Is creideamh cuibheasach nua é an Mormannachas. San alt seo, tugann Brian Ó Broin léargas suimiúil dúinn ar chúlra stairiúil na heaglaise seo.
Chuir sé iontas ar go leor daoine le déanaí go raibh éirithe leis an Mormannach Mitt Romney a bheith sa dara háit i dtoghcháin tosaigh an Pháirtí Phoblachtaigh. Níor lú an t-iontas a bhí orthu nuair a d’éirigh sé as an rás, ag géilleadh don mhinistir Baisteach Mike Huckabee a bhí i bhfad chun deiridh ar Romney féin agus ar an móriarrthóir, John McCain. Is cosúil gur thuig an páirtí go mbeadh muintir na Stát Aontaithe sásta glacadh le huachtarán mná nó gorm, ach ní le huachtarán Mormannach!
Creideamh sách nua is ea an Mormannachas, ar cuireadh tús leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ba é Joseph Smith a chuir an eaglais ar bun i Nua-Eabhrac nuair – dar leis féin – a thug Dia cuairt air sa bhliain 1820 agus é ceithre bliana déag d’aois. Dúirt Dia leis gan páirt a ghlacadh in aon eaglais eile.
In 1823 dúirt Smith gur thug aingeal darbh ainm dó Moroni cuairt air agus dúirt sé leis go raibh leabhar – a bhí scríofa ar phlátaí órga – curtha sa talamh in aice a fheirme. In 1827 thaispeáin an t-aingeal do Smith cár cuireadh na plátaí. Bhí lúireach agus dhá chloch bhua – ar a tugadh Urim agus an Thummim – curtha san áit chéanna agus d’úsáid Smith na rudaí seo leis an téacs a bhí scríofa ar na plátaí órga a aistriú ó Éigiptis go Béarla.
Má shíleann tú go bhfuil cuma aisteach nó dhochreidte ar an scéal seo, níor shíl muintir áit dhúchais Smith go raibh pioc inchreidteachta ag baint leis ag an am ach an oiread. Ba thimpeall an ama seo a ciontaíodh Smith i gcoireanna éagsúla ar nós iompar mí-ordúil agus feallaireacht. Ní hamháin sin, ach thosaigh taiscéalaithe amaitéaracha ag tochailt go rúnda ar a fheirm agus iad ar thóir an leabhair úd.
Níor thángthas ar an leabhar nó ar na plátaí, agus b’éigean do Smith éalú as Nua-Eabhrac go Pennsylvania, áit ar lean sé ar aghaidh ag aistriú an téacs go Béarla (mhaígh sé go raibh an bunleagan scríofa i dteanga ar thug sé “Reformed Egyptian” uirthi).
B’éigean do Smith bogadh uair nó dhó eile sular foilsíodh The Book of Mormon in 1830. Níl na plátaí órga nó taifead oifigiúil den “Reformed Egyptian” ar fáil níos mó. Dúirt Smith gur thug sé na plátaí ar ais don Aingeal Moroni nuair a chríochnaigh sé an t-aistriúchán. Ar ndóigh, deir go leor daoine gur ghealt é Smith, agus deir siad rudaí níos measa ná sin faoi freisin. Ach dúirt aon duine dhéag – le linn dóibh a bheith faoi mhionn – go bhfaca siad na plátaí agus dúirt triúr acu gur thaispeáin aingeal dóibh iad.
Lena leabhar nua, agus fiabhras an chreidimh ina bhféitheacha, chuaigh pobal na heaglaise i mbun daoine a iompú chun an Mhormannachais. Faoin am seo, nochtadh do Smith gur cheart do phobal na heaglaise bogadh go Ohio, áit a bhféadfaidís fanacht go dtí go mbeidís in ann bogadh siar go tailte de chuid na Meiriceánach Dúchasach in Missouri. AchrainnNíorbh fhada in Ohio iad gur éirigh idir na Mormannaigh agus pobal na háite tar éis gur theip ar bhanc a bhunaigh Smith.
Theith sé go Missouri, áit a raibh achrann i gceist cheana féin idir an Eaglais Mhormannach agus an stát. Tar éis do chíréibeacha tarlú – a dtugtar Cogadh na Mormannach orthu anois – thug an stát ordú don arm na Mormannaigh a dhíothú in 1838. Ba léir go raibh an t-arm dáiríre faoi seo, agus bhog gach mac máthar a raibh baint aige leis an bpobal Mormannach go Illinois, áit ar bunaíodh eaglais agus baile ar ar thug siad Nauvoo, ar bhruach thoir abhainn an Mississippi.
Tá cáil ar Mhormannaigh, fiú sa lá atá inniu ann, mar dhaoine a dtaitníonn an neamhspleáchas leo, agus ba léir go raibh dúil acu ann san ochtú haois déag freisin. Diaidh ar ndiaidh thosaigh na Mormannaigh a bhí ag cur fúthu in Nauvoo ag cur oilc ar na daoine eile a raibh cónaí orthu sa stát. D’éirigh caismirt idir baill indibhidiúla na heaglaise í féin, fiú, agus in 1844, tar éis d’achrann agus círéibeacha faoi pholagamas agus faoi shaoirse an phreasa a bheith ar siúl, mharaigh slua daoine Joseph Smith agus a dheartháir i bpríosún Nauvoo.
Níor mhaolaigh ar an naimhdeas idir an eaglais agus an stát i ndiaidh a mbás. Go deimhin, faoi stiúir leifteanant Smith, Brigham Young, d’éirigh cúrsaí ní ba mheasa, go dtí nach raibh an dara rogha ag Mormannaigh na háite ach éalú arís.
Faoin am seo, ba léir do na Mormannaigh nach bhfaighidís síocháin ó rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá. Mar sin, ba é an plean nua a bhí acu ná go rachaidís thar teorainn go Meicsiceo, áit a n-eagróidís iad féin as an nua.
Ó 1846 amach, thaistil corradh agus 70,000 Mormannach thar na Sléibhte Creagacha go dtí an loch goirt a bhí cúpla céad míle ón teorainn. Dar le Brigham Young, ba san áit seo a chuirfidís rompu a gcathair nua a thógáil: Salt Lake City. Níorbh fhada lasmuigh de na Stáit Aontaithe na Mormannaigh agus iad sa cheantar sin. Tar éis an chogaidh idir Meiriceá agus Meicsiceo in 1848, tugadh an talamh atá anois in California, Nevada, Arizona, Nua-Mheicsiceo, Colorado agus Utah do na Stáit Aontaithe. Ach níor tugadh aitheantas do Utah mar stát ann féin go dtí 1896, tar éis don Eaglais Mhormannach deireadh a chur le polagamas.
Droch-íomháTá cáil ar na Mormannaigh as ucht a gcleachtas polagamais, cé gur chuir an eaglais stop oifigiúil leis sa bhliain 1890. Scaipeadh na scéalta faoi iad a bheith bainteach le polagamas go fairsing tríd an Eoraip – agus trí Mheiriceá féin, go deimhin – mar gheall ar leabhar dar teideal A Study in Scarlet ón tsraith Sherlock Holmes a scríobh ag Arthur Conan Doyle in 1887. Sa leabhar seo, thug an t-údar le fios gur bhaill de chumann rúnda agus gur dhúnmharfóirí iad na Mormannaigh a chaith le mná mar a bheadh spórt iontu. Rinne an t-úrscéal an-damáiste d’íomhá na heaglaise go hidirnáisiúnta.
Dar le Smith féin, bhí an-drogall air glacadh le polagamas ach gur dhúirt Dia leis go ndamnófaí é mura gcleachtfadh sé é. Rialaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe go láidir in aghaidh an chleachtais in 1890, agus chuir an eaglais deireadh leis sa bhliain chéanna.
Cé go bhfuil séipéil ag na Mormannaigh timpeall an domhain, níl ach 120 teampall i gceist, a bhformhór i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Foirgnimh ollmhóra is ea iad a chuirfeadh ardeaglaisí na Críostaíochta i gcuimhne duit. Ach taobh istigh, tá siad cosúil le hóstáin naofa. Déantar na mairbh a bhaisteadh sna teampaill seo – sea, na mairbh. Creideann Mormannaigh gur féidir – agus gur cheart – daoine a bhí ina mball d’eaglaisí eile a fhad agus a bhí siad beo a bhaisteadh in athuair mar Mhormannaigh i ndiaidh dóibh bás a fháil chun a n-anam a shábháil. Mar sin, déanann Mormannaigh áirithe iad féin a thumadh roinnt amanna in umair speisialta ar son na marbh sna teampaill seo.
Mura bhfuil Mormannach gorm feicthe agat riamh, tá cúis mhaith leis sin: ní raibh a leithéid ann go dtí 1978. Níor tugadh cead do Ghormaigh a bheith ina Mormannaigh mar go raibh an eaglais den tuairim go raibh mallacht curtha ag Dia orthu. Mar sin, ní théadh misinéirí de chuid na heaglaise go dtí áit ar bith san Afraic taobh amuigh den Afraic Theas agus Namibia, áiteanna a raibh cónaí ar dhaoine geala. Mar a thuigfeá, bhí sé deacair teagasc mar seo a chosaint agus an eaglais ag fás go hidirnáisiúnta. Faoi dheireadh, tháinig an "taispeánadh" a rabhthas ag fanacht air go dtí ardchomhairle na heaglaise, agus ligeadh isteach Gormaigh. Tuigfidh tú, ámh, nach bhfuil na Gormaigh ag cur stró orthu féin dul isteach san eaglais go fóill.
Eaglais úrnua is ea an Eaglais Mhormannach, agus níl dabht ach gur rud thar a bheith Meiriceánach é freisin. Ach tá sé aisteach nach bhfuil níos mó daoine sna Stáit Aontaithe sásta glacadh léi go fóill. Rud suntasach is ea é go gcuirfeadh go leor Meiriceánach in aghaidh uachtaráin Mhormannaigh, cé gur chan an Mormon Tabernacle Choir ag oirniú seisear uachtarán – Lyndon Johnson, Richard Nixon, Ronald Reagan, agus George Bush agus George W. Bush ina measc. "Cór Mheiriceá" a thug an t-uachtarán Reagan orthu. Tógfaidh sé tamall fada, leoga, go dtí go bhféadfar "Creideamh Mheiriceá" a thabhairt ar an Mormannachas. Agus ní fios go fóill cén dearcadh a bheidh ag an gcéad uachtarán eile i leith na heaglaise seo, go háirithe más Gormach é!
Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-Gheirsí áit a bhfuil sé ag plé leis an teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.