Tá go leor le foghlaim, dar le Breandán Delap, faoi mheicníocht an phróiseas síochána ó thuaidh ó chuntais iar-Phríomh-Aire na Breataine, Tony Blair, agus iar-Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Peter Mandelson in dhá leabhar a foilsíodh ar na mallaibh.
Is deacair smaointeamh ar Tony Blair gan chuimhneamh Peter Mandelson, nó a mhalairt. Bhí gníomhréim na beirte sa pholaitíocht fite fuaite ina chéile. Rinne siad iomlánú ar a chéile agus bhí lámh acu beirt i mbláthú agus i bhfeo an fhir eile. Bhí siad araon ceangailte go dlúth leis an ghluaiseacht a chuir deireadh le sean-mhodheolaíocht Pháirtí Lucht Oibre na Breataine agus a chur tús le New Labour, eagraíocht a bhí rite le claonbholscairí, le dreamanna fócais is a bhfuil coincheapa mar ‘on message’ mar oidhreacht aige. Chaith siad beirt tréimhsí ag plé leis na trioblóidí ó thuaidh. Maíonn Blair gur mhisean a bhí aige sular toghadh é síochán a thabhairt go hÉirinn. Ach ba de thaisme a tháinig Mandelson anseo agus é ag súil le haiséirí pholaitiúil, (tar éis dó éirí as oifig de bharr gur ghlac sé le hiasacht gan ús ó chomhleacaí leis, Geoffrey Robinson, le teach a cheannach fad is a bhí a chuid gnaithe á fhiosrú ag an Roinn a bhí faoi cheannas Mhandy.) Aiséirí gan rath a bhí ann i ndeireadh ama agus chríochnaigh a sheal mar a thosaigh sé agus é díbeartha go hiarghúil na gcúlbhinsí tar éis oilbhéim eile inar cuireadh ina leith go ndearna sé iarracht tionchar a imirt ar iarratas ar chlóichead do fhear saibhir as an Ind.
A Journey atá ar leabhar Bhlair agus is geall le turas taobh istigh de thuras é an próiseas síochána: “a complicated trek through a very dense and dangerous jungle, as we tried to get to the uplands where we could see our way to a negotiated deal.” Turas a bhí ann do na taobhanna éagsúla fosta - próiseas seachas ócáid - inar tháinig siad i méadaíocht in imeacht ama. Bhí Blair i láthair i Stoirmhonadh ar an 8 Bealtaine, 2007, tráth ar sroicheadh buaicphointe an turais seo, nuair a chuaigh an DUP agus Sinn Féin i mbun rialtais le chéile. Mar is gnách, bhí agóid taobh amuigh de Stoirmhonadh an lá sin, ach murab ionann is ócáidí eile, ba in éadan chogaidh san Iaráic a bhí an ceann seo. ‘When I saw it, I felt that Northern Ireland had just rejoined the rest of the world,” a deir Blair.
Ar Lorg Ardmhá na Síochána
Thosaigh an turas, dar leis an iar-Phríomh-Aire, sular toghadh ar chor ar bith é. Deir sé gur inis sé do John Prescott roimh thoghchán na bliana 1997 go mbeadh síochán ó thuaidh mar phriaracht pholaitiúil aige. Scigmhagadh a rinne a chomhleacaí mar fhreagra, agus cé a thógfadh air é mar gur theip ar gach iarracht a rinne a chuid réamhtheachtaí rialtas déabhlóideach a bhunú in Éirinn. Go deimhin, scríobh duine acu, Sir Winston Churchill, tar éis an chéad chogaidh mhóir: “The whole map of Europe has changed....but as the deluge subsides and the waters fall short, we see the dreary steeples of Fermanagh and Tyrone emerging once again. The integrity of their quarrel is one of the few institutions that has been unaltered in the cataclysm which has swept the world.”
Clár oibre dúshlánach a chuir Blair roimhe mar sin agus gan mórán le gnóthú ar a shon: “the conflict was the issue in Northern Ireland (no labour voters there) but not really an issue in United Kingdom politics (indeed, the more you solve it the less salient it becomes); fantastically difficult; inordinately time-consuming. In terms of pure political self-interest, stakes were high if you failed, low if you succeeded.”
Ba cheart a rá ag an staid seo go bhfóireann sé do Bhlair béim a chur ar a bhain sé amach ó thuaidh i bhfianaise na gcogaí tubaisteacha san Iaráic agus san Afganastáin, a raibh lámh nach beag aige iontu. Maíonn sé nach raibh tairbhe ar bith le baint as ag an am ach is léir, i bhfianaise a laghad measa atá air de bharr ionradh na hIaráice, go bhfuil go leor tairbhe le baint aige as an íomhá gur mhaith leis a chur chun tosaigh, ’sé sin gur fear síochána seachas fear cogaíochta é. Ach ba dhoiligh don chancrán is mó an gradam sin a bhaint uaidh ó thaobh an tuaiscirt de.
Borradh agus Athrú Saoil
Maíonn Blair go raibh bá faoi leith aige le hÉirinn de bharr a chúlra Conallach agus na laethanta saoire glórmhara a chaith sé i Ros Neamhlach sular chuir na trioblóidí stad tobann leo. Agus é ag fás aníos i Sasana, amharctaí ar Éireannaigh mar chine a bhí ‘inherently inferior’: “They were dismissively labelled ‘the bog Irish’, to be employed as a builder’s labourer but not in a bank.” (Ar ndóigh is iomaí duine a bheadh ar aon tuairim le sin anois i bhfianaise an praiseach a rinne muid dár gcóras baincéireachta le traidfil blianta anuas!)
Ach fán am ar thug Blair faoin phróiseas síochána bhí athruithe móra tagtha ar dheisceart na hÉireann, idir gheilleagar agus dul chun cinn i gcúrsaí cultúir is spóirt: “In the space of a few years it was no longer the backward old South that was looked down upon, but the North. The South was sprinting down the track towards the future, while the people of Northern Ireland were hanging around the starting blocks arguing about Protestants and Catholics in a way that obscured the race ahead in mists of irrelevance.” Mheas sé go raibh na trioblóidí “ridiculously old-fashioned and out of touch with the times in which the island of Ireland lived.”
Ba dhoiligh easaontú lena léamh ar an dá phobal: “Ulstermen (and it was all very male) were men of few words, literal, strongly spoken but polite, with a humour all their own and a tendency, not always unfounded, to distrust the world. The Irish were gregarious, flambouyant, of many colourful words, preferring to talk in generalities rather than particulars, with a keen sense not only of their status as victims but also of the wider world being more in tune with them than with their victimisers.” Chonaic Blair an difear seo ach go háirithe le linn turas a thug sé ar Bhéal Feirste ag am nuair a bhí bratacha Pailistíneacha ar foluain ar fud na gceantar Poblachtánacha de bharr go raibh toscaireacht ón tír sin tagtha chun na cathrach ar chuireadh ó Shinn Féin. Thug sé faoi deara agus é ag imeacht an lá dar gcionn go raibh bratacha Iosrael ar crochadh le mórtas sna ceantair dhílseacha!
Léim na Leimíní le hAill
Tá cur síos drámatúil, buille ar bhuille, sa leabhar ar na laethanta beaga roimh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus an ról a bhí ag na páirtithe éagsúla ann. Bhí stíl idirbheartaíochta faoi leith ag an dá thaobh. Chloígh Sinn Féin le líne faoi leith i dtólamh agus bhí a dtoscaireacht i gcónaí ar aon fhocal lena gceannasaí. Níorbh ionann an cás do na haontachtóirí: “You would think you had them all jolly and sorted then one of them, usually not the leader, would make a depressing or downbeat comment and helter-skelter they would all follow in leaping off the cliff...They also had an innate and powerful tendency to think they were being had.”
Éacht a bhí ann, mar sin, snátha éagsúla an Chomhaontaithe a tharraingt le chéile “by the squeakiest of squeaks.” Ach dar le cuntas Blair ba dhóbhair gur thit an tóin as na cainteanna ag an bhomaite dheireanach de dheasca cúrsaí teanga. D’fhógair Rialtas na hÉireann go raibh siad ag iarraidh dhá fhoras thrasteorann breise a bhunú, ceann a bhain leis an Ghaeilge ina measc. D’éirigh rudaí teasaí nuair a thug Ceannaire na n-Aontachach Ulaidh, David Trimble, le fios go raibh an t-aitheantas céanna dlite don Ultais: “Bertie did not take quite the same relaxed view of the importance of Ullans as I did, suggesting that maybe David would like to speak some of ‘the fecking thing’ so we could hear what it sounded like; and David taking umbrage at the idea that the dialect was a Unionist invention, explaining solemnly and at length the Scottish roots of Ullans with all the sensitivity of a landowner talking to the village idiot.” Ag an tráth seo dúirt Rúnaí Preasa Rialtas na Breataine, Alastair Campbell, go rachadh sé doiligh air a mhíniú do na meáin chumarsáide, a bhí tagtha ó achan chearn den domhan, nach mbeadh socrú ar bith ann agus go leanfaí leis an chogaíocht de bharr aighneas a bhain le canúint a dtugtar Ullans air!
Tar éis síniú an Chomhaontaithe, deir Blair gur thuig sé nach raibh an próiseas críochnaithe, ná baol air: “It wasn’t the end, it was the beginning.....whereas the agreement could be described as art – at least in concept – the implementation was more akin to heavy manufacturing.” Baineann sé úsáid as meafar an turais arís: “although we had the map, we were miles from journey’s end.”
Tar éis an chuntas seo ar shíniú an Chomhaontaithe, áfach, leagann Blair síos deich bprionsabail a bhaineann le haighneas a réiteach seachas na miondindiúirí a thabhairt dúinn faoin dóigh ar baineadh an próiseas chun míntíreachais ina dhiaidh sin. Cuma cén dearcadh atá agat faoi ról Bhlair in ionramh na hIaráice, ní thig a shéanadh gur píosa scríbhneoieachta den chéad scoth é seo a bhféadfadh a bheith mar lámhleabhar dóibh siúd atá ag lorg na síochána ar fud na cruinne. Cuireann sé na prionsabail seo i gcomhthéacs a chúram úr mar Thoscaire na Náisiúin Aontaithe san Mheánoirthear. Ar a laghad leis an mheánoirthear, tá na páirtithe aontaithe faoin toradh a bheas leis an idirbheartaíocht ann, ’sé sin réiteach dhá stát. Ní raibh aon comhdhearcadh, áfach, maidir leis an toradh a rabhthas ag súil leis ón phróiseas síochána ó thuaidh, dar le Blair.
Bíonn an tAcht Teanga Searbh
I measc na bprionsabal a ríomhtar, tá an straitéis realpolitik go gcaithfear an fhírinne a cheilt ó am go chéile: “politicians are obliged from time to time to conceal the full truth, to bend it and even distort it, where the interests of the bigger strategic goal demand it done.” Seans gur míniú é seo ar an mhéid a tharla i gCill Rímhinn, tráth ar aontaíodh faoi choim le Sinn Féin go n-achtófaí reachtaíocht teanga ó thuaidh. Maíonn an DUP nach raibh aon eolas acu faoi seo agus leanann an impasse maidir le hAcht Teanga.
Líontar cuid de na bearnaí faoinar tharla idir shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus cur le chéile an Fheidhmeanais i 2007 i dtuairisc Mhandelson ar a thréimhse mar Stát-Runaí an Tuaiscirt. Bhí seanchairdeas idir Mandy agus Stát-Rúnaí an Tuaiscirt, Mo Mowlam, agus gheall sé go ndéanfadh sé idirbheartaíocht ar a son nuair a tuairiscíodh go raibh rún ag Tony Blair í a bhogadh go cúram eile. Ina áit sin, bhronn an Príomh-Aire an cúram ar Mhandelson féin. Ní nach ionadh, bhí Mo ar mire leis agus chuir sí ina leith go raibh sé ag iarraidh a post a ghoid uaithi. Cuirfidh sé iontas ar a lán, b’fhéidir, gur scríobh Mandelson – fear a bhfuil cáil Machivelliach air – ina dhiaidh sin chuig Blair ag impí air Mo a fhágáil san áit ina raibh sí. Mhaígh Blair, áfach, nach raibh muinín ag na hAontachtóirí inti agus gur beag meas a bhí ag an phobal náisiúnach uirthi a thuilleadh. De bharr sin, bhíodh ar Bhlair féin go leor den ualach a iompar, dar leis.
Measann Mandelson nach fíor a rá go raibh Blair in éad le Mo, ach cé go dtugann an iar-Phríomh-Aire moladh dá misneach ina leabhar siúd, is beag tagairt go fíreannach atá déanta di ann. Ról imeallach a bhí aici i síniú an Chomhaontaithe de réir chuntais Bhlair. Le bheith féaráilte do Mhandelson is mó meas a léiríonn sé dá réamhtheachta (a bhí “brash and gutsy”) agus maítear go fiú go mbeadh sé de nós aici cóisirí a eagrú i gCaisleán Chroimghlinne ina mbíodh na haíonna meisciúla ag pocléimnigh ar leaba na Banríona!
Ní Údar, Ní Fheadar
Ba léir go raibh an próiseas imithe faid áirithe fán am a bhain Mandelson na Sé Chontae amach. Ar shiúlóid lena mhadra, mar shampla, a bhí sé le linn ceann de na cruinnithe le Gerry Adams. Go deimhin, ’sé Adams féin a mhol go bhfaighfeadh sé peata agus cé gur thairg sé ceann a fháil dó, bhí imní ar lucht slándála go mbeadh gairis chúléisteachta ina lapa! Nuair a b’éigean do Mhandelson éirí as a chúram, ghlaoigh Adams le comhbhrón a dhéanamh leis. Léargas é sin, dar liom, ar a dhlúithe is a bhí an teagmháil idir na páirtithe éagsúla ag an am.
Díol spéise go dtugann an bheirt údar le fios gur cineál niúdar neádar ab ea David Trimble, cé go n-admhaíonn siad beirt go raibh jab crua aige. “There were moments when he also needed to recognise the need for decisiveness,” a deir Mandelson. “David, I think, took the view that I did too little to assist him; I took the view he never quite stood up for the positive, tending rather to share and sympathise with the Unionist propensity to see plots and conspiracies against them.”
Ach ba bheag cion a bhí ag na náisiúnaithe ar Mhandy. Ghlac sé le comhairle Príomh-Chonstábla an RUC, Sir Ronnie Flanagan agus Ceannasaí an airm, Sir Hew Pike, maidir le ‘normálú’ a dhéanamh ar chúrsaí slándála, mar shampla, seachas cinneadh polaitiúil a dhéanamh. Tá cur síos thar a bheith greannmhar sa leabhar ar chomhrá idir Tony Blair agus Paddy Teahon, inar thug Rúnaí Rialtais na hÉireann na mionnaí móra agus na seacht mallacht ar Mhandelson a bhí, i ngan fhios dó, ag cúléisteacht leis an chomhrá!
Maíonn Mandelson ins an leabhar seo gur tábhachtaí i bhfad é dúshraith muiníne a bhunú ná caidreamh pearsanta maith a bheith aige le leithéidí Adams agus McGuinness. Ach is beag náisiúnach a déarfadh gur éirigh leis an mhuinín sin a chothú mar go raibh iomrá na slítheantachta air i bhfad sular bhog sé ó thuaidh. Má bhí muinín caillte ag na hAontachtóiri ina réamhtheachta, is cinnte fán am a d’fhág sé gur beag deor a sileadh i measc an phobail náisiúnaigh.
Agus é ag déanamh a bhealach trí dhaoscarslua Dílseach i bPort an Dúnáin tráth, dúradh le Mandelson; “There are only two models of Northern Ireland Secretary: Mo Mowlam and Roy Mason....If you know what’s good for you, you’d better be Mason not Mowlam. Got the Message?” Is dócha gurb é an breithiúnas a thabharfas lucht staire ar thréimhse Mhandelson sa Tuaisceart ná go raibh sé áit éigin idir eatarthu.
A Journey le Tony Blair (Hutchinson, €26.99) The Third Man le Peter Mandelson (Harper Press, €16.99)
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.