RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: foréigean i gcaidreamh.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Bhí Sue ina suí ag tábla na cistine anois agus gan corraí aisti. Ní thiocfadh léi a rá cá fhad is a bhí sí ina suí ansin, ach thug creatha fuachta uirthi bogadh sa deireadh. Rinne sí iarraidh éirí ach chomh luath agus a fuair sí a cos a chur fúithi bhuail an phian í. Caithfidh sé go raibh sí bodhar ag an eagla nó níor mhothaigh sí pian ar bith go dtí sin. Shín sí síos a lámh agus mhothaigh sí thart fá mheall a coise deise. Bhí cnapán leathan íseal ag éirí uirthi. D’amharc sí síos, agus cé nach raibh sé geal i gceart, bhí an fhuil bhrúite ag taispeáint faoin chraiceann cheana féin. Dhruid sí a cuid súl. Níor chaoin sí deoir. Bhí a fhios aici dá ligfeadh sí a racht anois go gcaoinfeadh sí uisce a cinn. Ní bheadh ceansú uirthi.

Cá mhéad uair anois ar fhág sé lorg a láimhe uirthi? Ní raibh an ball mór dúghorm a d’fhág sé ar a sciathán arú aréir ach anois ag éirí buí. Sin mar a bhí sé le bliain anois - bhí sí idir ghoin is chneasú i rith an ama. Ní ligfeadh an eagla di déanamh ar an scáthán nó ag Dia a bheadh a fhios cén dochar a bhí déanta aige dá haghaidh. Dá mbeadh sé rófheiceálach ní bheadh sí ábalta an teach a fhágáil go mbeadh sé cneasaithe.

“Nach holc mar a chruthaigh an saol agam,” arsa Sue léi féin. Leis sin tháinig samhail na hoíche aréir chuici mar a bheadh buille ann. Bhí Louis mall mar ba dhual dó. Bhí a fhios ag Sue gur fhéad sí a bheith ar a coimheád nó ann ach go dtug sé an doras leis ar a bhealach isteach. Níor dhúirt sé focal ach suí ag barr an tábla agus amharc síos san áit ar mheas sé gur cheart dona dhinnéar a bheith. Chuir Sue a chuid roimhe chomh gasta agus a thiocfadh léi nó d’aithin sí an rabharta feirge a bhí ag éirí air. Thug sé amharc amháin ar an phláta agus bhuail sé thall ar an bhall é. Réab an trup an ciúnas. Chúlaigh Sue go raibh a droim leis an bhalla.

“Cad é faoi Dhia atá contráilte anocht?” arsa sise léi féin. “Rófhuar, róthe, ró-righin, cad é?”

Cé go raibh a fhios ag Sue go maith go dtarraingeodh sí faobhar a theanga uirthi, nó níos measa, dúirt sí “Nach maith leat é?”

D’éirigh sé ina sheasamh, chuir a dhá lámh faoin tábla agus d’fhág béal faoi é. Rinne sé uirthi. Bhí coinnle ar a shúile. Thug sé léim amháin agus bheir ar a léine agus chuach suas ina dhorn í mar a bheadh seanchifleog ann. Bhí a dhorn dingthe isteach faoin sceadmán aici. Bhí iongan a ordóige ag gearradh a poll slogaidh. Bhí sí plúchta ag boladh an ólacháin. Thosaigh sé ag cur thairis an tseanliodáin chéanna: “Cad é a d’fhág agam tú? Slúiste gan úsáid. Uascán nach dtig léi fiú greim bí a dhéanamh réidh ...”

Leis an lámh eile bhuail sé dorn uirthi a d’fhág sínte í. Rinne sí ceirtlín di féin lena cosaint ar an rud a bhí ag teacht. Thug sé fúithi ansin lena bhróg, fána másaí, fán droim, fána sciatháin.

“Caoin a striapaigh, caoin. Cad é a d’fhág ughaim agat orm?” ar seisean. “Bhéarfaidh mise ábhar do chaointe duit.”

Níor bhog Sue. Bhí a racht thairis anois agus dá mbeadh an t-ádh uirthi theithfeadh sé anois agus thitfeadh sé ina chnap codlata ar an tolg béal dorais. Sin go díreach an rud a rinne sé. Nuair a fuair Sue deis ar a hanáil chuir sí an tábla ina cheart agus tharraing sí chuici cathaoir, agus sin mar a fágadh í go béal maidine.

Bheadh sé isteach bomaite ar bith anois ag plásaíocht agus ag líodóireacht thart uirthi. Bheadh sé, mar is gnách, ag iarraidh maithiúnais, ag rá nach raibh a fhios aige cad é a tháinig air. Ag impí. Bheadh sé ag rá, mar a dúirt míle uair roimhe, nach ndéanfadh sé arís é. Sin mar a bhíodh sé i gcónaí nuair a bhí a racht ligthe, sé sin go dtí an chéad iarraidh eile. Ach taobh thiar de sin uilig bheadh sé ina luí istigh udaí agus é cinnte gurbh ise údar gach oilc, nach n-ólfadh sé deoir dá mbeadh “bean mhaith” aige.

Ar mhaithe leis an tsuaimhneas rinne sí suas leis ach ní fhágfadh sé a lorg arís uirthi. Bhí a rás rite anois. Bhí a fhios aici sa deireadh nach dtiocfadh athrú ar an scéal. Ní bheadh sa tseal beag suaimhnis seo ach cneasú thar ghoimh.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net).

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.