CÚRSAÍ SPÓIRT
Agallamh le hAodán Mac Suibhne, Réiteoir
Colm Mac Séalaigh Colm Mac Séalaigh

Chas Colm Mac Séalaigh le réiteoir de chuid Chumann Lúthchleas Gael a bhfuil taithí 25 bliain de réiteoireacht ag gach leibhéal anois aige. D’ainneoin na béicíola agus an díspeagadh go léir, níor chuir sé isteach air cibéard a dúradh nó a scríobhadh tar éis cluiche.

Íomhá
Aodán Mac Suibhne, Réiteoir
Íomhá
Cluiche Leathcheannais 2002
le Brian Lawless, Sportsfile
Íomhá
Údarás
Íomhá
Fainic
le Ray McManus, Sportsfile
Íomhá
Páirc an Chrócaigh 2002
le Ray McManus, Sportsfile
Íomhá
Craobh na hÉireann 2002

Is é sábháilteacht na n-imreoirí príomhchúram an réiteora a deir Aodán Mac Suibhne, iar-réiteoir idir chontae agus oiliúnóir réiteoirí óga. Chuaigh mé chun cainte le hAodán le déanaí agus roinn sé go leor dá chuid smaointe i dtaobh ceird na réiteoireachta liom.

C. Cén cúram atá ort ar na saolta seo i dtaca le gnóthaí an CLG?

A. Is i Maigh Eo is mó a bhím ag obair ar na saolta seo agus dá bhrí sin bím ag plé le cúrsaí réiteoireachta agus oiliúna sa chontae sin. Ag déanamh measúnachta ar réiteoirí óga a bhím cuid mhaith. Táim i mo bhall de chumann iomána Bhaile Uí Bhearaigh chomh maith agus bím ag oiliúint daoine óga san iománaíocht.

C. Cad tá i gceist le measúnacht?

A Ag breathnú ar réiteoirí óga i mbun réiteoireachta atá i gceist. Cuirimse agus cuireann measúnóirí eile ár dtuairim ar aghaidh chuig Coiste an Chontae faoi chumas agus dul chun cinn réiteoirí atá ag tosnú amach. Cur i bhfeidhm na rialacha agus stiúradh an chluiche a bhíonn á mheas. Tugtar aiseolas agus marcanna dóibh.

C. An bhfuil an córas feidhmiúil dar leat?

A. Tá sé feidhmiúil a fhad is a bhaineann sé le comhsheasmhacht a bheith ann i measc réiteoirí ó thaobh cur chun cinn na rialacha, ach níl béim ar chumas nádúrtha réiteoireachta a mheas. Nuair a bhí mise ag tosú ní raibh córas marcála ann ach bhí aiseolas le fáil i bhfoirm tuairimí réiteoirí níos sine. Thaitin an córas sin liomsa. É sin ráite, tá an córas níos cothroime inniu mar cuirtear tuairimí na measúnóirí agus bronntar marcanna le chéile ar an réiteoir. Dá thoradh sin, tá an léirléamh ar na rialacha i bhfad níos fearr anois ná mar a bhíodh.

Craobh na hÉireann

C. An bhfuil brú an-mhór ag baint le réiteoireacht a dhéanamh ar Chraobh na hÉireann?

A. Tá brú ag baint le gach cluiche i ndáiríre, ach ó thaobh Craobh na hÉireann de bíonn brú breise toisc go bhfuil súile mhuintir na tíre uile, idir an mhuintir thar lear, an dream atá i láthair, an mhuintir sa bhaile agus dar ndóigh, súil na teilifíse ort. Is é an réiteoir an t-aon duine atá neodrach maidir leis an toradh. Tá cúram agus faire iomlán uathúil aige. An rud is mó a bhíonn ag teastáil uaidhgo ndéarfaí go ndearna sé jab maith.

C. Ar chuir cáineadh nó díspeagadh as duit riamh?

A. Níor chuir. Ní chuirfeadh ach rud amháin aon imní orm: cad a bhí ag tarlú ar an bpáirc. Dá ndéarfadh imreoirí ‘go raibh maith agat’ leat ag deireadh an chluiche ba chuma liom faoi aon cháineadh ina dhiaidh sin. Níor chuir sé isteach ormsa beag ná mór cad a dúradh nó cad a scríobhadh tar éis cluiche. Faigheann an réiteoir radharc amháin ar eachtra agus caithfidh sé cinneadh a dhéanamh ar an bpointe boise. Ní fhaigheann aon cheamara an radharc ceannann céanna. Glacann gach réiteoir leis nach bhfaighidh sé gach cinneadh i gceart gach uair. An t-aon rud amháin a ghoilleann ar réiteoir ná cinneadh mícheart a dhéanamh a athraíonn treo cluiche i bhfabhar foireann amháin. Tarlaíonn sé áfach, níl neart air.

C. Cad as a dtáinig do shuim mhór sa spórt?

A. D’imir mé peil agus iomáint agus mé ag freastal ar Choláiste Mhuire i gCearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath. Bhínn ag déanamh a lán reatha trastíre freisin ar scoil agus bhuaigh mé Craobh na hÉireann faoi 16 bliain i 1976. Bhuaigh mé ar an reathaí cáiliúil Frank O Meara sa rás sin. Tairgeadh scoláireacht lúthchleasa dom chuig Ollscoil Providence sna Stáit Aontaithe ach níor ghlac mé leis – bhí mé tosaithe ag obair sa státseirbhís agus bhí mé breá sásta a bheith ag imirt peile agus iománaíochta. Níl aon aiféala orm faoin gcinneadh sin. Drochsheans go ndéanfainn réiteoireacht ar Chraobh na hÉireann dá ngabhfainn go Meiriceá.

Scéal gan Leigheas, Foighid is Fearr Air

C. Cén chaoi ar thosaigh tú ag réiteoireacht?

A. Sa bhliain 1985, bhí mé díreach pósta agus ag imirt le foireann shóisear Naomh Jude. Is é a tharla go raibh ar an gclub réiteoir a chur ar fáil le haghaidh chluiche éigin agus iarradh orm é a dhéanamh. An té a chuir an cheist, dúirt sé rud amháin a d’fhan liom, go raibh níos mó foighne agam ná mar a bhí ag aon duine eile i measc imreoirí eile an chlub. Cé nach raibh suim agam sa ghnó ag an am cuireadh an síol agus tháinig sé faoi bhláth.

C. Cad tá ag teastáil le bheith i do réiteoir maith?

A. Tá dhá rud ag teastáil ó réiteoir – tuiscint nádúrtha ar dhaoine agus ar imreoirí agus mioneolas ar na rialacha. Sílim go raibh an chéad chuid de sin agam ach b’éigean dom staidéar dian a dhéanamh ar na rialacha le bheith i mo réiteoir ceart críochnaithe.

C. Cad é príomhdhualgas an réiteora?

A. Príomhdhualgais nó príomhfheidhmeanna an réiteora ná gach seans a thabhairt do na himreoirí a gcuid scileanna a úsáid agus gach dícheall a dhéanamh go mbeadh gach imreoir sábháilte le linn agus faoi dheireadh an chluiche. Maidir le saorghluaiseacht an chluiche, tá sé sin ag brath ar na himreoirí agus ní ar an réiteoir. B’fhéidir go scaoilfeadh réiteoir le mionchalaois anseo is ansiúd má bhíonn an cluiche á imirt go dea-chroíoch.

C. An gcuirtear dóthain freagrachta ar na maoir eile i gcás cluichí móra?

A. Dar liomsa go bhfuil foireann eile ar an bpáirc ag leibhéal idir chontae, an réiteoir agus na maoir, agus caithfidh an fhoireann sin oibriú as láimh a chéile faoi cheannaireacht an réiteora. Bíonn réiteoir i dteagmháil lena chuid maor an t-am ar fad. Bhí an fhoireann chéanna liomsa ar feadh 20 bliain!

C. An aontaíonn tú gur chóir do réiteoirí éirí as ag aois 50 bliain?

A. Aontaím. Dar liom ba chóir go mbeadh an aois scoir níos ísle, ceathracha hocht b’fhéidir. Tá an cluiche chomh tapaidh faoi láthair agus na himreoirí chomh haclaí go bhfuil le corp agus intinn aibí agus beoga ag an réiteoir. Ach ag leibhéal níos ísle is fiú a lán taithí seachas lúth.

C. Cén chomhairle a chuirfeá ar an réiteoir óg?

A. Thar aon ní eile, taitneamh a bhaint as an ngnó. Rinne mé réiteoireacht ar bhreis is 5,000 cluiche measaim– ní dóigh liom go raibh oiread is cúig cinn acu sin nár bhain mé taitneamh astu.

C. Go raibh míle maith agat Aodáin. Gura fada buan thú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.