AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Diomachroí agus drochmhisneach
Balor Balor Balor

Chuir Oireachtas na Samhna i nGaoth Dobhair Balor ag smaoineamh ar ócáid na bliana anuraidh.

Íomhá

“Tá an t-am sin den bhliain arís ann,” arsa Balor liom an lá cheana, “Am na Samhna. Is cóir Am an tSamhnais a thabhairt air i bhfianaise na rudaí samhnasacha gránna atá tagtha chun solais le cúpla seachtain anuas i ndiaidh chraoladh an chláir cháiliúil teilifíse sin. Níl mé ag gabháil a spochadh as duine ar bith nó tá an rud ar fad ró-thromchúiseach agus ró-léanmhar go mór. Ach, dar ndóigh, tá an dá bhrí leis an fhocal *spochadh *agus dá mbeadh fáil agam ar mo mhian bheadh spochadh go leor ar siúl agam. Tá mo sháith ráite agam ar an ábhar,” arsa Balor na Bailbhe.

“Ach tá ábhair go leor eile ar fiú go mór cúpla rud a rá fúthu,” dar le Balor na Baothchainte agus é ag trácht ar an am seo den bhliain. “Tá an bhliain ag druidim chun clabhsúir agus cuireann sé muid ag smaoineamh ar dheireadh cúrsaí: cúrsaí meatha, cúrsaí dorchachta agus diamhrachta agus doilbhe, cúrsaí duibhe agus duifin agus báis. Cuireann an méid sin ar fad an tOireachtas i gcuimhne dom. Faoin am a rachaidh an t-alt seo i gcló beidh an tOireachtas fá lánseol i nGaoth Dobhair, agus mura dtagann athrú mór air i mbliana cuirfidh sin le diomachroí agus le drochmhisneach phobal uilig na Gaeilge arís eile.

“Ag Dia amháin atá a fhios cá as a bhfaigheann siad a gcuid moltóirí. Cuid mhór acu ní aithneoidís barra ceoil thar bharra sópa, nó céim damhsa thar chéim sa Ghaeilge Ársa. Níl mé ag iarraidh ráiteas pearsanta a dhéanamh anseo, ach chuir mé féin isteach ar an damhsa ar an sean-nós an bhliain seo a chuaigh thart, ag an Oireachtas sa Daingean, agus bhí na moltóirí dall ar an aclaíocht agus an lúfaireacht lenar chuir mé an rince cogaidh ar an sean-nós i láthair. Dar leo nach raibh siad sásta aitheantas a thabhairt ach do phoirt agus do chora, ach idir na poirt agus na cora d’aithin siad a dtábla moltóireachta ag eitilt fríd dhoras an halla,” arsa Balor an Bosachán.

Ní mó ná sásta a bhí Balor le caighdeán na moltóireachta ag comórtas na n-amhrán nua-chumtha. “D’éist mé le hamhrán álainn tragóideach mar gheall ar fhear a glasáladh amach as a sheomra in óstán ar an Daingean. B’éigean dó gabháil thart san óstán i lár na hoíche agus gan earrach gan snáithe éadaigh idir é agus fuacht na hoíche ach drár a raibh spota buí ar a thóin. ‘Stop! Stop!’ a scairt na moltóirí agus an t-amhránaí i lár a staraíochta doilsí. ‘Tá sé sin gránna, glonnmhar agus déistineach!’ Agus chuir siad stop leis. Bhí mé cinnte gur ag tagairt do chiach agus do chiamhaire agus do chian an amhráin a bhí siad, ach ní hea! Ag tagairt don spota buí ar thóin a dhráir a bhí siad!

An duine nach raibh spota buí ar thóin a dhráir ariamh seasadh sé suas. (Nótaigh an forainm firinscneach. Ní iarrfainn riamh ar bhean seasamh.) Is minic a bhí spota buí ar mo dhrár féin - é ann siocair sprionga meirgeach ar an phioga lenar cheangail mé mo dhrár úr-nite ar líne an níocháin. Tá a fhios agam go cinnte gur minic a bhíonn spota buí ar thóin dhrár Éamoinn Uí Dhoornail, eagarthóir Beo Ar Éigean. Is ann dá chuid spotaí ar an chúis go mbíonn ceann de na *highlighters *buí sin i ngach aon phóca dá chuid éadaí. Úsáideann sé iad le cinsireacht a dhéanamh ar chuid mhór den mhéid a scríobhaim, le go gcoinneoidh sé mo chuid léitheoirí dall ar imeachtaí na tíre seo. Ba chóir go mbeadh seisean ina mholtóir ag an Oireachtas.”

Tá Balor i mbun paidreoireachta cheana féin leis na seandéithe, le Crom an Chroí Chrua, le Lúgh na Lorgaí Leathana agus le Maloch na Másaí Móra, chun nach gcuirfidh muintir an Oireachtais i nGaoth Dobhair, nó na hiarrthóirí a dhéanfaidh a mbealach tónáisteach treampánach go dtí an ceantar iartharach iargúlta sin, nach gcuirfidh siad olc ar na moltóirí agus nach gcuirfidh na moltóirí olc orthu siúd. Is beag an seans, dar le Balor an Bhéil Bhinn, go n-éistidh na déithe lena achainí nó níor éist siad riamh lena chuid achasán. Dar leis fosta, in ainneoin gur íobair sé putóga triúr moltóirí ar altóir Thaighdín na Tóna Tanaí, go mbeidh an tOireachtas seo chomh haithiseach adhnáireach le ceann na bliana seo caite. Tá súil ag Balor an tÍoltóir Ilteangach nach mbeidh an rud céanna le rá aige i mbliana agus a bhí le rá aige anuraidh agus é ar a bhealach bacánach bachallach abhaile ón Daingean ina charbad: “Bhí an tErectus sin ina cockup!”

Nóta ón eagarthóir: Bhí an t-alt seo dhá uair chomh fada go dtí go ndeachaigh *highlighter *buí an phóicín cúil i mbun oibre.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.