Bill O Reilly, Glenn Beck agus dream nach iad, ní béal gan smid aon duine amháin acu. Ní bréag a rá go n-imríonn na meáin chumarsáide an-tionchar go deo ar shaol na polaitíochta i SAM, mar a léiríonn Brian Ó Broin san alt seo.
Táim ag scríobh an ailt seo in aerfort agus mé ar mo bhealach go San Francisco. Tá teilifíseán os mo chionn ag taispeáint an bhealaigh teilifíse Fox News. Más nuacht é, ámh, ní léir dom é, nó tá an léitheoir nuachta ag screadaíl ar thráchtaire éigin ar cheamara eile, agus tá duine eile (tuairisceoir, is cosúil), ag screadaíl ar an mbeirt acu. Ar ndóigh, tá lucht na tolglainne go léir ag breathnú ar an argóint, cuid acu ag gáirí, cuid acu agus an dreach dáiríre orthu. Bíonn tarraingt agus siamsaíocht sa nuacht, gan amhras, ach ar cheart don nuacht a bheith ina spórt, agus ar cheart tionchar a bheith aige ar thuairimíocht daoine?
Bhí na meáin Éireannacha lán leis an scéal le déanaí go ndearnadh tagairt do Thaoiseach na hÉireann, Brian Cowen, mar phótaire ar chlár cainte oíche NBC, ‘The Tonight Show’. I ndáiríre ámh, ní raibh baint ag an tagairt a rinne an láithreoir, Jay Leno, leis an rí-rá a tháinig as Gaillimh i mí Meán Fomhair, nuair a cuireadh meisce i leith an Taoisigh agus é i mbun agallaimh ar chlár raidió. Ní raibh ann ach gur thaispeáin Leno pictiúir den Taoiseach agus d’iarr ar an lucht féachana tomhas ar fear leanna, polaiteoir, nó fuirseoir é.
Rinneadh an-chaint faoin tagairt in Éirinn, ach an rud is suimiúla ar fad faoin scéal, dar liom, ná go bhfuil an méid sin cumhachta ag na cláracha cainte ar theilifís Mheiriceá gur féidir leo oifig Taoisigh i dtír trasna an Atlantaigh a chreathnú. Ach ní hamháin go bhfuil tionchar ag meáin Mheiriceá ar Éirinn, ar ndóigh. Is ar phobal Mheiriceá féin a dhíríonn siad a n-aird de ghnáth, agus ní beag an tionchar a imríonn siad ar shaol na tíre.
Stáit Easaontaithe Mheiriceá
Go deimhin, tá an t-am thart go bhféadfaí caint ar Mheiriceá atá aontaithe trína mheáin, mar a bhíodh sé, beag ná mór, suas go dtí na hochtóidí. Cinnte, bhí na céadta stáisiún teilifíse agus raídió ar fud na tíre, ach bhíodar uilig, nach mór, comhcheangailte le ceann de na ‘líonraí’ móra, nach raibh ach trí cinn ann: NBC, ABC, agus CBS, a raibh monaplacht triarach acu ar aerthonnta Mheiriceá ó thús ré an chraolacháin.
D’athraigh an domhan nuair a cuireadh tús le teilifís cábla sna hochtóidí. Go tobann, níor ghá do stáisiún freastal a dhéanamh ar an bpobal iomlán. D’fhéadfadh sé díriú isteach ar mhionphobal amháin agus cláracha a dhéanamh dóibh siúd amháin. Sar i bhfad, bhí stáisiúin ann do mhná, do sheandaoine, do chócairí, do thaistealaithe . . . agus do lucht féachana na nuachta. Níorbh fhada go raibh stáisiúin nuachta ar fáil dóibh siúd ar thaitin nuacht Chríostúil leo, nuacht na heite clé, nuacht thapa. Ceann de na stáisiúin nuachta ba mhó a thosaigh ag craoladh sna nóchaidí ná Fox News, stáisiún de chuid Rupert Murdoch, an milliúnaí Astrálach. Tá dearcadh ar leith ag Murdoch. Creideann sé i bpolaitíocht na heite deise agus i gceart na ngnólachtaí agus na bhfostóirí. Bíonn ceardchumainn agus rialtais ag creimeadh na tíre, agus ag cur moille ar fhorbairt an domhain dar leis. Ba cheart, de réir a shoiscéil, cead a gcinn iomlán a bheith ag lucht ghnó. Is acu atá fhios, agus ba cheart dóibh pé brábach a dhéanamh agus is féidir leo, beag beann ar rialtas, timpeallacht, agus ar chearta an fhostaí.
Níl an stáisiún ann ach ó 1996 i leith, ach creidtear gurbh é Fox News ba chúis le toghadh George Bush d’uachtaránacht Mheiriceá ceithre bliana dár gcionn sa bhliain 2000. Faoin am sin, bhí Fox ar fáil ar an gcuid ba mhó de sheirbhísí chábla na tíre.
Tugtar claonadh i leith an stáisiúin mar gheall ar na cláracha cainte a bhíonn ar siúl acu tráthnóna. I rith an lae, bíonn timthriall craolta fiche nóiméad, nó mar sin, acu, ina n-athchraoltar na scéalta céanna, nach mór, idir shosanna fógartha. Tráthnóna, ámh, bíonn cláracha cainte acu le láithreoirí mar Bill O’Reilly, Seán Hannity, agus Alan Colmes, tráchtairí béalscaoilte gáifeacha den eite dheis, a phléann cúrsaí an tsaoil ó dhearcadh na heite deise.
An Frith-Mheiriceánachas
Tá tráchtaire nua acu le déanaí, Glenn Beck, arbh é an mórtas tíre agus fuath don eite chlé a churfá, agus is mór a lucht féachana dá réir. Bíonn na milliúin ag breathnú ar chlár Beck ó Alaska go Florida, agus caitheann sé cuid mhaith ama ag cáineadh uachtaráin Mheiriceá, Barack Obama as a bpolasaithe frithghnó, frithshaoirse, agus frith-Mheiriceá (dar leis). Fíor nó bréagach, imríonn Beck agus a chlár teilifíse an-tionchar ar phobal Mheiriceá, chomh mór sin, dar fia, gur thograigh Beck a lucht féachana a eagrú go polaitiúil agus a ghríosadh chun gnímh le déanaí. D’fhógair sé cúpla mí ó shin gur cheart dóibh siúd a raibh an dearcadh céanna acu i leith an uachtaráin, an rialtais, agus cúlú eacnamaíochta na tíre, teacht go dtí ollshlógadh i Washington ar an 28ú Lúnasa chun a bhfearg a chur in iúl don rialtas.
Agus thángadar ina sluaite. Cé nach dtugann údaráis Mheiriceá figiúirí measta ar shlógaí níos mó, meastar go neamhoifigiúil go raibh cúpla céad míle duine i láthair ag an slógadh úd, a thugtaí ‘Restoring Honor’, nó ‘Athghabháil an Mheasa’ air. Ardaíonn sé seo ceisteanna tromchúiseacha. Ar cheart do lucht stáisiún nuachta a bheith ag eagrú slogaí polaitiúla? An féidir leis an stáisiún tabhairt le fios i ndáiríre gur stáisiún tuairisce nuachta iad, seachas stáisiún déanta nuachta?
Deacair a thomhas, ach bhí an méid sin feirge ar lucht na stáisiún cábla eile, gur thograigh siad cúpla seachtain ó shin an rud céanna a dhéanamh. Slógadh magaidh atá i gceist, faoin teideal searbhasach ‘Restoring Sanity’, nó ‘Athghabháil na Céille’, ach go cinnte, is frithshlógadh é mar sin féin. Cheana féin tá na mílte eagras ag tabhairt aghaidh ar Washington D.C. faoi cheannas beirt fuirseoirí ó stáisiúin chábla grinn, Jon Stewart agus Stephen Colbert. Má tá greann i gceist leis an slógadh, tá dáiríreacht freisin - is comhartha é do Ghlenn Beck agus dá lucht leanúna nach féidir leis a shlógaí polaitiúla a eagrú gan freagra éigin.
Idir seo agus eile, ardaíonn sé an cheist “cá bhfuil na polaiteoirí?” Breathnaím suas ó mo ríomhaire agus feicim na tráchtairí in ard a gcinn in aghaidh a chéile ar an teilifís go fóill, ach má tá, cá bhfuil na polaiteoirí?