368
An líon daoine atá ag léamh Beo! faoi láthair
Arna fhoilsiú ag Oideas Gael
Eolas agus teagmháil
About and contact
Tá an tAthair Maitiú Ó Cléirchín an-tógtha leis an Ghaeilge ach is beag deis a fhaigheann sí í a labhairt san áit a bhfuil sé ag cur faoi anois: i Wellington na Nua-Shéalainne.
»»»Is creideamh cuibheasach nua é an Mormannachas. San alt seo, tugann Brian Ó Broin léargas suimiúil dúinn ar chúlra stairiúil na heaglaise seo.
»»»Chuaigh Alan Desmond chun cainte le cara na conspóide le blianta anuas, Eoghan Harris. Níor chuir fear Chorcaí fiacail ann, ach murar chuir, chuir sé céadchonsan an fhocail chéanna sin ann sách minic le linn na cainte agus é ag trácht ar na daoine a casadh dó le linn a shaoil oibre in RTÉ agus lasmuigh de.
»»»D’fhéadfadh Aire na Gaeltachta sampla a sheanathar a leanacht nuair a bheas sé ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun tosaigh le linn chúlú an gheilleagair, dar le Breandán Delap.
»»»Tá aicme ar leith ealaíne ar taispeáint i Londain faoi láthair mar is eol do Chiara Nic Gabhann. Is ealaíon é a d’fhás as an léiriú urraime a thugadh an pobal do na naoimh, agus do na mairtírigh go háirithe, san am a caitheadh.
»»»Le barr spéise sa Chorsaicis agus i scéal na teanga a thapaigh Diarmuid Johnson a dheis le cuid de shaol an oileáin a bhlaiseadh.
»»»Tá go leor ceoltóirí sásta go bhfuil na lipéid cheirníní ag cailleadh smachta ar an tionscal ceoil ach níl Toner Quinn cinnte an rud maith é amach is amach a ról a bheith i mbaol.
»»»Tugann Bearnaí Ó Doibhlin cuntas ar cheist an chearrbhachais san Astráil, cearrbhachas a dhéanann dochar mór i saol an chearrbhaigh, saol an teaglaigh agus i saol mórán eile nach iad.
»»»Bhí Laoise Ní Chléirigh ag faire amach d’ealta an aeir agus do na hainmhithe le linn na drochaimsire. Bhí sí ag coimeád súile ar a modhanna maireachtála chomh maith. Bíonn a mbealaí féin acu leis an ngeimhreadh a chur isteach.
»»»Chuaigh leabhar de chuid Daniel Kahneman i bhfeidhm air chomh mór sin ar Chiarán Mac Aonghusa is go raibh air cromadh isteach ar an mhéarchlár agus scríobh faoi.
»»»Ceapadh Diarmuid Johnson ina fhile árais i Rhos-y-Gilwen sa mBreatain Bhig. Cén t-ionadh a bhí air nuair a chonaic sé roimhe an chéad oíche amhrán Phádraig Uí Mhileadha, cóirithe i bhfráma.
»»»Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gur gá don Chumann Lúthchleas Gael níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cumainn áitiúla.
»»»Bill O Reilly, Glenn Beck agus dream nach iad, ní béal gan smid aon duine amháin acu. Ní bréag a rá go n-imríonn na meáin chumarsáide an-tionchar go deo ar shaol na polaitíochta i SAM, mar a léiríonn Brian Ó Broin san alt seo.
»»»Ní mó ná sásta atá Tony Birtill leis an mhéid atá ráite ag an staraí Marianne Elliot i réamhrá chlár an dráma Translations, atá ar camchuairt sa Bheatain idir seo agus an Nollaig.
»»»Tchítear do Robert McMillen gur tanaí agus gur trédhearcach go leor de cheapadóireacht na féiniúlachta, ar neamhcead don taobh den teorainn a mbeidh tú.
»»»Turas nua sa Mhúsaem
»»»Do Ghaeltacht ar Líne, (Suíomh Idirlín agus Suíomh Soghluaiste)
»»»© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.