AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
An tSúil Nimhe
Balor Balor Balor

Tá Balor ag dearcadh go nimhe neanta ar chúig phointe Fhine Gael, ar a ‘gcroí-ábhar’ agus ar an té a cheap croí-ábhar ar leith a dhíbirt as scoileanna na tíre, sea, Enda, an Taoiseach Taoscach.

Íomhá
Ár slánaitheoir i ndiaidh tréanais ar Chruach Phádraig
Íomhá
Jim Larkin ag réamhaithris ar ár Slánaitheoir Taoscach
Íomhá
Éire a chur ag obair don Ponzíochas arís
Íomhá
An Taoscach úr
Íomhá
Cur i láthair ag Comhshaontú Pháirc an Chrochaire
Íomhá
Éistigí, Cúig Phointe le €uro, Dollar agus eile a tharrtháil

Is é laoch thar laochra na hiriseoireachta Gaelaí gan dabht ar bith. atá i gceist agam, a léitheoirí dílse? Cé eile ach Balor Borrach an Fiosraitheoir Fiafraitheach Fáidhiúil. “Agus cén fáth sin?” a fhiafraíonn sibh. Inseoidh mé daoibh: Agus gach iriseoir sa tír ag iarraidh agallamh a chur ar an Taoiseach nua, bhí siad ag scríobh isteach chuig cheathrú=HQ">ceann="gloss" title="quarter">cheathrú Fhine Gael, nó ag bualadh ar dhoras theach an cheannaire, nó ag cur téacsanna gan stad chuig cairde dá gcuid i gcúirt na Léine Goirme. Ach caidé a rinne Balor Bras? As go brách leis go barr Chruach Phádraig. Nach maith a bhí a fhios ag Fear na Súile Nimhe gur ar bharr an tsléibhe bheannaithe sin a thiocfadh sé ar Thaoiseach Úr na hÉireann. Ní i mbun troscaidhtréanais a bhí Enda, ámh; ná i mbun machnaimhmarana, faraor; ná i mbun paidreacha buíochais, fiú; ach ag amharc dó amach thar shleasa garbha an tsléibhe dhiaga ar thír na hÉireann a bhí ina luí mar a bheadh stól coise aige agus é ar a ríchathaoir.

Spréigh sé a dhá sciathán amach agus d’iompaigh sé a dhá bhois in airde, dálta Big Jim Larkin ar Shráid Uí Chonaill. “Is mise Rí an Domhain,” a dúirt sé leis an dá ghiorria agus an fiach dubh a bhí mar chuideachta aige ar mhullach an tsléibhe naofa. Ansin chrom sé ar an amhránaíocht. Dá aistí é mar leagan de Buachaill ón Éirne, b’fhíor é an leagan údaí, dar leis féin: “Is liom Corcaigh Uí Mháirtín, dhá thaobh an ghleanna is Tír Eoghain; is mura n-athróidh mé béasaí, is liom Éire uilig is Maigh Eo.”

Gabh mo leithscéal, a Thaoisigh,” a dúirt Balor i nglór a bhí lán d’umhlaíocht agus d’uirísle, agus é á nochtadh féin don Taoiseach úr. “Maith dom, a mhórgacht, ach ar mhiste leat mé ag cur agallaimh ort?”

“Cé atá ann?” a d’fhiafraigh Enda, agus é ag iarraidh teacht chuige féin ó áilleacht na físe a bhí aige. “Ó, a Bhaloir na páirte, is tú féin atá ann. Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh...”

An Taoscachag Taoscadh an Scartaire

Balor: “Áááá, bhuel, ceist a haon, a Thaoisigh thaoscaigh: caidé an chéad rud atá ar intinn agat a dhéanamh mar Thaoiseach?

Enda: “Taobh istigh de chéad lá cuirfear críoch agus clabhsúr agus conclúid le …”

Balor: “Leis an Seanad, a Thaoisigh?”

Enda: “Ní hea! Raiméis! Seafóid! Tá tú chomh holc leis an bheirt a bhí ag cur isteach orm gan stad ar TG4. Anois, éist liom go cúramach, a Bhaloir, agus b’fhéidir go bhfoghlaimeoidh tú rud nó dhó faoin dóigh le tír a rialú. Mar a bhí mé ag rá: taobh istigh de chéad lá cuirfear críoch agus clabhsúr le Cóisir an Cheiliúrtha. Agus tá mé diongbháilte faoi sin. Ní bhearnófar buidéal ná bairille ar bith eile i ndiaidh céad lá agus céad oíche. Ní dheachaigh mé thar fóir le rud ar bith i mo shaol roimhe seo – seachas an grá dochloíte atá agam do mhuintir na hÉireann – agus níl sé ar intinn agam tosú anois. Is leor céad lá don cheiliúradh.”

Balor: “An dtig liom soiléiriú a fháil ar do fhreagra, a Thaoisigh? An é céad lá atá i gceist agat nó an chéad lá? Ní thiocfadh le cóisir cheiliúrtha dul ar aghaidh ar feadh céad lá agus céad oíche. An dtiocfadh?”

Enda: “Is léir nach bhfuil tuiscint dá laghad agatsa ar an modus operandi atá agamsa agus ar na cuingeacha a chuir mé orm féin le bheith i mo Thaoiseach. Ach tá mo sháith ráite faoi sin anois. Ní bheidh ann ach an chéad chéad lá, a Bhaloir na páirte. Ina dhiaidh sin is obair a bheas i gceist. Agus is é an chéad rud atá ar mo liosta ná an beartas cúig phointe a chur i bhfeidhm.”

Cúig Phointe

Balor: “Cén áit a dtosóidh tú leis sin, a Thaoisigh? Caidé an chéad rud a dhéanfaidh tú?

Enda: “Bhuel, i ndiaidh céad lá agus céad oíche ar an drabhlás, tógfaidh sé céad lá eile le go mbeidh gach duine stuama go leor le tabhairt faoin bheartas cúig phointe. Ní miste ar dtús an beartas a scrúdú go mion agus go cruinn, agus féachaint céard iad na giotaí de a bheidh le caitheamh i dtraipisí

Balor: “Ach, a Thaoisigh, dúirt tú ó thús go raibh an beartas sin daingean dobhogtha do-athraithe; ach tá tú ag rá linn anois go mbeidh píosaí de le caitheamh amach?”

Enda: “Tá an ceart ar fad agat, a Bhaloir. Bhí an beartas cúig phointe greanta in eibhir, scríofa i bhfuil mo choirp chaoimh féin, (go meafarach, a Bhaloir! Go meafarach!). Ach i ndiaidh céad lá ar an ragairne agus céad lá ag iarraidh teacht aniar ón phóit, cén chaoi a mbeidh muid in ann an beartas a chur i bhfeidhm gan athrú? Caithfidh duine éigin íoc as an cheiliúradh. Mar sin, beidh athruithe ann.”

An tSeirbhís Phoiblí Díblithe

Balor: “Cén sórt athruithe atá i gceist agat, a Thaoisigh?”

Enda: “Bhuel, diomaite de na teachtaí Dála, tá tuarastal i bhfad ró-ard ag lucht na seirbhíse poiblí. Tá sé i gceist agam na tuarastail a ghearradh síos go dtí fiche is a cúig faoin gcéad dá bhfuil ar fáil acu faoi láthair. Beidh míshuaimhneas chomh mór sin sa tír agus brú chomh mór sin ar na polaiteoirí, go bhfuil sé i gceist agam tuarastal s’acu siúd a mhéadú faoi chaoga faoin gcéad, agus céad faoin gcéad i gcás bhaill de pháirtí an Rialtais.”

Balor: “Ach, a Thaoisigh, beidh muirthéacht ann. Beidh tú ag briseadh gach comhaontú a rinneadh le muintir na seirbhíse poiblí. Caidé faoi Pháirc an Chrócaigh?”

Enda: “Sin rud eile. Beidh Páirc an Chrócaigh dúnta agus faoi ghlas go dtí go mbeidh Contae Mhaigh Eo ar ais i gCraobh na hÉireann sa pheil agus go mbeidh Sam ag dul siar go Caisleán an Bharraigh.”

Balor: “Comhaontú Pháirc an Chrócaigh atá i gceist agam! Ní bheidh múinteoirí ná gardaí ná altraí in innimh maireachtáil ar aon cheathrú den tuarastal beag laghdaithe atá acu faoi láthair!”

Enda: “Thig leo dul thar lear más maith leo. Gheobhaidh muid go leor daoine ón iasacht lena gcuid jabanna a líonadh.”

Balor: “Ach ní bheidh Gaeilge ag múinteoirí ón iasacht!”

Enda: “Agus an bhfuil Gaeilge ag múinteoirí na hÉireann, a Bhaloir? An bhfuil?”

(Nóta ón eagarthóir: Tugaigí faoi deara, a léitheoirí, nár fhreagair Balor an cheist.)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.