AR NA SAOLTA SEO
Scoil an Daingin
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

bealaí eile le ceist theanga teagaisc mheánscoil an Daingin a fhuascailt seachas pobalbhreith gan chiall a reáchtáil, dar le Breandán Delap.

Íomhá
Íomhá
An tAire Éamon Ó Cuív
Íomhá
An tAire Oideachais agus Eolaíochta, Mary Hanafin
Íomhá
Baile an Daingin

Cé mhéad duine a ghlacann sé chun bolgán solais a athrú sa Daingean? Duine amháin le cinneadh a dhéanamh faoi agus míle duine eile le vóta a chaitheamh chun an seanbholgán a choinneáil! Cad chuige go bhfuil oiread sin muiníne ag pobal an Daingin i bpobalbhreitheanna agus go bhfeictear gur le suirbhé áitiúil is ceart déileáil le ceisteanna conspóideacha sa bhaile? Nuair a tháinig an chonspóid chun cinn faoi ainm oifigiúil an Daingin beagnach trí bliana ó shin shocraigh an Chomhairle Contae go ndéanfaí pobalbhreith le tuairim mhuintir an bhaile a fháil ar an chás. Ní raibh bunús na pobalbhreithe iontach soiléir ón tús siocair nach raibh sé cinnte cén seasamh dlíthiúil a bhí aige. Bhí an feachtas dírithe ar ainm an bhaile a athrú ón leagan oifigiúil Gaeilge – An Daingean – go dtí leagan dátheangach Dingle Daingean Uí Chúis. Ar ndóigh bhí na húdaráis ag rá nach raibh bac ar bith ar an phobal ‘Dingle’ a úsáid dá mba mhian leo ach nach mbeadh ach an leagan Gaeilge á úsáid ar chomharthaí bóthair na Comhairle Contae, ar léarscáileanna móra de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis agus in achtanna Oireachtais. Ní raibh aon chúis nach dtiocfadh leis an phobal ‘Dingle’ a úsáid, dá mba rogha leo é, in achan ghné eile den saol, ach ba chosúil nach leor sin. Nuair a leasaíodh na comharthaí bóthair le dul i bhfóirstean don dlí úr chuathas i mbun péinteála i ndorchadas na hoíche, rud a d’fhág na comharthaí ar fad ina ngráin súl. Imní nach n-éireodh le turasóirí an baile a bhaint amach an chúis ba mhó a tugadh don fheachtas ar fad. Socraíodh ar phobalbhreith a rith le ‘haitheantas oifigiúil’ a thabhairt ar ais do ‘Dingle’. Is cosúil go bhfuair an t-aire rialtais a bhí freagrach as na hathruithe, Éamon Ó Cuív, comhairle ón Ard-Aighne nach mbeadh stádas dlíthiúil ar bith ag an phobalbhreith agus chuir sé Comhairle Contae Chiarraí ar an eolas faoi sin. Ach bheartaigh siad mar sin féin dul chun cinn leis. Bhí conspóid faoi cé aige a bheadh cead vótála agus ní mó ná sásta a bhí an pobal taobh thiar den

Daingean nuair a teorannaíodh an daonlathas go muintir an bhaile amháin. Vótáil chóir a bheith gach mac máthar ar son ‘Dingle Daingean Uí Chúis’ a thabhairt ar an bhaile agus gan mhoill ina dhiaidh sin bhuail taom inspioráide an tAire Ó Cuív agus shín sé an chonspóid ar fad chuig a chomhghleacaí rialtais ag an am - an tAire Comhshaoil, Dick Roche. Ní léir go raibh aon toradh ar ghníomh ar bith a rinne seisean ina leith agus fágadh an prácás uilig faoin Aire úr John Gormley. Idir an dá linn, dúirt Jackie Healy Rae go raibh ainm an bhaile ar a liosta siopadóireachta agus é i mbun máirgáintíochta leis an Taoiseach nuair a bhí rialtas le bunú. Ach i ndeireadh an lae, tar éis obair Uí Chuív, Joe O’Toole, Roche, Gormley, Healy Rae, baill de Chomhairle Contae Chiarraí, agus pobal vótála bhaile an Daingin tá an status quo ann i gcónaí. Ní cosúil go bhfuil aon fhlosc mór ann an chonspóid a réiteach nó go bhfuil sé mar ábhar práinne ar an chlár polaitiúil. Ní léir ach an oiread gur tháinig an tuar fán tairngreacht agus gur theip ar thurasóirí an baile a aimsiú. Conspóid, poiblíocht, pobalbhreith ach easpa gnímh ag a dheireadh! Conspóid eileTá an chosúlacht ar an scéal gur beag a d’fhoghlaim an tAire Oideachais, Mary Hanafin, faoin bhrachán bocht seo nuair a mhol sí go reáchtálfaí pobalbhreith eile ar an bhaile le tabhairt faoi fhadhb eile a tháinig chun cinn le déanaí: ceist theanga teagaisc na meánscoile nua, Pobalscoil Chorca Dhuibhne. Ní nach ionadh, tháinig cuid de na ceisteanna céanna chun solais arís: cé aige a mbeadh cead vótála, cén dóigh a n-eagrófaí é agus cén úsáid a bhainfí as an toradh leis an fhadhb a réiteach? Tá tábhacht faoi leith ag baint leis an phobal vótála ar chúpla cúis.guth á thabhairt do na daltaí scoile féin agus an chosúlacht ar an scéal go dtabharfaí aird ar a dtuairim. Níl a fhios agam an é seo an chéad uair i stair na tíre gur shocraigh rialtas vótaí a thabhairt do dhaltaí scoile ar cheist chonspóideach a bhain leo féin. An dtabharfar vóta amach anseo dóibh ar ábhair Ardteiste, ar cheapadh múinteoirí, ar obair bhaile nó ar leathlá ar an Aoine fiú? Bhí daoine eile den tuairim gur ábhar iontais é go mbeadh vóta ag daltaí a bheadh ag fágáil na scoile faoi cheann cúpla mí ach gur chuma faoi thuairim na ndaltaí a bheadh ag teacht isteach ann. Is amhlaidh an scéal faoi na tuismitheoirí. Bhí vótaí ag tuismitheoirí daltaí a bheas ag fágáil na scoile go luath i ndiaidh na hArdteiste ach gan aird ar bith tugtha ar thuairim tuismitheoirí a bhfuil a bpáistí i mbunscoileanna an cheantair agus a bheas ag dul chun na Pobalscoile amach anseo. Bhí ceisteanna suimiúla ardaithe ar Nuacht TG4 ag an Dr Pádraig Ó Riagáin as Coláiste na Tríonóide, saineolaí ar shuirbhéireacht agus iarfhostaí de chuid Institiúid Teangeolaíochta Éireann. Chuir sé an cheist an mbeadh an seasamh céanna ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dalta amháin ar an scoil acu agus agus a bheadh ag vóta tuismitheoirí a bhfuil dornán páistí sa scoil acu? San idirlinn, bhagair cuid de phobal Chorca Dhuibhne go ndéanfaidís baghcat ar an suirbhé.amhras fosta faoi cén dóigh a mbainfear úsáid as na torthaí. Cad é a tharlódh, mar shampla, dá vótálfadh tromlach na ndaltaí ar son oideachas trí Bhéarla agus tromlach a dtuismitheoirí ar son oideachas trí Ghaeilge

(nó a mhalairt)? Ar leor móramh simplí do na daoine a chaitheann vóta le cinneadh a dhéanamh bealach amháin nó bealach eile nó an gcaithfear móramh de phobal na scoile uilig a bheith ann? Cad é a tharlódh dá mbeadh móramh de na vótóirí ar mhalairt tuairime ó phátrúin na scoile? Nach bhfuil cearta an phátrúin ar shainspiorad na scoile a roghnú mar chuid den dlí? Dá mbeadh móramh ar son oideachas trí Bhéarla cad é faoi chearta bunreachtúla agus dlíthiúla mhuintir na Gaeltachta - fiú más mionlach iad - ar oideachas trí Ghaeilge? Is í an fhadhb is mó leis an suirbhé seo ná nach bhfuil a fhios ag na daoine atá ag vótáil (nó i mbun baghcait fiú) cá luíonn an suirbhé mar chuid den phróiseas leis an fhadhb teanga a réiteach.Nuair a d’fhógair an tAire Hanafin go raibh sí le suirbhé a dhéanamh dúirt sí go raibh fonn uirthi a chinntiú go leanfadh Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag soláthar oideachais trí Ghaeilge do dhaltaí na Gaeltachta agus do dhaltaí ó theaghlaigh gurb í an Ghaeilge a dteanga baile agus ar mhian leo a gcuid oideachais a fháil i nGaeilge. Bhí sí tiomanta fosta a chinntiú go mbeadh Pobalscoil Chorca Dhuibhne gníomhach i gcaomhnú na Gaeilge mar theanga bheo pobail an oiread agus is féidir. Dúirt sí leis go gcaithfí freastal chomh maith orthu sin gan Ghaeilge nó go raibh a gcuid Gaeilgle chomh lag sin nach dtiocfadh leo foghlaim i ranganna a bheadh go hiomlán i nGaeilge. Ach saoithiúil go leor, níor dhúirt an tAire gur i bPobalscoil Chorca Dhuibhne a chaithfí an freastal sin a dhéanamh orthu siúd gan Ghaeilge nó a bhí lag sa teanga! Ceist bhunúsachMaidir leis an suirbhé agus na ciallachais a bhainfear aisti, tá ceist an-bhunúsach le cur: An dtig torthaí as suirbhé áitiúil a úsáid le polasaí náisiúnta a shocrú? Óir thiocfadh go mbeadh an cheist cheannann chéanna ag teacht chun cinn i nGaeltachtaí eile amach anseo. Is minic a chomhairlítear do dhaoine nach dtig argóint ghinearálta a bhunú ar shamplaí aonair. Ach tá an baol ann gurb é seo a tharlóidh sa chás seo.

Nuair a chaitheann foireann bainistíochta in eagraíocht ar bith déileáil le cás géarchéime nach bhfuil freagra réamhullmhaithe acu fána choinne is minic a thugtar ‘fire fighting exercise’ air. Ciallaíonn sé sin in áit a bheith ag plé go straitéiseach leis an cheist a réiteach go bhfuiltear ag caitheamh léi ar bhonn éigeandála. Is cinnte gurb é sin atá á dhéanamh i gcás chonspóid na Pobalscoile. Ach an raibh bealach eile ann le déileáil leis an chás agus an raibh machnamh ar bith déanta ar an fhéidearthacht go dtarlódh an fhadhb seo? Bhí go deimhin, agus freagra soiléir mar a tharlaíonn.

Tháinig an colúnaí seo ar an fhreagra sin trí phóirseáil ghasta a dhéanamh ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais. Ar an suíomh sin tá fáil ar thuarascáil chuimsitheach a ullmhaíodh seal gairid de bhlianta ó shin a bhain le bunú scoileanna nó córais dara leibhéal trí Ghaeilge. Ba in Eanáir 2004 a chuir an grúpa stiúrtha - ar a raibh ionadaithe ón Roinn Oideachais, ón Roinn Airgeadais, Gaelscoileanna, an Foras Pátrúnachta, ceardchumainn na múinteoirí, Comhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí agus na comhpháirtithe ar fad eile san oideachas - a dtuarascáil faoi bhráid Aire Oideachais an ama, Noel Dempsey. Luaitear i lár na tuarascála moladh a bhfuil bunús réitithe ann d’fhadhb Phobalscoil Chorca Dhuibhne:

“D’fhonn oideachas trí mheán na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta a chaomhnú chomh fada agus is féidir, ba chóir machnamh a dhéanamh faoi na nithe seo a leanas i gceantair Ghaeltachta áit ar mhian le teaghlaigh oideachas trí Bhéarla a bheith acu:

aonad a bhunú chun soláthar a dhéanamh dóibh siúd ar mian leo oideachas a fháil trí mheán an Bhéarla cóir iompair saor in aisce a sholáthar don scoil dara leibhéal is gaire a mhúineann trí Bhéarla.” (Alt 6.1, lch. 77)

Deirtear sa bhrollach go raibh an grúpa stiúrtha uilig ar aon fhocal faoin tuarascáil úd. Ba é an Cathaoirleach Feidhmiúcháin a bhí ar an ghrúpa stiúrtha agus a chuir i láthair an Aire é ná Frank Murray. An é sin an Frank Murray céanna a bhfuil an tAire Hanafin tar éis a chur de chúram air dul i mbun suirbhéireachta sa Daingean le cuidiú fadhb theanga teagaisc na Pobalscoile a fhuascailt?Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4/RTÉ é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.