29
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Déanann an ceoltóir Neil Martin as Béal Feirste stíleanna éagsúla ceoil a sheinm agus a nascadh le chéile. Labhair sé le Robert McMillen faoina chuid oibre leis an West Ocean String Quartet, faoi chumadh an cheoil agus faoi na ceoltóirí eile a d’fhág a rian air.
»»»Is ar theifigh is mó a bhí an chaint san Astráil anuraidh, go háirithe i dtreo dheireadh na bliana nuair a bhí an toghchánaíocht ar siúl. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.
»»»Beidh spárálaí scáileáin de ghrianghraif as ceantar Gaeltachta le fáil i ngach eagrán de Beo. An mhí seo: Gort a’Choirce agus Dún Lúiche.
»»»Chas Alan Desmond lena chomh-Chorcaígh agus craoltóir aithnidiúil, John Creedon, le breathnú siar ar chonair na cuimhne a thug aneas trí Montrose é agus ó dheas arís lena theaghlach cois Laoi na sreabh. Is iomaí clár in am marbh na hoíche nó le mochdháil maidine a chraol sé ó d’fhág sé bun Chnoc Phádraig agus teach a mhuintire ina dhiaidh.
»»»D’fhoghlaim Robert McMillen téarma nua, ‘afáise iomlán’. Cibe is siocair leis, tá roinnt daoine ar an fhóidín mheara ó thuaidh nó ní fheiceann siad an bóthar rompu go saol na síochána
»»»Amharcann Breandán Delap ar leabhar a mhaíonn gur cheart deireadh a chur leis an Ghaeilge éigeantach sa chóras oideachais.
»»»Teip cumarsáide a ba chúis leis an phracás a rinne an rialtas den chonspóid maidir le cártaí leighis do sheandaoine dar le Breandán Delap.
»»»Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.
»»»Is fánach an áit a bhfaighfeá iomrall agus imirt na héagóra ar dhaoine. Is feasach do Bhearnaí Ó Doibhlin scéal den mhí-ádh agus den uisce faoi thalamh sin.
»»»San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Gearóid Ó Maelearcaidh, bainisteoir an tsiopa leabhar Cúpla Focal, Bré, Co. Chill Mhantáin.
»»»Thóg sé blianta fada ar pholaiteoirí poblachtánacha na Sé Chontae a thuiscint go raibh buntáiste ó thaobh vótaí de ag baint le droim láimhe a thabhairt don fhoréigean; tuigeann Sinn Féin é sin go maith sa lá atá inniu ann, áfach, a deir Robert McMillen, agus rachaidh sé go mór chun sochair dóibh sna blianta atá amach romhainn, ar an dá thaobh den teorainn.
»»»Feictear do Chiarán Mac Aonghusa go bhfuil gach éinne, an tÉireannach san áireamh, ag seachaint a dhualgais i dtaca le gearradh siar ar an charbóin.
»»»Admhaíonn Donncha Ó hÉallaithe go bhfuil sé i ngreim ag galar an tsacair. Is beag a shamhlaigh sé ina óige ghaelach Ghalltachta go mbeadh sé ina bhainisteoir ar fhoireann Ghaeltachta a imríonn an cluiche gallda úd, an sacar. Cuireann sé an locht ar a pháistí!
»»»Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: polaitíocht na háite oibre.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.