AR NA SAOLTA SEO
Anam na hÉireann díolta leis na hollchomhlachtaí Meiriceánacha
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Ní cúis iontais é, dar le Breandán Delap, go bhfuil Rialtas na hÉireann sásta ligean d’eitleáin mhíleata de chuid na Stát Aontaithe Aerfort na Sionna a úsáid, nuair a chuirtear san áireamh an méid postanna atá cruthaithe ag comhlachtaí Meiriceánacha sa tír.

Íomhá
Cimí ar bord eitleáin de chuid fhórsaí na Stát Aontaithe, á dtabhairt go Bá Guantamano
Íomhá
Eitleáin de chuid aerfhórsa na Stát Aontaithe ag Aerfort na Sionna
Íomhá
Osama Nasr Mostafa Hassan: fuadaíodh é i Milano na hIodáile, Feabhra 2003
Íomhá
Dermot Ahern, an tAire Gnóthaí Eachtracha
Íomhá

Dúradh i gcónaí faoi na Trioblóidí ó thuaidh go raibh an milleán céanna orthu siúd a thug lámh chúnta do dhúnmharfóirí agus a bhí ar an té a scaoil na piléir. Más amhlaidh an cás, tá an Stát seo ciontach as a bheith comhpháirteach i gcéasadh na mílte duine nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh. Bíonn na daoine seo ag siúl fá shráideanna na hIodáile, na Sualainne, na Pacastáine nó na Cróite nuair a fhuadaítear iad. Amanna, baintear úsáid as drugaí, geimhle lámh agus cos agus púicíní le hiad a cheansú sula gcuirtear ar scairdeitleáin de chuid an CIA iad. Is i dtíortha coimhthíocha – an Úisbéiceastáin, Maracó nó an Éigipt – a bhíonn siad nuair a mhúsclaíonn siad. Tugtar iad ar láimh do phóilíní rúnda na dtíortha seo agus deirtear lena ngaolta gur imigh siad gan tásc ná tuairisc. Má bhíonn an t-ádh leis na cimí agus má thagann siad slán ón bhrúidiúlacht, seans maith go gcaithfidh siad seal i gcliabhán i mBá Ghuantanamo. Mura mbíonn…ní fheicfear go deo arís iad.

Extraordinary Renditions” a thugtar ar an ghníomh danartha seo atá mar dhlúth is inneach de chath na Meiriceánach i gcoinne na sceimhlitheoireachta. Ainm galánta é seo ach níl a dhath galánta faoin mhéid a tharlaíonn. Gabhann fórsaí na Stát Aontaithe (SAM) daoine a bhfuiltear in amhras fúthu gur sceimhlitheoirí Ioslamacha iad agus cuirtear iad faoi bhráid tíortha brúidiúla atá go mór faoi chomaoin ag SAM. Is cuma sa tsioc leis na tíortha seo faoi dhlíthe idirnáisiúnta i leith cearta daonna agus ní bhíonn aon leisce orthu an lámh láidir a úsáid le heolas a bhaint as na cimí a d’fhéadfadh a bheith úsáideach do Mheiriceá.

Tá na fuadaigh á n-iniúchadh ag na Náisiúin Aontaithe faoi láthair ach deir an tUachtarán George Bush nach bhfuil siad ag sárú an dlí. Deir sé fosta nach ndéantar ciapadh ar na cimí seo ainneoin go bhfuil an Úisbéiceastáin, Maracó agus an Éigipt áirithe ag Roinn Stáit Mheiriceá mar thíortha ina sáraítear cearta daonna agus ina gcéasaítear príosúnaigh.

Ó 9/11 i leith thuirling eitleáin de chuid an CIA in Aerfort na Sionna ar bhreis is 85 ócáid. Staid bhreosla a thug orthu tuirlingt agus tá sé séanta go tréan ag an rialtas go raibh aon chime á iompar acu. Dheimhnigh údaráis Mheiriceá an méid seo don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus thug siad le fios nach mbainfí úsáid as aerfoirt na hÉireann don chuspóir seo riamh gan cead a iarraidh ar an rialtas roimh ré. Ach is féidir a rá ar an rud is lú go bhfuil an tír seo – tír atá in ainm is a bheith neodrach - ag tabhairt deise do loingeas forghabhálach an CIA a gcuid umar a líonadh sula dtugann siad aghaidh ar a gcuid misean fuadaithe. Ní dóigh liom go bhfuil mé ag dul thar fóir nuair a deirim go bhfuil Éire ag cuidiú leis na Stáit Aontaithe beart atá go huile is go hiomlán mídhleathach a chur i gcrích.

Deir an Roinn Gnóthaí Eachtracha gurb iondúil go dtugtar cead tuirlingthe d’eitleáin mhíleata ar an choinníoll nach mbíonn armlónábhar pléascach á n-iompar acu. I ndeireadh ama, is faoin Aire Gnóthaí Eachtracha atá sé cead a thabhairt nó a shéanadh. Ach tá sé admhaithe ag an Roinn gur tugadh díolúine do 964 eitleán armtha cheana féin i mbliana tuirlingt in Aerfort na Sionna. Méadú é seo ar an mhéid díolúintí a ceadaíodh don bhliain iomlán anuraidh (973) agus in 2003 (872).

I measc na n-eitleán a thuirling bhí ceann de chuid an CIA a deirtear a úsáideadh i Nollaig na bliana 2001 le beirt fhear Éigipteach a fuadaíodh sa tSualainn a thabhairt chun na hÉigipte. Líomhnaíonn an bheirt seo gur baineadh úsáid as modhanna brúidiúla nuair a bhí siad á gceistiú. De réir cuntais atá coinnithe ag duine áitiúil amháin, chuaigh an t-eitleán seo trí Aerfort na Sionna 15 huaire ar a laghad le trí bliana anuas. Thug sé ráiteas do na Gardaí faoi agus cuireadh dhá chomhad faoi bhráid Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí ina leith ach níor tharla a dhath ó shin.

Focal Mheiriceá amháin

Ainneoin na líomhaintí go mbíonn eitleáin de chuid SAM ag iompar príosúnach agus ainneoin go leor gearán a bheith déanta chuig na Gardaí faoi, níor cuardaíodh oiread is eitleán míleata amháin de chuid na Stát Aontaithe a thuirling in Aerfort na Sionna le dornán blianta anuas. Tá sé le léamh ó fhreagra Dála a thug an tAire Gnóthaí Eachtracha, Dermot Ahern, ina leith nach raibh aon ghá iad a chuardach cionn is go ndeir na Meiriceánaigh nach mbíonn príosúnaigh á n-iompar acu. An é gur cheart dúinn glacadh le focal Mheiriceá mar chnámh lom na fírinne? Ar iarr Ronald Reagan cead ar an stát i 1986 tráth a baineadh úsaid as suaitheantas Aer Lingus nuair a bhíothas ag díol armlóin le rialtas na Iaráine in éiric gialla Meiriceánacha a scaoileadh saor sa Liobáin? Ar thug muid ár mbeannacht dó an brabach a rinneadh as an mhargadh cam seo a úsáid le harmlón a thabhairt do threallchogaithe a bhí ag iarraidh rialtas na Sandinistas i Nicearagua a chur as cumhacht? Ar gabhadh leithscéal linn fiú as an dóigh a ceanglaíodh comhlacht stáit de chuid na hÉireann leis an chamastaíl náireach seo? Cad chuige mar sin go nglacfaí gan cheist le focal an CIA an iarraidh seo nó an é go bhfóireann sé dúinn neamhaird a thabhairt ar an fhírinne?

Ní inniu ná inné a tháinig an rialtas ar an tuairim gur gaire i bhfad an tír seo do Bhostún ná do Bheirlin. Ní thabharfá orthu é. Meastar go bhfuil breis is 90,000 duine fostaithe go díreach sa 570 comhlacht Meiriceánach atá lonnaithe anseo. Tá thart fá 200,000 duine eile fostaithe in eagrais a bhíonn ag soláthar seirbhísí do na comhlachtaí seo. Lena chois sin, tá tuairim is $4.7bn infheistithe ag ollchomhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn – dhá oiread níos mó ná mar atá infheistithe ag Meiriceánaigh sa tSín. Go deimhin tá ceannáras go leor de na comhlachtaí seo lonnaithe in abhantrach na Sionainne. Tá ár n-anam díolta againn le mórchorparáidí SAM le fada an lá agus an 30 bonn airgid caite go fánach.

Ach tá sé léirithe ag tíortha eile san Aontas Eorpach nach gá go mbeadh ár gcaidreamh gnó le SAM i mbaol má ghlactar seasamh láidir ar an cheist seo. Tá barántais eisithe ag an Iodáil, mar shampla, fá choinne 19 gníomhaire de chuid an CIA as cléireach radacach darb ainm Osama Nasr Mostafa Hassan a fhuadach i Milano i bhFeabhra na bliaina 2003. Deir an cúisitheoir gur tógadh Nasr go Ramstein, aerionad Meiriceánach sa Ghearmáin, agus gur tógadh as sin é go Caireo ar an 17 Feabhra 2003 ar scairdeitleán de dhéanamh Gulfstream IV. Léiríonn tuairiscí eitleoireachta go ndeachaigh an t-eitleán as Caireo go Washington an lá dár gcionn agus gur stad sé sa tSionainn fá choinne breosla.

Níl mise ag maíomh go mbíonn príosúnaigh á n-iompar sna heitleáin seo. Níl a leithéid d’fhianaise agam. Ach ní shílim go dtig linn glacadh scun scan le focal na Meiriceánach ar an cheist seo. Ba cheart go gcuardófaí na heitleáin ar bhonn rialta. Anuas air sin, má tá aon fhianaise ar chor ar bith ann go mbíonn lámh ag na heitleáin seo i bhfuadach daoine nár ciontaíodh i gcoir ar bith riamh, ba cheart cead a dhiúltú dóibh a gcuid umar a athlíonadh anseo. Cáil na hÉireann mar náisiún cothrom agus neamhspleách atá i mbaol.

Agus ar eagla go sílfeadh éinne gur ceist í seo a bhaineann le dornán beag antoisceach de chuid na heite clé, níor mhiste a mheabhrú go bhfuil Éire cáinte ag eagraíochtaí creidiúnacha idirnáisiúnta maidir leis an cheist áirithe seo. Mí an Mheithimh seo caite, mar shampla, cháin Amnesty International Éire as Aerfort na Sionna a chur ar fáil d’fhórsaí rúnda Mheiriceá lena gcuid fuadach faoi choim a chur i gcrích. Dúirt siad go raibh tuairiscí faighte acu go raibh scairdeitleán Meiriceánach a úsáideadh chun daoine a fhuadach feicthe ann ó am go chéile. Bhí an t-aerfort ar cheann de thrí aerfort a bhí luaite go sonrach sa tuarascáil – chomh maith le haerfort Frankfurt agus Mallorca – a mbaintear úsáid astu go rialta don chuspóir seo.

Ní féidir le héinne ar cás leis cearta daonna an chluas bhodhar a thabhairt don cháineadh seo. Ní féidir ach go háirithe neamhaird a thabhairt ar thátal Amnesty faoin tír seo: “Member States that allow their territory to be used for stop-overs are colluding in serious breaches of human rights.”

Is clár-eagarthóir le Nuacht TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.