492
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá eolas míchruinn a d’fhéadfadh daoine a chur i mbaol le fáil ar fhístéip a d’fhoilsigh dhá eagraíocht shléibhteoireachta sa Bhreatain. Chuir Tony Birtill seo ar a shúile do cheann de na heagraíochtaí ach bhí siad ar nós cuma liom faoin fhadhb, dar leis.
»»»Chuir Oireachtas na Samhna i nGaoth Dobhair Balor ag smaoineamh ar ócáid na bliana anuraidh.
»»»Tá cáil ar Jim Larkin mar dhuine a bhí go hiomlán in aghaidh na dí. Nuair a bhí sé ag obair mar shaoiste sna dugaí i Learpholl i 1903, cuir i gcás, ní raibh sé sásta pá a thabhairt do na dugairí sa teach tábhairne, mar a bhí sé de nós ag na saoistí eile a dhéanamh, agus ní raibh seans ag fear ar bith a raibh boladh dí ón anáil post a fháil le Larkin.
»»»Tá bealaí eile le ceist theanga teagaisc mheánscoil an Daingin a fhuascailt seachas pobalbhreith gan chiall a reáchtáil, dar le Breandán Delap.
»»»Tá méid nach beag le foghlaim ag an phobal trí chéile dar le Ciarán Mac Aonghusa. Go dtí go bhfaighfear léirstean fónta go forleathan ar ghnóthaí geilleagair, is ag únfairt thart a bheas an córas daonlathach.
»»»Níl rud ar bith níos deise ná a bheith suite le cairde i dteach tábhairne beag deas i gContae an Chláir san iarnóin ag malartú scéalta, ag seinm ceoil agus ag gabháil fhoinn. Ceol binn, comhluadar deas, pórtar fuar dubh agus gan cúram ná cás ar éinne. Agus ní fada uainn anois an méid sin, mar go bhfuil Seachtain Willie Clancy beagnach buailte linn arís.
»»»Bhuaigh Gabriel Rosenstock turas timpeall an domhain do bheirt an bhliain seo caite. Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Sa sliocht seo as leabhar atá á scríobh aige faoi na heachtraí a tharla dóibh le linn an turais, tá cur síos aige ar an tSeapáin, an tríú tír ar stop siad inti.
»»»Chaith Emer Ní Bhrádaigh tréimhse phléisiúrtha i dTír na mBascach sa Spáinn an samhradh seo.
»»»Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.
»»»Rianaíonn Robert McMillen san alt seo an dóigh nár oibrigh Sé móide a Trí amach ina hAon in am corrach na críochdheighilte.
»»»Chonaic Ciara Nic Gabhann gnéithe fiúntais san Fhéile Phan-Cheilteach i nDoire i mbliana nach dtugtar suntas dóibh ar an chéad amharc. Is féidir comhoibriú, aithne, comhthuiscint agus cairdeas a áireamh ina measc.
»»»Tá a shaol caite ag Mícheál Ó Grádaigh ag plé leis an iománaíocht agus a rian fágtha aige ar an spórt. Chuaigh Colm Mac Séalaigh chun cainte leis le déanaí.
»»»Nuair nach mbeidh súil againn leis, b’fhéidir go n-imreofar an íde chéanna ar thomhaltóirí na hÉireann is imríodh ar thomhaltóirí na hEorpa le linn dúluachair na bliana seo 2008-09: an sruth gáis i bpíplínte anoir a stad. Tá an scéal ag Tomás Ó hAodha san alt seo, ‘Taoscadh an Tobair’.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.