CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Muinín caillte in Facebook
Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna Diarmaid Mac Mathúna

Cúpla mí ó shin, bhí daoine an-tógtha le Facebook. Ach anois, dar le Diarmuid Mac Mathúna, níl muinín ag úsáideoirí as an suíomh gréasánaithe sóisialta a thuilleadh.

Íomhá
An bhfuil deireadh i ndán do mhealltacht Facebook?
Íomhá
Cén chaoi ar féidir le leithéidí YouTube agus Facebook airgead a shaothrú?

Dealraíonn sé go bhfuil deireadh ag teacht le mealltacht Facebook. Cúpla mí ó shin, bhí gach duine ag caint faoi agus á mholadh. Faoi dheireadh, a shíl muid ar fad, bhí suíomh gréasánaithe sóisialta ar fáil dúinn a bhí snasta agus eagraithe – cosúil le Bebo, ach amháin go raibh sé dírithe ar dhaoine fásta.

Anois, tá daoine fós ag caint faoi Facebook – ach tá siad cáinteach ina thaobh an iarraidh seo. Cad a tharla idir an dá linn?

D’éirigh Facebook ró-shantach, de réir cosúlachta. Go tobann, thosaigh a lán úsáideoirí nua ag clárú mar bhaill, ach chomh tobann céanna, rinne an comhlacht iarracht airgead a shaothrú astu trí eolas fúthu a dhíol le fógróirí. Bhain an "tseirbhís" nua seo, ar a dtugtar Beacon, geit as daoine – geit chomh mór sin go bhfuil deireadh ag teacht le ré Facebook, dar le daoine áirithe.

Cosúil le haon seirbhís eile ar líne – agus sa saol dáiríre – caithfidh baill de chlub faoi leith, ar nós Facebook, muinín a bheith acu as a chéile agus as na daoine a eagraíonn rudaí. Scrios Facebook an mhuinín sin nuair a chuir siad an córas Beacon i bhfeidhm.

Cheap úinéirí Facebook go raibh Beacon cliste toisc gur bhailigh sé sonraí faoi rudaí a cheannaigh úsáideoirí i siopaí ar líne agus gur roinn sé an t-eolas sin le "cairde" leo ar Facebook. Agus le fógróirí. Ach rinne siad dearmad gurb é seo an cineál eolais atá príobháideach de ghnáth – eolas atá níos rúnda fós agus bronntanais Nollag á gceannach ag daoine. Ní nach ionadh, mar sin, go raibh ar fhoireann Facebook leithscéal a ghabháil lena n-úsáideoirí ar fad agus an córas breá nua a bhí curtha i bhfeidhm acu a athrú ó bhonn.

Léiríonn an phraiseach a rinne úinéirí Facebook den tseirbhís nua seo d’fhógróirí go bhfuil sé fós deacair teacht ar shlite chun airgead a shaothrú as seirbhísí áirithe atá ar fáil ar líne."Monetization"

Bíonn an-chuid cainte mar gheall ar "monetization" i dtaca le seirbhísí áirithe ar líne na laethanta seo. Is éard atá i gceist leis sin ná na slite trínar féidir airgead a shaothrú ón líon ollmhór úsáideoirí atá ag roinnt seirbhísí comhchruinnithe ar líne, ar nós Facebook agus YouTube. Ach tá daoine dulta i dtaithí ar rudaí a bheith á gcur ar fáil saor in aisce ar an idirlíon. Ní bheidh rathéileamh ar shuíomhanna nó ar sheirbhísí, mar sin, má ghearrann siad síntiús rialta ar úsáideoirí. Caithfear fógraíocht a mhealladh le hairgead a shaothrú, ach le fógróirí a mhealladh chuig seirbhís ar leith, caithfear eolas a thabhairt dóibh faoi lucht úsáide an tsuímh sin. Dá mhéad eolas is féidir le seirbhís a bhailiú agus a roinnt le fógróirí faoina húsáideoirí, is ea is mó airgead a bhíonn fógróirí sásta a íoc léi toisc go mbeidh a fhios acu cé hiad na daoine a mbeidh siad ag díriú a bhfógraí orthu.Léiríonn na fadhbanna a chruthaigh úinéirí Facebook dóibh féin nach dtuigeann siad an teorainn idir eolas príobháideach agus eolas poiblí a gcuid úsáideoirí. Agus toisc gur bhain siad mí-úsáid as an muinín a chuir úsáideoirí Facebook iontu, tá baol ann go dtiocfaidh deireadh leis an gcomhlacht, luath nó mall.Ceacht tábhachtach atá san eachtra seo do chomhlachtaí idirlín go ginearálta, ach bíonn an oiread sin brú ar sheirbhísí áirithe idirlín airgead a shaothrú dá scairshealbhóirí go bhfuil gach seans ann go ndéanfaidh comhlachtaí eile na botúin chéanna arís amach anseo. Tá súil agam nach mbeidh eolas níos tábhachtaí agus níos pearsanta – ar nós cúrsaí sláinte nó airgeadais – i gceist má tharlaíonn scannal eile atá bainteach le seirbhísí idirlín a bheith ag roinnt eolas príobháideach a gcuid úsáideoirí le fógróirí. Tá GaelSpell 2007, leagan nua den litreoir cáiliúil a oibríonn le Microsoft Office 2007, díreach foilsithe ag Diarmaid Mac Mathúna ag *www.cruinneog.com, i bpáirt le Kevin Scanell. Tá Diarmaid i gceannas ar chúrsaí léiriúcháin sa chomhlacht teilifíse Agtel (www.agtel.ie).*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.