CÚINNE NA nEALAÍON
Diego Fasciati: ag súil le dúshlán nua le Rough Magic

Labhair Eithne Ní Ghallchobhair leis an Eilvéiseach Diego Fasciati faoina chuid oibre le roinnt blianta anuas leis an Chomhairle Ealaíon agus an dúshlán atá roimhe mar léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tá tú idir dhá phost faoi láthair ach, ar an chéad dul síos, cad é go díreach a bhíonn ar bun agat sa* Chomhairle Ealaíon? Ar athraigh an post le linn na tréimhse a chaith tú ann?*

Tá mé ag obair leis an Chomhairle Ealaíon mar bhainisteoir forbartha sna healaíona idirnáisiúnta ó 2003. Tá mé freagrach as riar deontas a bhaineann le gné idirnáisiúnta na n-ealaíon: duaiseanna taistil, an clár cónaithe Banff i gCeanada, agus an chomhaltacht Location One i Nua-Eabhrac. Tá mé i gceannas ar phríomhthionscnaimh idirnáisiúnta a bhfuil baint ag an Chomhairle leo, imeachtaí ar nós an Venice Biennale, agus tá mé freagrach as polasaí ealaíon na Comhairle i leith na n-ealaíon idirnáisiúnta a chur le chéile agus a fhorbairt. Bím ag feidhmiú mar chomhordaitheoir idir Comhairle Ealaíon na hÉireann agus na Comhairlí Ealaíon ar fud an domhain, na hambasáid agus na hinstitiúidí cultúrtha.

*An raibh an Ghaeilge ina buntáiste riamh agat agus tú ag obair leis na healaíona *go hidirnáisiúnta nó an raibh deis agat í a chleachtadh in am ar bith?

I dtosach bhí mé ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim mar go raibh suim agam sa teanga. Ba léir go luath go mba bhuntáiste mór í do mo chuid oibre. Mar chomhlacht de chuid stát na hÉireann, foilsítear gach rud i nGaeilge agus i mBéarla agus is féidir iarratais a sheoladh isteach i gceachtar den dá theanga. De bharr gur fhoghlaim mé an Ghaeilge ní raibh orm brath go hiomlán ar sheirbhísí aistriúcháin. Dá mbeadh rudaí le ceartú nó le hathrú sa leagan Gaeilge bhí mé féin ábalta scairt a chur ar an chlódóir ionas go mbeadh an fhoirm, nó cibé rud, oiriúnach don fhoilsiú.

Níos tábhachtaí arís, sílim go raibh meas ag cainteoirí Gaeilge a casadh orm trí mo chuid oibre orm de bharr go raibh an teanga agam.

An bhfuil fáil ag muintir na hÉireann i gcoitinne ar na healaíona nó an bhfuil an chuid is mó de na gníomhaíochtaí ag tarlú i mBaile* Átha Cliath?*

Tá saol an-ghníomhach ealaíon i mBaile Átha Cliath. Ní rud neamhghnách é seo agus trian de dhaonra na hÉireann ina gcónaí sa chathair féin nó thart timpeall na cathrach. É sin ráite, ba mhaith leis an Chomhairle Ealaíon go mbeadh na healaíona ar fáil do gach duine, cibé áit a bhfuil cónaí orthu. Tá méadú suntasach ag teacht ar líon na n-ionad taispeántais agus ealaíon ar fud na tíre agus tá fás agus forbairt le feiceáil sna healaíona lasmuigh de Bhaile Átha Cliath.

Cad é a thug ort an Ghaeilge a fhoghlaim an chéad lá riamh?

Is ón Eilvéis mé, tír ina bhfuil ceithre theanga náisiúnta. Bhí mé ag foghlaim na dteangacha sin agus mé ag fás aníos agus chuir mé suim ar leith sa teangeolaíocht agus sa litríocht. Nuair a bhí mé thart fá chúig bliana déag d’aois thaispeáin múinteoir Laidine léaráid de theangacha na hEorpa don rang agus is cuimhin liom gur chuir mé suim sa chraobh ar clé, na teangacha Ceilteacha. Ar ndóigh, cúig bliana déag ina dhiaidh sin bhí mé i mo chónaí in Éirinn agus bhí deis agam an Ghaeilge a fhoghlaim.

Ceapadh le gairid thú mar **léiritheoir feidhmeannach ar Rough Magic. Cé hiad an dream seo agus cén difear atá idir iad na complachtaí léiriúcháin eile? **

Is complacht amharclainne é Rough Magic atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Tá iomrá ar an chomplacht as a shármhaitheas i gcúrsaí ealaíne. Tá siad i ndiaidh duais amharclannaíochta an Irish Times a bhuachan as an léiriú “The Taming of the Shrew” le Shakespeare. Léiríonn Rough Magic drámaí clasaiceacha agus nua-aoiseacha, chomh maith le drámaí nua Éireannacha.

Measaim féin go bhfuil Rough Magic ar cheann de na complachtaí amharclainne is fearr atá in Éirinn faoi láthair agus tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leo go lánaimseartha.

An raibh sé deacair cinneadh a dhéanamh **an Chomhairle Ealaíon a fhágáil agus tabhairt faoi dhúshlán úr?**

Is cinnte go raibh! Bainim an-sult as mo chuid oibre leis an Chomhairle Ealaíon. Airím go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cur chun cinn na n-ealaíon sa phobal agus go bhfuil sé riachtanach go mbeadh maoiniú poiblí ar fáil. É sin ráite, tá mé ag súil go mór le bheith ag obair leis an fhoireann dhíograiseach in Rough Magic.

Do bharúil, cad é atá i ndán do Rough Magic maidir le léiriúcháin nua, taisteal agus mar sin de?* *

Ba mhaith le Rough Magic níos mó taistil a dhéanamh in Éirinn agus thar lear. Measaim go bhfuil sé ríthábhachtach camchuairteanna a dhéanamh in Éirinn ionas go mbeidh an deis ag gach duine taitneamh a bhaint as na léiriúcháin. Ar an drochuair, is ceist mhaoinithe í seo.

Is é Don Carlos le Schiller an chéad léiriúchán eile a bheidh againn. Beidh sé ag oscailt ar an 12 Márta sa Project i mBaile Átha Cliath. Is scríbhneoir thar a bheith tábhachtach é Schiller i litríocht na Gearmáine ach ní léirítear an oiread sin dá shaothar in Éirinn. Tá an scéal suite sa Spáinn sa 16ú haois agus tá sé bunaithe thart ar Don Carlos agus ar a athair, an Rí Pilip. Beidh rómánsaíocht, bréagadóireacht, litreacha rúnda agus ionramháil pholaitiúil i gceist!

Cá háit a mbeidh tú i gceann cúig bliana, a Diego?

Ba mhaith liom a bheith i mo chónaí in Éirinn agus Gaeilge níos fearr á labhairt agam!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.