CÚINNE NA nEALAÍON
An Fhéile Phan-Cheilteach
Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann Ciara Nic Gabhann

Chonaic Ciara Nic Gabhann gnéithe fiúntais san Fhéile Phan-Cheilteach i nDoire i mbliana nach dtugtar suntas dóibh ar an chéad amharc. Is féidir comhoibriú, aithne, comhthuiscint agus cairdeas a áireamh ina measc.

Bhí fonn spleodrach beoga le brath ar chách i sráideanna Dhoire Cholmcille ar na mallaibh, nuair a bhí an 43ú Féile Phan-Cheilteach ar siúl ann. Ba í seo an chéad uair riamh don fhéile a bheith i nDoire nó fiú i dTuaisceart Éireann, agus ba mhór an onóir agus an t-ábhar pléisiúir a bhí ann do mhuintir na cathrach é fáiltiú rompu agus cuidiú ina reáchtáil.

Tugann an fhéile deis comóradh a dhéanamh ar an chultúr Cheilteach chomh maith leis an nasc saíochta idir na tíortha Ceilteacha, Éire, Alba, an Bhreatain Bheag (Cymru), Corn na Breataine (Kernow), an Bhriotáin (Breiz) agus Manainn (Mannin) a threisiú. Is mórócáid cheoil, rince, amhránaíochta agus cumadóireachta í an Fhéile Pan-Cheilteach ach, chomh maith leis sin, bíonn deis ag gach tír sain-taispeántas a dhéanamh ar a saíocht féin agus bhí sé seo le feiceáil agus le cloisteáil go fairsing ar shráideanna Dhoire i rith na seachtaine.

Reáchtáladh cuid mhaith de na ceolchoirmeacha i speigeltent (puball na scáthán), puball ollmhór déanta d’adhmad agus anairt maisithe go gleoite ar an taobh istigh le scátháin, soilse agus gloine dhaite agus suite i gceartlár chearnóg na cathrach, rud a chuir cuma aduain, beagnach allúrach, ar an áit agus a thug le fios go raibh rud éigin iontach ar leith á thairiscint ann. Agus ní raibh aon bhréag sa tairiscint sin. Cuireadh féasta de rogha gach ceoil agus togha gach rince, cainteanna, comórtais, mórshiúl ildaite il-Cheilteach ar fáil do phobal na cathrach agus do na mílte cuairteoir, ‘Ceiltigh’ agus ‘neamh-Cheiltigh’, a bhí i láthair i rith na seachtaine agus neart ceoil is craic is cuideachta i gClub na Féile agus sna tithe ósta ina dhiaidh sin.

Bíonn Blas ar an Bheagán

Mar aon leis na himeachtaí ceoil bhí blaschúrsaí teanga ann a thug deis d’fhoghlaimeoirí beagán de Ghaeilge na hAlban, na hÉireann, den Mhanannais agus den Bhreatnais a fhoghlaim chomh maith le sraith léachtaí ar ghnéithe de bhéascna agus de theangacha na gCeilteach. Bhí daoine óga rannpháirteach i gceardlanna éagsúla chomh maith agus ar na ceardlanna a cuireadh ar fáil bhí ceann ar an ealaín Cheilteach agus seisiúin rannaireachta le Rannairí Ard Mhacha.

Thosaigh an Fhéile Phan-Cheilteach i gCill Airne i 1971 le haird níos forleithne a tharraingt i measc an phobail ar theangacha, ar shaíocht agus ar cheol na sé thír Cheilteach. Is sampla maith é den dóigh ar féidir le ceiliúradh cultúir caidreamh pobail a leasú agus a neartú agus is cinnte gur tráthúil gurb é seo an chéad uair a tugadh an fhéile seo trasna na Teorann. Seo an tríú mórfhéile Ghaelach a tugadh go Doire sna blianta deireanacha seo. Tugadh an tOireachtas trasna na Teorann go Doire i 2006 agus anuraidh tharla an Fleadh Cheoil na hÉireann is mó riamh sa chathair chéanna le corradh le 400,000 duine páirteach ann. Anois i mbliana, tháinig an Fhéile Phan-Cheilteach chun na cathrach.

Modh Cruthaitheach an Athmhuintearais

I gcomhthéacs forbairtí trasphobail agus trasteorann de, is iontach an toradh atá ar na himeachtaí seo. Nuair a bhí an Fhleadh Cheoil á bheartú, mar shampla, tugadh cuireadh don phobal Aondachtach a bheith páirteach. Glacadh leis an chuireadh agus bhí buíonta ceoil Oráisteacha i mórshiúlta na Fleidhe, seirbhísí Gaeilge agus imeachtaí eile sna heaglaisí Protastúnacha agus go leor leor de phobal Protastúnach na cathrach le feiceáil i measc na sluaite ar na sráideanna. Ar ndóigh, ní le fadhbanna sóisialta nó polaitiúla an Tuaiscirt a cuireadh aon cheann de na féilte seo ar bun, ach má chuidíonn siad le pobail a thabhairt níos cóngaraí dá chéile agus le hiad a bheith níos tuisceanaí dá chéile, ní holc an fothoradh é sin ar a gcuid oibre.

Ar a chamchuairt stairiúil ar an Bhreatain Mhór i mí Aibreáin, labhair Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, faoi na ‘nascanna pearsanta agus cultúrtha idir muintir na Breataine agus muintir na hÉireann nach féidir a chur ar neamhní’ agus ‘faoi bheith ag bogadh i dtreo athmhuintearais ar bhealach cruthaitheach’, bhí macallaí sna focail sin ar an tagairt a rinne Cathal Ó hEochaidh i 1980 ag an Chruinniú Mullaigh Angla-Éireannach do ‘réimse iomlán na gceangal caidrimh idir an dá phobal’. Is léir go bhfuil a gcion féin á dhéanamh ag na mórfhéilte Gaelacha san obair thábhachtach seo.

Beidh an Fhéile Phan-Cheilteach ar ais i nDoire arís i seachtain na Cásca 2015. (Gearr marc ar do fhéilire anois!)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.