5877
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá líon na ndaoine a bhaineann úsáid as Facebook, an suíomh gréasánaithe shóisialta, ag dul i méid go leanúnach ó cuireadh tús leis sa bhliain 2004. San alt seo, pléann Caoimhe Ní Laighin feiniméan an tsuímh seo.
»»»Amharcann Breandán Delap ar na cinnidh ba mhó a rinne dochar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ó tháinig an rialtas reatha i gcumhacht.
»»»Tá éirithe le Christoph Wendler an Ghaeilge a fhoghlaim, in ainneoin go bhfuil cónaí air sa Ghearmáin agus gur beag deis a bhí aige ar feadh i bhfad an teanga a labhairt.
»»»Chuir Balor Béimneach na Súile Nimhe Niata agallamh ághmhar aineaglach ar fhear eas-úmaithe an AIB, Séan Mac Giolla Fáiteallach. Labhair siad ar muintir Thoraigh, ar charchair Chonaing agus ar bhunáit fomhuireán a bheith ag Cabhlach Mheiriceá ann.
»»»Táthar ag baint mí-úsáide as an idirlíon i go leor ionad oibre in Éirinn agus thar lear agus is iad na fostóirí a bhíonn thíos leis go minic, mar a mhíníonn Diarmaid Mac Mathúna.
»»»Is veidhleadóir agus seinnteoir méarchláir é Colm Mac Con Iomaire, arb as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath ó dhúchas é. Tá sé ina bhall den bhanna clúiteach The Frames ó bhí 1990 ann, ach bhí sé ar dhuine de na ceoltóirí a bhunaigh Kíla sna hochtóidí chomh maith. Rinne sé albam aonair dar teideal [i]Cúinne an Ghiorria[/i] a thaifeadadh i mbliana agus rachaidh sé ar camchuairt náisiúnta le hé a chur chun cinn i mí Mheán Fómhair. Chuaigh Caoimhe Ní Laighin chun cainte leis le gairid faoi chúrsaí ceoil, faoin tionscal ceoil agus faoin dóigh a mbraitheann sé faoin chlú.
»»»Chuaigh John-Paul Mc Carthy ag póirseáil trí thuairimí lucht saothraithe litríocht na Gaeilge leath tosaigh an chéid seo caite le treoir ó leabhar an Ollaimh Philip O Leary, Gaelic Prose in the Irish Free State, 1922-39.
»»»Is lú ná fríd máthair an oilc, deirtear. Tá Ciarán Mac Aonghusa den bharúil gurbh iad na botúin bheaga thar aon ní eile a ghoill go dona is a chuir olc ar na daoine.
»»»Tá rath ar roinnt foirne i Sraith Eircom ó thaobh airgid de ach tá gá go fóill le pleanáil fhadtéarmach, dar le hEmmet Ó Riain.
»»»Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Eilvéiseach Diego Fasciati faoina chuid oibre le roinnt blianta anuas leis an Chomhairle Ealaíon agus an dúshlán atá roimhe mar léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.
»»»An té a eitlíonn isteach go Meiriceá agus atá dall ar easpa chóras traenach mar is eol dúinn a leithéid in Éirinn é, tá sé i gcontúirt corrbhotún a dhéanamh ina chuid socruithe taistil i rith a sheal i Meiriceá. Tá an focal rabhaidh ag Brian Ó Broin san alt seo.
»»»Chaith Máire Ní Chuagáin Oíche Chinn Bhliana i bPáras agus chuaigh na difríochtaí idir an ceiliúradh ansin agus in Éirinn i gcion uirthi.
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: foréigean i gcaidreamh.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.