Tá Laoise Ní Chléirígh i ndiaidh súil a chaitheamh ar mhíolta beaga na linne, an phuitigh agus an mhachaire chladaigh, óir tá an loscann ag dúiseacht, an t-earc luachra ag snámh trí dhufair an fhéir agus tá an cnádán ag righniú leis ar bhán an ghailf in athuair.
San Earrach, tar éis an gheimhridh a bhíonn go hiondúil, agus go háirithe i mbliana, an-fhuar, faighimid an deis faire ar oibriú saol úrnua an dúlra thart orainn. Bíonn snafach ar lusra, borradh faoin gcrann agus cloisfear méileach na n-uan sna cuibhrinn. Bíodh go bhfuil sé an-deacair é a chreidiúint faoi láthair, fiú amháin, méadaíonn an teocht chomh maith, agus bíonn an chréafóg ag téamh timpeall orainn.
Go deimhin, beidh sé níos deacra do na lusanna i mbliana tar éis an gheimhreadh nimhneach fuar a bhí againn in Éirinn. Nuair a bhí na Gaeil, nó na Ceiltigh más fearr leat, i mbarr a réime anseo in Éirinn, is ag comóradh na féíle Imbolc a bhídís. Thugtaí aitheantas don bheatha nua i lusanna agus sna ainmhithe agus a braitheadh i ngach neach beo. Ba chomhartha dóchais an fás nua san Earrach tar éis do gach rud a bheith sioctha síos go dorcha rúnda faoi smúit an gheimhridh. Tiocfaidh an ré bhorrtha chun cinn anois sna seachtainí beaga amach romhainn. Tá na héin tosaithe ar na saolta beaga seo ag déanamh neadacha agus is léir go bhfuil siad fós misniúil deimhneach go mbrisfidh a n-ál as an mblaosc an ráithe úrnua seo.
Mar aon leis na héin, tiocfaidh an bláth ar an bhfál, an buinne ar an gcrann, léimfidh na loscainn romhat go fóill, agus beidh na gasúir amuigh ag spraoi leis an bhfad coiscéim coiligh atá ar chaon lá. Chonaic mé dhá bhroc oícheanta éagsúla cheana féin le coicís.
In ionad an tsionnaigh nó in ionad tabhairt faoi na hainmhithe atá níos coitianta agus a bhfuil cur amach againn orthu anseo in Éirinn, díreoidh mé ar an Loscann (Rana temporaria), ar an gCnádán (Bufo calamita) agus ar an Earc Luachra (Triturus vulgaris) an t-am seo. Is ainmhithe iad atá an-ghnóthach tráth an ama seo, agus cá bhfios dúinn cé chomh suimiúil is atá siad i ndáirire go dtí go gcasfaimid orthu? An cnádán, níl sé forleathan in Éirinn agus caithfidh tú aghaidh a thabhairt amach ó dheas lena fheiceáil.
Clann an Uisce
Mar is eol daoibh, b’iad na hamfaibiaigh na chéad ainmhithe le cnámh droma a tháinig i dtír chun maireachtaint ar thalamh na cruinne. Deirtear gur tháinig na hainmhithe seo aníos ón uisce níos mó ná 300 milliúin bliain ó shin (.i. san am a raibh Éire ag crios na cruinne!). Oireann an dá ghnáthóg dóibh araon. Itheann siad feithidí beaga ar chlocha nó ar an bhféar, análaíonn siad fad is atá siad ar thalamh tirim agus iad lánábalta an cleas seo a dhéanamh faoin uisce fosta. Ach, murab ionann agus ainmhithe eile sa tír, caithfidh an triúr seo dul ar ais chuig an lochán nó an abhainn, chun tabhairt faoin síolrú.
Tá trí chineál míol loscanta anseo in Éirinn -
Urodela (Niúit agus Salamandair)
Apoda (an-chosúil le cuiteoga)
Anúrach (a chiallaíonn gan eireaball - loscainn agus buafa)
Tá siad sách aitheanta ag daoine, mar atá, An tEarc Sléibhe/Luachra (bíodh nach ionann iad), An Loscann agus An Cnádán.
An tEarc Luachra
Breathnaíonn an craiceann an-tirim agus garbh ar an talamh ach san uisce, breathnaíonn sé an-bhog agus slachtmhar. Craiceann donn atá air. Bíonn breicne buí/flannbhuí ar an bhfireannach, agus bricíní ar an mbaineannach. Tá na cosa deiridh an-ghearr ach tá corp sruthlíneach aige agus bíonn eireaball air. Forbraítear na cosa chun tosaigh ar dtús ar an torbán. Cosúil leis an gcnádán, caithfidh an t-aosach an-chuid ama ar an talamh agus má fheiceann tú an tEarc Luachra ag taisteal nó ag bogadh, mar lapadán, bíonn sé ag lámhacán. Is féidir le gasúr breith air ar urlár stroighne nó ar an mbóthar nuair nach mbíonn deis rith i bhfolach ag an earc, ach más earc sléibhe é, is laghairt ó cheart é agus thig leis an t-eireaball a theilgean uaidh má bheirtear air agus éalú leis. Coinneoidh an t-eireaball teilgthe ag lúbarnaíl as féin go draíochtúil i do láimh cúpla nóiméad. Maidir leis féin, fásfaidh eireaball ar ais le himeacht ama – roinnt seachtainí!
Nuair atá siad réidh chun ubh a bhreith, ní thiocfaidh ach ubh amháin ag am faoi leith, agus clúdófar le lustran é ar ghrinneall an locháin.
Forbrófar círín ar an droim agus ar an eireaball le linn am an ghoir agus feictear dathanna an-gheala air faoin am seo chomh maith. Soláthraíonn an bhaineannach idir 200 agus 300 ubh. Taispeánann an fireannach damhsa suirí faoin uisce chun an bhaineannach a mhealladh ó mhí an Mhárta ar aghaidh. Bíonn lochán le fásra nó clais mharbhánta ag teastáil ón Earc Luachra i gcomhair am an ghoir.
Maidir le cúrsaí bia, itear feithidí, cuiteoga, agus drúchtíní. Tá an tEarc Luachra aimsithe go forleathan, i scrobarnach nó i bhféar fada.
An Loscann
Murab ionann agus an tEarc Luachra, caitheann aosach an loscainn an-chuid ama san uisce. Bíonn colainn bhog le craiceann bog, tais, agus lonrach air. Bíonn na cosa deiridh an-fhada ar an loscann agus cabhraíonn sé seo go mór leis nuair atá sé ag léimt. Forbraítear na cosa ar chúl ar dtús ar an torbán. Feictear na dathanna glas, donn ‘is buí ar chraiceann an droma aige, agus dathanna níos finne taobh thíos.
Léimeann an Loscann ach ar nós an Earc Luachra, bíonn sé ag lámhacán chomh maith. Ní bhíonn eireaball ar an aosach. Bíonn coill nó talamh feirme nó talamh bogaigh atá tais ag teastáil ón Loscann le linn saol an aosaigh ach bíonn lochán de dhíth faoi choinne an ghoir.
Éiríonn na géaga tosaigh níos tibhe mar thaca don Loscann nuair a bheireann sé greim ar an mbaineannach. Bíonn an fireannach ag grágaíl chun an bhaineannach a mhealladh i mí Eanáir, sa taobh ó dheas, ach beidh sé roinnt seachtainí nó mí eile sula dtosóidh Romeo agus Juliet in íochtar Thír Chonaill go fóill! Béarfaidh an bhaineannach suas go 4000 ubh. Fágtar an sceith in uisce an-tanaí nuair a thagann an t-am chuige.
Itear ciaróga, drúchtíní, seilidí, agus feithidí na spéire. Tá scaipeadh forleathan ar na loscainn timpeall na tíre. As Tobar Phádraig i gColáiste na Tríonóide a tháinig loscainn go Leath Chuinn 400 bliain ó shin nuair a cuireadh an sceith ann. Tá sé leagtha ar fhear darb ainm Gwithers gurbh é a chuir an sceith ann. Cine eile loscann, is cosúil, a bhí in iarthar Leath Mhogha. De leataobh faoi gheata Sráid Dawson atá an tobar. Níor chreid Seathrún Céitinn go raibh a leithéid in Éirinn nuair a insíodh dó go bhfacthas sa tír iad mar nach raibh siad feicthe aige féin, ná ag mórán de lucht a linne ar ndóigh.
An Cnádán, nó an Bhuaf
Caitheann an t-aosach an-chuid ama ar an talamh ag lámhacán agus ag rith. Dealraíonn an cholainn an-ramhar le cosa deiridh atá níos giorra ná cosa deiridh an Loscainn. Tá craiceann tirim, garbh, faithneach ar an gcnádán, agus feicfear craiceann donn le stríoc bhuí i lár an droma air. Itheann an cnádán drúchtíní, seilidí, seangáin, agus cláirseacha. Éireoidh na géaga tosacha níos tibhe mar thaca don Chnádán nuair a bheireann sé greim ar an mbaineannach le linn an ghoir, cosúil lena chara an Loscann! Ach caithfidh an fireannach grágaíl a dhéanamh ar dtus, chun an bhaineannach a mhealladh i Mí an Mhárta! Ginfear 3000 ubh nó níos mó le linn na tréimhse seo. Tá lochán alathe agus éadomhain riachtanach don ghoir, agus crochtar na huibheacha i dteaghrán aonair, 2m ar a bhfad in uisce níos doimhne.
Níl eireaball ar an aosach agus má tá tú ar an gcósta nó in áiteanna atá gainmheach bí ag amharc amach d’aosach an chnádáin ach níl siad chomh flúirse forleathan is atá an Loscann. Ní bheidh tú in ann é a aimsiú ach i gCiarraí agus amantaí i Loch Garman. Cineál Loch Garman, tugadh aniar as Ciarraí iad sa bhliain 1994.
Mar fhocal scóir, ceist atá an-chotianta ná cad é an difríocht idir Chnádán agus Loscann? B’fhéidir gurb ar an gcraiceann atá an éagosúlacht is mó le sonrú. Mar atá luaite thuas, craiceann tirim, garbh, faithneach atá ar an gcnádán, murab ionann agus an loscann, leis an gcraiceann bog, tais, agus lonrach. Is aduain le duine nach bhfaca cheana é chomh maith, a fheiceáil ag siúl, gníomh nach bhfeicfidh sé á dhéanamh ag an loscann. Bí ag faire amach dár gcairde loscánta atá timpeall orainn le teacht bhoige seo an Earraigh.
Is múinteoir Gaelscoile í Laoise Ní Chléirigh a bhfuil spéis ar leith aici sa dúlra, i leabhair do pháistí agus i dtarraingt pictiúr.