TEANGA AGUS CULTÚR/AN GHAEILGE I gCÉIN
Ó München go Ráth Cairn
Christoph Wendler Christoph Wendler Christoph Wendler

Tá éirithe le Christoph Wendler an Ghaeilge a fhoghlaim, in ainneoin go bhfuil cónaí air sa Ghearmáin agus gur beag deis a bhí aige ar feadh i bhfad an teanga a labhairt.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Más rud é gur chuala tú na focail Biergarten, Hofbräuhaus nó *Oktoberfest *riamh, beidh a fhios agat gan mórán achair cé as mise. Sea, is as München na Gearmáine ó dhúchas mé, an chathair álainn sin i ngar do na hAlpa, áit a bhfuil cónaí orm fós. Táim i mo phrintíseach eagarthóireachta i láthair na huaire.

Tá suim agam sna teangacha ó bhí mé óg, rud a spreag mé le staidéar a dhéanamh ar an teangeolaíocht. Ceart go leor, a déarfaidh tú, ach cén fáth ar shocraigh tú ar Ghaeilge a fhoghlaim? Inseoidh mé duit cad a spreag mé.

Creid é nó ná creid, is é Samuel Beckett atá freagrach as an tsuim atá agam i gcultúr na hÉireann. Tar éis dom na céad línte de *Molloy *a léamh, thugas faoi deara ar an toirt gur dhearcadh neamhchoitianta ar an saol a bhí ann, dearcadh a bhain le domhan smaointeoireachta eile ar fad. Ansin, chuireas spéis i litríocht na hÉireann agus cé gurbh as Béarla a léigh mé an chuid is mó de na leabhair, ba léir dom go raibh an Béarla a bhí á úsáid fite fuaite i dteanga eile - le teanga dhúchais na tíre. Ba léir dom freisin gurbh éigean dom an teanga sin a bheith agam chun cultúir na tíre a thuiscint go hiomlán. Rud loighciúil intuigthe é, nach ea?

Cheannaíos leabhar agus chuas i mbun foghlama ceart go leor. Ach bhí a fhios agam ag an am nach bhfaighinn mórán seansanna a raibh foghlamtha agam a úsáid i mo thír féin. Ach nach orm a bhí an t-ádh? Bhí comhphobail ghréasáin na Gaeilge ag fás ó lá go lá. Spreagadh mór dom a bhí i mborradh sin na Gaeilge agus táim fíorbhuíoch as gach foilseachán idirlín, bíodh sé Beo, Lá *nó *An Teanga Bheo, gan trácht ar na siopaí idirlín ar féidir leabhair a cheannach uathu. I mo thuairimse, is brontannas Dé do na teangacha neamhfhorleathana é an t-idirlíon.

I ndiaidh an iomláin, is é is fearr a dhéanamh ná an teanga atá á foghlaim agat a léamh, mura bhfuil deis agat í a labhairt. Ní hamháin go méadóidh do stór focal, ach sleamhnóidh go leor coireanna cainte isteach i do cheann gan fhios duit. Mar sin féin, theastaigh labhairt na Gaeilge agus an cleachtadh uaim.

Ag lorg Gaeilgeoirí

I dtosach, níor éirigh liom Éireannach a raibh go leor Gaeilge aige/aici a aimsiú. Ach cé a casadh orm ach Bavárach eile a bhí ag foghlaim na teanga chomh maith. Ba mhór an faoiseamh dom é nuair a fuaireas amach nár mise an t-aon duine aisteach sa chathair. (Nílim ach ag magadh!)

Níor chailleas dóchas, áfach, agus faoi dheireadh thiar thall, tá cara le Gaeilge agam ar féidir liom an teanga a labhairt leis go rialta. Is tacaíocht mhór dom é. Corruair, bíonn fuaimniú ceart na bhfocal ina chnámh spairne eadrainn, ós rud é go bhfuil blas na Mumhan ar a chuid Gaeilge siúd agus blas Chonamara ar mo chuidse.

Chaitheas aon seachtain amháin i Ráth Cairn, Co. na Mí, níos luaithe i mbliana. Ní gá a rá nach féidir líofacht a fháil taobh istigh de sheachtain. Ba é an rud ba thábhachtaí ná gur léiríodh dom nach bhfuil an Ghaeilge marbh ná leathmharbh ach beo bríomhar agus í á labhairt i measc na bpáistí óga. Mar bharr air sin, bhí faill agam spléachadh a fháil ar shaol agus ar chultúr na Gaeltachta den chéad uair. Tá tuiscint níos fearr agam anois ar cé chomh crua is atá sé teanga neamhfhorleathan a chaomhnú.

“Cad chuige a bhfuil tú ag foghlaim Gaeilge, in ainm Dé, an ‘teanga gan úsáid’ sin?” an cheist a chualas go minic. Ach cad é “teanga gan úsáid” ar aon nós? Níl a leithéid de rud is “teanga gan úsáid” ann, ná a leithéid de rud is teanga “luachmhar” i gcomórtas le teanga “bheagmhaitheasach”. Is saibhreas cultúrtha gach uile theanga agus ba chóir dúinn gan lipéid leibideacha a chur ar oidhreacht an chine dhaonna.

Ait go leor, cé gur dúradh gurbh é an bás a bhí i ndán don Ghaeilge, tá an t-éileamh domhanda ar an teanga ag méadú ó lá go lá. Is eol do léitheoir na hirise seo go bhfuil an Ghaeilge á foghlaim, abair, sa Fhrainc, san Iodáil, san Fhionlainn agus i dtíortha nach iad. Tháinig mé ar shuíomh gréasáin ar a bhfuil cúrsaí gramadaí na Gaeilge á bplé as Gearmáinis. Níor mhiste a rá gur scríobh cuid mhaith de na cuairteoirí sa leabhar aíochta gur bhreá leo Gaeilge a fhoghlaim agus gurbh é an bac ba mhó a bhí ina mbealach ná easpa deiseanna í a úsáid. Go bhfaighe siad seacht míle deis!

Tá seanfhocal againn sa Ghearmáin: Is fada a mhairfidh an té a síleadh a bheith marbh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.