THALL IS ABHUS
Tuile Liag is Clábair
Alex Hijmans Alex Hijmans Alex Hijmans

Bhásaigh na céadta d’aon bhéim amháin i dtuilte na Brasaíle Mí Eanáir agus níor bhásaigh ach 35 duine i dtuilte Queensland na hAstráile. Míníonn Alex Hijmans cén fáth gur thit an tubaiste chomh trom ar mhuintir a atíre féin, an Bhrasaíl.

Íomhá
Briseadh croí
Cóipcheart ag Agência Brasil
Íomhá
Contúirt agus bás
Cóipcheart ag Agência Brasil
Íomhá
Na bailte i Rio de Janeiro a buaileadh
le Alan Soares ar Vicipéid
Íomhá
I mbéal na díleann
Cóipcheart ag Agência Brasil

Mí go leith tar éis na dtuilte agus an sciorradh tailte a mharaigh gar do 900 duine sna sléibhte soir ó thuaidh as cathair Rio de Janeiro, tá anord fós i réim sa réigiún. Tá 400 duine fós ar iarraidh agus tá os cionn fiche míle duine gan dídean. Tá an láib uileláithreach i gcónaí agus tá eagla ar mhuintir na háite roimh lucht gadaíochta atá ag creachadh na dtithe millte. Mar sin féin, tá an chuma ar an scéal go bhfuil ceacht foghlamtha ag na húdaráis agus tá céimeanna á nglacadh ag rialtas na Brasaíle a choscfadh ollthubáiste den chineál seo amach anseo.

Ar an 11 Eanáir, scrios láib agus uisce codanna móra de Teresópolis, Nova Friburgo, Petrópolis agus Sumidouro, ceithre chathair bheaga, chodlatacha i gceantar sléibhtiúil thart ar seachtó ciliméadar soir ó thuaidh as Rio de Janeiro. Ar an lá céanna, bhí cathair Brisbane, san Astráil, faoi uisce, an ceann ba mhó impleachtaí i sraith de thuilte a chéas an stát Astrálach Queensland ar feadh Mhí Eanáir. Le linn na dtuilte sin a lean ar feadh míosa, ní bhfuair ach 35 dhuine bás, líon an-íseal i gcomórtas leis na céadta a d’éag sa Bhrasaíl in aon lá truamhéileach amháin.

Dhá Mháthair an Mhí-Áidh

Tá dhá chúis leis an difear ollmhór idir líon na marbh sa dá cheantar buailte. Ar dtús, caithfear a chur san áireamh nach bhfuil cathair Brisbane tógtha i gceantar sléibhtiúil. Bhí a fhios ag na húdaráis ar a laghadroimh ré go mbeadh an chathair faoi uisce agus ghníomhaigh siad dá réir. Ní bhfuair muintir shléibhte Rio de Janeiro fógra ar bith ó dhéithe na haimsire. Ach anuas ar sin, bhí an dara mí-ádh ar muintir na Brasaíle le hais mhuintir na hAstráile. Cathair phleanáilte í Brisbane, ach tír í an Bhrasaíl nár chualathas trácht ar rialacha pleanála ann go dtí le fíorghairid. Bhí formhór na ndaoine a maraíodh ina gcónaí in áiteanna nár cheart teach a thógáil ann go brách.

Níl an fhadhb seo teoranta don cheantar a buaileadh. “Sa tír seo, is í an riail go mbíonn cónaí ar dhaoine in áiteanna contúirteacha agus ní hé an eisceacht é,” a dúirt uachtarán na Brasaíle, Dilma Rousseff, cúpla lá tar éis na tubaiste. Tá an ceart aici. Toisc nach mbíonn sé ar acmhainn na mbochtán – tá 56 mhilliún duine sa tír ag maireachtáil faoi bhun líne an bhochtanaisáitreabh ceart, pleanáilte in áit oiriúnach a cheannach, thóg siad féin a dtithe ar an drochthalamh a bhí fágtha, ar leitreacha cnoic, ar riascanna agus mar sin de.

Beartas Rousseff

Tá plean chun áitreabh oiriúnach a chur ar fáil do gach uile dhuine a bhfuil cónaí air i gceantar atá faoi bhagairt ó thubaistí nádúrtha fógartha ag rialtas Rousseff. Tá iasacht de nach mór billiún €uro á cur ar fáil ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta fána choinne, ach tá an fhadhb chomh forleathan. Tá fréamhacha na faidhbe chomh fite fuaite le ceist chonspóideach úinéireacht na talún sa tír, áfach, gur dóichí ná a mhalairt gur de réir a chéile a rachfar i mbun leigheas an scéil.

Tá muintir na gcathracha beaga a buaileadh leis na tuilte ag déanamh iarrachta dul i ngleic leis an saol in athuair. Tá sráideanna á nglanadh, tithe á n-atógáil agus tá na siopaí ar oscailt. Guíonn bratacha agus póstaeirí rath ar an obair le ráitis den chineál ‘Le cúnamh Dé agus mhuintir na Brasaíle, atógfaimid ár gcathair’.

Beidh sé sin ag teastáil. Bhíodh an ceantar, a bhfuil cáil uirthi de bharr áilleacht a taobh tíre agus stair a chathracha, ag brath go mór ar an turasóireacht roimh an díle. Ó tharla an tubaiste, tá titim 100% tagtha ar áirithintí na n-óstán ann. Tógfaidh sé blianta chun Teresópolis, Petrópolis, Nova Friburgo agus Sumidouro a atógáil. Idir an dá linn, le teacht an Mhárta, tá séasúr na báistí ar ghort an bhaile.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.