AR NA SAOLTA SEO
David Jacques
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Rianaíonn Tony Birtill scéal an ealaíontóra David Jacques san alt seo. Is fear é Jacques a spreagadh i mbun na healaíne as leabhar Robert Noonan a léamh agus as saothar Diego Rivera a fheiceáil.

Íomhá
Le meas is urraim
Íomhá
The Great Money Trick
Íomhá
Cleas Mór an Airgid
Íomhá
Faoi rosc na gceamaraí
Íomhá
Deasghnáth na mbláthanna
Íomhá
Tom McLennan ina Robert Noonan
Íomhá
An dráma beag
Íomhá
An t-aisteoir Tom McLennan

Nochtadh saothar ealaíne nua i Learpholl ar 2ú Feabhra 2011: An Cleas Mór Airgid 2011 an t-ainm atá air. Clúdach foirgnimh atá ann. Is é sin, péinteáilte ar anairt bheag ollmhór atá fillte ar sheanfhoirgneamh i lár na cathrach. Saothar de chuid David Jacques atá ann agus bhain an t-ainm agus an t-inspreagadh as caibidil san úrscéal The Ragged Trousered Philanthropists le Robert Noonan.

B’as Baile Átha Cliath do Noonan agus fuair bás i Learpholl ar 3ú Feabhra 1911 (Beo eagrán 25, Bealtaine 2003). curtha in uaigh na mbochtán sa reilig i Walton, áit a bhfuil fein i mo chónaí. leacht cuimhneacháin breá ar an uaigh anois, mar is laoch é Noonan do sóisialaithe i Learpholl agus ar fud an domhain. Bhí féin ar an mórshiúl a bhí ann i 1977 ó lár Walton go dtí an reilig chun an leacht a nochtadh agus i 2003 scríobh faoin dúiche nua tithíochta a bhí ainmnithe i gcuimhne ar Robert Noonan.

Molann The Ragged Trousered Philanthropists an sóisialachas agus deirtear gur chruthaigh níos sóisialaithe sa Bhreatain agus in Éirinn saothair uilig Marx agus Engels. Admhaíonn David Jacques go raibh tionchar ag an leabhar air. D’fhág scoil i Learpholl i 1979, an bhliain inar tháinig Margaret Thatcher i gcumhacht sa Bhreatain agus clár oibre radacach caipitil aici. Chaill na millúin a bpoist dheasca sin agus raibh mórán dóchais ag glúin Jacques: "I was like anyone of my generation who was leaving a comprehensive school with really nothing in the way of expectations. It was a political awakening," a dúirt .

An Tinfeadh

Chuir cuid den ghlúin sin a mianbhac in iúl tríd an cheol, ach fuair David Jacques inspreagadh i saothar an ealaíontóra Mheicsicigh Diego Rivera agus thosaigh féin ag péinteáil. Rinne Rivera múrmhaisiú a raibh stair an phobail iontu agus seisean é féin ag iarraidh an scéal a phobail féin a léiriú a deir Jacques.

Chláraigh ar chúrsa HND i ndearadh múrmhaisithe ag Chelsea School of Art, áit a ndearna staidéar 1984-86 agus áit ar léigh The Ragged Trousered Philanthropists.

Bhíodh Learpholl sa nuacht go rialta ag an t-am sin, leis an chonspóid idir Comhairle na Cathrach agus Rialtas Thatcher agus mar mhac léinn ó chúlrá an lucht oibre, thuig Jacques an teachtaireacht a bhí i scéal Noonan: "Tressell is often seen as a rite of passage if you’re involved with politics of a Leftist slant. The Ragged Trousered Philanthropists was significant for me because it addressed economics among other things and it did this in an accessible way, by weaving the subject into a story. For the most part its analysis still stands up and it’s a useful point of reference given the economic crisis we’re living through now," a dúirt liom.

An Stair Radacach a Léiriú

Agus leis an géarchéim baincéireachta, agus na baincéirí fós ag íoc dúthrachta leo féin agus an lucht oibre ag cailleadh a bpost agus a bpá, chítear do a lán daoine go bhfuil cleas mór airgid imeartha orthu. Shiúil 4,237 acu trí Learpholl ar 6ú Feabhra ar léirsiú in aghaidh gearradh siar an rialtais agus thug an Ardeaglais Phrotastúnach cead do Tony Benn labhairt leis an slua taobh istigh den fhoirgneamh sin, rud nár tharla riamh roimhe.

an múrmhaisiú nua 23 méadar ar fad leis na focail The Great Money Trick ag dul tríd, le póstaeir agus le scéalta nuachta ó streachailt an lucht oibre ón 19ú agus 20ú aois air. Díreach os comhair oifigí chomhairle na cathrach atá agus bheadh deacair mar sin a theachtaireacht a sheacaint.

seo an chéad mhúrmhaisiú de chuid Jacques, ag insint scéal a phobail féin: i 2001 rinne ceann mór sa New Brasserie i lár na cathrach le Jim Larkin air, faoin teideal ’Some Liverpool Radicals. (Féach Beo eagrán 4, Lúnasa 2001)

Bhí ag iarraidh cuid d’ár stair radacach a thaispeáint in áit neamhfhoirmiuil, sa dóigh is go mbeadh gnáthdhaoine in innimh labhairt fúithi agus iad amuigh don oíchea dúirt liom an t-am sin.

Arís, thiocfadh leat na pictiúirí aicrileacha ar línéadach a chailleadh mar siad chomh mór sin: 12 troithe X 7 troithe. ‘An Claidheamh Soluis’ (nuachtán Chonradh na Gaeilge) an t-ainm atá ar cheann acu.

Dugaire ab ea Brian Jacques, athair David, ach bhain clú agus cáil amach mar scríbhneoir leabhair do pháistí: an tsraith Redwall a díoladh ar fud an domhan. Fuair bás i Feabhra, grásta ó Dhia air. B’as Loch Garman a athair féin, agus ’Irish Emigrants Entering Liverpool’ an teideal atá ar phictiúr eile de cuid David Jacques, agus sin le feiceáil i nDánlann Walker i Learpholl. Fuair an Duais Ealaíne Learphoill i mbliana.

Robert Noonan

Is cuid de chomóradh an chéid é, Learpholl Cathair na Radacach 1911-2011, an ceiliúradh faoi Robert Noonan/Tressell atá eagraithe ag Comhairle na Cathrach mar tháinig Páirtí an Lucht Oibre i gcumhacht san áit arís anuraidh.

Bliain chinniúnach ab ea 1911 i Learpholl, le stailc mhór fhada i measc na n-oibrithe iompair. Chuaigh an ITGWU ar stailc i mBaile Átha Cliath, ag taobhú lena gcomhleacaithe i Sasana, agus Jim Larkin, Éireannach a rugadh i Learpholl ina cheannaire orthu.

Leis an teannas i Learpholl, bhí 5,000 trúpaí curtha ar stáisiún sa chathair agus bhí long chogaidh HMS Antrim ar ancaire in abhainn na Merswy. D’ionsaigh na póilíní léirsiú mór i lár na cathrach agus d’fhág 180 taismeach san otharlann ina dhiaidh. Dhá ina dhiaidh sin, rinneadh iarracht príosúnaigh ón chaismirt a shaorú as carr carchrach agus scaoil na saighdiúirí ar an slua. Mharaigh siad beirt Chaitliceach - Michael Prendergast agus John Sutcliffe. Le hachrann i gcathracha eile mar Hull, bhí imni ar an rialtas go raibh an tír i mbéal muirthéachta.

Ar 3ú Feabhra 2011, cothrom 100 bliana ó bhás Robert Noonan, bhí ar ais i reilig Walton arís, áit a raibh slua mór ann, le ceannaire Comhairle na Cathrach Joe Anderson ag labhairt ag uaigh an scríbhneora. "The book had a profound impact on me and the way I see the world. I remember reading it as a 17 year old and the hairs stood up on the back of my neck. The tragedy is that Robert Noonan died before his book was published" a dúirt .

Ghlac an t-aisteoir agus scríbhneoir Tom McLennan páirt Robert Noonan ansin agus rinne féin agus aisteoirí eile dráma beag bunaithe ar an leabhar agus ar thórramh Noonan, sular chaith an slua rósanna dearg ar an leacht cuimhneacháin.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.