CÚRSAÍ SPÓIRT
Mícheál Ó Grádaigh (ar lean.)
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá a shaol caite ag Mícheál Ó Grádaigh ag plé leis an iománaíocht agus a rian fágtha aige ar an spórt. Chuaigh Colm Mac Séalaigh chun cainte leis le déanaí.

Íomhá

Cuid 1 den alt anseo

Aistríodh Mícheál arís i 1981, an uair seo go Luimneach, a chontae dúchais. Ba ghearr gur cuireadh i gceannas é ar an bhfoireann faoi 21. Bhuaigh siad ar Thiobraid Árann (a raibh Pat Fox agus Nicky English ag imirt dóibh) sa chéad bhabhta ach bhuaigh Corcaigh orthu i gcluiche ceannais na Mumhan. Ar feadh dhá bhliain eile ansin bhí sé i bhfeighil fhoireann sinsear Luimnigh. I 1983 bhí siad ina neasóirí sa tSraith Náisiúnta agus i 1984, Bliain an Chéid, bhuadar an tSraith Náisiúnta ach bhuaigh Corcaigh orthu sa Chraobhchomórtas le cúilín amháin.

An chéad aistriú eile ná go dtí Scoil na mBráithre i Loch Garman i Meán Fómhair 1984. Áit iontach agus daoine den scoth a bhí agus atá i Loch Garman, dar le Mícheál. An chéad rud a thug sé faoi deara ná go raibh na buachaillí ansin iontach ag breith ar an sliotar san aer, rud a bhí difriúil ó áiteanna eile ina raibh sé. Thraenáil sé foirne na scoile fad is a bhí sé ann. Ceapadh é ina bhainisteoir ar fhoireann sinsear Loch Garman i 1986. Bhuaigh Cill Chainnigh orthu i gcraobhchomórtas Laighean agus tugadh bóthar dó tar éis ocht mí!

Sa bhliain 1989 ceapadh Martin Quigley mar bhainisteoir agus bhí Mícheál ar ais sa bhainistíocht, an uair seo mar roghnóir, ach ní raibh an t-ádh leo i gcoinne an tsean-namhad, Cill Chainnigh. Bhí an-áthas ar Mhícheál nuair a bhuaigh Loch Garman Craobh na hÉireann ar deireadh i 1996, mar bhí muintir an chontae sin an-ghar dá chroí tar éis na haithne a bhí curtha aige orthu ar feadh sé bliana.

I ndiaidh a thréimhse i Loch Garman chaith Mícheál dhá bhliain, ó 1990 go 1992, sna Stáit Aontaithe. Rinne sé Máistreacht sa Bhainistíocht in Ollscoil Loyola i Chicago agus ina dhiaidh sin chaith sé dhá bhliain i gcoláiste oiliúna na mBráithre i Marino i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ag teagasc ansin go dtí gur fhág sé na Bráithre Críostaí i 1994 tar éis 33 bliain san ord.

Chuaigh Mícheál ansin ag múineadh i Scoil San Séamas, nó *Jamebo *mar ab fhearr aithne uirthi, agus i 1996 phós sé Irene, bean uasal as cathair Detroit. An bhliain chéanna d’iarr John Bailey, Cathaoirleach Choiste Átha Cliath, air dul i gceannas ar fhoireann shinsear iománaíochta Átha Cliath (bhí tamall gairid caite aige roimhe sin ag cabhrú le foireann Choláistí Átha Cliath). Chaith sé ceithre bliana i gceannas ar iománaithe na hardchathrach agus is dóigh leis go mba í an chéad bhliain an bhliain ab fhearr. Bhuadar gach cluiche sraithe (Roinn 2) agus bhí buanna ar Chorcaigh agus ar Phort Láirge ina measc.

Bhí an-mhuinín ag na himreoirí astu féin dá bhrí sin, nuair a thug siad aghaidh ar Chill Chainnigh i gcluiche leathcheannais Laighean. Ach mar a tharlaíonn rómhinic le foireann Átha Cliath, chuaigh cúl isteach go mí-ámharach ina gcoinne agus scórail DJ Carey cúl eile gar do dheireadh an chluiche. Cé gur throid na Bleá Cliathaigh go cróga an lá sin, dar le Mícheál ba í taithí Chill Chainnigh a sheas dóibh agus a chabhraigh leo teacht ar ais sa chluiche nuair a bhí Áth Cliath ag déanamh scriosta orthu.

Ceapann Mícheál dá mbuafadh Áth Cliath an lá sin go bhféadfadh sé go mbeadh scéal difriúil ag cúrsaí iomána an chontae inniu. Dar leis gur nós é a bhíonn ag foirne an bua a fháil agus is nós é atá dearmadta ag foirne Átha Cliath.

Ag imirt peile

An fhadhb is mó maidir le stádas agus cur chun cinn na hiomána i mBaile Átha Cliath, dar le Mícheál, ná an pheil, toisc go mbíonn na hiománaithe ag imirt peile go rialta agus gan a bheith ag imirt iomána an t-am ar fad. Bíonn peil á himirt gach dara Domhnach ag cuid mhaith iománaithe mar sin an córas atá ann. I dTiobrad Árann agus sna contaetha láidre eile imrítear iománaíocht gach Domhnach i rith an tsamhraidh agus peil sa gheimhreadh don spórt! Ach i mBaile Átha Cliath is beag iomáint a imrítear sa samhradh, mar bíonn mic léinn thar lear agus daoine ar saoire.

Fadhb eile a fheiceann sé i mBaile Átha Cliath ná nach bhfuil cuid de na clubanna ag cur na hiomána chun cinn nó fiú ag caitheamh go féaráilte le lucht iomána acu féin ach a mhalairt, is é sin bíonn siad ag iarraidh iománaithe maithe a iompó ar an bpeil agus in aghaidh na hiomána.

Deir Mícheál go ndéanann foireann iomána Átha Cliath an oiread céanna traenála is a dhéanann aon fhoireann agus tugann siad faoi go díograiseach. Tá na háiseanna traenála go maith freisin ach tá nós an bhua caillte acu le blianta fada. Is imreoirí éadroma iad ó nádúr ach imríonn siad formhór dá gcuid cluichí san earrach nuair nach bhfuil an talamh crua agus an sliotar beo mar a bhíonn sa samhradh. Ní féidir dul chun cinn a dhéanamh ar an gcaoi sin, a deir Mícheál.

Ó 1962 go 2001 d’imir foireann Átha Cliath cluiche amháin gach samhradh agus níor chabhraigh sé sin le forbairt aon fhoireann de chuid Átha Cliath. Dhéanfadh roinnt chluichí samhraidh leas na n-imreoirí óga agus chuideodh sin leo feabhsú. Tá sé dóchasach go bhfuil rudaí ag athrú agus an dara seans tagtha i bhfeidhm. Ceapann Mícheál go gcaithfidh tuilleadh athruithe teacht chun cinn ar nós córas sraithe don chraobhchomórtas agus ní thiocfaidh siad sin tapa go leor, dar leis, le haghaidh Átha Cliath agus contaetha eile atá sa chás céanna.

An fhoireann atá ann anois tá sí an-óg agus is gá seans a thabhairt dóibh iad féin a chruthú. Tá imreoirí an-mhaithe ina measc, ar nós Conal Keaney, David O’Callaghan, Derek O’Reilly, Stephen Hiney agus Simon Daly, dream a bhuaigh Craobh Laighean cheana féin le foireann Choláistí Átha Cliath. Má chuirtear na struchtúir chearta i bhfeidhm, má thugtar neart cluichí dóibh, agus má bhíonn an t-ádh leo, d’fhéadfaidís an bua a fháil ar chontaetha láidre sa chraobhchomórtas. Cheana féin i mbliana ba chóir go mbuafadh Áth Cliath Craobh Laighean faoi 21 i gcoinne Loch Garman ach chaill siad an cluiche in am breise agus cuid mhaith den mhilleán orthu féin. Ceapann Mícheál go mba chóir go mbeadh foireann láidir arís ann an chéad bhliain eile mar beidh a bhformhór faoi aois arís.

Ag bailiú deannaigh

Foilsíodh A Blueprint for Dublin Hurling *bliain ó shin. Ach cá bhfuil sé anois? “Ar an tseilf, ag bailiú deannaigh ar nós na dtuarascálacha is fearr!” a dúirt Mícheál go díomách (mar bhí sé féin ina Chathaoirleach ar an gcoiste a chuir le chéile é), agus fanfaidh sé ansin go dtí tar éis na comhdhála speisialta a bheas ar siúl an chéad mhí eile chun an cháipéis eile de chuid Chumann Luthchleas Gael a phlé. Tá impleachtaí móra d’Áth Cliath sa cháipéis sin (dhá fhoireann peile, mar shampla, agus dhá choiste contae). Níl sé dóchasach go nglacfar le moltaí an *Blueprint, mar tá an iomarca eile ag tarlú sa Chumann agus gan dóthain daoine sa CLG buartha faoin iomáint.

An príomh-mholadh atá déanta acu sa *Blueprint *ná go gceapfaí stiúrthóir iomána do Bhaile Átha Cliath agus go mbeadh freagracht agus cumhachtaí aige/aici maidir le cur chun cinn na hiomána sa chontae. B’fhearr é sin, a deir Mícheál, ná bord nó coiste agus luann sé gur duine amháin a stiúrann cúrsaí cispheile agus *baseball *i Meiriceá. Tá guth ag clubanna trí bhallraíocht ar choiste agus tá foireann rúnaithe ag an stiúrthóir. Duine an-ábalta agus ard-phróifíl aige i measc an phobail atá ag teastáil. Tá lena leithéid seo, a deir sé, toisc nach bhfuil éirithe leis na struchtúir atá i bhfeidhm le fada.

Ní dóigh le Mícheál Ó Grádaigh go mbeidh imreoirí gairmiúla á n-íoc sa CLG toisc nach bhfuil an t-airgead ann chuige. Ceapann sé go bhfuil pointí láidre argóna ag an Gaelic Players Association agus aontaíonn sé gur chóir níos mó a dhéanamh ar son imreoirí agus gur cóir caitheamh go cothrom leo ó thaobh costaisí taistil agus araile. Dar leis go mbeadh an gairmiúlachas an-chontúirteach do na clubanna toisc go mbeadh na himreoirí is fearr in easnamh uathu, rud atá tar éis tarlú i gcás an rugbaí i gCúige Mumhan.

Ba chóir Páirc an Chrócaigh a chur ar fáil do spóirt eile ar nós sacair agus rugbaí, dar le Mícheál, agus an t-airgead a chaitheamh ar fhorbairt na gcluichí Gaelacha. Dar leis go dtarlóidh sé luath nó mall.

Dar le Mícheál gur cuid lárnach í an iománaíocht de shaol an phobail sna ceantair ina bhfuil sí láidir. Sna contaetha cáiliúla iomána tá an-tábhacht leis an traidisiún a bhaineann leis an gcluiche. Cé go bhfuil an saol athraithe go mór ó bhí sé féin ina ghasúr, agus go bhfuil rogha i bhfad níos mó ag gasúir ó thaobh spóirt agus caitheamh aimsire eile de, tá ceantair fós ann ina bhfuil an iománaíocht fite fuaite le cultúr an phobail agus le rithim laethúil an tsaoil.

Luaigh sé mar shampla a chuid neachtanna agus nianna féin atá creaiceáilte faoin iomáint. Tá triúr ina measc a rugadh i dToronto, atá anois ina gcónaí i dTobar Phádraig agus a chaitheann a gcuid ama saor ar fad, beagnach, ag cleachtadh agus ag spraoi lena gcamáin. Ní hamháin sin, ach tá soilse speisialta curtha in airde ag a n-athair sa gháirdín mór ar chúl an tí ionas go mbeadh siad in ann cleachtadh a dhéanamh i rith an gheimhridh.

Ceapann sé go bhfuil an iomáint i mbaol áfach, fiú sna contaetha láidre, agus luann sé mar shampla de sin cás chathair Chorcaí. Tá coláistí cáilúla na hiomána, an Mhainistir Thuaidh agus Fearann Phiarais, comhnasctha le chéile anois mar níl líon na ndaltaí sách mór le haghaidh dhá scoil agus is laige an iománaíocht i gcathair Chorcaí dá bharr sin. Tá clubanna chathair Chorcaí imithe i léig freisin le hais mar a bhídís. Baineann na hathruithe sin ar fad le fadhbanna uirbeacha ar nós meathlú lárchathrach, ach ba cheantar láidir iománaíochta é lár chathair Chorcaí go dtí le déanaí. Anois is beag leaid óg a fuair áit ar fhoireann mhionúr Chorcaí le cúpla bliain anuas.

Is fear é Mícheál Ó Grádaigh atá tar éis mórán a bhaint amach i gcúrsaí iomána i rith a shaoil ach tá an díocas céanna ann is a bhí riamh. Ag deireadh ár gcomhrá d’fhiafraíos de cé mhéad bliain a bhí caite aige ag plé le cúrsaí iomána. “Céard atá i gceist agat go díreach?” ar sé. " Ó thosaigh tú ag iomáint,” arsa mise. “Is mar seo atá sé,” a deir Micheál, “táim ag plé leis an iomáint ó bhí mé sa chliabhán!”

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.