Polaiteoirí, turcaithe agus fuirseoirí – tá anailís ghéarchúiseach déanta ag ár gcomhfhreagraí céimiúil Balor ar mhórscéalta na míosa atá imithe tharainn.
“Ar thug sibh faoi deara go bhfuil dhá ‘f’ i lár an fhocail ‘Biffi’?” a fhiafraíonn Balor an Fiosraitheoir Fiafraitheach. Níl sé ag súil le freagra, i ndáiríre, nó tá a fhios ag an saol mór cad dó a seasann siad – nó ceann amháin acu ar a laghad. Tá Biffo ag socrú isteach go breá ina phost úr. Fear an phobail atá ann gan amhras ar bith. Tá aithne air ní hamháin sa bheár agus sa tolglann, ach i mbothán na gcaiteoirí fosta. Thig leis deich bpionta a ól, deich gCarrolls a chaitheamh, deich n-amhrán a cheol agus deich n-eascaine a chur isteach i ngach aon abairt as a bhéal chomh gasta le duine ar bith. Fear maith pobail is ea é cinnte. Agus i dtaca leis na heascainí sin, nach maith mar a roghnaigh sé an bhean cheart le bheith ag caint mar sin léi?
Máire Ní Chlochráin, atá anois ina Tánaiste, a bhfuil tuigbheáil as an choiteann aici ar théarmaíocht mhuirneach, gheanúil, bhách an Taoisigh, a chuala é go soiléir. Is é an rud nach bhfuil soiléir faoin ócáid sin sa Dáil ná cad é go díreach a dúirt sí ar ais leis. Tá Balor iontach ceanúil ar an Tánaiste úr. Is maith leis nach bhfuil mórán den bhréagchráifeacht ag baint léi, ná mórán den chur i gcéill, ná mórán den eolas sin ar chóir a bheith ag airí faoi chúrsaí na hEorpa. Is maith leis fosta nach
gcuireann sé isteach ná amach uirthi nuair a bhíonn sí ag caint trína tóin, nó nuair a bhíonn a fhios ag an domhan mór gur trína tóin a bhíonn sí ag caint. Cuireann sí Balor féin i gcuimhne dó.
Turcaí
Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí na hEorpa, tá súil ag Balor go raibh gach uile dhuine agaibh ag coimhéad Chomórtas na Eurofíse. Comórtas mór le rá atá ann, a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ar leith ag baint leis i dtaca le híomhá na hÉireann thar lear, ó thaobh na turasóireachta de agus, go háirithe, ó thaobh an gheilleagair de. Le cuimhne na n-asal bhí an talmhaíocht mar dhúshraith ag geilleagar na hÉireann, agus is léir gur mar sin atá fós agus turcaí thall i mBéalgrád mar ionadaí dúinn i réamhbhabhtaí Chomórtas na Eurofíse. Is cuma nár éirigh go rómhaith leis. Chuaigh an teachtaireacht amach go láidir gur mór le muintir na hÉireann fós an aíocht agus an talmhaíocht agus an asarlaíocht agus an aisíocaíocht agus an anabaíocht ... Dar ndóigh, cé a bhí mar Aire Talmhaíochta nuair a rinneadh an cinneadh an turcaí sin a chur amach an chéad uair riamh? Cé eile ach dlúthchara Bhaloir, Máire Ní Chlochráin?
Agus ós ag caint dúinn ar chúrsaí parlaiminte, bhí cuairteoir speisialta ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí na hÉireann an mhí seo caite. Des Bishop é féin a thug cuairt ar Theach Laighean. “Is mise Deasún Mac an Easpaig,” a d’fhógair sé. “Sin a thugtar orm i nGaeilge,” a mhínigh sé do mhaithe agus do mhóruaisle na tíre a bhí bailithe le chéile in ómós don fhuirseoir éachtach. “Mac an Easpaig – shíl sibhse gurbh é Casey bocht na Gaillimhe an chéad easpag in Éirinn a raibh mac aige, ach cad as, mar sin, don tseanbheannacht Ghaelach atá chomh coitianta sin
i mBéarla: May all your sons be bishops, and all their sons be bishops also?” Phléigh sé buntáistí agus míbhuntáistí na mbealaí éagsúla chun an Ghaeilge a fhoghlaim – é seo le daoine nár léirigh suim dá laghad sa teanga riamh ina saol. “Bhí mise ar scoil ag na Bráithre agus bhuail siad an Ghaeilge agus an grá don Ghaeilge agus fiú an tuiseal ginideach amach as mo chloigeann,” a dúirt cuid acu. “Ní raibh mise ar scoil ar chor ar bith agus bhí muid róbhocht chun an Ghaeilge a fhoghlaim,” a dúirt cuid eile. “Ní raibh aon ghaelscoileanna ann, ná TG4, ná Sharon Ní Bheoláin nuair a bhí mise óg,” a dúirt cuid eile fós. Bhí na leithscéalta ag teacht chomh fras le heascainí as béal an Taoisigh agus an Tánaiste.
OilithreachtÓs ag caint dúinn ar cheannairí na tíre agus ar dhaoine a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus iad ag dul anonn in aois, nó imithe anonn in aois fiú, bhí Íochtarán na hÉireann, Íosa Mhic Giolla Mháire, ar oilithreacht chuig Lourdes ar an mhí seo a chuaigh thart. Oilithreacht mhíleata a bhí ann, agus cionn is gurb ise ardcheannasaí na bhfórsaí cosanta, chuaigh sí in éineacht leo – le súil a choinneáil orthu, mar a déarfadh sí féin. Deirtear nár tháinig oiread is eascaine amháin thar a beola amach an t-am ar fad a bhí sí thall, cé go raibh sí ina gcomhluadar siúd a luaitear an droch-chaint leo go minic: na saighdiúirí. Caint na Beairice a thugtar ar théarmaíocht pharlaiminte an Taoisigh agus an Tánaiste in áiteanna áirithe. Bheadh *Caint na Dála *níb fhóirsteanaí mar théarma, b’fhéidir.
Agus muid ag teacht i dtreo dheireadh an ailt seo, ba mhaith le Balor gearán oifigiúil a dhéanamh le heagarthóir Beo Ar Éigean! Ní mó ná sásta atá sé leis an phortráid de atá ar na cártaí poist saor in aisce – na cinn a fhágann an t-eagarthóir ina diaidh gach áit a dtéann sí. Tá sé ciaptha gur seanphictiúr dá chuid atá ann. “Glacadh an pictiúr sin sula ndeachaigh mé isteach le crochadh éadain a fháil,” a deir sé. “Is áille go mór ná sin anois mé. Ní raibh crochadh de dhíth áit ar bith eile seachas ar mo ghnúis mhaorga aoibhinn. Dúirt na dochtúirí liom go raibh gach uile rud eile crochta i gceart,” a mhaíonn Balor na hUmhlaíochta Uirísle.
Céad slán leis an Medical Weekly atá i ndiaidh druidim ceal fógraíochta. Bhí liosta ann ar na mallaibh d’ainmneacha agus de phoist a chuaigh go maith le chéile. Ina measc bhí an ceann seo a thaitin go mór le Balor: an t-úireolaí, nó an dochtúir duán cáiliúil, I.P. Freely. Nár laga Dia do shruth, a I.P.