AGALLAMH BEO
Eoghan Harris
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Chuaigh Alan Desmond chun cainte le cara na conspóide le blianta anuas, Eoghan Harris. Níor chuir fear Chorcaí fiacail ann, ach murar chuir, chuir sé céadchonsan an fhocail chéanna sin ann sách minic le linn na cainte agus é ag trácht ar na daoine a casadh dó le linn a shaoil oibre in RTÉ agus lasmuigh de.

Íomhá
Eoghan Harris - ní fhéadfainn samhlú éirí as an leaba ar maidin mura mbeadh an teanga againn
Íomhá
Sr. Oiliibhéir Pluincéad, Corcaigh
Íomhá
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
Íomhá
Cathal Ó hEochaidh
Íomhá
Bhíodh sé ag scríobh faoi James Connolly
Íomhá
Vicipeid
Íomhá
Máire Mhic Róibín, an tIar-Uachtarán
Íomhá
David Trimble, Barún Lios na gCearrbhach
Íomhá
Bertie Ahern, TD
Íomhá
Neamhaird an Irish Times agus RTÉ
Íomhá
Chun ceisteanna géara do chur ar Hume
Íomhá
Corcaigh istoíche

Is fearr aithne ar Eoghan Harris sa lá atá inniu ann mar cholúnaí leis an nuachtán The Sunday Independent, mar dhuine den mhionlach a chosain Cathal Ó Searcaigh go poiblí le linn na conspóide a d’eascair as an scannán Fairytale of Kathmandu níos luaithe i mbliana. Is aithnid do dhaoine é mar dhuine a chuaigh ar an Late Late Show i mí na Bealtaine 2007 chun Bertie Ahern a chosaint go fíochmhar i gcoinne líomhaintí a bhain le Binse Fiosraithe Mahon. Is minic a mhaítear gur in éiric na tacaíochta seo a d’ainmnigh Ahern Harris chun an tSeanaid nuair a atoghadh ina Thaoiseach é in olltoghchán 2007, dearcadh nach n-aontaíonn Harris go hiomlán leis.

Gach uige mar a hábharRugadh Eoghan Harris i sráidbhaile na Dúglaise gar do chathair Chorcaí sa bhliain 1943. Ba eisean an duine ba shine sa chlann ina raibh ochtar leanaí níos óige ná é féin. Fiafraím de ar fhág sé rian air gurbh eisean a bhí ina dheartháir mór ag ochtar? “D’fhág. Ní raibh an tsláinte rómhaith ag m’athair agus bhíodh mo mháthair gafa i gcónaí le páiste óg. Bhí orm mar sin, an chuid is mó den chlann a thógáil.

Bhí orm an chócaireacht a fhoghlaim, agus is cócaire maith ó shin mé. Bhí orm a bheith in ann mo dheartháireacha is mo dheirfiúracha a láimhseáil, clúidíní a bhaint díobh is a chur orthu agus iad a chur a chodladh. Bhí sé deacair. Chaill mé an-chuid laethanta scoile mar bhínn ag cabhrú le m’athair chomh maith. Bhi gnó beag aige agus bhí orm dul isteach chun é a oscailt agus a bheith ann i rith an lae.”

Bhí Anne O’Sullivan, an bhean a phósfadh Eoghan, ina hiníon léinn i Roinn an Cheoil in ollscoil Chorcaí agus ba é Seán Ó Riada an teagascóir a bhí aici. “Bhí Ó Riada an-cheanúil ar Anne is ba mhór an trua, dar leis, gur phós sí mé is a d’imigh ón gceol mar mheas sé go mbeadh sí go maith ag an gceol.”

RTÉI ndiaidh dó céim a bhaint amach sa stair, chaith Eoghan bliain ag léachtóireacht san ábhar sin i gColáiste Ollscoile Chorcaí, sula ndeachaigh sé isteach in RTÉ ina léiritheoir faoi oiliúint i 1966.Déanaim iontas de go raibh sé pósta faoin am seo. Is minic i gcás daoine óga a mbíonn orthu a ndeartháireacha is a ndeirfiúracha féin a thógáil nach dteastaíonn uathu clann dá gcuid féin a bheith acu níos déanaí sa saol. Ach phós Eoghan Anne O’Sullivan nuair nach raibh ach 20 bliain aige. Rugadh beirt iníonacha dóibh, Constance agus Nancy. Faighim leath-admháil uaidh, áfach, gur seans nárbh é sin an rud ab fhearr dó a dhéanamh. “Nuair a bhí teaghlach de mo chuid féin agam is dócha go raibh mé tuirseach mar, ar bhealach, bhí clann amháin tógtha agam cheana. Agus is dócha go raibh tionchar aige sin orm. Is dócha nár thug mé an méid sin aire do mo pháistí féin, bhí mé níos réidhe iad a ligean dóibh féin.” Tá sé scartha ó Anne, atá ina leas-eagarthóir ar The Sunday Independent, le breis is scór bliain, ach ní dheachaigh siad chomh fada le colscaradh go dtí le déanaí.Mar aon le dul isteach i RTÉ i 1966, thosaigh Eoghan ag obair ar son Ghluaiseacht na Poblachta ón mbliain sin ar aghaidh chomh maith. “Nuair a bhí mé faoi oiliúint in RTÉ, bhí mé ag cabhrú le Cathal Goulding an feachtas cearta sibhialta a chur ar bun sa Tuaisceart agus mar sin, bhí an pholaitíocht is an léiritheoireacht fite fuaite ina chéile i gcónaí. Ní raibh aon seans iad a scaradh lena chéile.”B’amhlaidh gurbh fhearr le Harris éirí as RTÉ ag an am le go mbeadh sé in ann Gluaiseacht na Poblachta a chur ar bhóthar a leasa. “Theastaigh uaim a bheith i m’eagraí náisiúnta don Ghluaiseacht agus í a athrú go hollpháirtí sóisialach agus bhí sin indéanta. Ach dúirt Goulding go mbeadh níos mó tionchar agam istigh in RTÉ ag déanamh clár faoin eite chlé.”Cé nár chláraigh sé go hoifigiúil ina bhall de Pháirtí na nOibrithe go dtí na hochtóidí, is minic a mhaítear go raibh tionchar mór ag Harris ar ghrúpa de chuid an pháirtí sin a d’iarr a anáil a chur faoi chláir RTÉ, go háirithe cláir a bhain leis an Tuaisceart. Seachas tionchar Pháirtí na nOibrithe, is fearr le hEoghan labhairt ar eagraíochtaí eile a chuir a n-anáil faoi chláir RTÉ. “Bhí tionchar uafásach ag Ridirí Colmáin i RTÉ. Ar leibhéal na bainistíochta, bhí ochtar as deichniúr ina mbaill de na Ridirí. Bíonn daoine ag caint faoi Pháirtí na nOibrithe mar chumann rúnda ach cad faoin f* cumann rúnda a bhí ag na Ridirí? Bhí greim an-láidir ag na Ridirí in RTÉ agus bhí siad go láidir ar an eite dheis. Bhí níos mó ná cinsireacht ar na hÓglaigh in RTÉ, bhí an-chuid cinsireachta ar chláir a bhain le gnéas i gcónaí.”

Proinsias Mac AonghusaAgus pearsantacht chomh cumhachtach sin ag Harris agus tuairimí diongbháilte á nochtadh aige go neamhbhalbh, ní ionadh go bhfuil éirithe idir é agus daoine éagsúla le linn a shaoil agus ar na daoine ar thit Harris amach leo i rith na mblianta, bhí an Gaeilgeoir oirirc, Proinsias Mac Aonghusa. Ba é Harris, áfach, a thug post don Ghaillmheach ar an gclár Gaeilge Féach. Cad ba chúis leis an gcoimhlint eatarthu mar sin?

“Bhí mé i mo léiritheoir ar an gclár Féach, ní raibh aon obair ag Mac Aonghusa agus dúirt Breandán Ó hEithir post a thabhairt dó. Mheas mé, agus bhí an ceart agam, go raibh sé ag obair mar chlaonbholscaire do Chathal Ó hEochaidh. Bhí colún á scríobh aige sa sean-Sunday Press ag moladh Uí Eochaidh is ag craobhscaoileadh an tsoiscéil dar le Ó hEochaidh. Níor fhéad Breandán é a sheasamh ach oiread, ach bhí trua Gaeilgeora aige dó. Pé scéal é, thug mé post dó agus fuair mé scian sa droim dá bhuíochas. Ach ba é sin an tslí inar oibrigh sé. Bhí sé thar a bheith nimhneach, ach is nimheadas é sin a bhaineann leis an iarthar, tá a fhios agam mar is as Ros Comáin do mo mháthair is mhínigh sí sin dom. Brabúsaí ab ea Mac Aonghusa, bhíodh sé ag scríobh faoi James Connolly is é amach ag ól le gach f* fear gnó i mBaile Átha Cliath. Ba fhimíneach den chéad scoth é, ach bhí tallann thar barr aige mar chraoltóir agus chuireamar suas le gach rud toisc go raibh sé chomh maith sin mar chraoltóir.” Tar éis dom slán a fhágáil le hEoghan, léim alt a bhí ar eagrán den iris Phoenix i lár na n-ochtóidí ina maítear gur scríobh Harris alt neamhshínithe ag rá go raibh Mac Aonghusa ag iarraidh ardú céime mar Cheannasaí Raidió na Gaeltachta a fháil dó féin. Chuir sé seo isteach chomh mór sin ar Mhac Aonghusa, dar le halt Phoenix, gur sheas sé air go gcuirfí deireadh le hobair Harris ar an gclár Féach. Is dócha gurbh é seo an scian sa droim a bhí i gceist ag Harris.

Naimhde ar an IdirlíonA luaithe is a luaim leathshlí tríd an agallamh go bhfuil an cur síos atá le fáil mar gheall ar Harris ar Wikipedia léite agam tuigim go bhfuilim tagtha ar phointe íogair, pointe a ghoilleann go mór air. “Bhí mé ar chlár raidió Eamon Keane ar Newstalk 106 le déanaí agus laistigh de nóiméad i ndiaidh dom a bheith ar an aer, bhí fiche cinn de na hainmneacha cleite a leanann mé tar éis logáil isteach ar politics.ie agus comments postáilte acu den saghas that bollix Harris is on 106, that fer didn’t know anything.” Gan anáil a tharraingt, leanann sé air ag labhairt go corraithe. “Dúirt mé le hEamon Keane go bhfaigheadh sé glao gutháin ó dhuine a déarfadh go bhfuair mé gach rud mícheart seachas Máire Bean Mhic Róibín agus, by f, tháinig an glao sin isteach. Tá sé chomh dona sin go ndeirim ar an aer nuair a bhím ar Today FM, ‘sula mbeidh an clár seo istigh gheofar slám téacsanna ó tuairim is fiche duine a leanann mé timpeall is a bheidh ag scríobh ‘Eoghan Harris made a balls out of Twink, Eoghan Harris got f* everything wrong.’ Dream a bhfuil suaitheadh síceolaíoch orthu, beagnach.”

An droim láimhe a thabhairtIs léir go mbraitheann Harris gur geall le géarleanúint an t-iompar seo. Eascraíonn an naimhdeas seo as eisean a bheith ag tabhairt droim láimhe dóibh i rith a shaoil. “Thug mise cúl leis an bpoblachtachas cúpla lá i ndiaidh don Provisional IRA tús a chur le feachtas foréigin agus faoi dheireadh 1972, bhí mé tar éis éirí glan as an bpoblachtachas. I 1990 thug mé cúl leis an sóisialachas. Rinne an dá chinneadh sin líon mór naimhde dom in Éirinn mar tá an chuid is mó de na meáin chumarsáide poblachtach, báúil le Sinn Féin, nó ar an eite chlé agus liobrálach. Is Protastúnach mé sa mhéid is go leanaim mo choinsias i gcónaí, is cuma sa f diabhal cad a deir daoine eile. Ach tá a lán naimhde agam agus tá siad ar an idirlíon, go háirithe fear darb ainm ..... ......, f Jesus, déarfainn go bhfuil sé ar Wikipedia gach dara f* lá ag athrú na hiontrála atá ann fúm. Sin a deir daoine liom, pé scéal é, ní fhéachaim air a thuilleadh, bheadh orm na hiontrálacha a cheartú gach lá.”

HarrismentTá Eoghan go láidir den tuairim nach ndíríonn a naimhde idirlín ach ar na gnéithe diúltacha dá shaol. Cuireann sé sin a chuid fola ag coipeadh is a ghuth ag ardú. “Ó bheith ag féachaint ar Wikipedia déarfá nach ndearna Eoghan Harris faic seachas an sceitse sin a rinne Twink ag Ard-Fheis Fhine Gael i 1991 a scríobh. Cuireann an dream seo na rudaí céanna ar an idirlíon ó mhaidin go hoíche.” Ach ní hé Harris an t-aon duine amháin atá á chiapadh ag an dream géarleanúnach seo. “Tá an fhadhb chéanna ag John Waters is Kevin Myers, leanann an dream céanna an bheirt acu. Más athbhreithniúchóir thú in Éirinn, má deir tú focal maith faoi mhairbh an chéad chogaidh dhomhanda, má cheapann tú go bhfuil cúis mhaith le hionradh na hIaráice agus Saddam Hussein a threascairt, beidh siad ar an idirlíon ag scríobh fút chomh luath is théann tú ar an raidió nó an teilifís.”Ní foláir nó go bhfuil am saor as cuimse ar fad ag an dream seo más chomh tapa sin a thagann a n-ionsaithe idirlín. “Measaim gur státseirbhísigh iad, ní bheadh an t-am ag éinne eile.”

Máire Bean Mhic RóibínBhí Eoghan Harris ag cabhrú leis an iarracht chun Máire Mhic Róibín a thoghadh ina hUachtarán ar Éirinn. “Rinne mé trí fhíseáin di, scríobh mé a hóráid ghlactha, scríobh mé an doiciméad 14-leathanach a mhínigh conas déileáil le colscaradh is ginmhilleadh, rud atá fós in úsáid ag FF mar dhoiciméad toghcháin.

Ní raibh aon airgead ag Bean Mhic Róibín. As mo phóca féin a rinne mé na trí fhíseán, ar thimpeall dhá chéad punt. Bhí mé i mbarr mo réime ag an am mar léíritheoir agus d’fhéadfainn físeán a dhéanamh as píosa caca. Bhris mé isteach i seomra eagarthóireachta chun eagarthóireacht a dhéanamh ar na físeáin saor in aisce – bhí mé ag dul i bhfiontar di.”Ach nuair a tháinig an crú ar an tairne, loic an t-uachtarán nuathofa. “Nuair a d’fhiafraigh Gerald Barry di i ndiaidh an toghcháin, cérbh é an duine a raibh an chreidiúint ag gabháil dó as an toghchán, dúirt sí ‘ghlac gach duine páirt ina shlí féin.’ F sellout. Scríobh John Waters ar an Irish Times ag cur an f boot isteach uirthi mar bhí a fhios aige mar iriseoir ag an am an méid a rinne mé. Tá cuntas air ag Emily O’Reilly ina leabhar Candidate chomh maith, agus d’admhaigh Pat Rabbitte gur mise a rinne 80% den obair san fheachtas toghchánaíochta.”Fiafraím de go simplí soineanta cén fáth nár thug Bean Mhic Róibín dó an chreidiúint a bhí tuillte aige agus tugann sé freagra i nguth atá lán le díchreideamh go bhféadfainn a leithéid de cheist a chur.

“Déanann siad go léir é sin. Ba pholaiteoir í. I Sasana agus sna Stáit Aontaithe, bíonn sé de nós ag na polaiteoirí creidiúint a thabhairt do na claonbholscairí.”Tugaim faoi deara, áfach, nach polaiteoir é Fergus Finlay is go bhfuil spior spear déanta aige den tábhacht a bhí ag baint le ról Harris sa toghchán. “Cad the f* eile a déarfadh sé nuair a bhí sé ar an bhfoireann?” Theastaigh creidiúint ó Finlay féin mar sin? “Cinnte. Ach cén t-ionchur a bheadh ag Finlay san fheachtas? Níor fhéad sé físeán a dhéanamh, níor scríobh sé óráid Bhean Mhic Róibín – d’iarr sí orm a hóráid a scríobh. Is óráid chlasaiceach fós é – the hand that rocks the cradle rocked the system. Níor cheap Finlay giotáin chainte den saghas sin. Cén fáth a d’iarr Trimble orm óráid ghlactha na duaise Nobel a scríobh dó. Is mediocrity é Finlay, cad a rinne sé riamh seachas an fhéasóg a tharraingt ar an teilifís? Ní raibh air riamh toghchán a bhuachan.”Ach tá a chion de thoghcháin buaite ag Harris féin. “Bhuaigh mé an toghchán Eorpach do Phroinsias de Rossa, thug mé Máire Bean Mhic Róibín ó 13% sna pobalbhreitheanna, nuair a chuir mé comhairle ar John Bruton roimh an díospóireacht teilifíse a bhí aige le Bertie Ahern i 1995, d’admhaigh gach éinne go bhfuair Bruton an ceann is fearr ar Ahern. Cad tá ar siúl mar sin leis an f* small backbiting shit seo atá thart timpeall ar an idirlíon?”Is dócha nach aon ionadh é nach róthógtha le téarma uachtaránachta Bhean Mhic Róibín a bhí Eoghan. “Bhí sé tábhachtach gur toghadh bean ina huachtarán, ach bhí sí rópolitically correct agus bhí sí róthapa le dul ar aghaidh go dtí na Náisiúin Aontaithe. Ba careerist í, ach níor thuig mé é sin nuair a bhí mé ag cabhrú léi.”

Conor Cruise O Brien

Cheistíos Eoghan faoi bhás Conor Cruise O Brien agus ba léir an t-ardmheas a bhí aige air: "Ba léir ón méid do chonaic mé ar RTÉ agus ar léigh mé san IrishTimes nach dtuigeann an ghlúin nua tábhacht CCOB ar chor ar bith. Dá mbeadh CCOB sa Fhrainc nó sa Pholainn, bheadh sochraid stáit aige – fé mar a bhí ag Jean Paul Sartre. Agus bhí sé tuillte ag CCOB:

Mar throdaire cróga i gcoinnibh an chóilíneachais, chuir sé i gcoinneimpiriúlaithe na Beilge sa Chongo ar son an UN; fear a sheas igcoinne Rialtas Afraice Theas mar gheall ar an gcinedheighilt, fear ascríobh ‘To Katanga and Back’ - dar le hiriseoirí agus lucht staire, an leabhar is fearr a scríobhadh ar na Náisiúin Aontaithe.” Luaigh Eoghan liosta fada leabhar CCOB agus thug faoi na meáin arís ar an leathcheal a rinne siad sa trácht ar a bhás:

Ní fáidh fear ina dhúchas féin!

“Dúirt RTÉ News go raibh sé ‘obsessive’. Bhí sé ‘obsessive’ i gcoinne na Provos, fé mar a bhí an Resistance sa Fhrainc ‘obsessive’ i choinne an Gestapo ! Ba cheart a bheith ‘obsessive’. Murach obair Conor Cruise O Brien, ní bheadh aon athrú in altanna 2&3 an Bhunreachta. Murach CCOB, ní bheadh aon cheistiú ar John Hume agus cad a bhí ar siúl aige. Murach CCOB a bheith ann chun ceisteanna géara do chur ar Hume, bheadh na Provos in ann pé rud ba mhaith leo a dhéanamh. D’fhéadfainn leabhar a scríobh faoin stádas a bhí ag O Brien thar lear, ach ní raibh mórán measa aige ina thír féin,cosúil le Gorbachov sa Rúis.

Is cuimhin liom baincéirí agus fir ghnó a fuair níos mó spás ar RTÉ agus san Irish Times nuair a fuaireadar bás. Ní raibh clár teilifise speisialta ag RTÉ, go fiú, bhí ar RTÉ glaoch do chur orm chun cead d’fháil píosa de scannán a dhein mo chomlucht, Praxis Picture, faoi O Brien, d’úsáid. Bhí sé náireach an neamhshuim a thug ‘official Ireland’ dó, ach ní rud nua é sin. ‘Ní fáidh fear ina dhúchas féin’, a deir an Bíobla linn.”

An GhaeilgeFeictear do Eoghan go bhfuil éirithe go maith leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach sna scoileanna. “Bhí milliún cainteoirí dúchais sa tír i 1800 agus faoin mbliain 2006 bhí níos mó ná 1.6 milliún Gaeilgeoir, idir chainteoirí dúchais agus chainteoirí dóchais.” Ach in ainneoin na bhfigiúirí seo, creideann sé go bhfuil an Ghaeilge fós i mbaol is baineann sé úsáid as íomhá chumhachtach an Titanic chun an baol sin a léiriú. Dar leis nach bhfuil ach cúig nó sé bliana eile i ndán don Ghaeilge mar ábhar éigeantach. Dhá rud a rachadh chun sochair don Ghaeilge, dar le Harris, dá bhfógródh Sinn Féin sos cogaidh “sa chogadh seicteach atá ar siúl acu faoi bhrat na Gaeilge. Ní le Sinn Féin an Ghaeilge, is le muintir na hÉireann uile an teanga.” An dara rud a chuirfeadh feabhas ar staid na Gaeilge ná na Protastúnaigh, ar dunadh an dorais orthu ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i 1915, a fháscadh chugainn.

D’oscail an Seanadóir Harris Oireachtas na Gaeilge i gCorcaigh i mí Dheireadh Fómhair 2008 agus tá sé den tuairim go mba chóir don Oireachtas “feachtas agus fáilte nua a eagrú don traidisiún Oráisteach.” Ba chóir daoine ón Tuaisceart nár labhair le chéile i mBéarla leis na glúnta a mhealladh go hócáidí cosúil leis an Oireachtas chun labhairt i nGaeilge lena chéile. Thaitneodh sé leis dá bhfeicfeadh sé ag a leithéid d’ócáidí “bratacha Oráisteacha ar crochadh go maíteach ard, agus an Sash i gcóiriú nua Gaelach Albanach, á chanadh leis an mustar sin is dual don Fhear Buí.”

Is léir go bhfuil fíorshuim ag Eoghan i staid na Gaeilge agus fíorghrá aige don teanga. “Ní fhéadfainn samhlú éirí as an leaba ar maidin mura mbeadh an teanga againn. Níor mhaith liom a bheith beo sa tír seo mura mbeadh cainteoirí dúchais Gaeilge sa tir. B’fhéidir go bhfuil sé sin sách antoisceach, ach tá sé fíor. Teastaíonn uaim a bheith in ann dul go foinse beo na teanga.”

Seans go bhfuil Eoghan chomh gnóthach anois is a bhí sé leathchéad bliain ó shin agus cúram ochtair air. Is cinnte go bhfuil saol iomlán caite aige agus bheifí ag súil gur go ceann tamaill mhaith eile de bhlianta a bheidh an saghas sin saoil á chaitheamh aige. Is saibhride saol poiblí na hÉireann é.

*Is saoririseoir agus údar é Alan Desmond. Is é Seal sa Pholainn (Comhar) an leabhar is déanaí uaidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.