THALL IS ABHUS
Áit ar Leith sa Teiscinn Chiúin
Aoife Uí Fhaoláin Aoife Uí Fhaoláin

An té a shantaíonn suaimhneas, áille agus solas na gréine agus go bhfuil an t-am agus an t-airgead aige chuige, tarraingíodh sé ar Oileáin Mhic Cùga sa Teiscinn Chiúin mar a rinne Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile.

Íomhá
Cailín óg álainn maisithe don damhsa
Íomhá
Murlach
Íomhá
Thíos ón óstán
Íomhá
Tráthnóna

Ní mó duine in Éirinn a chuala trácht ar na hOileáin Mhic Cùga in am ar bith. Cinnte nár chuala mé féin fúthu go dtí go raibh mé féin agus m’fhear ile ag cur turas an domhain in áireamh tamall ó shin. Bhí líon áirithe mílte le taisteal mar chuid den phacáiste a bhí againn agus mhol an cléireach taistil dúinn cuairt a thabhairt ar na hOileáin Mhic Cùga ar an mbealach ón Nua-Shéalainn go Taihítí.

15 oileán atá scaipthe ar fud 2 mhilliún ciliméadar cearnógach atá i gceist anseo. Cé gur chuir na treibheanna dúchais fúthu sa cheantar seo thart ar 800AD, sna blianta deireanacha den Mhórimirce Pholainéiseach, ní fhaca aon Eorpach na hoileáin seo go dtí deireadh an tséú haois déag. Ar ndóigh, thug an Captaen James Cook, arbh as Albain a athair, cúpla cuairt ar na hoileáin seo sna 1770í agus is as féin a ainmníodh an t-oileánrach. Ba choimirceas de chuid na Breataine iad na hOileáin Mhic Cùga ó 1888 ar aghaidh ach iompaíodh na hoileáin ina spleáchríoch de chuid na Nua-Shéalainne i 1901. Ghnóthaigh na hOileáin Mhic Cùga stádas neamhspleách sna 1960í, cé go dtagann siad faoi scáth na Nua-Shéalainne fós i dtaobh gnóthaí eachtracha agus gnóthaí cosanta. Is féidir leis na hoileánaigh saoránacht na Nua-Shéalainne a ghlacadh agus ciallaíonn sé sin go bhfuil níos mó de mhuintir Oileáin Mhic Cùga ina gcónaí sa Nua-Shéalainn inniu ná mar atá ar an hoileáin féin.

Bhuail Faoi Ceann ar Aghaidh

Ní dhearna muidne mórán taighde ar na hOileáin Mhic Cùga thar óstán a chur in áirithe sular thug muid aghaidh ar an gceann scríbe seo. Fíoroileán ABC é Rarotonga, is é sin, áit atá Aduain, Beag agus Ciúin – na trí ghné is tábhachtaí do shaoire cois farraige dar liom féin. Tá an t-aerfort agus an príomhbhaile, Avarua, ar oileán Rarotonga agus táim cinnte nár thuirling mé riamh in aerfort chomh beag leis an gceann i Raro (mar a thugann muintir na háite ar an oileán). Tar éis dúinn an t-óstán breá sócúil a bhaint amach, is cuimhin liom go raibh an-díomá ar m’fhear céile nuair a thuig sé nach raibh teilifís ar bith sa seomra. Tar éis dó ár gcuid seomraí a chuartú, ghlaoigh sé ar an mbord fáilte chun easpa na teicneolaíochta a fhiosrú. Gheall fáilteoirnach raibh gá ar bith le teilifís a chur sa seomra toisc nach raibh ach cainéal áitiúil amháin ar fáil! Nuair a théarnaigh seisean ó easpa Sky News, thiteamar isteach go héasca ar an tslí cheart le scíth a ligean. Ba nós linn an lá ar fad a chaitheamh ar an trá, inár luí faoi sholas na gréine faoi scáth na sléibhte ceannasacha i lár an oileáin. Bhí oileáin bheaga eile le feiceáil sa mhurlach os ár gcomhair agus thógfadh an radharc álainn do chroí. B’iomaí áis spóirt agus seoltóireachta a bhí ar fáil san óstán ach níor bhac muid lena bhformhór toisc gur thit muid isteach in am an oileáin sar i bhfad. Ní dhearna muid ach luí ar an trá agus béilí blasta a ithe. Is féidir an trá chiúin a shiúl chun freastal ar bhialanna éagsúla san oíche.

Mholfainn do chuairteoirí fanacht sa Pacific Resort toisc go raibh meascán iontach de ghníomhaíochtaí le déanamh ann, ach bhí sé ciúin go leor chun do scíth a ligean chomh maith. Bhí oíche thraidisiúnta san óstán an chéad oíche. Cuireadh bia traidisiúnta an réigiúin ar fáil taobh leis an mbia idirnáisiúnta agus rinne scata d’ógánaigh áitiúla taispeántas damhsa agus amhránaíochta. Bhíodar an-mhaith ag spreagadh rannpháirtíocht an lucht éisteachta.

Leathbhus Soir agus a Leathbhreac Siar

Bhain muid triail as an mbus áitiúil lá eile chun cuairt a thabhairt ar bhaile Avarua. Is córas iompair ar leith atá ar fáil ar oileán Rarotonga – bus amháin a théann deiseal ar an oileán agus bus eile a rachfas tuathal. Níl aon chlár ama oifigiúil ar fáil ach bíonn a fhios ag muintir na háite go dtiocfaidh an bus cuí tar éis dó timpeall an oileáin a chur de! Níl imlíne Rarotonga ach 20 míle (nó 32 ciliméadar) ar fhad agus ní bheidh tú ag fanacht rófhada leis an mbus mar sin. Lá an aonaigh a bhí ann nuair a bhain muid baile Avarua amach agus bhí an deis againn bia an cheantair a bhlaiseadh, mar aon le hearraí lámhdhéanta agus éadaí a cheannach. In ainneoin simplíocht agus iargúltacht an oileáin féin, níor léir go raibh bochtanas millteanach ag cur isteach ar bhunadh na háite in aon chor. Is daoine cairdiúla, fáilteacha iad na daoine a casadh dúinne agus bhraith mé an-sábháilte ar oileán Raro le linn na saoire ar fad. Tá an-tóir ar na hOileáin Mhic Cùga i gcomhair bainiseacha agus mí na meala na laethanta seo, go háirithe i measc lánúineacha as Nua-Shéalainn, an Astráil agus as Meiriceá.

Bhí saoire den chéad scoth againn in Oileáin Mhic Cùga. Is é Rarotonga an áit is áille dá bhfaca mé riamh. Ba é an suaimhneas croí agus an sólás a bhraith mé ar an oileán a fhanann i mo chuimhne, seachas liosta le háireamh de ghníomhaíochtaí a rinne muid. Thar aon talamh eile ar domhan a raibh mé ar cuairt ann go dtí seo, is deacair a bhualadh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.