AR NA SAOLTA SEO/Ó MHEIRICEÁ ANIAR
Ní hIonann Dul ó A go B gach Áit ar Domhan
Brian Ó Broin Brian Ó Broin Brian Ó Broin

An té a eitlíonn isteach go Meiriceá agus atá dall ar easpa chóras traenach mar is eol dúinn a leithéid in Éirinn é, tá sé i gcontúirt corrbhotún a dhéanamh ina chuid socruithe taistil i rith a sheal i Meiriceá. Tá an focal rabhaidh ag Brian Ó Broin san alt seo.

Íomhá
In am traenach
Íomhá
Deis chodlata, deis oibre nó sos caife
Íomhá
Cóir thaistil shócúil
Íomhá
Cupán tae chugat
Íomhá
le hIarnród Éireann

Is maith is cuimhin liom taisteal go Illinois as Éirinn uair amháin, sna nóchaidí, agus an botún mór a rinne mé ag déanamh áirithintí. Ní raibh eitiltí díreach go meániarthar Mheiriceá ag an am, agus thograíos eitilt go Nua-Eabhrac mar sin agus leanacht ar aghaidh ar an traein nó ar an mbus. Domsa, Eorpach a d’fhás aníos in Éirinn agus a raibh trí bliana caite aige sa Ghearmáin agus i Sasana, ní raibh amhras ar bith orm go mbeadh iompar poiblí Mheiriceá ar comhchéim le córais na hEorpa.

Faraor, ní raibh. Ar mo thuirlingt go Nua-Eabhrac ní raibh eolas ar bith faoi thraenacha, agus moladh dom dul go lár na cathrach chun fáil amach. Ní raibh de bhealach isteach go lár na cathrach ach ar an subway, ach stáisiún subway ní raibh san aerfort. B’éigean dom dul ar bhus go dtí stáisiún cúpla míle ón chríochfort agus an subway a thógáil go Nua-Eabhrac. Nuair a shroicheas lár na cathrach, rinne na díoltóirí ticéad gáire nuair a dúras leo go rabhas ag iarraidh dul go Illinois. D’fhéadfaí é, a dúrthas liom, ach thógfadh sé 24 uair an chloig. I gcarr, thógfadh sé 12 uair an chloig! Mar bharr ar an mí-ádh, chosnódh sé $500! Muise, arsa mise, an raibh bus ann?

Bhí. An Greyhound. 16 uair an chloig. Agus $70. D’íocas an t-airgead le strainc agus bhaineas Illinois amach le mo dhroim ina chruit an mhaidin dár gcionn.

Ní Lia Tír ná Gnás

Is cosúil nach scéal aonair mo scéalsa. Tuirlingíonn Eorpaigh isteach in aerfoirt Mheiriceá gach lá ag déanamh talamh slán de go mbeidh traenacha agus busanna poiblí ag fanacht leo chun iad a thabhairt timpeall na tíre chomh tapaidh agus chomh saor le córais iompair na hEorpa, ach ní hamhlaidh atá.

Is aisteach é seo do dhuine ar bith a chonaic ‘Western na seachtaine’ ar TG4 ariamh. Nach raibh traenacha ann i Meiriceá le fada an lá? Nach leis na traenacha a ‘buadh an tIarthar’? Céard a tharla do na traenacha seo go léir?

An carr, faraor. Agus le déanaí, an t-eitleán. Agus tú ag tiomáint aon áit i Meiriceá, tiománfaidh tú thar iliomad línte traenach le comharthaí orthu ‘líne as feidhm’. Agus má bhreathnaíonn tú ar sheanléarscáileanna, feicfidh tú líonra traenach sa tír atá chomh tiubh sin go mbreathnaíonn sé mar mhionchuislí duilleoige. Tá an duilleog sin feoite anois, nach mór, gan fágtha uirthi ach na cuislí móra. Imithe leis na mionchuislí tá tramanna cathrach freisin.

Is i Sasana agus in Albain a cheapadh na chéad ghaltraenacha go luath sa naoú céad déag, ach go deimhin is i Meiriceá a cuireadh snas orthu ó na 1830aí amach. Má bhí na Sléibhte Creagacha agus Sléibhte Appalachia ann, bhí mánna fada réidh eatarthu agus ar gach taobh díobh, agus bhí línte traenach ag ceangailt cathracha móra na tíre go léir sar i bhfad. Cé nach raibh ach 40 míle de línte traenach in 1830, bhí dhá chósta Mheiriceá ceangailte faoi 1869, nuair a bhí 50,000 míle de línte sa tír. Faoi 1890, bhí 163,000 míle ann!

Bailte an Bhóthair Iarainn

I gcéadleath an 19ú haois, b’iad na canálacha artairí Mheiriceá, ach faoi dheireadh na haoise céanna, ba léir gurbh air na línte traenach a bhíothas ag tógáil na tíre. Fiú sa lá atá inniu ann, feicfidh tú bailte i lár na tíre nach bhfuil ciall ar bith leo a bheith ann go dtí go bhfaigheann tú amach gur tógadh ar líne traenach iad sa naoú haois déag. Ar an dóigh chéanna, is iomaí scáilbhaile a fheicfeas tú faoin tuath freisin a fágadh in áit na leithphingine nuair a dhún an líne traenach chéanna.

Rinne slám daoine fortúin mhóra as na traenacha, ina measc Jay Gould as Nua-Eabhrac, ar leis an Erie Railroad, agus Edward Henry Harriman, ar leis an Union Pacific Railroad, agus línte chósta thiar Mheiriceá go léir dá réir. Ba chuma leis na ‘barúin iarnróid’ faoi dhlíthe ná rialtais, agus bhí sé ina chogadh dearg eatarthu an t-am ar fad go dtí gur éirigh le rialtas Mheiriceá smacht a fháil orthu i 1907.

Ach faoi sin, bhí rian soiléir leagtha acu ar léarscáil Mheiriceá, le sraitheanna bailte agus cathracha tógtha ar fud na tíre ar na línte traenach.

Ag an am céanna, bhí céile comhraic nua ag na comhlachtaí traenach - an t-inneall dócháin inmheánaigh. Ar dtús níor úsáideadh gluaisteáin ach do thurais gearra timpeall na gcathracha, ó nach raibh bóithre cearta faoin tuath. Sna fichidí, ámh, le holltáirgeadh carranna, tharla athrú meanman i measc Meiriceánach. Bhí na modhanna taistil seo costasach, ach dá mbeadh gluaisteán agat, ní bheifeá i dtuilleamaí amchláracha níos mó. Ní bheadh ort síobanna a fháil go dtí an stáisiún traenach, nó uaidh arís nuair a shroich tú do sprioc. D’fhéadfá tiomáint ó dhoras go doras dá mba mhian leat!

Díothú na Traenach

Mar is eol don saol, tá neamhspleáchas tábhachtach don Mheiriceánach, agus cheannaíodar na modhanna taistil nua seo go tiubh. Bhí na comhlachtaí traenach ag cailliúnt airgid sar i bhfad. Thuig na comhlachtaí cairr freisin gurbh ar a leasna a bheadh bás na dtraenach, agus chuireadar a ladar féin isteach. Glactar leis anois, mar shampla, gur cheannaigh an comhlacht General Motors go leor comhlachtaí tram i gcathracha Mheiriceá agus dhún iad, le cinntiú go mbeadh ar dhaoine brath ar ghluaisteáin.

Ritheann traenacha phaisinéirí ar 20,000 míle de línte anois sna Stáit Aontaithe, ach ainneoin na dtranglam tráchta i ngach cathair sa tír, ní móide go dtógfar níos mó línte go luath. Go deimhin, fiú i stáit mar Nua-Gheirsí, nach bhfuil orlach fágtha iontu do bhóithre nua níos mó, tá polaiteoirí go tréan ina n-aghaidh. Scrios gobharnóir nua an stáit sin, Chris Christie, tionscadal tolláin mhór do thraenacha idir Nua-Gheirsí agus Nua-Eabhrac i mí na Samhna seo caite, agus tá gobharnóir tofa Wisconsin, Scott Walker, tar éis tionscadal iarnróid mhórluais d’ardchathair an stáit sin, Madison, a scrios freisin, ag diúltú do $810 milliún ó rialtas na Cónaidhme sa phróiséas. Ar ndóigh, tá fearg ar lucht tacaíochta na dtraenach, a líomhnaíonn gur thug comhlachtaí innealtóireacht bóthair airgead mór do pholaiteoirí agus iad i mbun feachtais toghchánaíochta, ach is dócha nach bhfuil ann ach an roth ag teacht timpeall arís. Mar a d’imir na barúin iarnróid cleasanna 150 bliain ó shin, tá na barúin bhóthair ag déanamh an rud céanna sa lá atá inniu ann. D’imigh sin . . . agus tháinig seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.