161
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Measann Tom Deignan nach cúis iontais ar bith é go bhfuil ráchairt chomh mór sin ar leabhair mar gheall ar na bithiúnaigh Éireannacha sna Stáit Aontaithe nuair a smaoiníonn tú an saghas saoil a chaith go leor acu.
»»»Níor thuig Alan Desmond chomh tógtha is a bhí na Polannaigh leis an bPápa Eoin Pól II go dtí gur chuir sé faoi i dtír dhúchais an Phápa.
»»»I dtrátha an ama seo gach bliain, bíonn scoláirí na tíre ar bís le fáil amach cén breithiúnas a thabharfar orthu ina dtuairisc scoile. Tugann Breandán Delap a mheas féin ar cad é mar a d’éirigh le baill den Chomhaireacht i gcaitheamh na bliana
»»»fdgjfdngjfhgjfd gthgfgth grthtgreyhtjuker ggf
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: cúrsaí grá.
»»»Scéal forálach faoi bheith ag iarraidh do bheatha a thabhairt i dtír mar cheoltóir in Fuerteventura, le Colm Ó Snodaigh.
»»»Tá Ciara Nic Gabhann ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar thaispeántas de shaothar an ealaíontóra Shasanaigh Lucian Freud a bheidh le feiceáil i mBaile Átha Cliath ón mhí seo ar aghaidh.
»»»Deirtear nach bhfuil in aon ní ach seal. Feiceann Bearnaí Ó Doibhlin an t-an-mheas in áit an ainmheasa ag muintir na hAstráile orthu féin. Tá rotha mór an tsaoil tiontaithe.
»»»Tá Breandán Delap den tuairim go bhfuil an Rialtas tar éis loic go mór ar chúigear Ros Dumhach, na fir as Maigh Eo atá sa phríosún ó bhí deireadh mhí an Mheithimh ann de bhrí go ndearna siad iarracht stop a chur le tógáil píblíne gháis trína gcuid talún.
»»»Tá dhá scannán molta ag Pat Butler an iarraidh seo. Deir sé gur scannáin eisceachtúla iad agus táid ar a gcamchuaird pictiúrlainne faoi láthair.
»»»An féidir an spealadh geilleagair a sheachaint ar bonn áitiúil ach eagrú chuige agus oibrithe oilte a choinneáil i do cheantar féin? Bhí Ciarán Mac Aonghusa ag meá na ceiste sin ar na mallaibh.
»»»Ní haon ribín réidh ar bhain Katie Taylor amach in imeacht blianta gairide dornálaíochta. Scríobh Colm Mac Séalaigh fúithi anseo cheana ach is mithid a héachtaí a aithint an athuair.
»»»Tháinig amhras ar Tony Birtill faoi fhoilseachán amháin ar stair na nGael i gceantar Learphoill i ndiaidh dó féin spéis ar leith a chur i stair na Gaeilge sa chathair sin. Ba léir dó nach raibh leagan amach beirt ollamh ag teacht lena chéile duth ná dath. Le cuidiú ó fhear amháin den bheirt, thosaigh sé ag tochailt níos doimhne le teacht ar an fhírinne.
»»»Molann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart do Chonradh na Gaeilge, tús áite a thógáil san allagar poiblí faoi thodhchaí na tíre trí chomóradh a eagrú ar an léacht cáiliúl a thug De hÍde 120 bliain ó shin, léacht a chuir tús leis an athnuachan as ar eascair, tríocha bliain níos deireanaí, stát neamhspéach don 26 Contae .
»»»Ciorann Maidhc Ó Cathail dorchlaí rúndiamhara Oifig Feidearálach an Imscrúdaithe faoina nós gobán a chur ar chuid dá muintir féin. Bean darb ainm Sibel Edmonds a coinníodh ciúin sa chás seo.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.