CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Ionad cultúrtha in ómós do Shéamus Ennis
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá ionad cultúrtha in ómós don phíobaire Séamus Mac Aonghuasa lonnaithe san Aill, i gContae Átha Cliath, áit a mbíonn go leor ócáidí a bhaineann leis an gceol traidisiúnta agus rudaí eile nach é, ar bun. Labhair Antaine Ó Faracháin le stiúrthóir an ionaid, Seán Mac Philibín, le fáil amach go díreach céard a bhíonn ar siúl ann agus céard atá ar na bacáin don bhliain úr.

Íomhá
Íomhá

Antaine Ó Faracháin: A Sheáin, inis dúinn i dtosach cathain a bunaíodh an t-ionad seo agus cén chaoi ar tharla sé.

Seán Mac Philibín: Bunaíodh bord bainistíochta an ionaid i 1999 agus d’oscail an t-ionad féin ar an 23 Deireadh Fómhar 2001. Táimid ag obair go dian ó shin.

AÓF: Cé a smaoinigh air agus cén aidhm a bhí leis?

SMP: Smaoinigh mé féin air i dtosach agus na príomhaidhmeanna a bhí agam ag an am ná ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil Shéamuis Mhic Aonghusa agus oidhreacht chultúrtha Fhine Gall a nochtadh.

AÓF: An bhfuil ag éirí leis an ionad, dar leat, na spriocanna a bhí roimhe a bhaint amach?

SMP: Tá ag éirí go breá leis an ionad agus tá na spriocanna bainte amach againn, dar liom.

AÓF: Cén áit a bhfaigheann sibh maoiniú don tionscadal? An bhfuil dóthain airgid agaibh?

SMP: Is iad Comhairle Chontae Fhine Gall príomhurraí an ionaid. Thug siad breis is €100,000 dúinn i mbliana. Tugann an Chomhairle Ealaíon deontas beag dúinn chomh maith, thart ar €12,500. Déanann muid féin breis is €350,000 in aghaidh na bliana, an chuid is mó de sa chaife atá oscailte seacht lá na seachtaine. Tá costaisí arda againn ar ndóigh, tuarastail ach go háirithe. Beidh breis airgid ag teastáil sa bhliain atá romhainn má tá muid chun leanúint leis an gclár cuimsitheach atá leagtha amach againn.

AÓF: Cén saghas ócáidí a bhíonn ar bun ann? An bhféadfá príomhimeachtaí na bliana seo caite a lua.

SMP: Ceolchoirmeacha den chuid is mó a bhíonn ar siúl againn. Sheinn Paddy Keenan, Martin Hayes, Luka Bloom, John Martyn, Dordán, Téada, Tony MacMahon agus Steve Cooney, i measc go leor eile, san ionad in 2005.

AÓF: Réimse leathan! An bhfuil luí áirid ann leis an gceol dúchasach? Céard faoin amhránaíocht dhúchasach agus an Ghaeilge?

SMP: Tá béim ar leith ar an gceol traidisiúnta ach bíonn gach saghas ceoil ann, ceol clasaiceach agus snagcheol san áireamh. Is beag atá déanta againn ó thaobh na hamhránaíochta traidisiúnta de go dtí seo ach beidh deis againn an scéal sin a athrú sa bhliain atá romhainn! Bíonn ranganna Gaeilge againn gach Céadaoin agus déanann muid aon ghnó gur féidir linn a dhéanamh trí mheán na Gaeilge.

AÓF: Inis dúinn beagán faoin áit féin. Teach beag deas atá ann, nach ea? An mbíodh ceol san áit sa seanam?

SMP: Teach beag ceanntuí atá againn agus halla beag ar chúl an tí. Tá stair an-spéisiúil ag baint leis an teach féin. Teach siamsa a bhí ann sa seanam. Bhí Micheál Ó Maoláin mar mhúinteoir Gaeilge ann. Bhí sé ag obair mar thimire do Chonradh na Gaeilge agus bhí ranganna ar siúl aige gach seachtain sna blianta 1904-1905. Nuair a thosaíomar ar an teach féin a dheisiú, tháinig muid ar chnuasach de cheol traidisiúnta san áiléar. Tá sé i gceist againn an cnuasach seo a fhoilsiú am éigin amach anseo. Bhí clú ar an teach mar theach céilí. Is minic a tháinig Sinéad Flannagan (Sinéad Bean de Valera) anseo sa seanam chuig na hoícheanta siamsaíochta a bhíodh ann go rialta.

AÓF: Céard faoi Shéamus Mac Aonghusa? Cén fáth gur ainmníodh an áit in ómós dósan?

SMP: Maidir le Séamus Mac Aonghusa féin, bíonn ceiliúradh speisialta againn in aghaidh na bliana ar oidhreacht Shéamuis. B’as an áit seo dá mhuintir agus chaith sé na blianta deireanacha dá shaol anseo. Tá sé curtha sa reilig áitiúil i measc a mhuintire féin.

AÓF: Céard ba mhaith leatsa a fhorbairt san áit amach anseo?

SMP: Bhuel, beidh maoiniú caipitil againn an bhliain seo chugainn. Tá sé i gceist againn cur leis an áit agus réimse níos leithne imeachtaí a chur ar siúl.

AÓF: An mbíonn sé deacair smaoineamh ar rudaí úra le déanamh i gcónaí?

SMP: Níl sé deacair smaoineamh ar rudaí nua ach tá sé deacair na himeachtaí a choinneáil ar siúl. De ghnáth, bíonn ar a laghad trí imeacht againn gach deireadh seachtaine agus bím féin i láthair ag na himeachtaí sin ar fad, nach mór!

AÓF: Céard faoin bpobal áitiúil? An mbaineann siadsan úsáid as an áit nó cé hiad na daoine a bhíonn ag freastal ar na hócáidí?

SMP: Bíonn an teach in úsáid go rialta ag an bpobal áitiúil. Bíonn cruinnithe ag gach cumann áitiúil anseo, ó choiste na dtuismitheoirí ón scoil go dtí an club gunnadóireachta.

AÓF: Is léir go mbíonn an t-ionad ag iarraidh gach aoisghrúpa a mhealladh agus freastal ar réimse leathan spéiseanna freisin. Obair mhór! An éiríonn tú tuirseach di riamh?

SMP: Bhí obair mhór i gceist in 2004 agus bhí mé traochta amach is amach! Bhí briseadh na Nollag ag teastáil go géar.

AÓF: Bíonn féile de cheol traidisiúnta ar siúl gach bliain chomh maith. Inis dúinn faoi sin.

SMP: Is í an fhéile cheoil an príomhimeacht a bhíonn ar siúl againn gach bliain - “The Return to Fingal” a thugann muid uirthi. Cuireann muid béim ar leith ar chúrsaí oideachais; bíonn ceardlanna ceoil ann agus clár mór ceoil sna scoileanna áitiúla.

AÓF: Céard iad na pleananna atá ag an ionad don bhliain úr?

SMP: Mar a luaigh mé níos luaithe tá sé i gceist againn cur leis an áit. Tá €1,000,000 curtha ar leataobh ag Comhairle Chontae Fhine Gall don obair seo. Beidh orainn féin airgead a aimsiú freisin. Is dócha go mbeidh idir €3,000,000 agus €4,000,000 ag teastáil.

Tuilleadh eolais: info@seamusenniscentre.com; www.seamusenniscentre.com

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.