AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Deir Balor gur cosúil gur deas na buamaí ladrainn ach gur mídhaonna na buamaí baisce agus hilchineálacha buama eile nach dteilgeann airm an iarthair chomh minic is a chaithidís.

Íomhá
De réir na Tuarascála, Muirí Ó Póil
Íomhá
Sárchósaí
Íomhá
Gála uafásach - an Odious Gael

Tá an rí rá agus an ruaille buaille agus an rúscam raindí ar fad thart. Ach tá Balor Bocht faoi gheasa droma draíochta ag an eagarthóir Ó Slua Muirí gan a bheith ag scríobh faoi Bhanríon Shasana [eagarwhore: .i. Beití nó Gaotha]. Gidh ea, ní miste dó tagairt bheag a dhéanamh dá Mórgacht Ríoga Impiriúil Chorgiach agus don fhear a raibh sí ag brostú abhaile as Éirinn chun an leaba a chóiriú dó i dTeach Buckingham. Dúradh le Balor alt a scríobh faoi ionsaithe an mhí seo, a léitheoirí dílse: ionsaithe! Bhuel, tiocfaidh na hionsaithe ar ball, ach idir an dá linn, cúpla focal faoinár gcuid cuairteoirí clúiteacha iomráiteacha.

Tá Rí an Domhain Thiar agus Banríon an Domhain Thoir ar shiúl chun an bhaile, agus a gcúpla focal Gaeilge fágtha ina ndiaidh acu. Tá an Chateau Lafite 1787 ólta ag duine acu agus tá an pionta pórtair ólta ag an duine eile. Bhí Beití Windsor sa Ghairdín Cuimhneacháin gan duine ná deoraí de chosmhuintir na hÉireann fá bhúir asail di, agus Beairic Ó Bama i measc na sluaite agus na n-ollsluaite i bhFaiche an Choláiste. “Mo shoraidh céad slán leo agus lena gcuid eitleán agus a gcuid bád spéire, lena a gcuid gunnaí agus lena gcuid gníomhairí rúnda agus gan a bheith rúnda, agus leis na carranna móra sin atá díonta in éadan buamaí agus diúracán ach a bhfuil bóithre na hÉireann in ann iad a bhriseadh,” a deir Balor an Bligeard.

Thug Pól Ó Muirí moladh mór do Bheití agus do Bheairic ina alt Tuarascáil san Irish Times, as an iarracht a rinne siad leis an Erse. Ní thig linn a mhaíomh a thuilleadh nach n-aithníonn Uachtarán Mheiriceá a Erse óna elbow. Mhol Ó Muirí an tUachtarán Íosa Mhic Giolla Mháire fosta as binneas agus cruinneas a cuid Gaeilge. Deir sé linn go neamhbhalbh gur fhoghlaim an tUachtarán a cuid Gaeilge in Odious Gael i nGleann Cholm Cille, áit a gcaitheann sí seachtain amháin in aghaidh na bliana. Níor luaigh sé May Mac Ránais ar chor ar bith, a múinteoir Gaeilge pearsanta a bhíonn ag briseadh a thóna ó cheann ceanna na bliana ag iarraidh cur leis an chúpla focal atá aici, in ainneoin na leithscéalta ar fad a bhíonn aici faoin obair bhaile gan a bheith déanta: cruinniú leis an Phápa; dinnéar le hAngela Merkel; lón le Nicolas Sarkozy… May bocht! Nach diabhalta an jab atá aige!

Folúsghlanadh Tóna

Daoine eile a mbíonn jab deacair acu ná glantóirí na seomraí sna tithe ósta a mbíonn boic mhóra áirithe ag fanacht iontu. Tá siad ag maíomh anois go bhfuil airgead contúirte tuillte acu as a bheith ag dul isteach i seomraí áirithe. Ní Dominique Strass-Kahn atá mar ábhar na ngearán seo – nó tá seisean ag stopadh in áit nach bhfuil chomh galánta céanna – ach Richard Brutal agus a chairde sa Rialtas atá ag iarraidh an cúpla €uro sa bhreis a fhaigheann na glantóirí as a bheith ag obair ar an Domhnach a bhaint díobh. Deir urlabhraí thar ceann na nglantóirí nach mbeidís in ann srian a choinneáil orthu féin dá dtiocfaidís ar Aire de chuid Fhine Gael lom nocht i seomra óstáin. Bhí an chuid deiridh den ráiteas doiléir, ach d’éirigh le Balor focail ar nós hoover agus tóin agus sáigh a aithint.

Agus ós ag caint dúinn ar ionsaithe, bhí scéal ag dul thart an mhí seo caite faoi ionsaí a rinneadh ar fhear i stáisiún DART i lár Bhaile Átha Cliath. Beirt ghníomhaire de chuid Sheirbhís Rúnda SAM a thug faoi fhear a bhí ag ceannach ticéid agus a dúirt go raibh sé “going to Kilbarrack”. Tá sé fíor! Rud eile atá fíor i ndáiríre ná gur roghnaíodh an triúr páistí a bhuail Clog na Síochána in Áras an Uachtaráin le linn do Ó Bama a bheith ag cur crainn ann, chun ár mórtas as éagsúlacht mhuintir na hÉireann a léiriú. Bhí buachaill dall ann, ball den lucht siúil agus cailín de bhunadh na Nigéire. Níor inis duine ar bith do Ó Bama, áfach, go raibh rialtas s’againne i ndiaidh ionsaí eile a dhéanamh ar pháistí na hÉireann ar na mallaibh: go raibh deireadh á chur le 250 post múinteoirí Bhéarla do pháistí ón iasacht; go raibh an deontas leabhar don lucht siúil laghdaithe; agus gur gearradh pinsean na ndall chomh maith.

Agus ós ag caint dúinn arís faoi ionsaithe, bhí rí rá agus ruaille buaille in Albain an tseachtain seo caite nuair a fuarthas amach nach ndearnadh ionsaí seicteach ar Neil Lennon ón chumann sacair Celtic don dara lá as a chéile. D’eisigh péas Clydeside ráiteas faoin easpa ionsaí seo. Dúirt urlabhraí dá gcuid go raibh iontas orthu, agus go raibh sé doiligh orthu an tuairisc a chreidbheáil ar dtús. Ach i ndiaidh do bheirt bhleachtairí is tríocha an scéal a iniúchadh, fuarthas amach go raibh sé fíor. Tá an tUasal Lennon ag teacht chuige féin in otharlann, agus deir urlabhraí na hotharlainne go bhfuil súil acu go mbeidh sé amuigh in am don chéad ionsaí seicteach eile.

Bin Ó Loideáin

Chonaic an domhan is a mháthair Beairic ag ionsaí pionta Gnéas – ó gabh mo leithscéal, pionta Guinness, i dteach tábhairne Ollie Hayes i Muine Gall. Agus nach maith mar a bhí sé in ann é a ionsaí. Agus thug Beití Windsor cuairt ar an Guinness Storehouse. Scúpanna ar leith a bhí iontu seo do mhuintir Guinness. Bolscaireacht den chineál nach dtiocfadh leo é a cheannach: cuairt ríoga ar an ghrúdlann agus ansin Uachtarán Mheiriceá ag ól dheoch náisiúnta na hÉireann. Ní amhras ar bith ach gur chuir na hócáidí go mór le gnó Guinness agus le luach a gcuid scaireanna. Ach cad é a rinne muintir Guinness cúpla lá ina dhiaidh sin? D’ionsaigh siad oibrithe Guinness agus lig siad ceithre chéad acu ar shiúl. Cé go ndéantar an pórtar ag Geata San Séamus i mBaile Átha Cliath, is le Diageo anois é, dream a bhfuil ceanncheathrú acu i Londain Shasana.

Agus Osama Bin Ó Loideáin anois ar shlua na marbh, tá fórsaí na maitheasa agus na córa ag méadú ar an ionsaí atá á dhéanamh acu ar chairde Gaddafi. Ní mó ná sásta atá siad leis an chineál armlóin atá Muamar ag úsáid in éadan a mhuintire féin. D’ionsaigh siad é sna meáin chumarsáide, ag rá nach raibh na buamaí baisce in oiriúint do chúrsaí cogaidh, agus go mba chóir dó úsáid a bhaint as na buamaí ladrainn mar a dhéanann siad féin. I bhfad níos sibhialta atá siad, dar le fórsaí na córa. Ní beag sin de chúrsaí ionsaithe go fóillín.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.