Tá líon na ndaoine a bhaineann úsáid as Facebook, an suíomh gréasánaithe shóisialta, ag dul i méid go leanúnach ó cuireadh tús leis sa bhliain 2004. San alt seo, pléann Caoimhe Ní Laighin feiniméan an tsuímh seo.
Baintear mí-úsáid as an bhfocal “feiniméan” go minic; agus cailleann focal mar sin a luach má bhaintear an iomarca úsáide as. Ach ní fhéadfaí a shéanadh gur feiniméin iad na suíomhanna gréasánaithe sóisialta atá tagtha chun cinn le dornán blianta anuas. Agus tá Facebook – an suíomh ar chuir Meiriceánach trí bliana is fiche d’aois tús leis óna shuanlios ollscoile in Harvard sa bhliain 2004 – ar an séú suíomh gréasáin is mó a bhfuil ráchairt air ar bhonn domhanda.Tá tuairim is 49 milliún úsáideoir ag Facebook faoi láthair agus 200 milliún ag MySpace, ach táthar ag tuar go bhfaighidh Facebook an ceann is fearr ar a iomaitheoir roimh dheireadh na bliana.
Go bunúsach, ar son an léitheora nach bhfuil cur amach aige ar na cúrsaí seo, is éard atá i gceist le “suíomh gréasánaithe sóisialta” ná suíomh gréasáin trínar féidir le daoine fanacht i dteagmháil lena gcairde, aithne a chur ar chairde nua (fiú más “cairde” sa chiall fhíorúil iad) agus íomhá díobh féin a chraobhscaoileadh don domhan mór tríd an eolas pearsanta a chuireann siad ar fáil fúthu féin.
Is cinnte go bhfuil rian den naircisíocht agus den leitheadas ag baint leis na suíomhanna seo agus is iomaí duine, is dócha, a mhaíonn gurb é an banna ceoil is fearr leis ná The Pixies, cé gurbh fhearr leis i bhfad a bheith ag éisteacht le Robbie Williams. Agus cé gurb é mana Facebook ná, “Facebook: a social utility that connects you with the people around you”, d’fhéadfaí a argóint gurb é an tairbhe is mó a bhaineann úsáideoir as suíomh gréasánaithe sóisialta ná an dóigh a dtéann an suíomh i bhfeidhm ar a ego, seachas an dóigh inar féidir leis fanacht i dteagmháil lena chairde. Nach iontach an rud é áis a léiríonn an oiread tóra atá ort i measc do chairde? Agus nach iontach an áis a thugann deimhniú duit maidir le chomh speisialta is atá tú gach uair a thugann tú cuairt air?
Agus tá an chuma ar an scéal go mbíonn daoine á dhéanamh sin go minic. Mhaígh Comlachas na nGnólachtaí Beaga le déanaí go gcailleann gnólachtaí beaga in Éirinn breis is €600m in aghaidh na bliana mar thoradh ar a bhfostaithe a bheith ag baint úsáide as an idirlíon ar chúiseanna pearsanta le linn uaireanta oifige – agus meastar go bhfuil Facebook ar an suíomh is mó ráchairte i measc oibrithe oifige na tíre. Tá comharthaí ann fosta go bhfuil mic léinn ag tiontú ar Facebook i rith an ama agus go bhfuil na suíomhanna eile gréasánaithe sóisialta á dtréigean acu.
MeánaicmeachMurab ionann agus leithéidí MySpace agus Bebo, dealraíonn sé go bhfuil Facebook níos tarraingtí do dhaoine d’aicme áirithe – daoine a bhfuil oideachas tríú leibhéal orthu, an lucht proifisiúnta agus daoine meánaicmeacha i gcoitinne.
D’fhoilsigh mac léinn dochtúireachta Meiriceánach darb ainm Danah Boyd taighde suimiúil le déanaí in aiste dar teideal “Viewing American Class Distinctions through MySpace and Facebook”. Samhlaítear go forleathan, dar le Boyd, gur suíomh sofaisticiúil é Facebook; suíomh nach mbíonn an oiread céanna truflaise le feiceáil air is a bhíonn le feiceáil ar MySpace. Is suíomh cineál “preppy” é Facebook, atá dírithe ar dhaoine a bhfuil rath orthu; daoine atá “upwardly mobile” mar a deir sí.
Léiríonn a taighde go mbraitheann úsáideoirí Facebook ar a suaimhneas leis an suíomh mar gheall ar go bhfuil na comhéadain glan agus simplí, murab ionann agus leithéidí MySpace agus Bebo a bhfuil an iomarca “bling” agus gnéithe splagaí ag baint leo.Ó thaobh úsáideoirí de, deir Boyd:
"MySpace is still home for Latino/Hispanic teens, immigrant teens, “burnouts”, “alternative kids”, “art fags”, punks, emos, goths, gangstas, queer kids, and other kids who didn’t play into the dominant high school popularity paradigm. These are kids whose parents didn’t go to college, who are expected to get a job when they finish high school".
Measaim go dtugann an polasaí is déanaí de chuid Arm na Stát Aontaithe léargas ar leith dúinn maidir le dearcadh na Meiriceánach i leith na suíomhanna éagsúla: cuireadh cosc iomlán ar MySpace ach ceadaítear úsáid Facebook go fóill. Agus is iad na hoifigigh den chuid is mó a bhíonn ag plé le Facebook.BunaitheoirNí haon ionadh é go bhfuil an íomhá seo ag Facebook i bhfianaise an áit as ar tháinig sé.Measaim gur díol spéise é gur mhac léinn síceolaíochta a tháinig ar an gcoincheap – mac léinn síceolaíochta a bhí, mar chomhtharlú, ina shaineolaí ó thaobh ríomhchláraithe de.In 2004, agus Mark Zuckerberg ag gabháil dá chéim in ollscoil mhórthaibhseach Harvard, saolaíodh Facebook. Scríobh Zuckerberg an feidhmchlár tar éis d’údaráis na hinstitiúide suíomh eile dá chuid, ina ndearna mic léinn breithiúnas maidir le chomh tarraingteach (nó a mhalairt) is a bhí mic léinn eile, a dhúnadh.
Is léir go raibh méar Zuckerberg ar an gcuisle, áfach, mar gur leath a dhara hiarracht ar shuíomh a bhunú trí líonra logánta Harvard, agus ní ba dhéanaí tríd an ngréasán domhanda, ar nós loscadh sléibhe. Seans gur chomhtharlú a bhí ann go raibh Zuckerberg ina mhac léinn síceolaíochta ag am a bhunaithe, ach chuile sheans gurb é is cúis le rathúlacht Facebook ná tuiscint a bhunaitheora ar mheon an duine. Dhear Zuckerberg táirge a bhfuil sé de chumas aige dul i bhfeidhm ar úsáideoirí mar a dhéanfadh rud éigin atá neadaithe go domhain agus go dúchasach i sícé an chine dhaonna. Thuig sé go mbíonn deimhniú ag teastáil uainn go dtaitníonn muid le daoine agus go bhfuil tóir orainn i measc ár gcairde. Agus d’éirigh leis é a dhearadh i bpacáiste atá tarraingteach do dhaoine meánaicmeacha, bearna a bhí sa mhargadh ag an am.
Cúrsaí gnóAn mhí seo caite, cheannaigh Microsoft bun de 1.6 faoin gcéad sa chomhlacht Facebook. D’íoc siad $240m ar an mbun seo, rud a fhágann gur fiú $15bn é an branda. Tá an chuma ar an scéal, mar sin, go bhfuil Facebook i bhfad níos luachmhaire ná MySpace, suíomh a cheannaigh Rupert Murdoch ar chostas $580m in 2005. Deirtear gurb é is cúis le luach ard an chomhlachta ná go bhfuil úsáideoirí Facebook níos tarraingtí d’fhógróirí ná mar atá úsáideoirí Bebo agus MySpace.
Dealraíonn sé anois gur cuid den tsochaí iad an suíomhanna seo. Maíonn a lucht cáinte go bhféadfaí iad a úsáid le haghaidh bulaíocht a dhéanamh ar dhaoine, go gcaitheann daoine an iomarca ama orthu agus go bhfuil baol ann go dtarlóidh sé go mbeidh deireadh le gnáthchumarsáid idir daoine mar thoradh orthu. Ach píosa siamsaíochta atá iontu, thar aon rud eile. Bíonn a lucht cáinte i gcónaí ag fanacht sna cliatháin le himní a chur ar dhaoine i dtaobh na nuatheicneolaíochta, ach gach seans go gcuirfidh siad le cumarsáid idir daoine, in áit í a laghdú.An t-aon údar imní atá ag daoine ina dtaobh ná go gcruthaíonn siad “status anxiety”, mar a thug an fealsamh Alan de Botton air ina chlár faisnéise den teideal céanna sa bhliain 2004. Sular thosaigh mé féin ag baint úsáide as Facebook, bhí go leor údar imní agam i mo shaol – billí agus cúrsaí oibre, cuir i gcás – ach anois braithim go bhfuil imní shóisialta ag bailiú nirt ionam lá i ndiaidh lae chomh maith. Is éard is cúis leis seo ná nach bhfuil ach triúr cairde agam ar Facebook. Agus déanann sé sin damáiste don ego! Tá balla truamhéalach, folamh agam i gcomparáid le daoine eile. Cé a gcaithfidh mé caora chuige? Cé ar féidir liom prioc a thabhairt dó? An bhfuil aon duine – aon duine – ag iarraidh cluiche Scrabulous a imirt liom?