CÚRSAÍ SPÓIRT
I mBéal na Tíre agus an Domhain Bhraonaigh
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Cruthaíonn spórt ainm agus cáil agus carnann an cháil cianóga. An té a mbíonn súil na sluaite air, caithfidh sé a bheith gan cháim áfach, nó beidh siad ina dhiaidh air. D’amharc Colm Mac Séalaigh ar scéal an Tiger.

Íomhá
Tiger Woods (le Navy News ar Vicipéid)
Íomhá
Zinedine Zidane (le Raphael Labbé ar Vicipéid, ó Flickr)
Íomhá
Zidane agus Beckham (le Hywell ar Vicipéid, ó Flickr)

Ar an naoú lá déag de mhí Feabhra seo caite, sheas an galfaire clúiteach Tiger Woods os comhair dream beag daoine in Sawgress, Orlando i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus léigh sé ráiteas amach. Cineál aithisc do mhuintir Mheiriceá, nó do mhuintir an domhain fhorbartha, a bhí ann trí bhíthin na gceamaraí teilifíse a bhí ann, chun an caint a chraoladh beo agus a thaifeadadh. Spreag ráiteas Woods na mílte ceannteideal agus colún sna meáin chumarsáide anseo in Éirinn agus ar fud an domhain de réir dealraimh.

Le faitíos nach bhfuil a fhios agatsa, a léitheoir, cé hé Tiger Woods, is féidir a rá go bhfuil sé ar na pearsana spóirt is mó clú agus cáil ar domhan inniu. Seachas David Beckham, b’fhéidir nach bhfuil aon phearsa spóirt a bhfuil oiread iomrá air is atá ar an uasal Woods. Is imreoir sacair é David Beckham a d’imir le cuid de na clubanna sacair is mó cáil, agus níos tábhachtaí ná sin, is mó cuntas bainc, in Iarthar Domhain, mar atá Manchester United, Real Madrid, Los Angelas Galaxy agus Milan, mar a bhfuil sé ‘ar iasacht’ i láthair na huaire. I measc sonraí eolais atá tugtha faoin mBeckhamach ar Vicipéid, an ciclipéid ar líne, tá an méid seo:

  1. ba é Beckham ba mhó i measc topaicí spóirt a ndearnadh cuardach orthu ar Google sna blianta 2003 agus 20042. in 2004 bhí sé ar an bpeileadóir ba airde tuarastal; 3. is scothbhranda fógraíochta é Beckham ar fud an domhain.

Tá cáil i bhfad is i ngearr ar Beckham ní hamháin i ngeall ar a chumas peile, ach a bhuíochas go háirithe don chóras margaíochta, bolscaireachta agus fógraíochta a bhaineann go dlúth le spórt sa domhan forbartha ar na saolta seo. Go fiú sna réigiúin is boichte ar domhan, san Afraic fágaim, tá an t-ainm Beckham in airde, agus go minic is é an t-aon duine den chine geal gur féidir le daoine a ainmniú.

Caid a Dhéanfas Cluiche

Baineann cáil Beckham le stádas an tsacair mar an spórt is mó a imrítear mórán gach áit ar domhan (cé is moite de Chill Chainnigh agus de chorrchríoch iargúlta eile!). Is é an sacar an spórt is éasca, is áisiúla agus is saoire le himirt agus le heagrú. Níl de dhíth ach achar beag talún, i lár na cathrach féin, agus liathróid de shaghas ar bith nó rud ar bith a d’fhéadfaí a úsáid in áit liathróide, píosa de mhaide cur i gcás. Is é sin bua mór an chluiche seo, a éascaíocht le himirt, agus dá bhrí sin is é cluiche na mbochtán é ar fud an domhain. Thug imreoir clúiteach eile Zinedine Zidane, Francach de shliocht Caibíl na hAilgéire, léargas maith ar chluiche seo na mbocht ar chlár teilifíse a craoladh ar TG4 ar na mallaibh. De mhuintir bhocht é nár imir aon spórt eile ach sacar ina óige mar, mar a d’inis sé féin, ní raibh bata leadóige aige chun leadóg a imirt, ná maidí gailf chun galf a imirt, ach, mura raibh, bhí liathróid de shaghas éigin i gcónaí ar fáil chun peil a imirt.

Is aisteach mar sin go bhfuil an stádas céanna nach mór ag an ngalfaire Tiger Woods is atá ag Beckham. Is spórt é an galf nár bhain agus nach mbaineann leis na bochtáin agus nach bhfuil éasca ná áisiúil ná saor le himirt, agus cé go bhfuil níos mó daoine i mbun an spóirt inniu ná mar a bhí riamh roimhe seo, ní móide go n-aithneodh mórán de mhuintir bhocht na hAfraice iarann a trí thar iarann a naoi (maidí gailf is ea iad sin a léitheoir). In ainneoin sin, aithnítear ainm ‘Tiger’ sna bólaí is iargúlta mar is ‘branda’ é a dhíoltar ar fud an domhain. Ach, tá an branda i sáinn. Tá smál ar an mbranda, branda a tógadh go cúramach agus go córasach a bhuíochas sin do laige agus do ailty">leochaileacht an duine daonna.

Níl a fhios agam cé acu Beckham nó Woods is saibhre nó is cáiliúla agus ba chuma faoi murach gné éigin mhímhorálta a bheith le brath ar na slámanna móra airgid a íoctar leis an mbeirt imreoirí spóirt seo. In ainneoin a gclú is a saibhris áfach, nó b’fhéidir de thoradh a gclú agus saibhris, níl a saol pearsanta gan deacrachtaí áirithe chomh fada is a bhaineann lena saol pósta.

Ní Céasta go Pósta

Is beirt iad Woods agus Beckham a chuaigh ar strae maidir lena bpósadh agus a tharraing níos mó airde orthu féin dá bharr ná mar a tharraingíonn siad mar imreoirí spóirt. D’éirigh le Beckham a phósadh a thabhairt slán de réir cosúlachta agus leanúint ar aghaidh mar pheileadóir gairmiúil in ainneoin fiosracht doshásta lucht na meán cumarsáide i ngach gné dá shaol. Maidir le Woods, beidh le feiceáil, más suim linn a leithéid sna míonna atá romhainn, ar éirigh leis a phósadh féin a shlánú, nó nár éirigh. Ach, chomh fada is a bhaineann sé leis an ‘Tiger’ mar ‘bhranda spóirt’ b’fhéidir go mbeidh sé níos deacra air an stádas ard a bhí aige cheana a bhaint amach ná mar a bheas sé air a phósadh a thabhairt slán.

An ráiteas ó Tiger Woods ar thagair mé dó ag tús an ailt seo, shíl a lán tuairisceoirí sna meáin go raibh sé gan dealramh agus aisteach agus b’údar grinn acu é. D’admhaigh Woods sa ráiteas go raibh sé mídhílis dá bhean, go raibh a mhí-iompar le cáineadh, agus d’iarr sé maithiúnas ina chuid peacaí os comhair an tsaoil. Bhí an chaint a thug sé scríofa agus tomhaiste go cúramach chun aidhm éigin nár léir a bhaint amach. Is deacair gan a bheith searbhasach agus tuartha den fhear agus den bhealach ar labhair sé leis na meáin, gan ceisteanna a cheadú ná a fhreagairt. Beidh le feiceáil an mbainfidh sé amach arís, san am atá le teacht, an stádas agus an gradam ard céanna mar dhuine, mar ghalfaire agus mar eiseamláir is a bhí bainte amach aige san am a chuaigh thart.

Naisc: David Beckham http://www.youtube.com/watch?v=qgjWZXnTn9Ahttp://www.youtube.com/watch?v=FJSpIueB6Ak&feature=relatedhttp://www.looktothestars.org/charity/1044-victoria-and-david-beckham-charitable-trusthttp://www.looktothestars.org/celebrity/49-david-beckham

Tiger Woods http://www.youtube.com/watch?v=DK9aS-tr1gE&feature=relatedhttp://www.youtube.com/watch?v=Xy9GTAENiJAhttp://www.wired.com/epicenter/2010/02/youtube-continues-live-video-push-with-tiger-woods-press-conference/http://web.tigerwoodsfoundation.org/index

Zinedine Zidane http://www.youtube.com/watch?v=iaQhF-523Ashttp://www.youtube.com/watch?v=Mi3imHTiHfA&NR=1http://www.youtube.com/watch?v=ZqNfIPocDHI&feature=relatedhttp://www.beo.ie/index.php?page=arnasaoltaseo&contentid=1025http://www.examiner.com/x-413-Seattle-Soccer-Examiner~y2009m7d13-Beckham--Zidane-Launch-Soccer-Field-Charity-Program

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.