AR NA SAOLTA SEO/AN EORAIP
Éagóracha an 20ú haois ag goilleadh go fóill ar na Polannaigh

Tá sé tugtha faoi deara ag Alan Desmond, atá ag cur faoi sa Pholainn, gur minic a dhéanann muintir na tíre tagairt d’éagóracha a rinneadh orthu san aois seo caite.

Íomhá
Íomhá
An tAire Gnóthaí Eachtracha, Włodzimierz Cimoszewicz
Íomhá
Saighdiúirí Gearmánacha ag máirseáil sa Pholainn, Meán Fómhair 1939

Ní annamh a mhaítear gur daoine iad muintir na hÉireann a bhfuil spéis thar na bearta acu i stair a dtíre féin. Ach dá mhéad an tsuim a chuireann Éireannaigh i stair na hÉireann, is geall le suim soip í nuair a thuigtear a fheasaí is a eolaí a bhíonn Polannaigh maidir le stair na Polainne.

D’fhéadfaí gaol seo na bPolannach lena stair a mhíniú ar roinnt leibhéal. Ba thír bheag í Éire riamh nach raibh cumhacht ná gustal mór le maíomh aici ach i rith an 16ú haois déag, mar shampla, bhí an Pholainn ar na tíortha ba mhó, ba chumhachtaí agus ba shaibhre san Eoraip. Ba ríocht í an Pholainn a raibh roinnt mhaith de na cearna den Eoraip láir faoina súistí aici.

Agus ní chomh fada siar sin atá an 16ú haois dar le daoine áirithe. Cúpla seachtain ó shin bhí mé i siopa bláthanna agus nuair a d’aithin an freastalaí orm nach de bhunadh na háite mé rinne sé iar-ghlór na Polainne a mhíniú dom. “Ba mhórchumhacht í an Pholainn,” a dúirt sé agus aoibh an gháire air, amhail is go mbeadh cuimhne aige fós ar an aimsir sin, cé gur tháinig deireadh léi breis is dhá chéad bliain ó shin nuair a scriosadh an Pholainn de mhapa na hEorpa i 1795.

Fuarthas neamhspleáchas na Polainne ar ais i 1918, ag deireadh an Chéad Chogadh Domhanda, ach ina ainneoin sin bhí an scéal go riabhach ag an bPolainn ar an gcuid is mó de le linn an 20ú haois.

Is cinnte go bhfuil drochstaid seo na tíre sa 20ú haois ar na rudaí is cionsiocair le Polannaigh bheith chomh sochorraithe sin maidir lena stair. Is beo fós dóibhsean a mhair trí fhormhór an 20ú haois agus a bhfuil cuimhne ghrinn acu ar ar thit amach sa Pholainn sa 20ú haois, rud a fhágann gur ceist bheo go fóill í stair dhéanach na tíre.

Feictear do Pholannaigh gur caitheadh go mífhéaráilte leo, go ndearnadh feall orthu sa 20ú haois agus go bhfuil siad fós ag fulaingt de dheasca an fhill seo.

I bhfianaise an dearcaidh seo tá seans go mbeadh Polannaigh gach pioc chomh híogair maidir lena stair fiú muna mbeadh beo fós daoine a bhfuil taithí phearsanta acu ar chora crua na haimsire atá caite.

I ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda géilleadh an Pholainn do Stalin agus don Aontas Sóivéadach, rud a d’fhág gur laistigh de theorainneacha an Chuirtín Iarainn a bheadh an tír. Is é tuairim dhiongbháilte na bPolannach gurbh éagóir fhollasach é seo agus goilleann sé orthu go dtí an lá atá inniu ann.

I mí Dheireadh Fómhair 2004, mar shampla, bhí tuairisc sna meáin go raibh na saighdiúirí Polannacha a bhí ag comhoibriú leis na Meiriceánaigh san Iaráic le tabhairt abhaile roimh dheireadh 2005. Rinne an tAire Gnóthaí Eachtracha, Włodzimierz Cimoszewicz, an scéal a bhréagnú, ag rá “ní fheallfaidh an Pholainn ar chomhghuaillí dá cuid den chéad uair, cé gur minic atá feall imeartha ar an bPolainn ag a comhghuaillithe san am atá caite”.

Ba thagairt í seo don dochar a rinneadh nuair nár tháinig an Bhreatain ná an Fhrainc i gcabhair ar an bPolainn i mí Mheán Fómhair 1939 nuair a rinne an Ghearmáin ionradh ar an tír, cé go raibh conarthaí sínithe ag an bPolainn leis an dá thír sin go dtiocfaidís i gcabhair i gcás ionraidh.

Ba thagairt í chomh maith don mhargadh a rinne ceannaire an Aontais Shóivéadaigh, Joseph Stalin, Uachtarán na Stát Aontaithe, Franklin Delano Roosevelt, agus Príomh-Aire na Breataine, Winston Churchill, i Yalta i 1945. Nuair a chruinnigh an triúr seo le chéile le cinniúint iar-chogaidh na hEorpa a shocrú, thit sé amach go mbeadh an Pholainn laistiar den Chuirtín Iarainn. Ba bhocht an chinniúint a bhí roimh an bPolainn mar stát spleách de chuid an Aontais Shóivéadaigh.

Tháinig na cumannaigh i gcumhacht de bharr toghcháin mhímhacánta bheith eagraithe acu agus tugadh daoine a chuir in aghaidh na gcumannach chun trialach nó cuireadh chun báis iad.

B’fhéidir nach aon ionadh mar sin go mbíonn an cam a imríodh ar an bPolainn ag Yalta fós á lua ag Polannaigh sa lá atá inniu ann. Agus is deacair gan tuiscint bheith agat do Pholannaigh ar an bpointe seo. Ba é ionradh na Gearmáine ar an bPolainn a chuir tús leis an Dara Cogadh Domhanda i 1939 agus is amhlaidh gurbh é an t-ionradh seo ba chúis leis an mBreatain cogadh a fhógairt ar an nGearmáin. Ach ina ainneoin sin, tréigeadh an Pholainn ag deireadh an chogaidh agus rinneadh í a íobairt do Stalin.

Polaiteoir sinsearach Tá sé sothuigthe go mbeadh duine mar Włodzimierz Cimoszewicz ag tagairt do mhífhortún seo na Polainne. Polaiteoir sinsearach é a rugadh cúig bliana i ndiaidh dheireadh an chogaidh. Ach bíonn an íogaireacht chéanna le haireachtáil ar dhaoine atá chomh hóg sin gur ar éigean is cuimhin leo an córas cumannach a bhí i réim sa Pholainn suas go dtí 1989.

Agus mé ag freastal ar rang Polainnise cúpla bliain ó shin, bhí cleachtadh á dhéanamh againn ar dhátaí. Ba bhean sna fichidí í an múinteoir agus d’iarr sí orm dáta thús an Dara Cogadh Domhanda a rá as Polainnis. Chroith mé mo ghuaillí le cur in iúl go raibh mé ag caitheamh tuairime agus dúirt mé “an chéad lá de mhí Mheán Fómhair, 1939”.

Is cuma go raibh mé ceart: rinne an múinteoir óg seo iontas de nach raibh mé lánchinnte den dáta. D’fhéadfainn a rá léi nach ndearnadh ionradh ar an Eoraip ina hiomláine ar an dáta sin, nach ndearnadh ionradh ach ar an bPolainn agus ar an bPolainn amháin ar an gcéad lá de mhí Mheán Fómhair 1939. Ní dúirt mé a leithéid, áfach, agus measaim gur mhaith an chiall dom é.

Níorbh aon eisceacht í an bhean óg seo. Tá an-chuid eolais ag aos óg na Polainne ar an Dara Cogadh Domhanda. D’fhéadfadh gnáthógánach fíricí den saghas seo a leanas a ríomh: go bhfuair níos mó ná 6 milliún Polannach bás de dheasca an chogaidh, go ndearna an Pholainn a cion féin i rith an chogaidh mar nár sháraigh aon tír a rannpháirtíocht sa chogadh ach an tAontas Sóivéadach, na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain.

Seans maith go leanfadh an gnáthógánach seo ar aghaidh ag rá nach ndearna an Pholainn an méid sin troda agus íobartha i gcaitheamh an chogaidh le go mbrúfaí córas cumannach anuas uirthi ina dhiaidh. Ach ba é sin díreach mar a tharla agus d’fhulaing an Pholainn faoi chuing seo an chumannachais go dtí 1989.

Saol crua a bhí ag Polannaigh mar fhostát sóisialach de chuid an Aontais Shóivéadaigh agus cé gur tír dhaonlathach neamhspleách anois í an Pholainn, atá ina ball de NATO agus den Aontas Eorpach, tá rian millteach ré an chumannachais fós le haithint ar an tír agus ar na daoine. Ní ionadh in aon chor gur ceist bheo go fóill í stair dhéanach na Polainne.

I mí Eanáir na bliana seo caite bhí comóradh á dhéanamh ar an seascadú bliain ó fuasclaíodh sluachampa géibhinn Auschwitz-Birkenau. I rith an chomórtha, bhí an-chuid cainte ar an ngá a bhí ann cuimhneamh ar an tragóid. Ar na daoine a ghlac páirt bhí Elie Wiesel, duine a bhí ina phríosúnach in Auschwitz a bhfuil Duais Síochána Nobel buaite aige. Rinne Wiesel achainí nach ndéanfaí dearmad go deo ar an gcoir a rinneadh in Auschwitz.

Níl ábhar imní ag Wiesel. Is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil ar a laghad tír amháin san Eoraip ina gcoinneofar cuimhne ar éagóracha an Dara Cogadh Domhanda go ceann tamaill mhaith eile.

Is Corcaíoch é Alan Desmond. Tá sé ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2003 ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.