Tá Tomás Ó hAodha den tuairim go bhfuil ceacht le foghlaim againn in Éirinn ón tslí ar sheas dreamanna i Sasana an fód in éadan dhíol a sócmhainní aiceanta mar a bhí ceaptha a dhéanamh ag rialtas na Breataine. Níor díoladh a gcuid coillte siadsan.
Níl sé furasta tuairim an phobail a athrú. Táimhe áirithe atá i gceist, ar ndóigh, ach níos measa fós is é glaoch na Síréanaí a mheallann daoine ar ais chuig an status quo an t-am ar fad. Tá an claonadh seo feicthe arís agus arís eile ag gníomhaithe éagsúla. Ó Ross Dumhach go Teamhair na Rí, tá an obair chéanna le feiceáil – ar dtús, seasann an pobal go láidir le cúis timpeallachta nó b’fheidir le caomhnú ionad staire, ag léiriú tacaíochta trí litreacha chuig na meáin, nó trí ainmneacha a fháil ar achainíocha, nó i léirsithe fiú amháin. Maidir le Teamhair na Rí, cuirim i gcás, tugadh na mílte síniúchán isteach chuig an Oireachtas i gcoinne an chúrsa a bhí beartaithe don bhóthar nua. Mar a thuigimid anois, is beag tionchar a bhí ag an ngníomh, cibé focail bhreátha a bhí ag Taoiseach Bertie Ahern timpeall an ama chéanna faoi riachtanas “Saoránacht Ghníomhach”.
De réir a chéile, tarlaíonn an rud céanna i bhfeachtas tar éis feachtais. Fad is a leanann cúrsaí ar aghaidh, is ea is lú an chinnteacht go mbainfear amach spriocanna na ngníomhaithe. Tá sé intuigthe – de ghnáth is oibrithe deonacha iad, agus bíonn cúramaí an tsaoil ag cur isteach orthu an t-am ar fad, is cuma cé chomh dílis is a bheas siad ar dtús. Tréigfear an feachtas diaidh ar ndiaidh, go dtí nach mbeidh ach croílár na buíne fágtha, agus an t-ualach oibre go léir ag titim orthu. Lena chois sin is dream guagach iad na meáin, agus de bharr nach ndíolfadh nuachtán riamh agus an scéal céanna ar an gclúdach gach lá, bíonn siad ar thóir scéalta éagsúla de shíor. Mura dtapaíonn an feachtas an deis a spriocanna a chur i gcrích agus aird an phobail ar an scéal, is lú arís an t-ionchas go dtabharfaidh siad an bua leo níos déanaí, agus na meáin dulta ar aghaidh chuig an chéad eachtra eile, nó chuig scéal i mbarr bata éigin.
I nDeabhaidh Lainne
Is amhlaidh a bhí an múnla traidisiúnta ar aon nós, ach tá teicneolaíocht na cumarsáide ag forbairt chomh tapa sin gur féidir a áitiú go bhfuil teicnící na bhfeachtas ó fiú cúig bliana ó shin anois go hiomlán as feidhm. Ar fud na hAfraice Thuaidh tá saoránaigh ag baint úsáide as na meáin sóisialta chun iad féin a eagrú d’fhonn bata agus bóthar a thabhairt dá gceannairí uathlathacha, agus cé nach bhfuil torthaí an scéil fós ar eolas againn tá sé soiléir go mbeidh cumhacht an phobail ag dul ó neart go neart de réir mar a théann cumhacht chumarsáid an idirlín i dtreis. Is í an Libia an tír leis an mbonneagar idirlín is leochailí de na tíortha ina raibh muirthéacht go dtí seo, agus gan amhras is míbhuntáiste é sin don lucht freasúra, atá anois i ndeabhaidh lainne le réimeas Gaddafi.
Ach níl orainn dul chuig an Afraic Thuaidh chun sampla de chumhacht an idirlín a fheiceáil – tá a leithéid ar ghort an bhaile againn, agus toisc go bhfuil deis ann go mbeadh na cúinsí céanna i bhfeidhm sa tír seo sar i bhfad, ba cheart dúinn ceann a thógáil de. D’fhógair nuachtáin náisiúnta na Breataine mí Dheireadh Fómhair anuraidh go raibh sé beartaithe foraoisí poiblí na tíre a dhíol, agus níorbh fhada go raibh an scéal dearbhaithe ag an rialtas. Cé gur mhaígh siad nach raibh ann ach comhairliúchán, ba léir nach raibh ach aon toradh amháin uathu, agus bunaíodh gan mhoill buíonta éagsúla a bhí i gcoinne an bheartais. Ar 17 Feabhra seo áfach, tháinig deireadh leis na feachtais go léir, ní mar gur theip orthu díolachán na bhforaoisí a stad, ach toisc gur ar an lá sin d’fhógair Státrúnaí Timpeallachta na Breataine, Caroline Spelman, go raibh meancóg mhór déanta ag an rialtas agus go raibh formhór na mbeartas á gcur ar leataobh acu. Bua nach beag do na feachtasóirí, ach conas ar éirigh leo nuair a theip ar na céadta feachtais roimhe?
An Scéal ina Loscadh Sléibhe
Bhí buntáistí áirithe ag an bhfeachtas ón tús – bhí céatadán ollmhór den phobal i gcoinne bheartas an rialtais (84% de réir pobalbhreith amháin), agus fuair siad tacaíocht ó dhaoine mór le rá, cosúil le hArd-Easpag Canterbury Rowan Williams, agus David Bellamy, an craoltóir agus an t-údar aitheanta. Ach an bua ba mhó a bhí acu ná a thapúla is a heagraíodh na hagóidí, agus an luas inar scaipeadh eolas i measc na bhfeachtasóirí. Bhí meáin sóisialta mar Twitter agus Facebook lárnach don scéal, chomh maith le suíomh idirlín darb ainm 38 Degrees, a ghlacann chuige féin mar mhúnla a bhfuil déanta ag dreamanna cumhachta i dtíortha eile ar nós MoveOn.org agus GetUp.org. Bhí feachtasóirí in ann níos mó na leath milliún ainmneacha a chur ar achainí idirlín, agus bhailigh siad a dhóthain airgid chun an phobalbhreith, thuasluaite, a mhaoiniú, chomh maith le fógraíocht sna nuachtáin náisiúnta a fhoilsiú. Chuaigh na mílte saorálaithe i mbun oibre ar fud na tíre, iad eagraithe tríd an idirlíon, agus sheol céad míle duine litreacha chuig a bhfeisirí, chun a míshásamh chur ina luí orthu.
Thóg an suíomh “38 Degrees” air féin mar ainm toisc gurb é sin an fhána leitreach a theastaíonn le maidhm shneachta a ghiniúint, ach ar ndóigh is maidhm dhaoine atá á chruthú anseo, iad ag bogadh mar ghluaiseacht ollmhór ar son cúiseanna éagsúla. Le slua mór daoine ag obair as lámh a chéile is féidir táimhe nádúrtha na sochaí a shárú, agus fiú mian rialtas diongbháilte a athrú, mar a léiríodh sa Bhreatain.
Ceant na hÉireann
Sa stát seo, agus brú airgeadais mór millteach orainn, beidh sé éasca géilleadh don chathú sócmhainní poiblí na tíre a dhíol ar mhaithe leis na pinginí rua, agus tá sé ráite ag Fine Gael, príomhpháirtí an chéad rialtais eile, gurb é sin dúnghaois oifigiúil dá chuid. Anuas air sin, luann David McWilliams cás na nGréagach, a bhfuil brú ag teacht orthu ón Aontas Eorpach agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta roinnt dá sócmhainní féin a dhíol chun a gcuid fiacha a ghlanadh. Mhol ionadaí Eorpach amháin, Servaas Deroose, gur chóir do na Gréagaigh a gcuid tránna a dhíol, chun borradh a chur faoi mhargadh tithíochta na turasóireachta! Cé a déarfadh nach dtarlódh amhlaidh anseo?
Cé gur beag duine nach maíonn gurbh fhéidir le stát na hÉireann áiseanna áirithe a phríobháidiú, fós tagann chun cuimhne an phraiseach a rinne díol Eircom do bhonneagar cumarsáide na tíre seo. Cuireadh siar forbairtí nuatheicneolaíochta na tíre roinnt blianta dá dheasca. Táimid fós ag iarraidh teacht aniar ón tubaiste sin, agus bheimis níos fearr de gan rud ar bith a dhíol seachas beart mar sin a dhéanamh in athuair. Is féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an teicneolaíocht is nua-aimseartha in úsáid ag lucht gnó agus ag polaiteoirí na tíre chun a gcuid spriocanna a chur i gcrích – tá sé tábhachtach go mbeadh na buanna céanna ag an lucht forásach agus timpeallachta, chun dúshlán mar is cóir a thabhairt do na beartais a théann thar fóir. Is iomaí rud ba mheasa a d’fhéadfaí a dhéanamh ná cás ár gcomharsan a ghlacadh mar ábhar machnaimh agus mar inspreagadh.