AGALLAMH BEO
Étaoin Ní Ailpín
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Bhuail Alan Desmond le Miss Cork 2009, an mainicín Étaoin Ní Ailpín, bean óg den mhuintir chéanna a bhfuil a n-ainm in airde ar dhá thaobh na cruinne cheana féin ó thaobh cúrsaí caide de gach cineál agus ó thaobh na hiomána de. Cá bhfios nach mar dheartháireacha d’Étaoin Ní Ailpín a bheidh aithne amach anseo ar Sheán Óg, Setanta, Aisake Faga ar Theu Ó hAilpín.

Íomhá
Étaoin Ní Ailpín
Íomhá
Miss Cork
Íomhá
Faoi shúil an phobail
Íomhá
Faoin solas
Íomhá
Étaoin
Íomhá
Faoi shúil an cheamara arís

Bhuail mé le hÉtaoin Ní Ailpín in óstán gar do chathair Chorcaí ar lá fliuch samhraidh. Díreach mar a bheifí ag súil leis ó bhuaiteoir cortais áilleachta, is bean ard donn dathúil í a thiontódh cinn, gan aon agó. Ach, mar a gheobhainn amach, dá mhéad a scéimh is ea is mó a cneastacht is a cineáltas.

Ar ndóigh, tá cáil leitheadach ar an sloinne Ó hAilpín le breis is deich mbliana anuas. Ach cé gur mó teist a deartháireacha go dtí seo, tá a teist féin ag dul d’Étaoin as a gnaoi. Ach conas a tharla gur áiríodh í ar an gCorcaíoch mná is deise? “Bhuel, is cailín aimsire mé i Scoozi’s, bialann i lár na cathrach, agus déanann mo chomhghleacaí Amanda roinnt oibre ar son Comórtas Áilleachta Miss Cork is d’iarr sí orm go gcuirfinn isteach air.” Cé gur mó cailín óg a mbíonn sé mar bhrionglóid aici a bheith ina mainicín, níorbh amhlaidh d’Étaoin é. “Ní raibh mé cinnte ar dtús an gcuirfinn isteach air, ní raibh a fhios agam an oirfinn don saghas sin ruda. Ní dhearna mé aon mhainicíneacht ná aon rud den saghas sin roimhe sin i mo shaol. Ach ar deireadh thiar thall, shocraigh mé dul sa seans.”

Is cinnte nach bhfuil aithreachas ar Étaoin as an gcinneadh sin. Ó chuaigh an ghairm is an choróin uirthi mar Miss Cork ag tús an Mhárta is beag seachtain a d’imigh thart gan a haghaidh le feiceáil ar na páipéir. Ní foláir nó go bhfuil sí ar na mná is feiceálaí i gCorcaigh i láthair na huaire. An mbraitheann sí féin gur athraíodh a saol ó bhun go barr? “D’athraigh mo shaol go mór ó bhuaigh mé an comórtas sin, cinnte. Roimhe sin, ba mar dheirfiúr Sheáin Óig Uí Ailpín ab fhearr aithne orm. Ach anois tá mé i mo dhuine féin.”

Ar ndóigh, ní hé Seán Óg an t-aon bhall den seisear clainne a bhíonn go minic i mbéal an phobail. D’imir Aisake Aussie Rules, díreach mar atá á dhéanamh ag Setanta ó d’fhág sé Éire tuairim is sé bliana ó shin chun gairm bheatha sa spórt sin a bhaint amach dó féin. Imreoir peile is iomána den chéad scoth é Teu, leis.

Coróin Miss Cork

Faoi roinnt scáthanna a bhí sí mar sin agus í ag fás aníos, rud a bhraith sí ag an am. “Bhí mé ar an gcúl lena n-ais siadsan, cinnte. Bhí an aird go léir á tabhairt ar na deartháireacha ach bhí sé sin go breá, tá grá agam do mo dheartháireacha, níor chuir sé isteach orm in aon chor gur orthusan a díríodh an aird go léir. Théinn go dtí na cluichí go léir agus bhí mé an-mhórtasach astu. Ach taitníonn an t-athrú liom chomh maith.”

Ach ní hamháin go bhfuil Étaoin tagtha amach as scáth na ndeartháireacha anois agus scór bliain aici, tá buntáistí eile ag baint le Coróin Miss Cork, leis. “Roinnt seachtainí ó shin, mar shampla, bhí bróinse agam le Rosanna Davison, iníon le Chris de Burgh agus iar-Ógbhean an Domhain. Tá páirt glactha agam in an-chuid seónna faisin is gruaige ó mhí an Mhárta i leith. Murach Miss Cork ní bheadh an deis agam é sin go léir a dhéanamh.”

Is léir go dtaitníonn an saghas saoil atá á bhlaiseadh ag Étaoin faoi láthair go mór léi. Ach an bhfuil rún aici jab lánaimseartha a dhéanamh de? “B’fhéidir é. Táim ag baint an-sult go deo as, is craic iontach é agus tá na mainicíní eile a bhfuil aithne curtha agam orthu an-deas ar fad, tá an-chairde déanta agam.”

Déanaim iontas de go ndeir cailín chomh deas cneasta sin rudaí chomh moltach faoi shaol na mainicíneachta. Is í an tuairim choitianta ná gur áit éadrócaireach éadmhar é an t-ardán taispeána a mbíonn an deargiomaíocht i réim. “Tá sin cloiste agam, ach ní mar sin atá sé in aon chor i Lockdown, an ghníomhaireacht mhainicíneachta a bhfuilim féin bainteach léi. Ó chuaigh mé isteach an chéad lá, chaith na cailíní go léir i Lockdown an-mhaith liom agus chuir siad comhairle mhaith orm, go háirithe Jean Kenny, an cailín a bhí mar Miss Cork anuraidh. Ní raibh aon bhitseachas go fóill, pé scéal é!”

Ní bheadh aon chur ina choinne ag Étaoin tuarastal breá mór a thuilleamh as mainicíneacht a dhéanamh, ach rud amháin a ndéanfaidh sí deimhin de sula dtógfar aon chinneadh faoi thodhchaí den saghas sin ná a cuid oideachais a chríochnú. “Tá cúrsa ceithre bliana á dhéanamh agam i staidéar gnó in Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí agus táim ag dul isteach sa bhliain dheireanach. Teastaíonn uaim an chéim sin a bhaint amach agus feicfimid ansin cad a dhéanfaidh mé!”

Is léir gur bean óg éirimiúil í Étaoin, ach tá smaoineamh ag Tadhg an mhargaidh gur cinn fholmha iad mainicíní i gcoitinne, go mbreathnaíonn siad go maith, ach seachas sin, nach mbíonn mórán le tairiscint acu. “Ní mar sin atá sé in aon chor. I Lockdown, mar shampla, tá Jean Kenny ag déanamh staidéir ar an leigheas, tá roinnt de na cailíní ina n-altraí, agus mar a dúirt mé cheana, táim féin ag gabháil don staidéar gnó. Tá oideachas againn go léir. Ní fíor gur dream ar shiúl le féileacáin iad na mainicíní.”

An Cúlra

Bíodh is go bhfuil oideachas tríú leibhéal ag roinnt mainicíní, más fíor d’Étaoin, ní foláir nó gur beag buaiteoir comórtais áilleachta atá trítheangach, mar atá Iníon Uí Ailpín. Is as Contae Fhear Manach dá hathair, Seán agus is as Rotuma, ceann de na hOileáin Fidsí, dá máthair Emeli. Fágann sé sin go bhfuil idir Bhéarla is Rotuman ar a toil aici. Ach chomh maith leis sin, ar ndóigh, is Gaeilgeoir í. Nár leor an chéad dá theanga di? “Bhuel, is mise an t-aon duine den seisear a rugadh anseo i gCorcaigh – saolaíodh Seán Óg ar Rotuma agus an ceathrar eile san Astráil - agus fuair mé mo chuid bunscolaíochta i nGaelscoil Pheig Sayers, scoil bheag a bunaíodh i 1986 is a bhí gar do chlub na bPiarsach ar an taobh thuaidh den chathair. Tá siad bogtha go Nua-Bhóthar Mhala ó shin ach le mo linn ann, ní raibh ach tuairim is 80 dalta ar an scoil. Bhí sé go hiontach. D’fhreastail mé ar an meánscoil lán-Ghaelach sa Mhainistir Thuaidh ina dhiaidh sin.”

Baintear siar asam nuair a luann sí an Mhainistir Thuaidh mar gur le buachaillí amháin a ghlactaí agus cairde de mo chuid féin ag freastal ar an meánscoil sin. “Is mar sin a bhíodh sé, ach thosaigh siad ag glacadh le cailíní roinnt blianta ó shin. Nuair a chuaigh mé féin isteach ann ní raibh ach mise agus aon chailín amháin eile i measc na mbuachaillí go léir.” Ní foláir nó gur tugadh an-aird ar fad uirthi le linn laethanta na meánscoile, mar sin. “Ó tugadh,” a deir sí ag gáire, “bhí an-spraoi againn. Ach anois tá i bhfad níos mó cailíní ann, déarfainn gur cailíní iad suas le leath na ndaltaí.”

Cé go bhfuair an seisear clainne oideachas trí mheán na Gaeilge, níl an teanga sin ar a thoil ag ceachtar den bheirt tuismitheoirí. Cén fáth mar sin ar cuireadh go Gaelscoileanna iad? “Theastaigh ó mo thuismitheoirí go bhfoghlaimeoimis an Ghaeilge, leag siad an-bhéim ar an dúchas. Ós rud é gur anseo a bhí cónaí orainn, mheas siad nár mhiste an teanga a fhoghlaim.”

Ní nach ionadh go mbeadh máthair Étaoin tuisceanach ar theanga is ar chultúr mionlaigh. Cé go samhlaítear muintir Uí Ailpín go forleathan le Fidsí is amhlaidh gur oileán é Rotuma atá beagnach 500 ciliméadar ó thuaidh ó mhórthír Fidsí agus is mionlach eitneach iad na Rotumaigh nach bhfuil ach tuairim is 2000 díobh fágtha ar Rotuma féin is suas le 10,000 eile in áiteanna eile i bhFidsí. Chomh maith le daingean beag Rotumach i gCorcaigh, ar ndóigh. “Chloisinn an Ghaeilge sa bhaile sula ndeachaigh mé ar scoil agus anois labhraím an dá theanga sa bhaile, an Ghaeilge is Rotuman, ach is cinnte gur minice a labhraím Rotuman.”

Cé go bhfuair Étaoin a cuid bunscolaíochta is meánscolaíochta trí Ghaeilge, is beag seans a bhíonn aici í a úsáid mar iníon léinn tríú leibhéal. Tá sí mórtasach áfach, as an teanga a bheith aici agus cé nach bhféadfaí díograiseoir a thabhairt uirthi, measann sí go bhfuil sé tábhachtach an teanga a labhairt is a chur chun cinn nuair is féidir. “Chuir mé mé féin i láthair trí Ghaeilge i mbabhta ceannais Chomórtas Áilleachta Miss Cork agus bhí mé i láthair cúpla mí ó shin chun Gradam Phádraig Uí Chuanacháin 2009 a sheoladh ar son na heagraíochta Gael-Taca. Bronnfar an gradam ar chomhlacht nó ar ghnóthas a dhéanfaidh an iarracht is fearr chun an Ghaeilge a úsáid ina gcúrsaí margaíochta. Tá an gradam urraithe ag an Evening Echo, páipéar Corcaíoch, is gheobhaidh na buaiteoirí pacáiste fógraíochta ón bpáipéar ar fiú €5000 é.”

Ar ndóigh, is eagraíocht é Gael-Taca a cuireadh ar bun i gCorcaigh i 1987 chun an teanga is cúis na teanga a chur chun cinn. Bhí Pádraig Ó Cuanacháin ar bhunaitheoirí na heagraíochta agus mar stiúrtheoir margaíochta le Gael-Taca go dtí gur cailleadh é Márta na bliana seo caite. Roimh bhunú Gael-Taca, chabhraigh sé Gaelscoileanna a chur ar bun timpeall na Mumhan.

Dúradh i leith Uí Chuanacháin i ndiaidh a bháis nach ndéanfadh sé an Ghaeilge a bhrú ar éinne riamh, in ainneoin an t-am is an fuinneamh a thug sé chun an teanga a chur chun cinn. Is cinnte go bhfuil an rud céanna fíor i gcás Étaoin chomh maith. Bean chaomh shéimh í agus tá sé sin le feiceáil sa dearcadh atá aici i leith na Gaeilge. “Ní bhraithim go bhfuil aon ghá mo chuid Gaeilge a bhrú ar éinne, ach cén fáth nach labhróinn í nuair a bhíonn deis agam?”

Dílse Ghaoil

Is é an rud is mó a théann i bhfeidhm orm le linn an agallaimh ná a thábhachtaí atá a muintir d’Étaoin. Is leis an aon deirfiúr amháin atá aici, Sarote, atá an gaol is giorra aici. “Tá ocht mbliana aici orm, is geall le dara máthair í!” Ach is léir tríd síos an agallamh go bhfuil sí thar a bheith geanúil is ceanúil ar na deartháireacha chomh maith.

B’fhéidir nach ionadh, mar sin, nach n-éiríonn liom oiread is focal cáinteach a mhealladh uaithi mar gheall ar aon duine muinteartha, fiú nuair a bheadh cáineadh tuillte mar a bhí i gcás a dearthár Setanta. Mar is eol do leath na tíre, ba iománaí cumasach é Setanta ar fhoireann Chorcaí sular fhág sé Éire ag tús 2004 chun tabhairt faoi Aussie Rules san Astráil. Ach i mí Feabhra seo caite bhí Setanta i scliúchas le Cameron Cloke, comhimreoir ar an bhfoireann Melbourne Carlton. Le linn cluiche cleachtaidh, thug an tAilpíneach idir shonc is speach do Cloke, rud a d’fhág gur chuir an club ar fionraí é ar feadh tamaill.

Níorbh é sin an chéad ghráscar de chuid an Ailpínigh, ar ndóigh. D’éirigh idir é féin is Cain Ackland le linn seisiún traenála arú anuraidh. Ach dá mba é féin, níl Étaoin sásta a deartháir a lochtú. “Taobhóidh mé le mo dheartháir i gcónaí.” Ach an raibh an ceart aige tuirne Mháire a thabhairt do Cloke? “Bhuel, ní raibh mé i láthair, ach mar a dúirt mé, tacóidh mé le mo dheartháir.”

B’fhéidir go ndéanfaidh Étaoin polaiteoir maith nuair a bheidh a seal mar mhainicín curtha isteach aici. Tá sí dílis go smior agus ní tharraingeofaí focal géar aisti mar gheall ar na daoine is tábhachtaí léi ar ór na cruinne. Luaim an chonspóid a raibh an deartháir is sine, Seán Óg, bainteach léi agus é ina chaptaen ar fhoireann iomána Chorcaí nuair a chuaigh na himreoirí ar stailc i 2008. Ach seachnaíonn sí an cheist sin go saoráideach. “Is fada óna chéile iad saol an spóirt is saol na mainicíneachta, níor mhaith liom dul isteach sna ceisteanna sin.”

Léirítear dom a umhaile atá Étaoin is a thábhachtaí atá a muintir di nuair a fhiafraím di faoin nóiméad ina saol is mó a bhfuil sí bródúil as. “Nuair a d’ardaigh mo dheartháir Seán Óg Corn Liam Mhic Cárthaigh i 2005 nuair a bhuaigh Corcaigh cluiche ceannais iománaíochta na hÉireann.” Cuirim i gcuimhne di gur roghnaíodh í mar Miss Cork cúig mhí ó shin. “Ó sea, táim bródúil as sin chomh maith, ach bhí Seán Óg ina chaptaen ar an bhfoireann, ba lá iontach é.”

Ní gá a rá, ar ndóigh, go bhfuil aird mhillteach á díriú ar Étaoin i rith na bliana seo agus í ina Miss Cork. D’fhéadfadh gach cailín óg dathúil dul i dtaithí ar an solas a bheith uirthi an t-am ar fad, ach nach mbeidh sé deacair glacadh leis nuair a chuirfear an Choróin ar an gcéad Miss Cork eile i gceann seacht mí? Dá mba ó bhéal aon duine eile é an freagra a thugann Étaoin, ní chreidfinn é. Ach is deacair gan Étaoin a chreidiúint. “Is taithí iontach í an tréimhse atá á caitheamh agam mar Miss Cork agus ní bheidh ach lúcháir orm roimh an gcéad chailín eile a gheobhaidh an Choróin is a bheidh in ann an taithí chéanna a bheith aici.” Cuirim dreach díchreidmheachta orm féin ar chloisteáil an fhreagra sin, rud nach dtuigeann Étaoin féin. “Tá breis is leath na bliana fágtha agam sa ról seo agus bainfidh mé an méid buntáiste is féidir as, rud atá á dhéanamh agam cheana, ach beidh áthas orm ar son an chéad chailín eile a mbeidh seans aici an solas a tharraingt uirthi féin.”

Is cinnte nach bhfuil aon éirí in airde le haithint ar Étaoin go fóill agus Miss Cork buaite aici. Agus í ag déanamh cur síos ar na rudaí a dhéanann sí chun an aimsir a mheilt, déarfá nach bhfuil inti ach gnáthchailín óg nár bhuaigh aon chomórtas áilleachta riamh. “Thaitin an leabhar sin PS I Love You le Cecilia Ahern go mór liom, ach ní raibh aon deis agam leabhar a léamh le déanaí mar bhí an-chuid staidéir le déanamh roimh na scrúduithe. Taitníonn na leabhair Harry Potter liom chomh maith is bhí mé sa phictiúrlann le déanaí chun an séú scannán sa tsraith a fheiceáil in éineacht le grúpa ó Scoozi’s.”

Seachaint an Óil

Is amhlaidh nach bhfuil saol Étaoin ag teacht in aon chor leis an íomhá de shaol an mhainicín a bheadh ag roinnt mhaith daoine agus scéalta faoi leithéidí Katy French cloiste acu. Ní hamháin nach bhfuil taithí ag Étaoin ar shaol na ndrugaí, is ar éigean atá taithí aici ar an ól. “Cuireann daoine ólta isteach orm. Ní hé go ndiúltaím don deoch, bíonn corrghloine fíona agam ó am go ham, ach ní bheinn ag dul amach go dtí an tábhairne gach deireadh seachtaine.”

Ní foláir nó go gcuirtear díomá ar fhir nuair a fhaigheann siad amach nach bean singil í Étaoin. “Tá buachaill agam is táimid le chéile le ceithre bliana go leith, tugann sé an-tacaíocht dom, tagann sé go dtí na seónna faisin go léir, tá sé an-mhaith.”

Agus an téipthaifeadán múchta, tagann sceitimíní ar Étaoin agus í thar a bheith sásta go mbeidh sé de dheis ag Setanta, ar deireadh thiar thall, ceann dá cuid agallamh a léamh ar lá a fhoilsithe tharla go mbíonn BEO beo ar an idirlíon. De ghnáth is ar nuachtáin áitiúla a bhíonn a cuid griangraf is scéalta mar gheall uirthi, foilseacháin nach mbíonn teacht orthu san Astráil, ar ndóigh. Is minic a iarrann Setanta uirthi gearrthóga as na páipéir a chur chuige ach ní bheidh uirthi an t-agallamh seo a ghearradh amach is a chur sa phost, áfach, agus tá áthas uirthi dá bharr.

Agus slán á fhágáil againn ag a chéile, fiafraíonn sí díom conas a fhillfidh mé ar lár na cathrach. Nuair a luaim an bus tairgeannsíob dom, ag míniú go bhfuil a triall ar an áit chéanna. Ach is gearr go bhfaighim amach gurb amhlaidh go bhfuil a triall ar theach a máthar, tuairim is trí mhíle ón mBlárna. Tá madra na máthar tinn faoi láthair agus caithfear a thabhairt a fhad leis an tréadlia. Déanaim iarracht teacht amach as an ngluaisteán ag cúpla pointe i rith na slí lena turas sise abhaile a ghiortú, ach ní scaoilfidh sí liom go dtí go mbainfimid amach an cosán nach mór i mbéal doras mo thí. Chun bóthair léi go mear ansin d’fhonn madra a máthar a thabhairt chuig an tréidlia.

Iníon is deirfiúr ar féidir a bheith bródúil aisti, gan aon agó.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.