CÚRSAÍ SPÓIRT
Fás, forbairt, agus drochinfheistíocht – an gnó agus Sraith Eircom
Emmet Ó Riain Emmet Ó Riain

rath ar roinnt foirne i Sraith Eircom ó thaobh airgid de ach tá go fóill le pleanáil fhadtéarmach, dar le hEmmet Ó Riain.

Íomhá
Íomhá

Imreoidh dhá foireann lánaimseartha i gcluiche ceannais Chorn an FAI den chéad uair riamh i gceann cúig seachtaine nuair a thabharfaidh Cathair Chorcaí agus Droichead Átha aghaidh ar a chéile.

Taispeánann an dá chlub seo an dá mheon dhifriúla atá ann i leith infheistíochta i Sraith Eircom faoi láthair.

Chuir Brian Lennox, cathaoirleach Chathair Chorcaí, níos mó ná a chuid airgid isteach sa chumann. Roimh theacht Lennox, bhí stair de dhrochstiúradh agus d’amaidíocht ag baint le clubanna sacair na cathrach. Cé gur éirigh leo sa tsraith agus sa chorn, chuir siad airgead amú agus thit an tóin as clubanna ar nós Hibs agus Albert.

Thug Lennox buanseasmhacht do Chathair Chorcaí agus is féidir na hathruithe a tháinig dá bharr seo a fheiceáil ar an bpáirc agus i gcuntais an chlub.

De bharr a chuid oibre, tá conradh acu le Nissan ar fiú €750,000 é thar trí bliana. Shroich siad an chéad bhabhta i gCorn UEFA i mbliana agus an cluiche ceathrú ceannais i gCorn Intertoto an bhliain seo caite. Toisc gur éirigh leo sna comórtais seo tá níos mó suime ag urraí sa chlub.

Ní fada ó shin a bhí foirne na sraithe ag imirt sa Pat Grace’s Famous Fried Chicken League of Ireland. Tá rudaí athraithe go mór – i mbliana, mar shampla, mhéadaigh an urraíocht a chuir Eircom isteach sa tsraith faoi cheathair.

Tá €400,000 le buachan san iomlán, chomh maith le €150,000 don fhoireann a bhuann Corn Setanta. Thuill Shelbourne €400,000 de bharr a gcuid iarrachtaí san Eoraip anuraidh, agus bhí samhradh cuibheasach brabúsach acu i mbliana nuair a shroich siad an dara babhta cáilithe i Sraith na Seaimpíní.

Tá míbhuntáiste ag dul le duaiseanna mealltacha den tsórt seo, rud atá le feiceáil i gcás Dhroichead Átha.

Chinn an club ar athrú go cumann lánaimseartha go luath tar éis dóibh na fadbhanna ollmhóra a bhí acu lena gcuid fiacha a réiteach. Is é an smaoineamh a bhí acu ná go n-éireodh níos fearr leo ar an bpáirc agus go mbeadh suim ag níos mó de mhuintir an bhaile sa bhfoireann dá bharr.

Chuir a gcuid infheisteoirí na céadta mílte euro isteach sa chlub agus, cé gur tháinig feabhas orthu, níl aon chorn buaite acu le déanaí. Chomh maith leis sin, níor tháinig ardú mór ar na sluaite i bPáirc O2 go fóill.

Mura mbuann Droichead Átha an cluiche ceannais i mí na Nollag, ní cheapaim go mbeidh siad in ann leanúint ar aghaidh mar fhoireann lánaimseartha. Má chailleann siad, beidh siad ag súil go mbeidh an tSraith buaite ag Cathair Chorcaí faoin am sin mar, mura mbeidh, ní bheidh áit acusan san Eoraip fiú.

Taispeánann sé seo dearcadh gearrthéarmach na stiúrthóirí. Dá mba rud é go raibh siad sásta an club a fhorbairt thar deich mbliana nó cúig bliana déag ní bheadh na fadhbanna seo acu. Cé gur thosaigh rath a theacht ar Chathair Chorcaí go luath tar éis theacht Lennox, tá plean fadtéarmach ag bainistíocht an chlub chomh maith.

An todhchaí

Luaigh Tuarascáil Genesis gur ghá plean cúig bliana a chur le chéile don tsraith. Dúradh go mba cheart do chlubanna Éireannacha bheith sna babhtaí grúpa i Sraith na Seaimpíní go rialta faoi dheireadh na tréimhse sin, gur cheart don tsraith a bheith sa chéad fiche sraith san Eoraip agus gur cheart go mbeadh roinnt d’imreoirí rialta na foirne náisiúnta ag imirt sa tsraith.

Níl seans ar bith go mbeidh clubanna na sraithe in ann na nithe seo a bhaint amach chomh luath sin. Níl siad réidh do na céimeanna seo ach ba cheart go mbeadh a leithéid d’aidhmeanna acu.

Bhí fadhbanna le Tuarascáil Genesis, go háirithe nuair a scríobh siad go mba cheart don tsraith a bheith ag cur íomhá “sexy and cool” chun cinn (an bhfaca siad bolg Glen Crowe le déanaí?) ach, cé nach raibh gach rud i gceart, ba cheart go nglacfaí le cuid de na moltaí.

De réir na tuarascála, tá an iomarca clubanna ón bpríomhchathair sa tsraith agus is gá é sin a athrú. Caithfear forbairt a dhéanamh sna bailte agus sna réigiúin a bheadh in ann club sraithe a chur le chéile, ionas go mbeidh níos mó éagsúlachta i Sraith Eircom.

Bheadh sé i bhfad níos fearr, a deirtear sa tuarascáil, dá mbeadh sraith aontaithe le sraith Carnegie an tuaiscirt i gceist. Ceapaim gur brionglóid é sin mar tá an iomarca fadhbanna ag baint le cúrsaí sacair agus polaitíochta chun é sin a dhéanamh.

Mar sin, is dóigh liom gurb é an bealach is fearr chun éagsúlacht a chothú ná infheistíocht a dhéanamh, le hairgead na n-urraí, i gclubanna ar nós Gaillimh Aontaithe agus Finn Harps.

Chomh maith leis sin, is gá forbairt a dhéanamh i réigiúin ina bhfuil clubanna a d’fhéadfadh a bheith ag imirt sa tsraith i gceann cúig bliana, ar nós Thrá Lí agus Mhaigh Eo.

Ní bheidh Real Madrid ag teacht go Páirc Mhic Éil i gCaisléan an Bharraigh go luath ach, le plean gnó maith, d’fhéadfaí sluaite móra a mhealladh chuig cluichí i gceantair mar Mhaigh Eo.

*Is as Baile Átha Cliath é Emmet Ó Riain. Bhain sé céim amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath roinnt blianta ó shin agus tá sé ag obair mar shaoririseoir faoi láthair. *

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.