Bhéarfaidh Colm Mac Séalaigh siar trí chonspóidí na rothaíochta sinn chomh maith le cuntas a thabhairt san alt seo ar fhear de laochra spóirt ár linne, Lance Armstrong, agus a chuairt ar Éirinn le haghaidh Rás Tailteann na bliana seo
Fógraíodh cúpla seachtain ó shin go bhfuil sé i gceist ag an rothaí cáiliúil, conspóideach, Lance Armstrong, páirt a ghlacadh sa rás rothair in Éirinn ar a dtugtar an ‘Tour of Ireland’. Is é an leagan Gaeilge de réir focal.ie ná Cuairt na hÉireann, ach níl aon leagan Gaeilge, ná aon fhocal Gaeilge (seachas ‘Bord Fáilte’), ar shuíomh gréasáin ‘Tour of Ireland’.
Thugtaí ‘Rás Tailteann’, tráth, ar an rás rothair timpeall na hÉireann, ach is cosúil go bhfuil an Ghaeilge ligthe i ndearmad ag muintir na rothar le scaitheamh. Bíonn an chuma ar an scéal uaireanta go dtógaimid, mar náisiún, céim amháin chun cinn, agus céim eile ar gcúl maidir le húsáid na Gaeilge. Ar aon nós, is i mí Lúnasa seo chugainn a bheidh an rás ar siúl agus is spreagadh mór é do mhuintir na rothar in Éirinn go bhfuil an rothaí is cáiliúla ar domhan ag teacht chun na tíre.
Tiocfaidh na mílte daoine amach, gan amhras, chun Lance Armstrong a fheiceáil ar a rothar, tá an oiread sin cáile air. Cuid den chúis leis an tsuim mhór ann ná go bhfuil an rás timpeall na Fraince, an Tour de France, buaite aige seacht n-uaire as a chéile in ainneoin é a bheith tinn le hailse ar feadh tréimhse dá shaol, agus go bhfuil sé tar éis filleadh ar an rothaíocht arís tar éis dó éirí as cúpla bliain ó shin.
An tAiséirí
Murab ionann agus dornálaithe, cuir i gcás, deirtear go bhfuil sé ionann is dodhéanta ag lucht rothair teacht ar ais mar iomaitheoirí tar éis dóibh éirí as an spórt ar feadh scaithimh ar an ábhar gur spórt thar a bheith dian é a éilíonn leibhéal an-ard aclaíochta, nirt agus crógachta. Tá Lance Armstrong 37 bliain d’aois agus dar lena lán, ní cóir dó bheith ag smaoineamh ar dhul suas ar rothar athuair agus tabhairt faoin spórt is deacra ar fad. Ach, tá a lámh tréan, a chosa freisin gan amhras, agus is as Texas é, áit a bhfuil na fir láidir agus cróga, más fíor na scéalta. Tá tuairimí éagsúla ann faoin bhfáth a bhfuil sé fillte ar an spórt (ghlac sé páirt i Rás Chalifornia agus san Astráil cheana féin), ach deir sé féin gurb é spórt na rothaíochta féin atá á mhealladh ar ais, é sin agus an obair atá ar bun aige chun an galar ailse a throid. Tá na milliúin dollar tugtha isteach ag an Lance Armstrong Livestrong Foundation a bhfuil sé mar aidhm aige an galar marfach a chloí. Is é sin, thar aon rud eile, atá á spreagadh, deir sé, agus tugann a cháil mar rothaí ardán dó chun cuspóirí na heagraíochta a chur chun cinn.
Chomh maith le páirt a ghlacadh i gCuairt na hÉireann, freastalóidh Mac Tréanlámhaigh ar an Livestrong Global Cancer Summit a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath idir 24 agus 26 Lúnasa. Tá sé mar aidhm ag an gcruinniú mullaigh seo cinnirí éagsúla de chuid na polaitíochta, an ghnó agus eagraíochtaí neamhrialtais a thabhairt le chéile chun beartas nua, comónta a chur chun cinn i dtreo leigheas a fháil ar an ailse.
Ar ndóigh tá ríméad mór ar lucht na rothar in Éirinn go mbeidh Lance Armstrong ina measc agus é ag rothaíocht ar bhóithre na hÉireann seacht mbliana déag tar éis dó a bheith ann cheana. Beidh an Tour de France 2009 thart faoin am a dtiocfaidh sé go hÉirinn agus cá bhfios nach ina churadh uair amháin eile ar an rás is mó agus is déine ar domhan a bheidh sé.
Má tharlaíonn sin, ní choinneoidh arm na hÉireann smacht ar na sluaite a thiocfaidh chun é a fheiceáil.
An tAmhras ar Oineach
In ainneoin an dea-scéala seo don spórt rothaíochta in Éirinn agus don chúis i gcoinne ailse ar fud an domhain, tá amhras ar go leor daoine faoi Lance Armstrong i dtaobh úsáid drugaí. Tá sé ráite go minic gur dóigh go nglacann, nó gur ghlac sé, nó gur bhain sé feidhm as ‘dóp’, nó as drugaí mídhlisteanacha, le linn a sheala mar rothaí gairmiúil. Is iomaí ráfla a bhí ann in imeacht na blianta ina thaobh seo ach níor cruthaíodh go cinnte, dearfa go raibh bunús leis na ráflaí céanna. Ach, ní mór cuimhneamh air go bhfuil cáil na ndrugaí ar lucht na rothar le fada, ag dul siar 40 bliain nó níos faide. Tá an spórt chomh dian sin, agus an iomaíocht chomh géar idir rothaithe aonaracha chomh maith le foirne, agus airgead mór le gnóthú, go ndeirtear nach féidir buaic na glóire a bhaint amach gan na drugaí a chuidíonn leis an rothaí teacht chuige féin tar éis lá fada ar an diallait.
Deir Armstrong go bhfuil sé “glan”, is é sin go bhfuil sé gan cháim, maidir le drugaí mídhlisteanacha a bheith in úsáid aige, agus go bhfuil sé sásta go ndéanfaí é a thástáil go rialta. Ach, níl gach duine sásta muinín iomlán a chur i bhfocail Armstrong agus duine de na daoine is mó a chaitheann amhras ar a ionracas is é an t-iriseoir agus an t-iar-rothaí gairmiúil, Paul Kimmage. Is iriseoir spóirt é Kimmage leis an Sunday Times, agus bhain a leabhar faoina thréimhse rothaíochta féin, ‘A Rough Ride’, cáil amach siar sna 1980í. Rinne sé cur síos sa leabhar ar úsáid drugaí i measc na rothaithe a bhí ann lena linn.
Níor chuir Paul Kimmage fiacail ann nuair a dhiúltaigh sé fáilte a chur roimh fhilleadh Lance Armstrong ar spórt na rothar. Dar leis go bhfuil an iomarca ceisteanna gan fhreagra faoi úsáid drugaí curtha i leith Armstrong le blianta fada anuas, nach bhfáiltíonn Armstrong roimh cheisteanna ó iriseoirí agus ó lucht na meán, agus go raibh baint aige le daoine éagsúla i rith na mblianta nach bhféadfaí muinín a chur iontu maidir le húsáid na ndrugaí. Nuair a chuir Kimmage ceist ar Armstrong ag preasócáid i gCalifornia, d’ionsaigh Armstrong é as ucht píosa a bhí scríofa ag Kimmage sa Sunday Times ina ndearna tagairt sé d’Armstrong mar ‘cancer of the sport’. Seans maith go ndearna an nath sin níos mó dochar do cháil Kimmage ná do cháil agus stádas Armstrong. Cibé duine atá ceart nó mícheart sna cúrsaí seo go léir, is deacair a rá, ach is cinnte nach bhfuil deireadh fós le ceisteanna, leath-thagairtí, ná le ráflaí faoi ábhar atá ag creimeadh spórt na rothar agus spórt eile le fada.