AGALLAMH BEO
Natasha Fennell
Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill Éamonn Ó Dónaill

Ar an 8 Meán Fómhair anuraidh, seoladh an comhlacht Stillwater Productions le linn comhdhála a bhí ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. B’ainm nua é ach bhí aithne fhorleathan cheana féin ar dhuine de bhunaitheoirí an chomhlachta, Natasha Fennell, ó na blianta a bhí caite aici le Carr Communications, RTÉ agus Fianna Fáil. Labhair Éamonn Ó Dónaill léi faoina saol ag éirí aníos i gConamara, agus faoin obair atá ar siúl aici anois mar chomhairleoir saoil.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Athair Natasha, Desmond Fennell, mar atá sé anois
Íomhá
Pádraig Flynn (ar dheis): chuir Natasha oiliúint air
Íomhá
Ionad Siopadóireachta Fhaiche Stiabhna, áit ar thóg Natasha cinneadh tábhachtach
Íomhá
Mary Hanafin: tá an-mheas ag Natasha uirthi
Íomhá
An craoltóir Oprah Winfrey

Tá na mílte leabhar le ceannach sna siopaí na laethanta seo a bhfuil sé mar sprioc acu cur ar chumas daoine eagar ceart a chur ar a saol agus iad a chur ar bhealach a leasa. Agus tá an-tóir orthu. Tá breis is 10 milliún cóip díolta de shaothar Stephen R. Covey, The 7 Habits of Highly Effective People: Powerful Lessons in Personal Change agus cuireadh athchló le déanaí ar How to Win Friends & Influence People, an saothar ceannródaíoch le Dale Carnegie a bhfuil suas le cúig mhilliún déag cóip de ceannaithe ag an phobal ó foilsíodh ar dtús é i 1937.

An mhí seo caite, chuala mé an comhairleoir saoil Natasha Fennell ag déanamh léirmheasa ar shaothar Carnegie ar chlár raidió Ryan Tubridy ar RTÉ agus chuir sé iontas orm nuair a chuir sí in iúl gur mheas sí go raibh fiúntas ag baint leis. Nuair a bhuail mé léi go gairid ina dhiaidh sin le hagallamh a chur uirthi don alt seo, caithfidh mé a admháil go raibh mé rud beag in amhras faoi thionscal seo na comhairleoireachta saoil.

Tar éis uair an chloig a chaitheamh le Natasha ina hoifig ar Shráid an Chaisleáin, in aice le Teampall Chríost i mBaile Átha Cliath, áfach, tháinig mé ar a mhalairt tuairime. Labhair sí go paiseanta faoin obair a bhíonn ar bun aici le daoine aonair, agus le comhlachtaí san earnáil phríobháideach agus phoiblí. Cé nach bhfuil Stillwater Communications, an comhlacht a bhuanaigh sí lena deartháir Cilian, ach bliain ar an saol, is léir go bhfuil an-rath air cheana féin. I measc a gcuid cliant, tá Coca Cola, an Roinn Comhshaoil, RTÉ, TG4 agus an IRFU. Bíonn Natasha féin ag cur comhairle ar dhaoine aonair maidir lena slí bheatha agus ag cur oiliúna orthu maidir le cur i láthair éifeachtach a dhéanamh, agus bíonn Cilian ag ullmhú daoine le bheith ag plé leis na meáin chumarsáide.

“Faoi láthair, tá Cilian ag traenáil an IRFU go náisiúnta – tá muid díreach tar éis an conradh sin a fháil. Is cliant iontach é sin. Tá muid ag traenáil na n-imreoirí ar fad, i gcomhar na meán, don séasúr nua rugbaí.

“Bíonn Cilian ag obair leis na léiritheoirí in RTÉ chomh maith – is é a chuir le chéile agus a d’fhorbair an cúrsa do léiritheoirí sa stáisiún sin le dhá mhí anuas. Ansin, chomh maith céanna, bíonn sé ag obair leis na láithreoirí in RTÉ, á dtraenáil le haghaidh na teilifíse. Cuireann sé straitéis do na meáin chumarsáide le chéile do chomhlachtaí freisin agus cuireann sé oiliúint orthu le hiad a ullmhú don agallamh ar ‘Morning Ireland’ nó ‘Prime Time’. Agus, déanann sé cláracha teilifíse chomh maith.”

Ba é Cilian a léirigh an clár mór-ráchairte sin a bhí ar RTÉ an bhliain seo caite, “Rip-off Republic”, agus is cinnte gur buntáiste mór a bhí ann do Stillwater bheith ceangailte in intinn daoine leis an chlár áirithe sin.

Ag éirí aníos i gConamara

Tá Natasha tar éis roinnt mhaith blianta a chaitheamh ag plé le cuid de na polaiteoirí is cumhachtaí in Éirinn, le linn di bheith ag obair i gcúrsaí caidrimh phoiblí agus mar Stiúrthóir Tiomsaithe Airgid le Fianna Fáil. Tógadh í i bhfad ó dhorchlaí na cumhachta, áfach, i Maínis i gConamara, áit ar bhog an teaghlach ag deireadh na seascaidí.

“Bhog muid siar ansin i 1969 – bhí muid inár gcónaí i mBaile Átha Cliath go dtí sin. Rugadh mise i mBaile Átha Cliath an bhliain roimhe sin agus bhí muid inár gcónaí i dteach a bhí ar cíos againn ó Bhreandán Ó hEithir i nDún Droma. Bhog mo thuismitheoirí siar agus, i ndáiríre, ní d’aon turas a rinne siad sin, ach trí thimpiste. Chuaigh siar thar an droichead ó Charna go Maínis lá agus dúirt siad, ‘Siúd an áit a bhfuil muid ag iarraidh ár gcuid gasúr a thógáil.’ Thóg siad cúigear againn ansin – tá beirt deartháireacha níos sine agam agus beirt deirfiúracha níos óige.”

Bhog roinnt mhaith daoine siar i dtrátha an ama chéanna sin, an stiúrthóir teilifíse Bob Quinn, cuir i gcás, mar gur theastaigh uathu éalú ó shaol na cathrach. Bhí an-cháil ar athair Natasha, Desmond Fennell, mar thráchtaire polaitiúil agus sóisialta ag an am agus b’in an obair a bhí ar bun aige agus an teaghlach ag cur faoi ar an chósta thiar.

“Bhí guth an-láidir agus an-neamhspleách aige, cé go ndéarfadh go leor daoine go raibh sé coimeádach agus b’fhéidir roinnt conspóideach. Ach, bhí sé ag scríobh ar ábhair mar an Tuaisceart, an Ghaeilge, frithghiniúint na mban agus cúrsaí na mban. Bhí tuairimí aige maidir leis an dílárú – bhí sé ag caint ar go leor de na hinstitiúidí a bhogadh amach as Baile Átha Cliath agus tá an rud céanna ag tarlú faoi láthair. Bhí sé ag scríobh don Sunday Press agus bhí mo mháthair ag múineadh sa meánscoil i gCarna. Bhí baint ag mo thuismitheoirí le cearta sibhialta agus i rith an ama sin a tharla an chéad Oireachtas i Ros Muc, agus bhí siad bainteach leis sin. Bhí siad páirteach freisin sa bhfeachtas chun Raidió na Gaeltachta a bhunú.”

Bhí Natasha thar a bheith sásta leis an saol i gConamara ach nuair a bhí sí aon bhliain déag bhog an teaghlach go Bearna, in aice chathair na Gaillimhe, agus fuair an t-athair post ag léachtóireacht i gColáiste na hOllscoile.

“Chuaigh mé ar an mbunscoil i mBearna agus ba culture shock mór millteach é sin. Ní raibh Béarla rómhaith againn. Bhí tógáil sórt idéalach againn ar bhealach – bhí muid inár gcónaí ar oileán ar chósta thiar na hÉireann, trá os comhair an tí, trá ar chúl an tí, agus muid ag breathnú amach ar Oileáin Árann. Chuaigh mé ar an scoil i mBearna agus ar an meánscoil i gColáiste Iognáid – chuaigh an chlann ar fad ansin. Ba é Coláiste Iognáid, is dócha, a chuir go mór liomsa mar dhuine. Thug an scoil muinín dom agus thug sé deiseanna dom, ó thaobh díospóireachta, drámaíochta, ceoil, spóirt – bhí mé bainteach le chuile rud.”

Cé gur thaitin an mheánscoil le Natasha, níor caitheadh go rómhaith lena deartháireacha le linn dóibh bheith ansin.

“Bhí sé an-deacair do chuile dhuine sa chlann ach do mo dheartháireacha go mór mhór. Bhí meon an-diúltach i leith na Gaeilge ag an am sin, mhothaigh muidne, i gCathair na Gaillimhe, ag daoine óga. Tugadh ‘bogger’ orainn, tugadh ‘redneck’ orainn. Bhí mo dheartháir i gcúpla troid ar scoil agus tháinig sé abhaile chuig mo mháthair agus é buailte. So, bhí sé sin deacair.”

Sos ón oideachas

I ndiaidh di an Ardteist a dhéanamh, spreag a tuismitheoirí Natasha le bliain a thógáil saor ón oideachas agus roinnt taistil a dhéanamh. Chaith sí an samhradh sa Fhrainc agus nuair a d’fhill sí go hÉirinn thug sí tréimhsí ag obair in Amharclann an Gate, le Bord na Gaeilge, agus le hAmharclann an Druid i nGaillimh. Thug sí aghaidh ar an Ghearmáin ansin agus chaith tréimhse ag obair i München.

Bhí spéis ag Natasha bheith ag obair san amharclann ach ní mar aisteoir ná mar stiúrthóir.

“Bhí suim agam dul ag obair san amharclann, ach ag obair mar riarthóir – bhí an cúrsa sa riarachán ealaíon tosaithe in UCD – nó fiú i gcaidreamh poiblí. Ag an am, ní raibh aon rud le fáil i gcaidreamh poiblí ach an dioplóma i Ráth Maonais [sa Choláiste Tráchtála] agus bhí mé ag iarraidh é sin a dhéanamh. Chuir mé isteach air agus fuair mé é agus chuaigh mé ar an gcoláiste ansin. Bhí m’athair ag léachtóireacht sa choláiste san iriseoireacht faoin am sin.”

Nuair a d’fhág Natasha an coláiste ag deireadh na n-ochtóidí bhí an meathlú geilleagrach go dona in Éirinn agus bhí suas le 70,000 duine ag dul thar lear go bliantúil ag lorg oibre.

“Nuair a d’fhág mé an coláiste i 1989, bhí rudaí an-dona sa tír. Ní raibh post ar bith ar fáil i gcaidreamh poiblí agus bhí go leor daoine ag fágáil na tíre. As an 21 a bhí i mo rangsa, d’fhág 17.”

Ní raibh easpa misnigh ar bith ar Natasha, áfach, agus smaoinigh sí ar dhóigh le taithí luachmhar oibre a fháil a chuideodh léi post a fháil: oibriú saor in aisce sa ghníomhaireacht ba mhó caidrimh phoiblí sa tír, Carr Communications.

“Bhuail mé ar dhoras Terry Prone agus dúirt mé, ‘Gizza job and you don’t have to pay me. I don’t mind!’ Thóg sí mé ar feadh trí mhí, ansin fuair mé conradh ar feadh ceithre bliana.

“Le linn an ama sin, thuig mé nár thaitin caidreamh poiblí ar chor ar bith liom, nach bhféadfainn bheith ag obair le hiriseoirí a raibh spoon-feeding de dhíth orthu. Ní raibh mé ag iarraidh bheith ag déanamh caidrimh phoiblí, ag déanamh bolscaireachta do rudaí nár chreid mé iontu. Thuig mé é sin sách luath, buíochas le Dia. Ach, é sin ráite, bhí tréimhse an-suimiúil agam mar gheall, ag an am, bhí cuntas Fhianna Fáil acu.”

Bhí olltoghchán ann i 1992, agus toisc go raibh Gaeilge ag Natasha, chuir siad í ag obair le polaiteoirí Fhianna Fáil.

“Bhí orm na craoltaí páirtí polaitíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge – thosaigh sé mar sin. Ansin, bhí orm a dhul agus na polaiteoirí a thraenáil – ó Mháire Geoghegan-Quinn go Pee Flynn go hAlbert Reynolds – ó thaobh na Gaeilge agus chun go gcuirfeadh siad roinnt paisin isteach sa méid a bhí á rá acu. Ina dhiaidh sin, d’iarr siad orm na cinn Bhéarla a léiriú chomh maith. I ndáiríre, bhí an bhliain sin roimh an toghchán an-suimiúil.”

Tar éis di ceithre bliana bheith caite aici le Carr Communications, áfach, bhí fonn taistil ar Natasha arís.

“Chuaigh mé go Meiriceá, an Nua-Shéalainn, go Melbourne na hAstráile. D’oibrigh mé i Melbourne, ansin chuaigh mé go Fidsí ar feadh sé mhí, agus ansin ar ais go dtí an Astráil agus thaistil mé ar fud na tíre sin. Ina dhiaidh sin, chuaigh mé go tíortha eile san Áis: an Mhalaeisia agus an Indinéis agus ansin an Téalainn. Tháinig mé go Bancác agus thaitin an chathair sin go mór liom agus, mar sin, fuair mé post ann ag múineadh Béarla.”

B’in an chéad phost múinteoireachta a bhí aici le linn a cuid taistil – roimhe sin bhí sí ag obair sa teilidhíol.

“Bhí mé ag díol ar an nguthán. Bhí mé ag díol cártaí, Dining and Accommodation Cards, d’óstáin an Sheraton, cártaí lascaine do dhaoine a bhí ag taisteal ar fud oirdheisceart na hÁise. Shaothraigh mé go leor leor airgid, caithfidh mé a rá – ní raibh mise bocht agus mé ag taisteal, ní raibh mé ar dhuine de na taistealaithe bochta sin. Bhí ochtar againn ann a bhí go maith ag díol agus, mar a tharlaíonn sé, beirt againn, b’Éireannaigh muid.”

Cumha

Agus í ag obair sa Téalainn, bhuail cumha Natasha agus tháinig fonn uirthi filleadh ar an bhaile.

“Bhí Cilian faoin am seo, 1996, tar éis post a fháil mar léiritheoir ar an Late, Late Show *[clár teilifíse RTÉ], bhí mo dheirfiúr tar éis bheith ar ais as an Afraic agus ní raibh sí feicthe agam le ceithre bliana. Bhí go leor tar éis tarlú sa mbaile, *so bhí sé in am agamsa teacht ar ais go hÉirinn.”

Thug Natasha aghaidh ar an bhaile ach ní raibh fonn dá laghad uirthi post eile a fháil ina tír dhúchais. Ach bhí RTÉ ag cur tús le clár nua cúrsaí reatha i nGaeilge, “Léargas”, agus chonacthas do Natasha go mbeadh sé thar a bheith spéisiúil bheith ag obair leis an chlár. Chuir sí isteach ar phost mar thaighdeoir agus d’éirigh léi é a fháil.

Bhí cur chuige nua ag “Léargas”, i gcomparáid leis an chlár a tháinig roimhe, “Cúrsaí”.

“Bhí sé in am dul ag tochailt, dul ag cuardach daoine ar fud na hÉireann nach raibh tar éis a scéal a inseacht cheana féin. An aidhm a bhí ag “Léargas” – agus an aidhm atá aige fós – ná scéalta maithe a inseacht agus léargas a thabhairt ar shaol daoine ar leibhéal eile. Sin an rud a rinne muid agus bhí ceithre bliana dochreidte, iontacha agam ann. Ag an am sin, bhí Micheal Davitt ag obair leis an gclár, Mairéad Ní Nuadháin, Pat Butler – bhí foireann iontach againn. Bhí mé ag obair dhá bhliain mar thaighdeoir leis an gclár agus ansin dhá bhliain mar thuairisceoir.

“Ach, mar gheall ar go n-éirímse tuirseach de rudaí tar éis ceithre bliana – sin an sórt cycle a bhíonn agam – rinne mé cinneadh fágáil. Is cuimhin liom go maith: bhí mé i mo shuí thuas sa gcaife ag barr Ionad Siopadóireachta Fhaiche Stiabhna, bhí fear ag casadh giotár Spáinneach agus bhí mé ag caitheamh toitín (bhí mé ag caitheamh ag an am, ní chaithim níos mó). Agus bhí mé i mo shuí ansin agus cupán caife agus toitín agam agus rinne mé cinneadh. Dúirt mé liom féin go raibh mé chun RTÉ a fhágáil. Nuair a d’éirigh mé ón mbord an lá sin, bhí an cinneadh déanta.”

D’fhág sí RTÉ gan post eile a bheith faighte aici ach ní raibh sí i bhfad díomhaoin. Seachtain tar éis di slán a fhágáil lena comhghleacaithe in “Léargas”, d’fhéach sí i rannóg na bpost san *Irish Times *(rud, a deir sí, nach ndearna sí roimhe sin nó ó shin) agus chonaic sí go raibh Stiúrthóir Tiomsaithe Airgid á lorg ag Fianna Fáil.

“Dúirt mé liom féin, ‘Tá mise ag iarraidh an jab sin.’ Chuir mé isteach ar an bpost agus bhí próiseas an-fhada, an-deacair i gceist ach fuair mé é. Ba cheapachán cróga é dóibh siúd; bhí mise ag teacht ón taobh amuigh, ní raibh mé tar éis teacht trí struchtúr an pháirtí féin; ba bhean mé, an chéad bhean riamh a bhí ag bailiú airgid dóibh agus bhí mé óg, ní raibh mé ach tríocha a dó.”

B’in mí an Aibreáin 2002 agus ba dhrocham é le post a thógáil le Fianna Fáil. Bhí tús á chur le go leor de na binsí fiosraithe agus míchlú á tharraingt ar an pháirtí ag cuid de na daoine a thug fianaise do na binsí sin.

“Cheap daoine go raibh mé craiceáilte ag an am an post sin a thógáil. Bhí na binsí fiosraithe díreach ag tosú agus bhí scéal i ndiaidh scéil ann [faoi scannail]. Bhí scéal Frank Dunlop tar éis briseadh. Bhris an scéal sin an Luan sular thosaigh mise i mo phost. Is cuimhin liom a rá, trí lá isteach sa phost, ‘Céard sa diabhal atá déanta agam? Cén fáth ar thóg mé an post seo?’ Ach bhí dúil agam, ó mo laethanta le Carr Communications, sa saol polaitiúil ach ní raibh mé ag iarraidh bheith sa pholaitíocht. Bhí dúil agam san earnáil, sa saol sin, agus bhí mé ag iarraidh ról éigin a bheith agam ann. Chonaic mise go raibh deis ann feabhas a chur ar an íomhá, feabhas a chur ar na struchtúir agus feabhas a chur ar na córais, ar na bealaí a bhí ag Fianna Fáil le hairgead a bhailiú. Agus creidim gur éirigh liom é sin a bhaint amach.”

Bhí cuid fuinnimh Natasha agus na ndaoine eile a bhí ag bailiú airgid d’Fhianna Fáil dírithe ar olltoghchán na bliana 2002 agus, nuair a bhí an toghchán thart, bhraith Natasha go raibh sé in am bogadh ar aghaidh, nach raibh dúshlán nua ar bith i ndán di ina post. Chinn sí ar é a fhágáil in 2003, mar sin.

Thaitin an obair le Fianna Fáil go mór léi agus tá sí bródúil as an mhéid a d’éirigh léi a bhaint amach le linn di bheith ag obair don pháirtí. Deir sí go raibh sí “soineanta”, ó thaobh na polaitíochta de, nuair a thosaigh sí ag obair sa phost ar dtús agus go raibh dearcadh eile aici maidir leis an pholaitíocht faoin am a d’fhág sí.

“Má d’fhoghlaim mé tada agus mé ag obair i bhFianna Fáil d’fhoghlaim mé go bhfuil cineálacha éagsúla clisteachta ann. Is dócha gur chreid mise agus mé soineanta go gcabhródh clisteacht leat dul chun cinn a dhéanamh sa saol polaitiúil. Nuair a bhreathnaigh mé timpeall, thuig mé gurbh é an rud a chabhraigh le daoine dul chun cinn a dhéanamh, dul suas an dréimire agus níos mó cumhachta a bhaint amach, ná political astuteness agus sin clisteacht speisialta. Thuig mé é sin den chéad uair – ní raibh a fhios agam é cheana. Cheap mé go gcuideodh clisteacht leat ach thuig mé ansin nach raibh mórán bainte aige sin leis.”

Tá meas faoi leith ag Natasha ar bheirt pholaiteoirí de chuid Fhianna Fáil a raibh sí ag plé leo agus í ag obair mar Stiúrthóir Tiomsaithe Airgid an pháirtí: Mary Hanafin agus Brian Lenihan. Measann sí gur bean “an-láidir, an-chliste” í Hanafin agus deir sí gur fear é Lenihan a bhfuil an-intleacht aige agus atá go hiontach ag teangacha. Tá sí cinnte dearfach de go mbeidh sé ina Thaoiseach amach anseo.

Post nua

Nuair a d’fhág Natasha a post le Fianna Fáil, bhí an-bhorradh faoi gheilleagar na hÉireann go fóill ach bhraith sí go raibh go leor daoine míshásta lena saol oibre. Chuala sí faoin cheird nua seo, comhairleoireacht saoil, a bhí tagtha chun cinn i Meiriceá agus thuig sí láithreach go mbeadh an-tóir ar a leithéid in Éirinn.

“Chuaigh mé go Meiriceá ar feadh míosa agus rinne mé taighde ar an gceird nua seo ar a dtugann siad life coaching nó comhairleoireacht saoil. Is próiseas é le haghaidh comhairle a chur ar dhaoine maidir lena bpost, lena gceird, maidir le céard atá uathu ina saol oibre agus, ansin, maidir le cinntí móra a ghlacadh.”

Tar éis di teacht ar ais as Meiriceá, rinne sí cúrsa comhairleoireachta saoil i mBaile Átha Cliath agus ansin chuaigh sí i mbun oibre sa réimse sin.

Bíonn Natasha ag iarraidh cur ina luí ar dhaoine “nach gá fanacht sa bpost céanna, gur féidir athruithe a bhaint amach. Cabhraímse leo na hathruithe sin a bhaint amach trí phróiseas na comhairleoireachta.”

Deir sí go n-éiríonn léi cothromaíocht a bhaint amach ina saol féin idir an obair agus a saol pearsanta, cé go raibh sé deacair é sin a dhéanamh le bliain anuas. Deir sí go bhfuil “bliain mhór oibre” curtha isteach aici ach measann sí go bhfuil bunchloch Stillwater Communications leagtha anois agus go bhfuil ainm acu ó thaobh oiliúint agus comhairle a chur ar dhaoine sna réimsí a n-oibríonn siad iontu. Bhí sí ar tí imeacht go Meiriceá Theas nuair a bhuail mise léi agus trí seachtaine a chaitheamh ansin ar saoire, rud a léiríonn go bhfuil dearcadh an-sláintiúil aici i leith na hoibre.

Nuair a fhillfidh sí óna saoire, tá sé i gceist aici tús a chur le taighde ar ábhar leabhair. Níl sí sásta a rá, áfach, cén cineál leabhair a bheas i gceist ach deir sí nach mbainfidh sé go dlúth leis an obair atá ar siúl aici faoi láthair.

Is duine í Natasha a bhíonn i gcónaí ag iarraidh daoine eile a spreagadh ina post mar chomhairleoir ach cé a spreag í féin?

“Sin ceist an-mhaith. Ceapaim gur thug mo thuismitheoirí-se go leor leor inspioráide dom. Thug siad muinín dom. Caithfidh mé a rá go dtugann mo theaghlach ar fad inspioráid dom – mo thuismitheoirí, mo dheartháireacha agus mo dheirfiúracha. Is breá liom Oprah Winfrey freisin. Lá éigin, casfaidh mise léi – tá a lá breithe ar an lá céanna le mo cheannsa. B’fhéidir go mbeidh mé ar an ‘Oprah Winfrey Show’ ag caint faoi mo leabhar!”

Ní chuirfeadh sé lá iontais orm dá mbeadh. Is duine í Natasha Fennell atá misniúil agus ardaidhmeannach agus is cinnte go gcloisfear go leor fúithi sna blianta atá romhainn.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.