Ós rud é gur i mí Lúnasa a fhaigheann na mílte scoláire a gcuid torthaí Ardteiste, thapaigh Breandán Delap an deis le marcanna a thabhairt do bhaill an Rialtais agus iad ag déanamh réidh dá mbliain dheireanach in oifig.
An Taoiseach, Bertie Ahern:
An chuma ar an scéal ar na mallaibh go bhfuil sé spíonta amach agus naoi mbliana caite mar Thaoiseach aige. I bhfad róchaomhnach i dtaca le hathruithe agus athnuachan a dhéanamh ar an Chomhaireacht. Láimhsigh sé ceannairc inmheánach a chúlbhinseoirí go paiteanta ach ba go tuathalach a dhéileáil sé le ceapachán na n-airí sóisearacha.
Beidh sé le rá faoin rialtas atá faoina stiúir go bhfuil siad róghar do mhianta bhoic mhóra an ghnó. Murab ionann is Cathal Ó hEochaidh, ní bheidh puinn den chonspóid phearsanta curtha i leith Bertie nuair a bheas a mharbhna á scríobh. Ach murab ionann is Ó hEochaidh, is beag fís a bheas luaite lena thréimhse fhada in oifig. Cuimhneofar, áfach, ar an obair mhór a rinne sé ar son na síochána ó thuaidh agus ar an bhorradh a tháinig faoin gheilleagar le linn a sheala mar Thaoiseach. Anuas air sin, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil níos mó geana ag an phobal air go fóill ná mar atá ar a chéilí comhraic san fhreasúra. Ní beag sin. C
An Tánaiste agus an tAire Sláinte, Mary Harney:
Calmacht léirithe aici lena cinneadh dul i mbun na Roinne Sláinte ach maireann na seandeacrachtaí céanna i dtaca le scuainí otharlainne agus easnaimh i seirbhísí máinliachta ar bhonn logánta. Dúshlán ceannaireachta curtha ó dhoras go sealadach aici ach tá cuma thuirseach agus seanchaite uirthi le deireanas. Maíonn a páirtí féin go bhfuil an caidreamh idir í féin agus a comhghleacaí Michael McDowell “dysfunctional”. C
Brian Cowen, an tAire Airgeadais:
Éirithe leis a chuid polasaithe airgeadais a chur i bhfeidhm gan mórán dua agus gan conspóid a tharraingt air féin. Stuama seachas réabhlóideach. Súil go leith aige ar phost an Taoisigh ach beidh air feabhas a chur ar a thréithe státaireachta agus ar a theacht i láthair cumarsáide. B
Noel Dempsey, an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha:
Neart smaointe ag an Aire Dempsey ach níl mórán curtha i gcrích aige. Thíolaic sé cúraimí mara an phoist ar a Aire Sóisearach, Pat the Cope Ó Gallchóir, rud a chothaigh neart deacrachtaí maidir le cur i bhfeidhm moltaí Choimisiún na mBradán. Mar a bheifeá ag súil, bhí drogall ar an Aire Stáit tabhairt faoi na hiascairí sruthlínte bradáin agus tuairiscítear go raibh fíor-dhroch-chaidreamh idir an bheirt fhear. Tá athshealbhú go pointe déanta ag an Aire Dempsey ar chúraimí na mara le déanaí. Beag déanta aige maidir le cúrsaí cumarsáide, agus TG4 fós ag fanacht le fógra i leith neamhspleáchais mar a bhí sonraithe i gClár an Rialtais. Chuir sé tús le conspóid le déanaí nuair a nocht sé an tuairim go gcothódh an choimhlint do cheannaireacht na PDs easpa buanseasmhachta sa rialtas. *D *
Dermot Ahern, An tAire Gnóthaí Eachtracha:
Ba ar ghlantóirí a thit sé a thaispeáint don Aire an rud a bhí ar eolas ag madraí an bhaile ach a bhí á shéanadh scun scan aigesan – is é sin go bhfuil mí-úsáid á baint ag fórsaí míleata SAM as Aerfort na Sionna. Ró-réidh a ghlac sé le míniú údaráis Stát Aontaithe Mheiriceá ar an cheist.
Rinne sé gnaithe measartha maith ina chuid iarrachtaí fadhbanna an Tuaiscirt a thabhairt go míntíreachas agus níor mhór é a mholadh as na réamhullmhúcháin a rinne sé chun na Forais Thuaidh/Theas a chur ar bun arís. Maítear go bhfuil caidreamh maith aige le Státrúnaí an Tuaiscirt, Peter Hain. C
John O’Donoghue, an tAire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta:
Ciste deas le dáileadh aige agus é fial flaithiúil le heagraíochtaí spóirt ina dháilcheantar féin. Lena cheart a thabhairt dó, tá an chuma ar an scéal go bhfuil bail níos fearr ar Amharclann na Mainistreach anois ná mar a bhí le blianta fada anuas. Bhí sé daingean ina sheasamh i leith na Staide Náisiúnta agus chuir sé olc ar údaráis Chumann Lúthchleas Gael (CLG) tríd an pháirc nua peile a theorannú do chuspóirí sacair amháin. Ghlac sé seasamh cróga in éadan pholasaithe agus stiúir Paschal Taggart i mBord na gCon. Léirigh sé scileanna maithe taidhleoireachta nuair a chuir sé brú ar CLG Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do chluichí eile ar bhonn sealadach. Éirithe níos gangaidí agus níos pearsanta ina cháineadh ar an fhreasúra le cúpla mí anuas. C
Micheál Martin, An tAire Fiontar, Tradála agus Fostaíochta:
Cuma ar an scéal go bhfuil a réalta ag sleamhnú nó go bhfuil a ghradam tite ón ardseasamh a bhí aige cúig bliana ó shin. Is dócha go raibh lúcháir air slán a fhágáil ag an Roinn Sláinte, áit a raibh sé sáite i go leor conspóidí. Níl go leor déanta aige ina phost úr le tionsclóirí nua fiontraíochta a mhealladh agus le hardchaighdeán fostaíochta a thabhairt go ceantair áirithe a bhfuil neamart déanta ag an Tíogar Ceilteach iontu. C
Séamus Brennan, An tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh:
Beag a thionchar anois ar chúrsaí rialtais. Imeallaithe cuid mhaith taobh istigh den Chomhaireacht. Thug sé na harduithe caighdeánacha bliantúla ar liúntais leasa shóisialaigh agus araile don phobal aimsir na Cáinaisnéise. Is ar éigean a thug sé na cosa leis nuair a bhí an Taoiseach ag déanamh atheagair ar an Chomhaireacht. D
Michael McDowell, An tAire Dlí is Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí:
An té is mó atá i mbéal an phobail, as na hairí rialtais ar fad. Ceannasaíocht mhaith léirithe aige trí fhórsa tacaíochta na nGardaí a chur chun cinn, ainneoin freasúra láidir ó thaobh istigh den fhórsa. Stuacach agus ceanndána, áfach, agus a bhreithiúnas lochtach i dtaca leis an láimhseáil a rinne sé ar an chonspóid faoi Chás A agus sa dóigh inar shantaigh sé ceannaireacht a pháirtí féin ag am míchuí. Cruthaitheach mar sin féin agus tá fís aige, cé nach n-aontódh gach duine leis an fhís chéanna. Ach d’fhág an ciapadh a rinne sé ar Frank Connolly agus ar a eagraíocht – The Centre for Public Inquiry – drochbhlas i mbéal go leor daoine. Bhain sé leas as pribhléid na Dála le líomhaintí tromchúiseacha neamhchruthaithe a chur os comhair an tsaoil agus sceith sé eolas rúnda ó chomhad na nGardaí chuig a chara Sam Smyth. Go deimhin, thug sé droim láimhe do phrionsabal seanbhunaithe sa tír seo – go mbíonn duine neamhchiontach go dtí go gcruthaítear a mhalairt. Drochtheist é sin ar Aire atá in ainm is a bheith ag cosaint chothrom na Féinne.
D
Martin Cullen, An tAire Iompair:
Rinne sé brachán bocht den aireacht dheireanach a bhí aige ach seans gur choinnigh an Taoiseach sa Chomhaireacht é lena léiriú nach ngéillfeadh sé don ghéarleanúint phearsanta a rinne cuid de na meáin chumarsáide air faoi Monica Leech. Mar sin féin, is beag éifeacht atá aige i mbun a roinne nua agus sparánacht mhór faoina chúram. Níl aon samhlaíocht léirithe aige le dul i ngleic leis an slad atá á dhéanamh ar bhóithre na tíre, seachas pointí úra pionóis a thabhairt isteach agus an cúram a leagan ar mhórphearsa teilifíse. Bhí an iliomad fadhbanna le cúrsaí tráchta agus le Tollán Chaladh Átha Cliath tiomnaithe mar oidhreacht air ach is beag atá déanta aige le fuascailt a aimsiú ar na deacrachtaí sin. Tá céimeanna réabhlóideacha á nglacadh aige maidir le príobháidiú Aer Lingus ach tá sé ró-luath le breithiúnas a thabhairt ar an ghníomh sin go fóill. D
Éamon Ó Cuív, An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta:
An t-uafás bainte amach aige do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta – Acht na dTeangacha Oifigiúla, ceapadh an Choimisinéara Teanga, Stádas Oifigiúil na Gaeilge san Aontas Eorpach – ach ní bheadh mórán ábhar gearán ag an phobal i gcoitinne dá gcaillfeadh sé a áit sa Chomhaireacht an chéad iarraidh eile. Caithfidh sé cur lena chuid scileanna cumarsáide. B’olc an mhaise dó, mar shampla, litreacha móra fadálacha a sheoladh chuig na nuachtáin mar fhreagra ar an díospóireacht faoi Dingle/An Daingean. Claonadh aige cinntí conspóideacha a chur ar an mhéar fhada agus dul i muinín coistí in áit ceannasaíocht a léiriú ar cheist. Tá an t-aighneas idir feirmeoirí agus lucht siúil sléibhe imithe in olcas, mar shampla, de cheal aon chinneadh ón Aire, agus an chosúlacht ar an scéal nach dtiocfar ar réiteach roimh an chéad olltoghchán eile. Is ionann an cás do theorainneacha na Gaeltachta. B
Mary Coughlan, An tAire Talamhaíochta agus Bia:
Tá ceangal na gcúig gcaol uirthi go pointe mar gur sa Bhruiséil a shocraítear mórchinntí na talmhaíochta sa lá atá inniu ann. Tá an bhróg ag teannadh ar fheirmeoirí na hÉireann maidir le rialacháin agus riachtanais fheirmeoireachta Eorpacha le tamall anuas agus tá séala an bháis curtha ar thionscal an bhiatais siúcra. Éifeachtach go leor sa bhaile ach gan í a bheith téagartha a dhóthain i gcosaint ár ngeilleagair feirmeoireachta sa Bhruiséil. C
Mary Hanafin, An tAire Oideachais agus Eolaíochta:
An tAire is fearr le bliain anuas. Éirithe go maith léi cumainn na múinteoirí a mhealladh léi. Tá céimeanna dalba glactha aici i dtaca le trédhearcacht bíodh is go bhfuil cuid acu conspóideach go leor, ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna agus sraitheanna na dtorthaí scrúduithe. Chuir sí rudaí ina cheart sa Roinn maidir le marcanna breise a bheith bronnta ar iarrthóirí le Gaeilge do chomórtais arduithe céime. Mar sin féin, beidh díomá ar lucht na Gaeilge gur dhiúltaigh sí aon chúiteamh síorghabhálach a thabhairt dóibh siúd a ndearnadh leithcheal orthu, mar a bhí sonraithe i dtuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga. B
Wille O’Dea, An tAire Cosanta:
Níl a dhath as casán déanta aige ach níl a dhath eisceachtúil déanta ach chomh beag. Ardmholadh tuillte aige as feabhas chomóradh 90 bliain Éirí Amach na Cásca. Seachas sin, chaith sé cuid mhaith ama aige ag freastal ar chathláin na hÉireann thar lear. C
Dick Roche, An tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil:
Tá éirithe níos fearr leis ná mar a d’éirigh lena réamhtheachta sa Roinn chéanna, sa mhéid is go bhfuil níos lú botún déanta aige. Arís eile, tá buiséad fial faoina stiúir agus gan úsáid cheart bainte aisti. Tugtar “Aire Chill Mhantáin” air go magúil agus níl sé cruthaithe aige go dtí seo go dtig leis bogadh ó bheith ina pholaiteoir áitiúil go polaiteoir atá ag achtú agus ag rialú ar mhaithe le leas na tíre. Gangaideach agus sotalach agus é i mbun díospóireachta sna meáin. Rinne sé iarracht an dubh a chur ina gheal ar phobal na tíre, mar shampla, agus casadh dearfach a chur ar rialú na Cúirte Eorpaí gur sháraigh Rialtas na hÉireann dlí na hEorpa nuair a thóg siad a gcás i leith Sellafield chuig na Náisiúin Aontaithe. Gá le réiteach sciobtha a fháil ar cheist an chórais vótála leictreonaigh agus toghchán ar na bacáin. D
*Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal. *
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.