CÚRSAÍ SPÓIRT
Cumann na gcumann
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Tá Colm Mac Séalaigh den tuairim gur gá don Chumann Lúthchleas Gael níos mó tacaíochta a chur ar fáil do na cumainn áitiúla.

Deirtear go minic gurb é an cumann áitiúil nó an club bunchloch an Chumainn Lúthchleas Gael. Is cineál cliché a leithéid a rá agus is minic a shamhlaítear bréagmholadh le caint na pearsa mór-le-rá, bíodh sé ina pholaiteoir nó ina fheidhmeannach den chumann féin agus é ag labhairt ag ócáid phoiblí faoina clubanna céanna. Tugtar an cineál céanna moladh ó am go ham do na scoileanna, cuir i gcás, as ucht a gcuid oibre. Ach sin scéal eile!

Pé ar bith, má dhéantar anailís an-simplí ar ról an chumainn san eagraíocht, tá sé an-soiléir gur sa chumann áitiúil atá croí an CLG ag bualadh. Is iad na hócáidí móra, i bPáirc an Chrócaigh, Stáid Semple, agus araile, a tharraingíonn an phoiblíocht agus aird na meán cumarsáide náisiúnta, ach gan obair agus díograis na gcumann ar fud na tíre, ní bheadh na himreoirí agus, dá bhrí sin, na hócáidí móra sin ann.

Má théann tú ag taisteal in Éirinn, feicfidh tú ar fud na tíre na páirceanna breátha imeartha a thóg na cumainn áitiúla i ngach baile agus paróiste. Is beag cumann áitiúil nach bhfuil áras dá chuid féin aige agus is minic gurb é áras an CLG príomhionad siamsaíochta agus cultúrtha an pharóiste nó an bhaile bhig.

Idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh, cuir i gcás, feicfidh tú páirceanna an CLG ar feadh an bhealaigh ag áiteanna ar nós Chionn Átha Gad, Bhealach an Tiriallaigh, Bhéal Átha na Slua, Bhaile Locha Riach agus mar sin de. Má leanann tú ort siar ó Ghaillimh ar an mbóthar cois farraige tá páirceanna breátha an Spidéil, Chumann Mícheál Breathnach, na Ceathrún Rua, an Mháimín agus Ros Muc ó thuaidh le feiceáil. Cé a chreidfeadh i l976 agus cluichí Peile na Gaeltachta á n-imirt ar pháirc chnocach, aimhréidh na Ceathrún Rua, go mbeadh na páirceanna breátha nua seo ar fud Ghaeltacht na Gaillimhe taobh istigh d’achar gearr blianta?

Agus is mar sin atá an scéal ar fud na tíre, ó Bhaile Munna go dtí Galarus, Ros Láir go Gaoth Dobhair. Páirceanna breátha agus árais phobail den scoth, tógtha agus íoctha astu ag pobail áitiúla.

Borradh

Cén fáth go bhfuil an scéal amhlaidh? Céard tá taobh thiar den bhorradh seo le scór bliain sa CLG ar fud na tíre? Freagra simplí atá ar an gceist seo dar liom, is é sin, muintir na hÉireann! Gnáthchosmhuintir na tíre atá ag dul i mbun a saol sóisialta agus spórtúil féin gan beann ar rialtas ná Aontas Eorpach. Comhar na gcomarsan. Daoine ag cur le chéile. Ní neart go dtí é, mar a deir an seanfhocal. Cairde agus comharsana in éineacht ag imirt agus ag spraoi le chéile.

Ní hé nach mbíonn spéis ag muintir an CLG sa saol mór nó i gcúrsaí spóirt eile. Cuirtear ina leith go minic sna meáin go bhfuil siad cúlráideach agus paróisteach ach má théann tú isteach i gclubtheach de chuid an CLG aon oíche den tseachtain tá seans go mbeidh cluiche ón Premiership ar siúl ar scáileán mór sa tsólann. B’fhéidir go mbeadh roinnt ball den CLG ag breathnú air, ach seans go mbeadh buíon eile sa halla ag foghlaim damhsa seite nó ag imirt iomána faoi dhíon, nó b’fhéidir go mbeadh rang Ghaeilge nó feadóige ar siúl i seomra eile. An pointe ná go bhfuil i bhfad níos mó ar siúl sa Chumann Lúthchleas Gael ná mar is eol do lucht na meán cumarsáide. Nuair a rith na fír óga as Biorra, Droichead an Chláirín, Nemo agus Baile an Doire amach ar Pháirc Semple ar Lá Fhéile Pádraig, a gcroí lán le bród agus paisean dá n-áit dhúchais is dá bpobal féin, bhí siad réidh lena míle dícheall a dhéanamh ar son cairde agus comharsana ar fhás siad suas in éineacht leo. Ní hamháin sin ach thuas san ardán bhí na cairde agus na comharsana céanna ina mílte ag béiceach agus ag liúireach ar a son.

Is é Lá Fhéile Pádraig lá mór na gcumann nó na gclubanna ar fhéilire an CLG agus is iontach tábhachtach an lá é dá bhrí sin. Agus, ar shlí, ba nádúrtha agus ba láidre a raibh ar siúl i bPáirc Semple ná a bhí ar bun ar Shráid Uí Chonaill. Rud dúchasach, Gaelach, paiseanta i gcomparáid le showbiz!

Caithfidh an CLG stádas na gcumann a chosaint, breathnú ina ndiaidh agus iad a fhorbairt. Tá a lán cumann, go mór mhór sna cathracha agus sna bailte móra (eisceacht é Biorra seans) atá ag streachailt in aghaidh fórsaí láidre coimhthíocha agus fadhbanna sóisialta a dhéanann an-deacair dóibh é dul chun cinn a dhéanamh. Tá sé sin le sonrú ar a laghad imreoirí ar fhoirne na Gaillimhe agus Thiobrad Árann as na bailte móra a bhí páirteach ina mbua siúd anuraidh. Tá an club an-tábhachtach ach an dtuigtear go bhfuil an club i mbaol? Sin ceist gur gá aghaidh a thabhairt uirthi i gcomhthéacs na béime a chuirtear ar fhoirne contae agus i gcomhthéacs na cainte faoi ghairmiúlacht agus airgead a íoc le himreoirí idirchontae.

Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath. Sheinn sé ceol leis an ngrúpa Na Fíréin tráth.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.