AGALLAMH BEO
Colm Mac Con Iomaire
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Laighin

Is veidhleadóir agus seinnteoir méarchláir é Colm Mac Con Iomaire, arb as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath ó dhúchas é. ina bhall den bhanna clúiteach The Frames ó bhí 1990 ann, ach bhí ar dhuine de na ceoltóirí a bhunaigh Kíla sna hochtóidí chomh maith. Rinne albam aonair dar teideal [i]Cúinne an Ghiorria[/i] a thaifeadadh i mbliana agus rachaidh ar camchuairt náisiúnta le a chur chun cinn i Mheán Fómhair. Chuaigh Caoimhe Laighin chun cainte leis le gairid faoi chúrsaí ceoil, faoin tionscal ceoil agus faoin dóigh a mbraitheann faoin chlú.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Ba mheafar a chum Máirtín Ó Cadhain a spreag Mac Con Iomaire Cúinne an Ghiorria a thabhairt ar a albam
Íomhá
Tarraingíonn Mac Con Iomaire ar shaothar an chumadóra chomhaimseartha Philip Glass ina albam
Íomhá
The Frames
Íomhá
D'fhreastail go leor ceoltóirí clúiteacha ar Choláiste Eoin, Davy Spillane ina measc
Íomhá
Íomhá
Bronnadh Oscar ar Hansard agus Irglova i an Mhárta as ucht an amhráin "Falling Slowly" a chum siad don scannán Once
Íomhá

Bhuail le Colm Mac Con Iomaire, ar veidhleadóir, fonnadóir cúil agus seinnteoir méarchláir leis an mbanna ceoil The Frames é, breá samhraidh i nDumhach Thrá i rith na míosa seo caite. Colm ar a chéad albam aonair, Cúinne an Ghiorria, a lainseáil go hoifigiúil agus is cinnte gur seoid d’albam atá ann.

Bunaíodh The Frames sa bhliain 1990. Bhí go leor dúshlán le sárú acu riamh agus iad ag saothrú leo leis an aitheantas a bhí tuillte acu a fháil fhéadfadh duine ar bith a gur gan stró a bhain siad clú agus cáil amach.

B’iomaí uair a dúradh ina dtaobh go raibh siad ar superstardom a bhaint amach. Agus is dócha go bhféadfaí a go bhfuil siad gar go maith don leibhéal sin clú a bheith orthu anois, chomh gar agus ba mhaith leo a bheith. Is maith an rud é, mar sin, nár thit an lug ar an lag acu riamh in ainneoin na ndeacrachtaí ar fad a bhí acu thar na blianta le comhlachtaí ceirníní, moilleanna agus rudaí eile a bhí ina gcúis díomá dóibh.

ainm an bhanna in airde faoi láthair. Scríobhadh léirmheasanna an-dearfacha faoina n-albam is deireanaí, The Cost (2006), agus camchuairt mhór-ráchairte dar teidealSwell Season” – ar díríodh inti ar cheol ón scannán *Once – *díreach curtha díbh acu. Ar ndóigh, bronnadh Oscar ar phríomhamhránaí an bhanna, Glen Hansard, i an Mhárta as ucht an amhráinFalling Slowlya scríobh féin agus Marketa Irglova don scannán céanna.

Dealraíonn go bhfuil cosúlachtaí idir scéal The Frames agus an finscéal cáiliúil de chuid Aesop, An Tortóis agus An Giorria, ach níorbh é sin an fáth ar thug Mac Con Iomaire *Cúinne an Ghiorria *ar a albam. Baineann an teideal, go bunúsach, leis an nGaeilge.

amháin, agus ag labhairt le m’athair [Liam Mac Con Iomaire, an craoltóir agus scríbhneoir], luaigh rud éigin fíorshuimiúil a bhain le meafar a chum Máirtín Ó Cadhain. Nós ársa in Éirinn ab ea é, aimsir an fhómhair, barraí gan bhaint a fhágáil i gcúinne amháin de pháirceanna ionas go mbeadh áit éigin ag an ngiorra le héalú chuici. Dúirt Ó Cadhain gur cúinne an ghiorria í an Ghaeltacht, is é sin, go bhfuil slán faoi láthair ón spealadóir; fágtha gan bhaint lena raibh inti. Ach faoiseamh sealadach amháin atá ann go mór i mbaol a spealta. Thaitin an meafar sin go mór liom. samhlaíocht ag baint leis agus rud éigin cineál osnádúrtha faoi freisin de thairbhe go bhfuil bainteach le nós ársa.”

TiomantaIs léir gur duine é Mac Con Iomaire atá tiomanta ó thaobh na teanga de. Gaeilge bhreá dhúchasach a labhraíonn lena ghasúir ógaan bheirt acu a bhí in éineacht leis nuair a chas mise airagus ba mar thoradh ar a shuim sa teanga a rinne The Frames leaganacha Gaeilge de chuid n-amhráin a thaifeadadh roimhe seo. Bhí na hamhráin sin – “LócaistíagusCiúnas” – le fáil ar SnaG 05 agus Ceol 06, ar albaim iad a eisíodh le Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh.

Ach ar ais go Cúinne an Ghiorria. Cén chaoi ar tharla go ndearna cinneadh an t-albam a thaifeadadh i mbliana?

Bhí i gceist agam tabhairt faoi albam aonair le fada. Cheannaigh four-track agus fiche bliain d’aois, agus is dócha gur theastaigh uaim rud éigin a dhéanamh ón am sin i leith. Ach ar chúiseanna éagsúla dhearna é roimhe seo. I Eanáir na bliana seo, fuair amach cén cineál sceidil a bhí leagtha amach don bhliain ó thaobh dátaí agus camchuairteanna de agus ba léir dom go mbeadh orm luí isteach ar an albam chomh luath agus ab féidir dteastódh uaim é a dhéanamh in 2008. Chinn ar an taifeadadh a dhéanamh i an Mhárta, mar sin. Murach gur thug faoin obair ansin, bhí gach seans ann go rachadh bliain eile tharam gan an t-albam a dhéanamh.

Bíonn deacair a bheith scartha ón teaghlach agus ar camchuairt agus níor theastaigh uaim tuilleadh laethanta leis na gasúir a chailleadh. Mar sin, cheannaigh muid seanteaghais soghluaiste agus chuir sa ghairdín cúil é agus réitigh muid chuile rud ann féin agus an fear a léirigh an t-albam, Karl Odlum. Bhí muid beirt in Kíla agus The Frames le chéile tráth den saol. *set-up *iomlán aige ó thaobh an léirithe deríomhairí agus gach rudagus cheannaigh muid micreafóin agus an trealamh agus araile agus chaith muid coicís istigh sa charbhán i mbun taifeadta.”

Agus cén cineál ceoil atá i gceist ar an albam?

Meascán iomlán. Ceol uirlise amháin atá annníl aon ghuthanna le cloisteáil. mbeadh orm cur síos a dhéanamh air, déarfainn go bhfuil an ceol áit éigin idir Philip Glass [an cumadóir comhaimseartha] agus Planxty.”

Agus an mbaineann an meascán seo lena thógáil agus leis an gceol a raibh tionchar aige air agus é ag éirí aníos?

Is dócha go mbaineann. Is as Conamara é m’athair agus ba uaidhsean a fuair an ceol traidisiúnta. Is as Contae Liatroma í mo mháthair agus rinne sise cinnte de go bhfuair muid oiliúint chlasaiceach sa cheol chomh maith.”

CumadóirCaithfear a gur albam ar leith atá sa saothar seo. Is saothar é, gan amhras; píosa ealaíne, déarfainn féin. Rith liom, agus ag éisteacht leis, gur ag éisteacht le cumadóir a bhí . Sa Ghaeilge, is éard is brí lecumadóir composer agus ciallaíonncumadóir amhránsong-writer. Mar sin, dóigh liom go ndéanann an Ghaeilge idirdhealú sách soiléir idir an rud. Ach sa Bhéarla, tuigeann muid an difríocht chaolchúiseach idir na focail sin. Níl ag go bhfuil gradam ar leith tuillte ag an gcumadóir thar an ngradam atá tuillte ag an gcumadóir amhrán, ach is duine ar leith é an* composer* gan aon amhrastuigeann muid ar fad na fochialla a bhaineann leis an bhfocal áirithe sin.

Chuir intreoir an phoirtBróga Gormasaothar an chumadóra Stravinsky i gcuimhne dom (é lán téaduirlisí eangacha) ach is éard atá sa phríomhshéis ceol traidisiúnta. Shílfeá nach réiteodh an shaghas ceoil lena chéile in aon chor agus táim cinnte go mbeadh an meascán áirithe sin tubaisteach ndéanfadh duine éigin eile é. Ach oibríonn - thuigim cén fáth. Port eile atá iontach maith hIompair Adhmad”. Cuireann ceol éigin Slóvacach i gcuimhne dom. Ach gnéithe den snagcheol le cloisteáil ann chomh maithsioncóipiú agus tionchar Miles Davis ar an troimpéad. Arís, d’fhéadfadh a leithéid de mheascán a bheith go huile is go hiomlán tubaisteach, ach éiríonn le Mac Con Iomaire rud éigin fíorshuimiúil a bhaint amach.

stíl ar leith aige, rud a bhaineann, mar a mhíníonn , leis an uirlis speisialta atá aige.

Rinne an déantóir veidhlín Thomas Perry an uirlis atá agam sa seachtú haois déag. amháin, agus ag tabhairt cuairte ar mo luthier, Conor Russell, chonaic an veidhlín seo ar an gcornchlár. Ba léir dom gur uirlis neamhghnách a bhí intibhí sáil agus macnasach agus murab ionann agus an gnáthveidhlín, thug faoi deara go raibh pionnaí air le haghaidh cúig théad, seachas ceithre cinn, nach raibh téada ar bith air ag an am sin.”

Réitigh Russell an uirlis agus cheannaigh Mac Con Iomaire í.

Serendipity a bhí ann. Ba chosúil go raibh ag fanacht ar an uirlis seo ar feadh mo shaoil. Tháinig an ceol ar fad le chéile go measartha nádúrtha ón nóiméad sin ar aghaidh. Mar gheall ar go bhfuil an cúigiú téad ar an veidhlín, is féidir liom raon an vióla a bhaint amach air chomh maith agus taitníonn sin go mór liom. Braithim go bhfuil nasc an-domhain idir féin agus an uirlis seoan fear ar cheannaigh í uaidh [Russell], cheannaíodh mo mhamó téada veidhlín óna sheanmhaistirsean sna fichidí.”

Cén chaoi a mbraithfeadh gcaillfeadh í?

féidir liom smaoineamh air sin, fiú. Bheadh tubaisteach.”

Maidir leis an albam, ar bhain taitneamh as an bpróiseas taifeadta?

Bhain, go cinnte. Bhí iontach taitneamhach am a chaitheamh le Karl; leithscéal breá a bhí ann am a chaitheamh leis, i ndáiríre. Bhí an próiseas an-phléisiúrtha ar fad mar den chéad uair riamh níor bhraith go raibh daoine eile ag iarraidh dul i bhfeidhm orm tionchar a bheith acu orm. Bhí i gceannas orm féin.”

An mbíonn deacair in amanna, mar sin, a bheith i mbanna ceoil?

Bíonn mar go mbíonn cur agus cúiteamh faoi gach uile rud. Ach bíonn iontach chomh maith, ar ndóigh. fealsúnacht ar leith againn sa bhanna: ‘He who cares wins. Is éard atá i gceist leis sin go dtugtar cead a chinn don duine is a bhfuil barúil láidir aige faoi cheist ar leith. Ach ó thaobh an albaim seo de, bhí suimiúil agus deas a bheith i gcomhthéacs nua. B’iontach an rud é nach raibh le comhréiteach ar bith agus gurbh í m’fhís féin a bhí á tabhairt chun cinn.”

Ceol agus a Óige

Cén chaoi ar tharla go ndeachaigh Mac Con Iomaire leis an gceol? An amhlaidh gur léir do dhaoine agus é an-óg go raibh bua an cheoil aige?

Insíodh scéal dom roimhe seo. Deir mo thuismitheoirí gur fhág siad faoi chúram mo mhamó deireadh seachtaine amháin agus nuair a d’fhill siad le a bhailiú, gur dhúirt mo mhamó leo gur chaith an deireadh seachtaine ar fad ag portaireacht ón ardchathaoir! Tamall ina dhiaidh sin, thosaigh ag canadh na bport a bhíodh á gcleachtadh ag mo dheirfiúr ar an veidhlín. B’ansin a cheannaigh mo mháthair veidhlín domsa. “Agus i mo dhéagóir, ar ndóigh, bhraith go raibh go leor rudaí i bhfad ba thábhachtaí an ceolpeil agus araileagus táim iontach buíoch de mo mháthair gur lean de bheith ag cur brú orm a bheith ag cleachtadh ar bhonn rialta.”

dom a , is dócha, cén mheánscoil ar fhreastail Mac Con Iomaire uirthi. Smaoinigh air ar feadh soicind. Duine ó dheisceart Bhaile Átha Cliath (is as an gCarraig Dhubh ó dhúchas é). Ceoltóir. Gaeilge líofa. Cén scoil eile a d’fhéadfadh a bheith i gceist ach Coláiste Eoin! Ó thaobh an cheoil de, cuimsíonn alumni céimiúil na scoile sin Kíla (iad ar fad, go bhfios dom), Liam Ó Maonlaí, Fiachna Ó Braonáin, Davy Spillane, Eoin Dillon, Colm Ó Ciosóig, Mac Con Iomaire é féin agus Dara Ó Briain. (Okay, ceoltóir é Ó Briain, ach b’éigean dom é a lua an-cháiliúil!)

Céard a chuirtear san uisce sa scoil áirithe sin?

Bhí an-ómós ag na daoine a bhí i gceannas na scoile don cheolBráthair de Barra agus daoine mar sin. Thugtaí cead dúinn éalú ó ranganna le ceol a chleachtadh. hionann sin agus a go mbíodh muid á chleachtadh chuile uair a tugadh cead dúinn éalú, ach spreagadh muid ó thaobh an cheoil de de thairbhe go raibh an-mheas ag na múinteoirí air.”

Timpeall an ama seo, leagadh bunchlocha go leor bannaí ceoil, Kíla, The Mary Janes agus The Frames ina measc.

Thagadh slua mór daoine le chéile gach Satharn le haghaidh seisiún buscála ar Shráid Grafton agus áiteanna mar sin. Théadh muid go háiteanna éagsúla le go bhféadfaimis ba mhó airgid a fháil, ach ansin, thagadh muid ar ais le chéile ag deireadh an lae le seisiún ollmhór a sheinm lena chéile. Bíodh suas le fiche ceoltóir ag glacadh páirte sna seisiúin sin. Tugadh Kíla ar an collective ar fad, agus bíodh Glen Hansard páirteach ann in amanna. Is dócha, mar sin, go bhféadfaí a go raibh The Frames mar chuid de Kíla ag tráth faoi leith!”

The FramesBhí Mac Con Iomaire féin ina bhall bunaidh de Kíla. Sa bhliain 1990, agus baill áirithe Kíla istigh i Sun Studios i mBarra an Teampaill ag obair ar albam Choilm Shnodaigh, tharla go raibh Glen Hansard i mbun cleachtaidh lena bhanna nua, The Frames, san fhoirgneamh céanna. I rith an tseisiúin taifeadta chuaigh Colm, ar chuireadh ó Glen, suas chuig a seisiún-na. Is é a deir anois go ndeachaigh suas agus é ina bhall de bhanna amháin, agus gur tháinig anuas agus é ina bhall de bhanna eile!

An amhlaidh go raibh Kíla cineál spréachta leis de bhrí gur fhág an banna go tobann ?

Is dócha go raibh ar feadh tamaill. D’fhág féin agus David Odlum [deartháir Karl, an duine a léirigh Cúinne an Ghiorria] ag an am céanna agus is dócha gur bhuille mór é an bheirt againn a chailleadh le chéile mar sin. Ach raibh mórán ag tarlú ó thaobh Kíla de ag an am sin. Níor tháinig rudaí le chéile ó thaobh Kíla de go dtí an bhliain ina dhiaidh sin, i ndáiríre.

Bhí cineál buzz faoi The Frames ón tús. Bhí deal faighte againn le Island Records, ach bhí muid ar bheagán taithí ó thaobh an ghnó deníor thuig muid nach raibh ionainn ach uain i measc na sionnach.”

Chuir siad an t-albam Another Love Song amach le Island Records sa bhliain 1992 agus bhí an chuma ar an scéal go raibh siad ar an clú idirnáisiúnta sin a bhaint amach sular chuir an lipéad ceirníní deireadh leis an gcaidreamh. Ar eisiúint an albaim Fitzcarraldo (1995), chuir an léiritheoir Trevor Horn an-spéis iontu agus d’éirigh leo conradh nua a shíniú leis an lipéad ZTT.

Bhraith muid, le linn dúinn a bheith le ZTT, go raibh muid ar thimpeallán an t-am ar fad. Chuir an lipéad an-mhoill orainn. Bhí go leor airgid acubhí leithéidí Frankie Goes to Hollywood i measc a gcuid cliantach níor thug siad aon tacaíocht dúinn agus chuir siad a ladar isteach sa scéal. Bhí siad ag cur ár gcuid ama amú agus raibh muid ar aon fhocal riamh maidir leis an gcineál ceoil ba mhaith linn a bheith clúdaithe ar an albam.”

Sa deireadh, níor cuireadh an t-albam Dance the Devil amach go dtí 1999 agus ansin, ar chasadh na mílaoise, rinne The Frames cinneadh droim láimhe a thabhairt le comhlachtaí ceirníní feasta.

Ba ar a lipéad féin, Plateau, a d’eisigh siad na halbaim For the Birds (2001), Burn the Maps (2004) agus The Cost (2006), albaim ar scríobhadh léirmheasanna an-dearfacha fúthu agus ar díoladh neart cóipeanna díobh. Ba léir go raibh renaissance de chineál éigin i gceist.

Bhí iontach a bheith neamhspleách agus a bheith i gceannas orainn féin. Bhí go leor trealaimh ceannaithe againn faoin am sin le tabhairt faoin taifeadadhluíonn le réasún go ndéanfaimis amhlaidh; is cuimhin liom, agus muid le Island Records cuir i gcás, go mbíodh muid ag íoc £1,300 sa as stiúideo.”

Clú agus cáil

clú agus cáil ar The Frames faoin am seo, agus aitheantas idirnáisiúnta tugtha dóibh. Cén chaoi a mbraitheann Mac Con Iomaire faoin gclú? An rud aisteach é a bheith cáiliúil?

B’iontach an rud é, dar liomsa, go raibh muidaibí’ nuair a tharla ; níor chiall muid srian orainn féin. Ach an rud ar fad low-key; go mbíonn paparazzi taobh amuigh den doras agus muid ag dul amach leis an tsiopadóireacht a dhéanamh. Níor mhaith liom sin in aon chor. Agus i mbanna, tarlaíonn go minic go ndíríonn daoine ar an bpríomhamhránaí. Feileann domsa go ndíríonn daoine ar Glen.”

An raibh aon éad i gceist sa bhanna nuair a bronnadh an Oscar ar Hansard?

raibh in aon chor. Bhí iontach go bhfuair an t-aitheantas a bhí tuillte aige, cuireann lúcháir orm. Ach ag teacht ar an tuiscint anois go bhfuil an-difríocht idir an clú a bhaineann le ballraíocht i mbanna éigin, agus an clú atá i gceist agus i d’aisteoir ar bronnadh Oscar air.”

shamhlóinn gur duine é Mac Con Iomaire a dtaitneodh an cineál sin clú leis. Ritheann rud éigin liom a d’inis an damhsóir Breandán de Gallaí dom tráth. Dúirt go dtaitníonn an cineál clú atá air go mór leisgo mbíonn deis aige damhsa os comhair sluaite móra agus aitheantas a fháil as ucht na mbuanna agus na scileanna atá aige. Ach ag deireadh an lae, saoirse iomlán aige mar nach n-aithníonn daoine ar an tsráid é. Déarfainn gurb amhlaidh atá i gcás Mhic Con Iomaire.

In ainneoin go bhfuil drogallach roimh chlú, tabharfaidh Mac Con Iomaire faoi chamchuairt lena albam nua a chur chun cinn i Mheán Fómhair. Beidh ag seinm timpeall na tíre sna háiteanna seo a leanas:

Meán Fómhair

4 Busker Brownes, Gaillimh

5 Belltable Theatre, Luimneach

6 Station House, An Clochán, Conamara

7 Whelan’s, Baile Átha Cliath

8 Sirius Arts Centre, Cobh

9 Cyprus Avenue, Cathair Chorcaí

Mholfainn go láidir don a bhfuil spéis aige i gceol úrnua agus uathúil cuairt a thabhairt ar YouTube le Colm a fheiceáil ag seinm an phoirtNa Bróga Gorma” (http://www.youtube.com/watch?v=dPDyEg2Y6_Y)

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin albam agus faoin gcamchuairt ar an suíomh gréasáin seo: *www.theharescorner.com*. Is féidir an t-albam a íoslódáil ón suíomh áirithe sin ar chostas €10 agus beidh ar fáil sna siopaí chomh maith i ndiaidh a bheith seolta go hoifigiúil i Mheán Fómhair.

Is í Caoimhe Laighin eagarthóir na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.