaidh a bhainte ag rá “Justice est faite”. Sheoltaí na cloigne, ar maos in alcól, ar ais chun na Fraince mar chruthú ar an márú.

Ó Mhaoil go Mullach

Ach níor fhan Papillon ach 42 lá i Saint Laurent. D’éirigh leis éalú go dtí an Cholóim, 3000 ciliméadar ón nGuáin ach tar éis seal ina chónaí le treibh ann, rugadh air agus seoladh ar ais go Saint Laurent é. Seoladh go dtí na hoileáin anois é, 11 ciliméadar amach ón gcósta, áit gan éalú. Iles du Salut ainm na n-oileán, toisc go raibh raibh siad mar thearmann do na misinéirí ón mhaláire ar tír mór, ach a mhalairt a bhí i gceist nuair a shroich Papillon an áit. Cuireadh faoi choimeád aonair é ar Ile Saint-Joseph agus lean mé féin a lorg go dtí an t-oileán sin. Dúnadh an charcair 60 bliain ó shin, ach tá an t-éadóchas fós le brath ar an ngaoth ann. Oileán beag atá i gceist, agus tar éis mo phuball a chrochadh is a shocrú, thug mé aghaidh ar na fothracha. Níl cead cuairt a thabhairt orthu, ach ar an oileán uaigneach seo, ba ar éigean a bheadh a fhios ag éinne.

Shiúil mé suas an cúlbhealach grin isteach sa dufair. Bhí an bealach caol agus mhothaigh mé na crainn níos congaraí le gach céim. Bhí ciúnas marfach ann, rud atá aisteach don dufair agus ní raibh torann na dtonnta le clos a thuilleadh agam anois. Bhí gach rud fliuch agus bhí orm súil a choimeád ar an talamh, ach bhí mé ag iarraidh a bheith ag breathnú timpeall orm chomh maith, toisc gur mhothaigh mé súile ag breathnú orm. Bhí eagla orm anois, ach lean mé ar aghaidh. Bhí mé ag siúl le púcaí. Shroich mé an charcair agus le mo chroí i mo bhéal, isteach liom. Bhíog mé nuair a sciurd éan amach tharam ag screadaíl. Bhí an dufair ag smachtú na háite ar ais, le crainnte agus lusanna ag dreapadh na mballaí, ag spré amach ar an urlár agus ag casadh ar an iarann meirgithe.

Shiúil mé isteach i gcillín amháin, trí líon damhan alla nach raibh feicthe agam. Iontach beag, gan de dhídean in airde os a chionn ach na barraí. Bhí na barraí ann ionas go mbeadh na gardaí os cionn na gcillíní in ann gach rud a fheiceáil agus chabhraigh sé chun na cimí a bhriseadh. Labhraíonn Papillon faoin mbáisteach ag teacht isteach agus faoina bheith ag ithe na bhfeithidí a thiteadh isteach. Ní raibh cead cainte ná cead an cillín a fhágáil, agus tháinig na gardaí uair amháin sa lá chun anraith a thabhairt dóibh agus na coirp a iompar amach. Chaith Papillon beagnach 4 bhliain san fhoirgneamh seo, ina aonar i gcillín, gan chaint.

Ar ais ag mo champa, ag luí ar m’amóg, breathnaím trí leathshúil ar an gcrann aonarach sin thall. Smaoiním siar go Papillon. Dúirt sé go lá a bháis nach raibh sé ciontach agus ón áit ina bhfuilim, is féidir liom Ile du Diable a fheiceáil. Sa bhliain 1941 thug sé léim ón aill amach i bhfarraige, agus le mála lán de chnónna cócó chaith sé laethanta san fharraige, sular bhain sé an cósta amach agus d’éirigh leis éalú an bealach ar fad go Venezuela, áit ar phós sé agus áit ar mhair sé ina fhear saor. Fuair sé bás i Madrid i 1973.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is as BAC an t-údar. Bhain sé céim sa tráchtáil agus sa Ghaeilge amach agus chuaigh ag obair ar mhór-ranna dheisceart an domhain. Tá sé ag cur lena chuid Spáinnise sa Phatagóin faoi láthair.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.